3 1934


Uimhir 3 de 1934.


ACHT SÍOLRÚCHÁIN CHAPALL, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN STAILTEACHA DO CHEADÚNÚ AGUS I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS SIN. [9adh Feabhra, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an focal “cigire” éinne bheidh údaruithe (go generálta no chun críche áirithe) ag an Aire chun gach comhachta no aon chomhachta d'fheidhmiú agus chun gach dualgais no aon dualgais do chólíonadh dá mbronntar agus dá bhforchuirtear ar chigire leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén Acht so chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

An lá ceaptha.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

Baint an Achta so.

3. —Baineann an tAcht so le gach stail a bheidh de thurus na huaire an aois orduithe no os cionn na haoise sin agus ná beidh de thurus na huaire ina stail eiscithe.

An liost de stailteacha eiscithe.

4. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcoimeádfar liost ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal “an liost de stailteacha eiscithe” (dá ngairmtear “an liost” san Acht so).

(2) Beidh an liost sa bhfuirm orduithe agus iontrálfar ann agus bainfear de na nithe is gá do réir an Achta so d'iontráil ann agus do bhaint de fé seach.

(3) Féadfaidh duine ar bith an liost d'iniúchadh ar íoc pé táille, nách mó ná scilling in aghaidh gach iniúchta, a bheidh orduithe.

Iarratas ar stail d'iontráil sa liost de stailteacha eiscithe.

5. —(1) Féadfaidh únaer aon staileach (dá ngairmtear stail ineiscithe san Acht so) a bheidh iontrálta i leabhar groighe aitheanta orduithe agus—

(a) ná húsáidfear chun aon láracha dá glacadh seachas láracha—

(i) a bheidh iontrálta i leabhar groighe aitheanta orduithe, no

(ii) a bheidh ceaduithe ag an Aire, no

(b) ná húsáidfear ach amháin i gcóir rásanna, no

(c) a bheidh ar tréineáil i gcóir rásanna,

féadfaidh iarratas do dhéanamh chun an Aire á iarraidh air an stail sin d'iontráil sa liost mar mhaoin an únaera san.

(2) Gach iarratas a déanfar fén alt so déanfar é sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus beidh ina theanta pé táille, nách mó ná dhá scilling agus sé pingne, a bheidh orduithe.

Stail d'iontráil sa liost de stailteacha eiscithe.

6. —(1) Ar an Aire d'fháil aon iarratais, ar n-a dhéanamh fén Acht so agus dá réir, chun staile d'iontráil sa liost, déanfaidh, más deimhin leis gur stail ineiscithe an stail sin, an stail sin agus na mion-innste orduithe bhaineann leis an stail sin d'iontráil sa liost.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so beidh gach stail a bheidh iontrálta sa liost de thurus na huaire ina stail eiscithe do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta so.

Stail do bhaint den liost de stailteacha eiscithe.

7. —Déanfaidh an tAire aon stail a bheidh iontrálta sa liost agus a bheidh tar éis scurtha de bheith ina stail eiscithe do bhaint den liost ar an Aire d'fháil eolais ar an scur san.

Deireadh do chur le heisceadh.

8. —(1) Stail ar bith a bheidh iontrálta sa liost scuirfidh de bheith ina stail eiscithe ar thárlachtaint do ní ar bith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) sé mhí do bheith caithte o dháta báis únaera na staileach san i gcás gan ionadaí pearsanta an únaera san d'aistriú (tré dhíol, tré aontú le tiomna, no ar shlí eile) únaerachta na staileach san i rith na sé mí sin, no

(b) tréimhse de thriocha lá do bheith caithte o dháta aon aistrithe do dhéanamh ar an gceart chun únaerachta na staileach san, mara ndeinidh an duine chun a n-aistreofar an ceart chun únaerachta na staileach san a iarraidh fén Acht so, laistigh den tréimhse sin, an stail sin d'iontráil sa liost mar mhaoin an duine sin, no

(c) an stail sin do scur de bheith ina stail ineiscithe.

(2) Beidh sé de dhualgas ar únaer aon staileach a bheidh iontrálta sa liost agus ar ionadaí pearsanta dhuine ar bith bheidh tar éis bháis agus dob' únaer ar aon stail den tsórt san ní ar bith a bheidh tar éis tárlachtainte agus go mbeidh an stail sin tar éis scurtha de bheith ina stail eiscithe dá dhruim do chur in úil don Aire.

(3) Má theipeann ar dhuine ar bith déanamh do réir na hoblagáide forchuirtear air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.

An liost de stailteacha eiscithe do bheith ina fhianaise.

9. —(1) Maidir leis an liost—

(a) tuigfear é bheith fé choimeád cheart ar é bheith fé choimeád ag an Aire no ag aon oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar é do thabhairt i láthair ón gcoimeád ceart.

