An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nDRUGANNA DAINSEARACHA, 1934) Ar Aghaidh (CUID II. Codlaidin Amh, Duilleoga Coca agus Cnaib Indiathach.)

1 1934

ACHT NA nDRUGANNA DAINSEARACHA, 1934

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá socrófar chuige sin le hordú ón Ard-Chomhairle, agus féadfar dátaí deifriúla do shocrú i gcóir forálacha deifriúla den Acht so agus maidir le tíortha deifriúla.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

foluíonn an abairt “codlaidín amh” codlaidín ina phúdar no ina ghrán, ach ní fholuíonn sí codlaidín leighis;

cialluíonn an abairt “duilleoga cóca” duilleoga aon phlanda de chineál an erythroxylaceae as arbh fhéidir cócáine do bhaint go díreach no tré chlaochí cheimicúil;

cialluíonn an abairt “cnáib Indiathach” bláth-bharraí no torabharraí tiormuithe an phlannda phistiligh ar a dtugtar cannabis sativa ná beifear tar éis an roisín do bhaint asta, pé ainm a tugtar ar na barraí sin;

cialluíonn an abairt “codlaidín ullamhuithe” codlaidín ar n-a ullamhú chun a chaithte ina ghail agus foluíonn sí an dríodar agus aon fhuighligh eile bhíonn fágtha tar éis codlaidín do chaitheamh ina ghail;

cialluíonn an abairt “codlaidín leighis” codlaidín amh do cuireadh fén oibriú is gá chun é do chur in oiriúint i gcóir leigheas do réir a n-éilítear i Pharmacopoeia Shaorstáit Éireann, pe'ca i bhfuirm phúdair no i bhfuirm ghráin no in aon fhuirm eile don cholaidín sin agus pe'ca measctha le substaintí neodracha dho no nách eadh;

cialluíonn an abairt “Convensiún an Hague” an Convensiún Eadarnáisiúnta um Chodlaidín do sighníodh san Hague an 23adh lá d'Eanar, 1912;

cialluíonn an abairt “Convensiún Ghenéva, 1925” an Convensiún Eadarnáisiúnta i dtaobh codlaidín agus druganna dainséaracha eile do sighníodh i nGenéva an 19adh lá d'Fheabhra, 1925;

cialluíonn an abairt “Convensiún Ghenéva, 1931” an Convensiún Eadarnáisiúnta i dtaobh druganna suain do dhéanamh agus do roinnt do sighníodh i nGenéva an 13adh lá d'Iúl, 1931;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

“Dlí có-réire.”

3. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “dlí có-réire” dlí ar bith adeirtear i ndeimhniú (dá ngairmtear “deimhniú eadarnáisiúnta” san alt so), a thugann le tuiscint é bheith ar n-a thabhairt amach ag Rialtas no thar ceann Rialtais tíre ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann, is dlí dheineann socrú chun déanamh, díol, úsáid, easportáil agus iomportáil druganna do stiúradh agus do rialáil sa tír sin do réir forálacha Chonvensiúin an Hague, Chonvensiúin Ghenéva, 1925, no Chonvensiúin Ghenéva, 1931.

(2) Beidh ráiteas ar bith a bheidh i ndeimhniú eadarnáisiúnta i dtaobh éifeachta an dlí bheidh luaidhte sa deimhniú san no ráiteas ar bith a bheidh i ndeimhniú eadarnáisiúnta á rá fíora ar bith do bheith ina gcionta in aghaidh an dlí bheidh luaidhte sa deimhniú san, beidh san, chun críche an Achta so, ina ráiteas ná beidh aon dul thairis.

Baint na nAchtanna Custum.

4. —(1) Tuigfear earraí go dtoirmisctear de bhuadh an Achta so iad d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian, maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí d'iomportáil a toirmisctear no sriantar beidh baint acu dá réir sin.

(2) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earra ar bith, a bheidh á heasportáil no go mbeifear ad'iarraidh í d'easportáil contrárdha don Acht so, do choinneáil agus do thógaint agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no 'na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inte, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí tógtar fén Acht san d'ordú a bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh, bainfid le gach earra tógfar fén Acht so fé is dá mba fén Acht san do tógfaí iad.

(3) Na forálacha den Acht so bhaineann le heasportáil earraí do thoirmeasc beidh éifeacht acu fé is dá mba chuid den Customs Consolidation Act, 1876, na forálacha san, agus beidh baint dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má deintear earraí ar bith go dtoirmisctear a n-easportáil leis an Acht so d'easportáil contrárdha don Acht so no iad do thabhairt go dtí aon chéibh no áit eile chun iad d'easportáil amhlaidh no iad d'iompar ar uisce chun iad d'easportáil amhlaidh, dlighfear an pionós céanna do chur ar an easportálaí no ar a ghníomhaire a dlightear do chur ar dhuine, fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, mar gheall ar earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhleathach.

Rialacháin ghenerálta.

5. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

6. —Gach ordú agus rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe no ar rialacháin sin (pe'ca aca é) do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin (pe'ca aca é) ar nea-mbrí, beidh an t-ordú no an rialachán san (pe'ca aca é) curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimh sin fén ordú san no fén rialachán san (pe'ca aca é).

Costaisí.

7. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

Táillí do bhailiú, etc.

8. —Déanfar gach táille gheobhaidh an tAire fén Acht so do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina taobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

Athghairm.

9. —Athghairmtear leis seo an Dangerous Drugs Act, 1920.

Ceadúnaisí, údaráis agus rialacháin fén Dangerous Drugs Act, 1920, do leanúint de bheith i bhfeidhm.

10. —(1) Gach ceadúnas agus údarás do deonadh fén Dangerous Drugs Act, 1920, agus gur dáta lae roimh thosach feidhme an Achta so atá air agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an Achta so, leanfaidh de bheith i bhfeidhm (mara gceiliúrtar roimhe sin é) go dul in éag do agus tuigfear, chun gach críche, faid a leanfaidh i bhfeidhm amhlaidh, é do bheith ina chead, ina cheadúnas, no ina údarás den tsaghas chéanna ar n-a dheonadh fén Acht so.

(2) Gach rialachán do rinneadh fén Dangerous Drugs Act, 1920, agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an Achta so féadfar é do bhuanú, do leasú no do cheiliúradh le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, agus go dtí go mbuanófar no go gceiliúrfar amhlaidh é, agus fé réir aon leasuithe den tsórt san, leanfaidh de bheith i bhfeidhm agus tuigfear gur fén Acht so do rinneadh é.