Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

23 1933


Uimhir 23 de 1933.


ACHT PIARA DHROICHEAD AN CHLÁIR, 1933.


ACHT CHUN DAOINE ÁIRITHE DO CHEAPADH MAR IONTAOBHAITHE AR A mBEIDH SÉ DE CHÚRAM PIARA DHROICHEAD AN CHLÁIR I gCONTAE AN CHLÁIR DO CHOINNEÁIL I dTREO, AGUS CHUN DLEATHACHTA DO THABHAIRT DO GHNÍOMHARTHA DO RINNE DAOINE GO dTÍ SO A THUG LE TUISCINT GURBH IAD FÉIN NA hIONTAOBHAITHE AR A RAIBH AN CHOINNEÁIL-I-dTREO SAN MAR CHÚRAM ACH NÁR CEAPADH GO DLÍTHIÚIL MAR IONTAOBHAITHE DEN tSÓRT SAN. [29adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAcht” an Shannon Act, 1885;

cialluíonn an abairt “an tOrdú” an tOrdú do rinne Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1886, agus tré n-a ndearna na Coimisinéirí sin, i bhfeidhmiú comhacht do bronnadh ortha leis an Acht, a chur mar chúram ar dhaoine áirithe, a hainmnítear san Ordú san mar iontaobhaithe, Piara Dhroichead an Chláir i gcontae an Chláir do choinneáil i dtreo.

Dleathacht do thabhairt do ghníomhartha do rinne daoine do thug le tuiscint gurbh iontaobhaithe iad ar Phiara Dhroichead an Chláir.

2. —Gach gníomh do rinneadh no do tugadh le tuiscint do rinneadh, roimh an Acht so do rith, ag daoine do thug le tuiscint gurbh iad na hiontaobhaithe iad ina raibh dílsithe de thurus na huaire, de bhuadh an Orduithe, mar chomhacht agus mar dhualgas Piara Dhroichead an Chláir do choinneáil i dtreo beidh aige agus tuigfear go raibh riamh aige, d'ainneoin gur daoine cuid acu san no gach duine acu san nár ceapadh go dlíthiúil chun bheith mar iontaobhaithe amhlaidh, an dleathacht agus an éifeacht chéanna (más ann dóibh) do bheadh ag an ngníomh san dá ndeintí na daoine sin uile do cheapadh go dlíthiúil chun bheith mar iontaobhaithe amhlaidh.

Na hIontaobhaithe atá ar Phiara Dhroichead an Chláir fé láthair do chur as oifig.

3. — Na daoine uile do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, mar iontaobhaithe, tré n-a n-ainmniú i dtosach báire no tré n-a gceapadh ina dhiaidh sin, gur ionta bhí dílsithe de thurus na huaire, de bhuadh an Orduithe, mar chomhacht agus mar dhual gas Piara Dhroichead an Chláir do choinneáil i dtreo, scuirfid, ar an Acht so do rith, de bheith mar iontaobhaithe amhlaidh ach san gan dochar don Ordú do leanúint i bhfeidhm.

Iontaobhaithe nua ar Phiara Dhroichead an Chláir do cheapadh.

4. —(1) Deintear leis seo na daoine uile agus fé seach a hainmnítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do cheapadh chun bheith ina n-iontaobhaithe, ar an Acht so do rith agus dá éis sin, chun crícheanna uile an Orduithe agus san chó hiomlán ar gach slí agus dá ndeintí iad do cheapadh go dlíthiúil chun bheith mar iontaobhaithe amhlaidh fén gcomhacht a bronntar chuige sin leis an Ordú.

(2) Deintear leis seo an té a hainmnítear mar chathaoirleach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do cheapadh, ar an Acht so do rith agus dá éis sin, chun bheith mar chathaoirleach ar na hiontaobhaithe chun crícheanna an Orduithe agus san chó hiomlán ar gach slí agus dá ndeintí é do cheapadh go dlíthiúil chun bheith mar chathaoirleach amhlaidh fén gcomhacht a bronntar chuige sin leis an Ordú.

Gearr-theideal.

5. — Féadfar Acht Piara Dhroichead an Chláir, 1933 , do ghairm den Acht so.