(2) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon iontrála sa liost do thabhairt in aon Chúirt no in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair a thugann le tuiscint í bheith fé dheimhniú, á rá gur cóip dhílis í, ag aon oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú, ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é, ná go raibh údarás aige amhlaidh.

(3) Beidh deimhniú thugann le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh don Aire, go n-údarás chuige sin ón Aire, agus adeir ná fuil stail áirithe a luaidhtear sa deimhniú san iontrálta sa liost, beidh san ina fhianaise dho-chlaoite ar an ní deimhnítear amhlaidh agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú, ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é, ná go raibh údarás aige amhlaidh.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) cóip, agus í fé dheimhniú sa tslí luaidhtear anso roimhe seo á rá gur cóip dhílis í, d'aon iontráil sa liost d'fháil ar íoc pé táille bheidh orduithe;

(b) an deimhniú san a luaidhtear anso roimhe seo, á rá ná fuil stail áirithe iontrálta sa liost, d'fháil ar íoc pé táille bheidh orduithe.

Srian le stailteacha do choimeád.

10. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon stail le n-a mbaineann an tAcht so do choimeád ná do bheith ina sheilbh aige maran rud é—

(a)   (i) go mbeidh sé tar éis iarratais do dhéanamh do réir an Achta so ar cheadúnas á údarú do shealbhóir an chéanna an stail sin do choimeád agus do bheith ina sheilbh aige, agus

(ii) ná beifear tar éis géilleadh don iarratas san ná tar éis diúltú do ghéilleadh dho; no

(b)   (i) gur sealbhóir é ar cheadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so á údarú do shealbhóir an chéanna an stail sin do choimeád agus do bheith ina sheilbh aige, agus

(ii) go mbeidh an stail sin á coimeád no ina sheilbh aige do réir téarmaí an cheadúnais sin; no

(c)   (i) gur sealbhóir é ar chead ar n-a dheonadh fén Acht so á údarú do shealbhóir an chéanna an stail sin do choimeád agus do bheith ina sheilbh aige, agus

(ii) go mbeidh an stail sin á coimeád no ina sheilbh aige do réir téarmaí an cheada san.

(2) Gach duine a choimeádfaidh no go mbeidh ina sheilbh aige, contrárdha don alt so, stail ar bith le n-a mbaineann an tAcht so, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so den alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) Pé uair a beifear tar éis duine ar bith do chiontú i gcionta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh an duine sin, i gcás na staileach gur ina taobh do ciontuíodh é amhlaidh do bheith á coimeád no ina sheilbh aige contrárdha don alt so tar éis ceithre lá déag o aimsir an chiontuithe sin do bheith caithte, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so den alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach seachtaine no coda de sheachtain a leanfa sé den stail sin do choimeád no do bheith ina sheilbh aige, contrárdha don alt so, tar éis na ceithre lá déag san do bheith caithte.

(4) In aon chúiseamh i gcionta fén alt so is ar an duine cúiseofar a bheidh cruthú do dhéanamh ar chúrsa ar bith acu so leanas (má bhíonn i gceist), sé sin le rá:—

(a) go ndearnadh iarratas do réir an Achta so ar cheadúnas alos na staileach le n-a mbaineann an cúiseamh san;

(b) gur deonadh fén Acht so ceadúnas no cead alos na staileach san agus go raibh an céanna i bhfeidhm an tráth adeirtear a rinneadh an cionta san;

(c) aois na staileach san;

agus mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú tuigfear ná dearnadh aon iarratas den tsórt san no nár deonadh aon cheadúnas no cead den tsórt san no má deonadh an ceadúnas no an cead san ná raibh sé i bhfeidhm a thuilleadh an tráth adeirtear a rinneadh an cionta agus go raibh an stail sin an lá san ina stail le n-a mbaineann an tAcht so.

(5) Tuigfear, chun críche cúisimh i gcionta fén alt so, stail do bheith á coimeád agus do bheith ina sheilbh ag gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) únaer na staileach, agus

(b) duine dá mbeidh an stail tugtha ar iasacht, ar cíos no ar léas ar feadh tréimhse is sia ná sé mhí, agus

(c) únaer na dtailte no an áitreibh no an duine bhí i gcúram no ag bainistí na dtailte no an áitreibh ar a raibh an stail an tráth adeirtear a rinneadh an cionta, mara gcruthuighidh an t-únaer no an duine sin gur i gan fhios do no gan toiliú uaidh a bhí an stail ar na tailte sin an tráth san.

Iarrataisí ar cheadúnaisí.

11. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar cheadúnaisí fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) beidh gach iarratas sa bhfuirm orduithe, agus déanfar chun an Aire é sa tslí orduithe, agus beidh na mioninste orduithe ann;

(b) beidh i dteanta gach iarratais a déanfar san am orduithe an táille orduithe (dá ngairmtear an táille cheadúnais san alt so) is iníoctha as an gceadúnas le n-a mbaineann an t-iarratas;

(c) beidh i dteanta gach iarratais a déanfar am ar bith seachas an t-am orduithe an táille cheadúnais i gcóir an cheadúnais le n-a mbaineann an t-iarratas agus beidh ina theanta freisin an táille (nách mó ná cúig púint agus dá ngairmtear an táille speisialta san alt so) a bheidh orduithe i gcóir iarratas den tsórt san.

(2) An táille cheadúnais a híocfar nuair a bheidh iarratas ar bith á dhéanamh chun an Aire fén alt so cuirfear thar n-ais chun an iarratasóra í má diúltuítear do ghéilleadh don iarratas san.

(3) Aon táille speisialta a híocfar nuair a bheidh iarratas ar bith á dhéanamh fén alt so déanfaidh an tAire í do choimeád agus do chur de láimh do réir an Achta so pe'ca géillfear don iarratas san no ná géillfear.

(4) Gach iarratas ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais ar n-a dhéanamh fén Horse Breeding Act, 1918, agus dá réir, Acht a hathghairmtear leis an Acht so, agus tar éis an chéad lá d'Eanar, 1933, agus roimh an lá ceaptha tuigfear é bheith ina iarratas ar cheadúnas fén Acht so sa bhfuirm orduithe agus é do dhéanamh san am orduithe, agus fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo tuigfear méid aon táille ar n-a íoc ar an iarratas san d'íoc alos no i dtaobh na táille ceadúnais is iníoctha fén Acht so.

(5) I gcás aon mhéide ar n-a íoc mar tháille í dteanta iarratais ar cheadúnas ar n-a dhéanamh fén Horse Breeding Act, 1918, agus a tuigfear d'íoc alos no i dtaobh na táille ceadúnais is iníoctha fén Acht so do bheith níos mó no níos lugha ná an táille cheadúnais is iníoctha amhlaidh déanfar an méid sin do choigeartú idir an tAire agus an t-iarratasóir tré aisíoc no tré n-a thuilleadh íocaíochta do dhéanamh fé mar is gá sa chás.

(6) Féadfaidh an tAire agus é ag déanamh rialachán ag ordú táillí ceadúnais stailteacha do roinnt ina saghsanna deifriúla agus féadfaidh leis na rialacháin sin táillí ceadúnais deifriúla d'ordú alos ceadúnas a deonfar i dtaobh stailteacha de shaghsanna deifriúla den tsórt san.

Féadfaidh an tAire ceadúnaisí do dheonadh.

12. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas do dheonadh fén Acht so do dhuine ar bith iarrfaidh an ceadúnas san air do réir an Achta so agus féadfaidh freisin (ar san d'iarraidh air) cóip dheimhnithe den cheadúnas san do thabhairt amach don iarratasóir.

(2) Más deimhin leis an Aire ceadúnas do deonadh fén alt so do bheith caillte no díthithe féadfaidh, fé réir na gcoinníollacha orduithe agus ar an táille orduithe d'íoc, dúbláid den cheadúnas san do thabhairt amach do shealbhóir an cheadúnais sin, agus beidh ag an gceadúnas dúbláide sin chun gach críche an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bhí ag an gceadúnas bunaidh, agus na forálacha uile den Acht so i dtaobh ceadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so bainfid le ceadúnas dúbláide do bhéarfar amach fén alt so.

(3) Más deimhin leis an Aire cóip dheimhnithe de cheadúnas do deonadh fén alt so do bheith caillte no díthithe féadfaidh, fé réir na gcoinníollacha orduithe agus ar an táille orduithe d'íoc cóip dheimhnithe eile den cheadúnas san do thabhairt amach do shealbhóir an cheadúnais sin.

(4) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a shocrú gan ceadúnas áirithe a deonfar fén Acht so do bheith infheidhmithe ach in áit no líomatáiste áirithe i Saorstát Éireann agus aon cheadúnas go mbeidh teora amhlaidh le n-a fheidhmiú ní údaróidh do shealbhóir an chéanna an stail le n-a mbaineann an ceadúnas san do choimeád agus do bheith ina sheilbh aige ach san áit no sa cheanntar gurb ann is infheidhmithe don cheadúnas san.

Na coinníollacha ar a ndeonfar ceadúnas.

13. —(1) Féadfaidh an tAire diúltú do cheadúnas do dheonadh fén Acht so alos aon staileach go bhfeicfear do—

(a) aon ghalar tógálach no aicídeach do bheith uirthi, no

(b) aon ghalar eile no locht eile do bheith uirthi a horduítear is galar no locht a dheineann stail neamh-oiriúnach i gcóir síolrúcháin, no

(c) gan í bheith síoltach a dóthain, no

(d) gur deallrathach de bhíthin lochtachta a crutha no a déanamh, no de bhíthin éinní eile, go mbeadh sliocht neamh-oiriúnach uirthi.

