|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT SIOR-CHISTI (CLÁRÚ), 1933) |
ACHT SIOR-CHISTI (CLÁRÚ), 1933
[EN] | ||
[EN] |
SCEIDEAL. | |
Eilithe an Achta so maidir leis na Rialacha i dtaobh síorchistí. | ||
Beidh i rialacha síor-chiste ráiteas iomlán ar na cuspóirí gur ina gcóir atá an ciste ann, agus beidh ionta freisin socrú i gcóir gach ní acu so leanas, sé sin le rá:— | ||
1. Iontaobhaithe an chiste do cheapadh agus do chur as oifig. | ||
2. Rúnaí don chiste do cheapadh agus do chur as oifig. | ||
3. Gach maoin is leis an gciste do dhílsiú in iontaobhaithe an chiste. | ||
4. Gach airgead caipitail is leis an gciste do shuncáil in ainmneacha iontaobhaithe an chiste. | ||
5. Na suncálanna (más ann dóibh), i dteanta na suncálanna a húdaruítear le dlí, ina bhféadfar airgead caipitail is leis an gciste do shuncáil. | ||
6. I gcás rialacha an chiste d'údarú d'iontaobhaithe an chiste airgead caipitail is leis an gciste do shuncáil tríd an airgead san do lóisteáil leis an duine is fostóir daoine bhíonn ar fostú sa ghnó no sa tsreath gnóthaí gur mar gheall air atá an ciste ann, ná lóisteálfar an t-airgead san amhlaidh maran rud é:— | ||
(a) gur cólucht corpruithe an fostóir, agus | ||
(b) go ndearna sé, gach bliain de sna deich mbliana deiridh roimh bliain na lóisteála san, dividendum no ús do réir trí per cent. ar a laighead d'íoc ar a ghnáth-stoc no ar a ghnáth-scaireanna, agus | ||
(c) go ndéanfar an lóisteáil sin d'urrú tré mhuirear ar shócmhainní uile no ar chuid de shócmhainní an fhostóra san. | ||
7. An duine is fostóir daoine bhíonn ar fostú sa ghnó no sa tsreath gnóthaí gur mar gheall air atá an eiste ann do thabhairt rann-íocanna don chiste. | ||
8. Ná rann-íocanna is iníoctha leis an gciste agus rátaí na sochar no modh áirmhithe na sochar is iníoctha as an gciste. | ||
9. Na coinníollacha ar a bhféadfaidh daoine teacht agus scur, fé seach, chun bheith agus de bheith ina rann-íocóirí don chiste agus i dteideal sochar d'fháil as an gciste. | ||
10. Na cásanna in ar féidir deireadh do chur leis an gciste agus an tslí ina ndéanfar má thárlann san sócmhainní an chiste d'úsáid. | ||
11. Rialacha do dhéanamh, d'atharú, do leasú agus do chur ar neamh-ní. | ||
12. Gach cuntas airgid, cuntas cothromuíochta, agus tuarasgabháil d'ullamhú is gá do réir an Achta so d'ullamhú no do thabhairt i dtaobh an chiste. | ||
13. Cóip de rialacha an chiste agus de gach leasú ortha, agus cóip den chuntas airgid, agus den chuntas cothromuíochta agus den tuarasgabháil is déanaí do hullamhuíodh i dtaobh an chiste do réir an Achta so do thabhairt, ar n-a éileamh san, do gach duine— | ||
(a) a bheidh, le linn an éilimh sin, i dteideal sochair ar bith as an gciste, agus | ||
(b) a bheidh, le linn an éilimh sin, no do bhí, roimhe sin, ar fostú sa ghnó no sa tsreath gnóthaí gur mar gheall air atá an ciste ann. |