4 1934


Uimhir 4 de 1934.


ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN AN ACHTA IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1933 , DO LEASÚ TRÉ BHRÍ NA hABAIRTE “GNÓ DÉANTÓIREACHTA” SAN ACHT SAN DO LEATHNÚ AGUS CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT DON LEASÚ SAN Ó AM AN ACHTA SAN DO RITH. [1adh Márta, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Brí na habairte “gnó déantóireachta” do leathnú.

1. —Folóidh an abairt “gnó déantóireachta” i ngach áit ina bhfuil sí in alt 4 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1933 ( Uimh. 10 de 1933 ), folóidh sí agus tuigfear gur fholuigh sí riamh, mar leathnú ar an mbrí tugtar di le halt 1 den Acht san, gnó dar príomh-chuspóir no darb aon-chuspóir tithe comhnaithe do thógáil agus d'fheistiú i Saorstát Éireann, le n-a n-áirmhítear talamh do thógaint agus d'fhorbairt chuige sin, agus léireofar an t-alt san 4 agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige dá réir sin.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1934, do ghairm de sna hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1933, agus den Acht so le chéile.