(2) Féadfaidh an tAire a chur fé ndeár go ndéanfaidh cigire aon stail go mbeifear tar éis ceadúnais ina taobh d'iarraidh fén Acht so d'iniúchadh agus do scrúdú agus sa chás san beidh sé de dhualgas ar an iarratasóir a lomháil an stail sin d'iniúchadh agus do scrúdú amhlaidh.

Ceadúnaisí do cheiliúradh.

14. —Má chítear don Aire, maidir le stail 'na mbeifear tar éis ceadúnais do dheonadh ina taobh fén Acht so—

(a) aon ghalar tógálach no aicídeach do bheith uirthi, no

(b) aon ghalar eile no locht eile do bheith uirthi a horduítear is galar no locht a dheineann an stail sin neamhoiriúnach i gcóir síolrúcháin, no

(c) gan í bheith síoltach a dóthain, no

(d) go raibh no gur deallrathach, de bhíthin lochtachta a crutha no de bhíthin éinní eile, go mbeadh sliocht neamh-oiriúnach uirthi;

féadfaidh an tAire an ceadúnas do deonadh i dtaobh na staileach san do cheiliúradh.

Oibriú, ré agus athnuachaint cheadúnas.

15. —(1) Déarfaidh agus déanfaidh gach ceadúnas a deonfar fén Acht so a údarú don té dá ndeonfar no chun a n-aistreofar é stail áirithe le n-a mbaineann an tAcht so do choimeád agus do bheith ina sheilbh aige do réir téarmaí an cheadúnais sin agus (mara gceiliúrtar an ceadúnas san roimhe sin fén Acht so agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht so) leanfaidh i bhfeidhm go dtí an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag tar éis dáta a dheonta agus raghaidh in éag ansan mara ndeintear é d'athnuachaint fén Acht so.

(2) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm (pe'ca de bhuadh deonta bhunaidh an cheadúnais sin é no do bhuadh an chéanna d'athnuachaint no toisc é d'aistriú) féadfaidh, laistigh den am orduithe agus le linn don cheadúnas san do bheith i bhfeidhm amhlaidh, a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint.

(3) Gach iarratas ar cheadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so d'athnuachaint, beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh an táille orduithe ina theanta, agus déanfar é sa tslí orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(4) Na forálacha den Acht so i dtaobh ceadúnais fén Acht so do dheonadh bainfid le gach iarratas ar cheadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so d'athnuachaint fé mar a bhainid le deonadh an cheadúnais sin gus an atharú agus fé réir an atharuithe ná déanfar, i gcás iarratais ar athnuachaint cheadúnais ar n-a dheonadh fén Acht so alos staileach go bhfuil seacht mbliana slán aici agus a bhí ceadúnaithe fén Acht so ar feadh trí mblian as a chéile roimh an iarratas san ar athnuachaint, ná déanfar diúltú do ghéilleadh don iarratas san ar scór na staileach san do bheith gearr-análach agus ar an scór san amháin.

(5) Más rud é go mbeifear tar éis iarratais do dhéanamh do réir an ailt seo ar cheadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so d'athnuachaint agus ná beifear tar éis géilleadh ná tar éis diúltú do ghéilleadh don iarratas san roimh dhul in éag don cheadúnas gur ina thaobh do rinneadh é beidh an ceadúnas san ar n-a athnuachaint de bhuadh an ailt seo go dtí go ngéillfear no go ndiúltófar do ghéilleadh don iarratas san.

Ceadúnas do thabhairt i láthair chun é d'iniúchadh.

16. —(1) Beidh sé de dhualgas ar shealbhóir cheadúnais ar n-a dheonadh fén Acht so, ar san d'éileamh air, an ceadúnas san no cóip dheimhnithe dhe do tugadh amach fén Acht so do thabhairt i láthair no a chur fé ndeár an céanna do thabhairt i láthair san áit ina gcoimeádtar de ghnáth an stail le n-a mbaineann no in aon áit ina mbeidh an stail sin de thurus na huaire, chun a iniúchta—

(a) ag cigire, no

(b) ag ball den Ghárda Síochána, no

(c) ag duine i gcúram lárach atá ar tí an stail sin do ghlacadh.

(2) Gach sealbhóir ar cheadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so 'na dteipfidh air, gan chúis no leithscéal cóir, an ceadúnas san no cóip dheimhnithe dhe do tugadh amach fén Acht so do thabhairt i láthair no a chur fé ndeár an ceadúnas no an chóip sin do thabhairt i láthair aon tráth is gá dho do réir an ailt seo san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

(3) Tuigfear, chun críche an ailt seo, éileamh do dhéanamh ar shealbhóir cheadúnais an ceadúnas san do thabhairt i láthair má deintear an t-éileamh san de bhréithre béil san áit ina gcoimeádtar de ghnáth an stail le n-a mbaineann an ceadúnas san no san áit ina mbeidh an stail sin de thurus na huaire ar dhuine ar fostú ag an sealbhóir sin agus ar a mbeidh cúram, coinneáil no feighil na staileach san.

