|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nIASACHTAITHE AIRGID, 1933) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Achtachain a h Athghairmtear.) |
ACHT NA nIASACHTAITHE AIRGID, 1933
[EN] | ||
[EN] |
CEAD SCEIDEAL. Us d'Aireamh i gCas na Deintear an tUs a Bheidh a Eileamh ar Iasacht do Luadh do Reir Rata. | |
1. Tuigfear gurb é an méid colna bheidh amuich tráth ar bith ná an t-iarmhéid a bheidh fágtha tar éis suim iomlán na gcoda d'aon íocaíochtaí cuirfear i leith na colna de réir forálacha an Achta so do bhaint as an gcolainn. | ||
2. Déanfar na méideanna uile agus fé seach a tuigfear a bheith amuich den cholainn i rith na dtréimhsí uile agus fé seach dar críoch dátaí íoctha na n-íocaíochtaí d'iolrú i ngach cás fé uimhir na míosa caileandair gur le n-a linn a tuigtear na suimeanna san do bheith gan íoc fé seach, agus gheobhfar amach cadé méid iomlán tortha an iolruithe sin. | ||
3. Déanfar méid iomlán an úis do roinnt ar an dóú cuid déag den mhéid iomlán a luaidhtear i mír 2 den Sceideal so, agus tuigfear gurb é an comhrann, ar n-a iolrú fé chéad, an ráta úis per cent. per annum. | ||
4. Más rud é, ag féachaint do sna heatraimh a bheidh idir íocaíochtaí a híoctar i ndiaidh a chéile, gur mian san do dhéanamh, féadfar an t-ús d'áireamh do réir seachtainí in ionad é d'áireamh do réir míosa, agus i gcás den tsórt san beidh feidhm ag na míreanna san roimhe seo fé is dá ndeintí an focal “seachtainí” do chur i mír 2 in ionad na bhfocal “míosa caileandair” agus na focail “an dóú cuid caogad” do chur i mír 3 in ionad na bhfocal “an dóú cuid déag.” | ||
5. I gcás nách uimhir de sheachtainí slána no de mhíosa slána a bheidh in aon eatramh a bheidh idir íocaíochtaí a híoctar i ndiaidh a chéile, beidh feidhm ag na míreanna san roimhe seo fé is dá mbeadh lá ina sheachtú cuid de sheachtain no ina thriochadú cuid de mhí, de réir mar bheidh. |