An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Foralacha Airgeadais.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Rátaí Congnaimh Dhíomhaointis.)

46 1933

ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933

CUID V.

Ilghneitheach.

Congnamh díomhaointis do gheobhfar go nea-cheart d'aisíoc.

28. —(1) Gach íocaíocht chongnaimh dhíomhaointis do gheobhaidh duine ar bith faid a bheidh sé dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil no faid a bheidh sé gan bheith do réir na gcoinníollacha reachtúla no ná beidh teideal aige, toise cúise éigin eile, chun í d'fháil, beidh sí in-aisíoctha ag an duine sin leis an Aire ar n-a éileamh san d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis agus, mara n-aisíoctar í amhlaidh, féadfaidh an tAire í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no tré í do bhaint as aon íocaíocht no íocaíochtaí congnaimh dhíomhaointis chun a mbeidh teideal ag an duine sin ina dhiaidh sin.

(2) Gach suim a haisíocfar leis an Aire no bhainfe sé amach fén alt so déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Pionós mar gheall ar ráitisí bréagacha, etc.

29. —Má dheineann duine ar bith, d'fhonn deimhniú cáilíochta no aon íocaíocht congnaimh dhíomhaointis d'fháil do féin no d'éinne eile no d'fhonn é féin no éinne eile do dhul o aon aisíoc d'íoc fén Acht so, má dheineann aon ráiteas no plé cúise (pe'ca tré scríbhinn no tré bhréithre béil é) is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig phúint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

Cúisimh.

30. —(1) Ní hionbhunuithe d'imeachta i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so ach amháin ag an Aire no le toiliú an Aire.

(2) Féadfar cúiseamh i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú ar agra an Aire.

(3) Féadfar cúiseamh i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú aon tráth laistigh de pé tréimhse acu so leanas is déanaí raghaidh in éag, sé sin le rá:—

(a) trí mhí ón dáta ar a ndeimhneofar i scríbhinn fé shéala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise i seilbh an Aire, no chun bheith ar fáil aige, is leor chun a dhéanamh cóir an cúiseamh san do bhunú, no

(b) sé mhí o am an chionta do dhéanamh.

Deimhnithe beireatais, pósta agus báis.

31. —I gcás inar gá, chun críche an Achta so, aois, pósadh no bás duine ar bith do chruthú tré dheimhniú beireatais, pósta no báis do thabhairt i láthair beidh duine ar bith, ar iarratas i scríbhinn do thíolacadh sa bhfuirm sin a bheidh orduithe agus ina mbeidh na mion-innste sin a bheidh orduithe agus ar tháille de shé pingne d'íoc i gcás deimhnithe bheireatais, agus de scilling i gcás deimhnithe phósta no bháis, beidh sé i dteideal cóip dheimhnithe d'iontráil beireatais, pósta, no báis (pe'ca aca é) an duine sin i gclár na mbeireatas, na bpostaíocha no na mbásanna (pe'ca aca é) d'fháil agus an chóip sin fé láimh an chlárathóra no fé láimh an cheann-chlárathóra no fé láimh dhuine eile ar a mbeidh cúram an chláir sin, agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus básanna, agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ar a mbeidh cúram an chláir, fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce má hiarrtar iad.

Saoirse o dhiúité stampa.

32. —Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon tseic, págh-ordú no scríbhinn eile tré n-a n-íocfar íocaíocht chongnaimh dhíomhaointis, ná ar aon admháil do bhéarfar ar aon íocaíocht den tsórt san, ná fós ar aon dearbhú reachtúil a déanfar fén Acht so agus chun crícheanna an Achta so.