Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

29 1933


Uimhir 29 de 1933


ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (CONVENSIÚIN IDIRNÁISIÚNTA OIBREACHAIS), 1933.


ACHT CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT DO DHRÉACHT-CHONVENSIÚIN LE N-AR GHLAC AN CHÓDHÁIL GHENERÁLTA DE CHÓ-GHLÉASA IDIRNÁISIÚNTA AN OIBREACHAIS FÉ CHUMANN NA NÁISIÚN AGUS A BHAINEANN, FÉ SEACH, LE CÚITEAMH ALOS DÍOMHAOINTIS I gGÁS NA LUINGE DO CHAILLIÚINT NO DO BHÁTHADH, LEIS AN AOIS MHINIMUM CHUN DAOINE ÓGA D'FHOSTÚ MAR LUCHT FEISTITHE GUAIL NO MAR THEINEADÓIRÍ, AGUS LE SCRÚDÚ ÉIGEANTA DOCHTÚRA AR LEANBHAÍ AGUS AR DHAOINE ÓGA AR FOSTÚ AR MUIR, AGUS CHUN NA nACHTANNA LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1894 GO 1932, DO LEASÚ SA MHÉID GUR GÁ SAN CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT DO SNA CONVENSIÚIN SIN. [22adh Lúnasa, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 158 den Merchant Shipping Act, 1894, do leasú.

1. —(1) Más rud é, de bhíthin long ar a mbeidh máirnéalach ar fostú do bhriseadh no do chailliúint, go gcríochnóidh seirbhís an mháirnéalaigh sin roimh an dáta bheidh ceaptha sa chó-aontú, beidh sé, d'ainneoin éinní atá in alt 158 den Merchant Shipping Act, 1894, ach fé réir forálacha an ailt seo, i dteideal páigh d'fháil, alos gach lae bheidh sé díomhaoin i rith tréimhse dhá mhí ón dáta ar ar chríochnuigh an tseirbhís, do réir an ráta chun a raibh teideal aige ar an dáta san.

(2) Ní bheidh máirnéalach i dteideal páigh d'fháil fén alt so má thaisbeánann an t-únaer nárbh é briseadh no cailliúint na luinge fé ndeár an díomhaointeas, agus ní bheidh i dteideal páigh d'fháil fén alt so alos lae ar bith má thaisbeánann an t-únaer gurbh fhéidir don mháirnéalach fostaíocht oiriúnach d'fháil an lá san.

(3) San alt so foluíonn an focal “máirnéalach” gach duine ar fostú no ag obair in aon fheadhmannas ar bord aon luinge, ach, i gcás luinge is bád iascaigh, ní fholuíonn sé duine ar bith ná beidh i dteideal ach scair den bhrabús no den mhór-thuilleamh, as an mbád d'oibriú, d'fháil mar luach saothair.

(4) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear go raibh éifeacht aige ón gcúigiú lá d'Iúl, 1930.

Daoine óga d'fhostú mar lucht feistithe guail no mar theineadóirí.

2. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní déanfar duine óg ar bith d'fhostú in obair feisteora ghuail ná in obair theineadóra in aon luing:

Ach—

(a) ní bhainfidh an fhoráil sin roimhe seo—

(i) le duine óg d'fhostú in obair den tsórt san roimhráite i scoil-luing no i luing thréineála i gcás gur obair í de shaghas a bheidh ceaduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus í do bheith ar siúl fé mhaoirseacht oifigeach don Aire sin; ná

(ii) le duine óg d'fhostú in obair den tsórt san roimhráite i luing gur ar shlí eile seachas le gail a tiomáintear í nách mór ar fad; ná

(iii) le duine óg d'fhostú fé réir agus do réir na bhforálacha atá i mír (c) d'Airtiogal 3 den dréacht-chonvensiún a bhaineann leis an aois mhinimum chun daoine óga d'fhostú mar lucht feistithe guail no mar theineadóirí, dréacht-chonvensiún le n-ar ghlac an Chódháil Ghenerálta de Chó-ghléasa Idirnáisiúnta an Oibreachais fé Chumann na Náisiún agus ina bhfuil, i dteanta airtiogal eile, na hairtiogail atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so; agus

(b) i gcás feisteoir guail no teineadóir do bheith ag teastáil in aon phort i gcóir aon luinge agus gan éinne os cionn ocht mblian déag d'aois do bheith ar fáil chun na háite do líonadh, féadfar duine óg os cionn sé mblian déag d'aois d'fhostú mar fheisteoir ghuail no mar theineadóir, ach i gcás ar bith den tsórt san déanfar beirt daoine óga os cionn sé mblian déag d'aois d'fhostú chun na hoibre do dhéanamh do bheadh le déanamh ag duine amháin os cionn ocht mblian déag d'aois.