Dualgas daoine 'na mbíonn stailteacha ina gcoinneáil.

17. —(1) Beidh sé de dhualgas ar dhuine ar bith ar a mbeidh coinneáil no feighil aon staileach le n-a mbaineann an tAcht so agus ar únaer na dtailte no an aitreibh no ar an duine bheidh i gcúram no ag bainistí na dtailte no an áitreibh ar a bhfuighfear aon stail den tsórt san, má cheanglann cigire no ball den Ghárda Síochána air san do dhéanamh, ainm agus seoladh únaera na staileach san agus ainm agus seoladh an duine ag á mbeidh an stail sin á coimeád do thabhairt don chigire no don bhall san sa mhéid go bhfuil an céanna ar eolas aige.

(2) Gach duine den tsórt san roimhráite dhéanfaidh, agus ainm no seoladh únaera staileach le n-a mbaineann an tAcht so no ainm no seoladh an duine ag á mbeidh an stail sin á coimeád ar eolas aige, diúltú maidir leis an ainm no an seoladh san do thabhairt do chigire no do bhall den Ghárda Síochána ar n-a cheangal san air, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Ceadanna chun stailteacha do choimeád.

18. —(1) Féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, cead do dheonadh do dhuine ar bith ar íoc na táille orduithe (nách mó ná cúig scillinge) chun staileach le n-a mbaineann an tAcht so do choimeád agus do bheith ina sheilbh aige ar feadh tréimhse nách sia ná aon mhí dhéag.

(2) Beidh gach cead a deonfar fén alt so sa bhfuirm orduithe agus beidh sé fé réir na gcoinníollacha orduithe.

(3) Déarfaidh agus déanfaidh cead a deonfar fén alt so a údarú don duine dá ndeonfar é an stail a luadhfar sa chead san do choimeád agus do bheith ina sheilbh aige fé réir agus do réir na gcoinníollacha orduithe ar feadh na tréimhse aimsire (nách sia ná aon mhí dhéag) a luadhfar sa chead san no ar feadh aon fhaidithe ar an tréimhse sin a cúlscríobhfar ar an gcead san.

(4) Féadfaidh an tAire tráth ar bith cead a bheidh deonta fén alt so do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi.

(5) Na forálacha (ar a n-áirmhítear na forálacha peannaideacha) den Acht so i dtaobh ceadúnaisí do thabhairt i láthair agus d'iniúchadh, bainfid le ceadanna deonfar fén alt so do thabhairt i láthair agus d'iniúchadh.

Ceadúnaisí agus ceadanna d'aistriú.

19. —(1) Ní bheidh ceadúnaisí ná ceadanna a deonfar fén Acht so ionaistrithe ach amháin sa tslí agus sa mhéid a húdaruítear leis an alt so.

(2) I gcás an chirt, chun seilbhe staileach 'na mbeidh ceadúnas no cead ar n-a dheonadh fén Acht so i bhfeidhm ina taobh, do dhul o shealbhóir an cheadúnais no an cheada san chun duine eile (dá ngairmtear an t-aistrí san alt so) tré únaeracht na staileach d'aistriú no do thuitim chun an duine eile sin no tré é d'fháil na staileach ar iasacht, ar cíos, no ar léas ar feadh tréimhse is sia ná sé mhí, no tré aon iasacht, cur ar cíos, no léas den tsórt san do stad no do thabhairt suas, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire, ar iarratas an aistrí agus ar fhógra do bheith tugtha do shealbhóir an cheadúnais no an cheada san no dá ionadaí phearsanta agus ar na coinníollacha orduithe do bheith cólíonta, an ceadúnas no an cead san d'aistriú chun an aistrí sa tslí orduithe;

(b) mara ndeintear an ceadúnas no an cead san d'aistriú amhlaidh scuirfidh an ceadúnas no an cead san, fé réir forálacha an ailt seo, de bheith i bhfeidhm agus tuigfear go ndearna an tAire é do cheiliúradh i gcionn mí tar éis an chirt chun seilbhe na staileach san do dhul o shealbhóir an cheadúnais no an cheada san chun an aistrí;

(c) ní tuigfear aon chionta fén Acht so do dhéanamh de bhíthin an aistrí do choimeád no do bheith i seilbh na staileach san i rith na tréimhse idir é d'iarraidh aistriú ar an gceadúnas no ar an gcead san agus é d'fháil breithe an Aire ar an iarratas san agus dá bhíthin sin amháin agus, chun crícheanna na míre seo, más tríd an bpost a cuirfear breith an Aire in úil don aistrí tuigfear é dá fáil an tráth a seachadfaí í i ngnáth-chúrsa an phuist.

