An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Diuitethe Stampa.)

15 1933

ACHT AIRGID, 1933

CUID III.

Diuite Oll-Shochair.

Eileamh an diúité do dhaingniú.

36. —Chun deireadh do chur le hamhras dearbhuítear agus achtuítear leis seo—

(a) an t-éileamh ar dhiúité oll-shochair a deintear le Cuid III den Finance (No. 2) Act, 1915, agus leis na hAchtanna leasuíonn no leathnuíonn an tAcht san, ná dearna alt 32 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), athghairm ar an éileamh san ná dochar ná deifir do, agus

(b) d'ainneoin éinní atá san alt san 32 go bhfuil an t-éileamh ar dhiúité oll-shochair, agus go raibh sé riamh, i lánfheidhm agus i lán-éifeacht, agus

(c) go bhfuil, agus go raibh o am an Achta Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), do rith, comhacht ag na Coimisinéirí Ioncuim chun cáinmheas agus cáinmheas breise do dhéanamh, i gcóir diúité oll-shochair, alos aon tréimhse cuntasaíochta do réir a mbreithiúntais aon tráth agus in aon chás in ar dóich leo no in ar dhóich leo san do bheith riachtanach.

An duine is ioncháinmheasta.

37. —(1) Léireofar fo-alt (2) d'alt 45 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige fé is dá ndeintí na focail “at the date of the making of the assessment” do chur isteach sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal “for the time being” atá anois ann.

(2) I gcás únaerachta céirde no gnótha d'atharú tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta deiridh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, más oiriúnach leo é, diúité oll-shochair do cháinmheas alos aon tréimhse cuntasaíochta ar dhuine ar bith ag á raibh an cheárd no an gnó san ar únaeracht no ar siúl aon tráth i rith na tréimhse cuntasaíochta san.

Deimhniú fuascailte.

38. —(1) Einne is únaer (pe'ca chun tairbhe dho féin no mar iontaobhaí) ar thrádáil no ar ghnó go bhfuil no go mbeidh diúité oll-shochair á éileamh no inéilithe ina thaobh no is duine go gcomhacht díola ar aon trádáil no gnó den tsórt san, féadfaidh deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim, agus más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim an duine sin do bheith tar éis aontú an trádáil no an gnó san do dhíol ach gan an díol san do bheith críochnuithe aige no an duine sin do bheith ar intinn bona fide an trádáil no an gnó san do dhíol chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin agus más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim fós gur ceart dóibh, do réir na bhfíor a bhaineann le diúité oll-shochair d'éileamh agus d'íoc alos na trádála no an ghnótha san in aghaidh gach tréimhse cuntasaíochta, san do dhéanamh bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncuim amach don duine sin deimhniú fé láimh oifigigh do sna Coimisinéirí Ioncuim go n-údarás cuibhe uatha chuige sin, á dheimhniú (do réir mar is gá sa chás) ná fuil aon diúité oll-shochair inéilithe alos na trádála no an ghnótha san no gur híocadh gach diúité oll-shochair is inéilithe alos na trádála no an ghnótha san.

(2) Déanfaidh deimhniú bhéarfar amach fén alt so ceannuitheoir ar bith a cheannóidh ón duine dar tugadh amach an deimhniú san an trádáil no an gnó le n-a mbaineann an deimhniú san ar chomaoin luachmhair in airgead no i luach airgid agus gach duine gheobhaidh teideal chun na trádála no an ghnótha san ón gceannuitheoir sin no tríd, déanfaidh iad d'fhuascailt o gach éileamh ar dhiúité oll-shochair alos na trádála no an ghnótha san, agus déanfaidh fós (ach amháin i gcás calaoise i bpáirt an duine dar tugadh amach an deimhniú san no i gcás é do theip air fíora táchtacha do nochtadh) an duine sin agus gach duine gheobhaidh teideal chun na trádála no an ghnótha san ón duine sin no tríd ar shlí seachas ar chomaoin luachmhair in airgead no i luach airgid, déanfaidh iad d'fhuascailt o gach éileamh no o aon éileamh bhreise (do réir mar bheidh) ar dhiúité oll-shochair alos na trádála no an ghnótha san.

Seiceadúirí agus riarthóirí do cháinmheas.

39. —(1) I gcás duine mhairbh do bheith, dá mbeadh sé ina bheathaidh, ionmhuirir fé dhiúité oll-shochair agus ioncháinmheasta ina chóir alos aon tréimhse cuntasaíochta, beidh seiceadúir no riarthóir an duine mhairbh sin ina dhuine is ionmhuirir fé dhiúité oll-shochair agus féadfar é cháinmheas i gcóir diúité oll-shochair alos na tréimhse cuntasaíochta san sa tslí agus sa mhéid chéanna ina mbeadh an duine marbh san, dá mbeadh sé ina bheathaidh, ionmhuirir amhlaidh agus ina bhféadfaí do réir dlí é cháinmheas amhlaidh ach ní bheidh aon seiceadúir no riarthóir den tsórt san freagarthach in aon diúité den tsórt san de bhreis ar na sócmhainní leis an duine marbh san do fuair an seiceadúir no an riarthóir sin no do gheobhadh sé mara mbeadh a nea-shuim no a fhaillí féin.

(2) Ní féadfar aon cháinmheas ná cáinmheas breise i gcóir diúité oll-shochair do dhéanamh de bhuadh an ailt seo ar sheiceadúir no riarthóir dhuine mhairbh tar éis deireadh dhá bhlian o dháta deonta phromháide no litreacha riaracháin don seiceadúir no don riarthóir sin, ach i gcás an tseiceadúra no an riarthóra san do lóisteáil mionn-scríbhinne ceartúcháin chun críche cáinmheasa dhiúité estáit féadfar an cáinmheas no an cáinmheas breise sin i gcóir diúité oll-shochair do dhéanamh aon tráth roimh dheireadh dhá bhlian o dháta lóisteálta na mionnscríbhinne ceartúcháin sin.

(3) Ní déanfar diúité oll-shochair d'éileamh ar sheiceadúir no riarthóir dhuine mhairbh do fuair bás roimh an 11adh lá de Bhealtaine, 1933, ná ní bheidh an seiceadúir no an riarthóir sin ioncháinmheasta i gcóir diúité oll-shochair, de bhuadh an ailt seo, má rinne sé estát an duine mhairbh sin do riaradh go hiomlán agus a shócmhainní do roinnt roimh an 11adh lá san de Bhealtaine, 1933.

(4) Féadfaidh seiceadúir no riarthóir dhuine mhairbh deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim agus, ar bheith deimhin de gur ceart dóibh do réir fíor an cháis san do dhéanamh, bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncuim amach don tseiceadúir no don riarthóir sin deimhniú fé láimh dhuine éigin go n-údarás cuibhe chuige sin o sna Coimisinéirí Ioncuim, á dheimhniú (do réir mar is gá sa chás) ná raibh diúité oll-shochair inéilithe ar an duine marbh san no go ndearnadh an diúité oll-shochair go léir do héilíodh ar an duine marbh san d'íoc.

(5) Déanfaidh deimhniú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so (ach amháin i gcás calaoise i bpáirt an tseiceadúra no an riarthóra dá ndeonfar é no i gcás é do theip air fíora táchtacha do nochtadh) an seiceadúir no an riarthóir sin d'fhuascailt o gach éileamh no o aon éileamh breise (do réir mar bheidh) ar dhiúité oll-shochair de bhuadh an ailt seo.