(2) Cuirfear isteach i ngach có-aontú déanfar leis an bhfuirinn liost de sna daoine óga is baill den fhuirinn maraon leis na dátaí ar ar rugadh iad, agus, i gcás luinge ná déanfar aon chó-aontú le n-a fuirinn, déanfaidh máistir na luinge, má bhíonn daoine óga ar fostú ar an luing, clár de sna daoine sin do choimeád agus na dátaí ar ar rugadh iad luaidhte ann maraon leis na dátaí ar a dtiocfaid chun bheith no ar a scuirfid de bheith ina mbaill den fhuirinn.

(3) Cuirfear isteach i ngach có-aontú déanfar leis an bhfuirinn achmaireacht ghearr ar fhorálacha an ailt seo.

Dochtúir do scrúdú daoine óga.

3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní fostófar duine óg ar bith in aon fheadhmannas in aon luing gan deimhniú, ar n-a dheonadh ag dochtúir’ leighis go gcáilíocht chuibhe, do sheachadadh do mháistir na luinge á dheimhniú go bhfuil an duine óg oiriúnach chun bheith ar fostú sa bhfeadhmannas san:

Ach—

(a) ní bhainfidh na forálacha san roimhe seo le duine óg d'fhostú i luing ná bíonn ar fostú inti ach daoine den aon líntighe amháin; agus

(b) féadfaidh an t-údarás inniúil, ar scór práinne, a údarú duine óg d'fhostú i luing cé ná dearnadh aon deimhniú den tsórt san roimhráite do sheachadadh do mháistir na luinge, ach ní déanfar duine óg gur ina thaobh do bhéarfar aon údarás den tsórt san do choimeád ar fostú thar an gcéad phort chun a nglaodhfaidh an long tar éis don duine óg dul ar bórd, ach amháin fé réir agus do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so.

(2) Fanfaidh deimhniú fén alt so i bhfeidhm go ceann tréimhse bliana o dháta a dheonta agus ní níos sia ná san:

Ach i gcás an tréimhse bhliana san do chríochnú uair éigin le linn turuis na luinge ina mbeidh an duine óg ar fostú fanfaidh an deimhniú i bhfeidhm go deireadh an turuis.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an t-údarás inniúil” maoirseoir ar loingeas tráchtála no oifigeach consulachta i seirbhís Shaorstáit Éireann no duine ar bith eile bheidh ceaduithe ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála mar dhuine inniúil chun an údaráis a luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so do thabhairt uaidh.

Pionóisí.

4. —(1) Má deintear duine óg ar bith d'fhostú in aon luing contrárdha d'fhorálacha an Achta so dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur ar mháistir na luinge, no fíneáil ná raghaidh thar cúig púint más é an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, agus i gcás duine óg d'fhostú in aon luing contrárdha d'fhorálacha an Achta so, ar an tuismitheoir do thaisbeáint deimhnithe fhallsa no bhréige no ar san do thaisbeáint go bhfios don tuismitheoir, no ar an tuismitheoir dá thabhairt le tuiscint go bréagach aos do bheith ag an duine óg a dheineann gan é bheith contrárdha do sna forálacha san é d'fhostú amhlaidh, dlighfear, ar chiontú an tuismitheora san ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.

(2) Más rud é go dteipfidh ar mháistir luinge clár do choimeád den tsórt a ceangaltar air do choimeád fén Acht so no, ar n-a cheangal san air d'oifigeach don Aire Tionnscail agus Tráchtála no do dhuine ar bith eile go gcomhacht chun a chur d'fhiachaibh déanamh do réir forálacha na nAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1932, go ndéanfaidh diúltadh no go dtabharfaidh faillí maidir le haon chlár den tsórt san roimhráite no aon deimhniú seachadfar do fén Acht so do thaisbeáint don oifigeach no don duine sin chun é d'iniúchadh dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Mínithe.

5. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “duine óg” duine atá fé bhun ocht mblian déag d'aois;

cialluíonn an focal “long” long fhairrge no bád fairrge ar bith d'aon tsaghas agus í cláruithe i Saorstát Éireann, agus foluíonn sé aon bhád iascaigh ar n-a hiontráil sa chlár de bháid iascaigh i Saorstát Éireann, ach ní fholuíonn aon bhád tarraingthe, dreidire, bád láibe, báirse ná bád eile ná téigheann a gnáth-chúrsa loingseoireachta thar na teoranta chun fairrge de dhlighinse údaráis chuain an phuirt ina mbíonn an t-árthach san ag obair do ghnáth, má bhíonn agus faid a bhíonn an t-árthach san ag gabháil dá gnáth-ghnó.

Gearr-theideal agus léiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Convensiúin Idirnáisiúnta Oibreachais), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Déanfar an tAcht so do léiriú mar éinní amháin leis na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1932, agus féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.