(3) Ar fháil bháis do shealbhóir cheadúnais no cheada ar n-a dheonadh fén Acht so féadfaidh ionadaí pearsanta an tsealbhóra san seilbh na staileach le n-a mbaineann an ceadúnas no an cead san do choimeád ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí o bhás an tsealbhóra san, no go dtí deireadh do theacht níos túisce leis an gceadúnas no leis an gcead san, agus san gan aistriú chuige féin ar an gceadúnas no ar an gcead san d'fháil agus tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gurb é an t-ionadaí pearsanta san is sealbhóir ar an gceadúnas no ar an gcead san ar feadh na tréimhse sin no go dtí an deireadh san do theacht (do réir mar bheidh).

Conus a bheidh i gcás stailteacha do thabhairt ar iasacht, etc.

20. —(1) Má dheineann sealbhóir ceadúnais no ceada ar n-a dheonadh fén Acht so an stail le n-a mbaineann an ceadúnas no an cead san do thabhairt ar iasacht no ar cíos no ar léas do dhuine eile ar feadh tréimhse nách sia ná sé mhí, tuigfear chun crícheanna an Achta so an stail sin do leanúint, faid a bheidh sí ar iasacht no ar cíos no ar léas amhlaidh, de bheith ar seilbh agus de bheith á coimeád ag sealbhóir an cheadúnais no an cheada san.

(2) Má dheineann sealbhóir ceadúnais no ceada ar n-a dheonadh fén Acht so an stail le n-a mbaineann an ceadúnas no an cead san do thabhairt ar iasacht, ar cíos, no ar léas do dhuine eile ar feadh tréimhse is sia ná sé mhí, tuigfear chun crícheanna an Achta so an stail sin do dhul i seilbh agus i gcoimeád an duine eile sin dáta a tugtha ar iasacht, ar cíos no ar léas amhlaidh agus í do leanúint de bheith sa tseilbh no sa choimeád san go dtí deireadh do theacht leis an tabhairt sin ar iasacht, ar cíos, no ar léas.

Dualgaisí ar shealbhóir ceadúnaisí agus ceadanna.

21. —(1) Beidh sé de dhualgas ar shealbhóir cheadúnais no ceada ar n-a dheonadh fén Acht so—

(a) na mion-innste orduithe do chur chun an Aire laistigh den am orduithe agus sa bhfuirm orduithe i dtaobh—

(i) aon aistriú (pe'ca tré dhíol no ar shlí eile é) ar únaeracht na staileach le n-a mbaineann an ceadúnas no an cead san no tuitim na húnaerachta san chun éinne eile, agus

(ii) an stail sin do thabhairt ar iasacht, ar léas, no ar cíos, agus

(iii) coillt na staileach san, agus

(iv) bás na staileach san;

(b) ar thuitim amach d'éinní do chuirfeadh duine ar bith eile i dteideal aistriú ar an gceadúnas no ar an gcead san d'fháil, no laistigh de thrí lá ina dhiaidh sin, an ceadúnas no an cead san do chur thar n-ais chun an Aire maraon le pé mion-innste i dtaobh an ní sin a bheidh orduithe;

(c) an ceadúnas no an cead san do chur thar n-ais chun an Aire laistigh den am orduithe tar éis deireadh do theacht leis tré chur-ar-fiunraoi, ceiliúradh, imeacht aimsire, bás no coillt na staileach, no éinní eile.

(2) Má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh sealbhóir ceadúnais no ceada ar n-a dheonadh fén Acht so diúltú d'aon fhoráil áirithe den alt so do chólíonadh no faillí do thabhairt ina cólíonadh no í d'fhágaint gan cólíonadh beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Stailteacha d'iniúchadh.

22. —(1) Féadfaidh cigire iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh agus féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána iniúchadh do dhéanamh, gach tráth réasúnta, ar aon stail le n-a mbaineann an tAcht so no ar aon stail a chreideann an cigire no an ball san, le réasún, is stail le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) Chun na gcomhacht a bronntar air leis an alt so d'fheidhmiú, féadfaidh cigire ar bith no ball ar bith den Ghárda Síochána dul isteach gach tráth réasúnta ar aon tailte no áitreabh ar a mbeidh aon stail den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so á coimeád de thurus na huaire no ar a gcreideann an cigire no an ball san, le réasún, í do bheith á coimeád amhlaidh.

(3) Gach duine chuirfidh bac no cosc le cigire ar bith no le ball ar bith den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Na comhachta bronntar leis an alt so ar chigire agus ar bhall den Ghárda Síochána beid infheidhmithe ag an gcigire sin agus ag an mball san pe'ca deonadh ceadúnas no cead fén Acht so no nár deonadh alos na staileach gur ina taobh a bheidh na comhachta san á bhfeidhmiú.

