30 1933


Uimhir 30 de 1933.


ACHT DRÉINEÁLA NA BEARBHA, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AIRGEADAIS DO DHÉANAMH CHUN OIBREACHA I gCÓIR DRÉINEÁIL AIRTÉIREACH ABHA NA BEARBHA AGUS A SUAINMHEACHÁN DO DHÉANAMH AGUS DO CHOINNEÁIL I dTREO, AGUS CHUN ACHTA DRÉINEÁLA NA BEARBHA, 1927 , DO LEASÚ CHUN NA CRÍCHE SIN.

[22adh Lúnasa, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Dréineála na Bearbha, 1927 (Uimh. 26 de 1927) .

(2) Gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá aige san Acht so an brí tugtar do amhlaidh.

Alt 9 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) An méid de mhír (a) d'alt 9 den Phríomh-Acht le n-a bhforáltar gan méid an roimh-íoca o sna Coimisinéirí do dhul thar suim dhá chéad is dhá mhíle dhéag agus cúig céad púnt scuirfidh d'éifeacht do bheith aige, agus achtuítear leis seo ina ionad san ná raghaidh méid an roimh-íoca o sna Coimisinéirí thar suim dhá chéad is cúig mhíle seachtód púnt.

(2) An méid de mhír (b) d'alt 9 den Phríomh-Acht le n-a bhforáltar gan méid an airgid a sholáthróidh an tAire Airgid fén alt san do dhul thar suim dhá chéad is dhá mhíle dhéag agus cúig céad púnt scuirfidh d'éifeacht do bheith aige, agus achtuítear leis seo ina ionad san ná raghaidh na méideanna sholáthróidh an tAire Airgid fén alt san, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, thar suim dhá chéad is cúig mhíle seachtód púnt.

Alt 19 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —Deintear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas, agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “thrí mhíle dhá chéad agus caoga” do chur in ionad na bhfocal “dhá mhíle” i bhfo-alt (1) den alt san, agus

(b) tré sna focail “thrí mhíle dhá chéad agus caoga” do chur in ionad na bhfocal “dhá mhíle” i bhfo-alt (2) den alt san.

An tAire do dhéanamh roimhíocanna le Bord Dréineála na Bearbha.

4. —(1) Más rud é, aon tráth no tráthanna roimh dheireadh na céad bhliana airgeadais áitiúla díreach tar éis an 31adh lá de Mhárta i ndiaidh dáta an mholta dheiridh, gur dóich leis na Coimisinéirí gur gá do Bhord Dréineála na Bearbha, chun na n-oibreacha dréineála do choinneáil i dtreo i rith na tréimhse idir dáta an mholta dheiridh agus deireadh na bliana airgeadais áitiúla san, aon airgead d'fháil de bhreis ar an suim a bheidh Bord Dréineála na Bearbha i dteideal d'fháil an bhliain airgeadais áitiúil sin fé fho-alt (1) d'alt 19 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so no de bhreis ar an suim sin agus ar aon airgead a bheidh roimh-íoctha roimhe sin fén alt so, féadfaidh na Coimisinéirí a dheimhniú don Aire méid áirithe do bheith ag teastáil amhlaidh o Bhord Dréineála na Bearbha.

(2) Ar an Aire Airgid d'fháil deimhnithe ar bith fén bhfo-alt san roimhe seo féadfaidh méid nách mó ná an méid a bheidh luaidhte sa deimhniú san do roimh-íoc do réir an ailt seo amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Ní raghaidh iomlán na méideanna féadfar do roimh-íoc fén alt so thar suim trí mhíle dhá chéad agus caoga púnt agus ní roimh-íocfaidh an tAire méid ar bith a dhéanfadh an t-iomlán san níos mó ná an tsuim sin.

(4) Déanfar an t-airgead uile a roimh-íocfar fén alt so d'aisíoc leis an Aire Airgid, agus chun an airgid sin d'aisíoc beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire Airgid pé méideanna is oiriúnach leis do bhaint as gach íocaíocht no as aon íocaíocht dá dtiocfaidh chun bheith iníoctha aige le Bord Dréineála na Bearbha fé fho-alt (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht;

(b) Más rud é, tar éis na híocaíochta deiridh d'íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha ag an Aire Airgid le Bord Dréineála na Bearbha fé fho-alt (3) d'alt 19 den Phríomh-Acht, ná beidh na suimeanna uile do roimhíoc an tAire sin fén alt so aisíoctha tiocfaidh an t-iarmhéid (dá ngairmtear san alt so an t-iarmhéid neamh-aisíoctha) chun bheith agus beidh sé, go dtí go n-aisíocfaidh Bord Dréineála na Bearbha é, ina mhuirear ar an airgead uile do gheobhaidh Bord Dréineála na Bearbha ina dhiaidh sin;

(c) féadfaidh an tAire Airgid a ordú do Bhord Dréineála na Bearbha an t-iarmhéid neamh-aisíoctha (más ann do) d'aisíoc i gceachtar slí acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) i suim amháin i mbliain airgeadais áitiúil áirithe ar bith; no

(ii) i dtráthchoda de mhéideanna áirithe i mblianta airgeadais áitiúla áirithe;

agus má orduíonn an tAire an t-iarmhéid neamhaisíoctha d'aisíoc i gceachtar slí acu san déanfaidh Bord Dréineála na Bearbha an t-iarmhéid neamhaisíoctha san d'aisíoc sa tslí ordóidh an tAire;

(d) má bhíonn ar Bhord Dréineála na Bearbha, fén mír sin roimhe seo, suim ar bith d'íoc leis an Aire Airgid i mbliain airgeadais áitiúil ar bith, tuigfear íoc na suime sin do bheith ina chuid de chostas na n-oibreacha dréineála do choinneáil i dtreo in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla san do réir bhrí ailt 21 den Phríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san dá réir sin.

Gearr-theideal agus luadh.

5. —(1) Féadfar Acht Dréineála na Bearbha, 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Dréineála na Bearbha, 1927 agus 1933, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.