Féadfaidh an tAire a ordú go gcoillfear stailteacha áirithe.

23. —(1) Má dhiúltuíonn an tAire do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas no cead fén Acht so no má dheineann sé ceadúnas no cead a deonadh fén Acht so do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi no má sé a thuairim go bhfuil stail le n-a mbaineann an tAcht so gan bheith oiriúnach i gcóir síolrúcháin, féadfaidh an tAire fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar únaer na staileach le n-a mbaineann an t-iarratas, an ceadúnas, an cead no an tuairim sin, no ar an té atá in ainm bheith ina únaer ar an stail sin no ar dhuine eile atá ag coimeád no i seilbh na staileach san, fógra á cheangal ar an duine sin a chur fé ndeár an stail sin do choillt laistigh den am (nách giorra ná ceithre lá déag) a luadhfar sa bhfógra san.

(2) I gcás gan fógra seirbheálfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chólíonadh laistigh den am a bheidh ceaptha ann, féadfaidh an tAire a chur fé ndeár an stail le n-a mbaineann an fógra san do choillt ar chostas únaera na staileach san agus chuige sin féadfaidh duine ar bith go n-údarás chuige sin ón Aire dul isteach ar aon talamh no áitreabh ar a mbeidh an stail sin no ar a gcreideann sé, le réasún, í do bheith, agus déanfaidh únaer na staileach san costas an choillte sin d'íoc leis an Aire ar san d'éileamh air agus féadfaidh an tAire an costas san do bhaint den únaer sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(3) Einne chuirfidh bac no cosc leis an Aire no le duine ar bith go n-údarás cuibhe ón Aire, agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Ní déanfar, de dhruim an Aire d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, duine ar bith do shaoradh o aon phionós fé n-a mbeidh sé tar éis dul fé aon alt eile den Acht so.

(5) Maran fios cé leis stail áirithe, féadfar fógra fén alt so i dtaobh na staileach san do dhíriú chun “únaer staileach” gan é ainmniú, agus in aon chás féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe, no tré n-a sheachadadh do dhuine os cionn sé mblian déag d'aois ar an talamh no an áitreabh ar a mbeidh an stail le n-a mbaineann sé á coimeád an uair sin, no tré n-a chur tríd an bpost chun an duine chun a mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol a bheith aige no na háite is déanaí ab eol an stail le n-a mbaineann sé do bheith á coimeád.

Painéil de réiteoirí do bhunú.

24. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an lae cheaptha, agus ina dhiaidh sin laistigh de dhá mhí roimh dheireadh do theacht le gach painéal fé leith a bunófar fén alt so, painéal de réiteoirí do bhunú chun crícheanna an Achta so tré chúigear ar a laighead (dá ngairmtear réiteoirí bunaidh san alt so) do cheapadh, agus triúr ar a laighead díobh san ina máinliagha beithíoch cláruithe, chun bheith ina bpainéal den tsórt san o dháta a luadhfaidh an tAire i gcás an chéad phainéil den tsórt san agus, i gcás gach painéil ina dhiaidh sin, o dháta dheireadh do theacht leis an bpainéal a bheidh ar bith i láthair na huaire.

(2) Féadfaidh an tAire aon am no o am go ham, laistigh de thréimhse thrí mblian o dháta ceaptha aon réiteoirí bunaidh mar bhaill de phainéal ar n-a bhunú fén alt so, pé daoine eile agus pé méid acu is oiriúnach leis do cheapadh chun bheith ina mbaill den phainéal san i dteanta na réiteoirí bunaidh sin no in ionad éinne de sna réiteoirí bunaidh sin a gheobhaidh bás no eireoidh as roimh an tréimhse sin do bheith caithte.

(3) Gach painéal a bunófar fén alt so beidh sé ar bith ar feadh tréimhse trí mblian o dháta a bhunuithe agus beidh deireadh leis ansan agus na daoine uile bheidh ina mbaill den phainéal san beid incheaptha mar bhaill den chéad phainéal eile no d'aon phainéal ina dhiaidh sin a bunófar fén alt so.

(4) Íocfaidh an tAire le gach ball de phainéal de réiteoirí a bunófar fén alt so, as gach iniúchadh agus scrúdú dhéanfaidh do réir an Achta so, pé táillí agus costaisí dhéanfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, a ordú.

Iarratas chun réiteora do dhéanamh scrúduithe.

25. —(1) Má dheineann an tAire—

(a) diúltú do ghéilleadh d'iarratas ar cheadúnas no cead fén Acht so no d'iarratas ar athnuachaint cheadúnais ar n-a dheonadh fén Acht so, no

(b) diúltú do cheadúnas no cead ar n-a dheonadh fén Acht so d'aistriú no do cheadúnas no cead nua do dheonadh in ionad an aistrithe sin do dhéanamh, no

(c) ceadúnas ar n-a dheonadh fén Acht so do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi, no

(d) fógra do sheirbheáil fén Acht so á chur mar cheangal stail do choillt,

beidh únaer na staileach le n-a mbaineann an t-iarratas, an ceadúnas, an cead no an fógra, no duine ar bith a bheidh ag coimeád no i seilbh na staileach san, beidh sé, ar n-a iarraidh san sa tslí orduithe agus laistigh den am orduithe agus ar íoc na táille orduithe ná raghaidh thar cúig giní, i dteideal réiteora d'iniúchadh agus do scrúdú na staileach san.

(2) Ar an Aire d'fháil iarratais fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, maraon leis an táille orduithe ina aghaidh sin, cuirfidh fé ndeár go ndéanfaidh réiteoir no réiteoirí ainmneoidh an tAire as an bpainéal de réiteoirí an stail le n-a mbaineann an t-iarratas san d'iniúchadh agus do scrúdú, agus bhéarfaidh an réiteoir no na réiteoirí sin tuarasgabháil no tuarasgabhála i scríbhinn don Aire ar thoradh iniúchta agus scrúduithe na staileach san.

(3) Leis sin breithneoidh an tAire an tuarasgabháil no na tuarasgabhála san agus déanfaidh, do réir mar is dóich leis féin amháin is ceart, an diúltú, an ceiliúradh, an cur-ar-fiunraoi no an fógra san do dhaingniú, go n-atharú no gan atharú, no é do chlaochló no é do chur ar neamh-ní.

(4) Más mar gheall ar dhiúltú do cheadúnas no cead do dheonadh no d'aistriú, no do cheadúnas no cead nua do dheonadh in ionad an aistrithe sin do dhéanamh, no do cheadúnas d'athnuachaint, a hiarrfar fén alt so go ndéanfaí stail d'iniúchadh agus do scrúdú, ní tuigfear aon chionta fén Acht so do dhéanamh tríd an stail le n-a mbaineann an t-iarratas san do bheith á coimeád no á sealbhú faid a beifear ag feitheamh le breith an Aire ar thuarasgabháil no ar thuarasgabhála an réiteora no na réiteoirí.

(5) Más mar gheall ar cheadúnas do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi, no mar gheall ar fhógra do sheirbheáil, a hiarrfar fén alt so go ndéanfaí stail d'iniúchadh agus do scrúdú, tuigfear an ceiliúradh, an cur-ar-fiunraoi no an fógra san do bheith ar n-a tharrac siar faid a beifear ag feitheamh le breith an Aire ar thuarasgabháil no ar thuarasgabhála an réiteora no na réiteoirí, agus má dheineann an tAire fén alt so an ceiliúradh, an cur-arfiunraoi no an fógra san do dhaingniú, go n-atharú no gan atharú, raghaidh an ceiliúradh no an cur-ar-fiunraoí, agus é daingnithe amhlaidh, in éifeacht ar dháta an daingnithe sin agus ón dáta san amach no tuigfear chun crícheanna an Achta so an fógra, agus é daingnithe amhlaidh, do sheirbheáil ar dháta an daingnithe sin.

(6) Nuair a bheidh ball no baill den phainéal de réiteoirí á roghnú ag an Aire chun staileach d'iniúchadh agus do scrúdú fén alt so, ní ainmneoidh aon bhall do rinne roimhe sin, do neach déanta an iarratais no don Aire, an stail sin d'iniúchadh no do scrúdú.

(7) Má dheineann an tAire fén alt so aon diúltú, ceiliúradh, cur-ar-fiunraoi no fógra den tsórt san roimhráite do chlaochló no do chur ar neamh-ní déanfar an táille do híocadh ar a iarraidh go ndéanfadh réiteoir an stail do scrúdú agus d'iniúchadh do thabhairt thar n-ais don té d'íoc í.

Costaisí.

26. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur in éifeacht.

Táillí do chur de láimh.

27. —Déanfar na táillí uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Pionós mar gheall ar cheadúnaisí d'úsáid go calaoiseach.

28. —Gach duine dhéanfaidh no lomhálfaidh aon cheadúnas, ceadúnas dúbláide, cóip dheimhnithe de cheadúnas no cead ar n-a dheonadh no ar n-a thabhairt amach fén Acht so d'atharú no d'úsáid go calaoiseach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Ciontaí do chúiseamh.

29. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir gach cionta fé aon fhoráil den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin.

30. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh méide táillí ná i dtaobh a mbailithe gan toiliú an Aire Airgid.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidír é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidfhidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Athghairm.

31. —Athghairmtear leis seo an Horse Breeding Act, 1918.

Gearr-theideal.

32. —Féadfar an tAcht Síolrúcháin Chapall, 1934 , do ghairm den Acht so.