An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Feithicli Seirbhise Puibli do Rialail agus do Stiuradh.) Ar Aghaidh (CUID IX. Tracht do Rialail.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID VIII.

Foralacha Speisialta i dTaobh Feithicli Seirbhise Sraide.

Miniú ar fheithicil d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide.

131. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so tuigfear feithicil bheag sheirbhíse puiblí d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide—

(a) má deintear agus pé uair a déanfar an fheithicil sin agus a tiománaí d'fhostú in áit phuiblí chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair agus san ar na téarmaí go dtosnóidh an fostú san láithreach, no

(b) má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh tiománaí na feithicle sin é féin agus an fheithicil sin do thairiscint in áit phuiblí chun a bhfostuithe láithreach chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, no

(c) má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh tiománaí na feithicle sin an fheithicil sin do shuidheamh no do thiomáint in áit phuiblí chun go bhfostófaí é féin agus an fheithicil sin láithreach chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, no

(d) má deintear agus pé uair a déanfar an fheithicil sin d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair do réir connartha fhostaíochta ar n-a dhéanamh in áit phuiblí le tiománaí na feithicle sin chun an tiománaí sin agus na feithicle sin d'fhostú láithreach chun na bpaisnéirí sin d'iompar.

Líomatáistí taxi-mhéadair.

132. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “líomatáiste taxi-mhéadair” líomatáiste dearbhuítear le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so bheith ina líomatáiste taxi-mhéadair de thurus na huaire chun críche na Coda so den Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, a dhearbhú aon líomatáiste áirithe do bheith ina líomatáiste taxi-mhéadair o dháta an orduithe sin no o aon dáta is déanaí ná san a luadhfar san ordú san.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so (agus an fo-alt so d'áireamh) do cheiliúradh no do leasú.

Srian le feithiclí tuarastail phríobháidigh d'úsáid

133. —(1) Ní bheidh sé dleathach feithicil bheag sheirbhíse puiblí cheadúnuithe, ná húdaruíonn an ceadúnas feithicle seirbhíse puiblí bhaineann léi ach í d'úsáid mar fheithicil thuarastail phríobháidigh, d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide in aon líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille.

(2) Pé uair a déanfar feithicil bheag sheirbhíse puiblí d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide contrárdha don alt so, beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Taxi-mhéadair ar fheithiclí seirbhíse sráide.

134. —(1) Ní bheidh sé dleathach aon fheithicil inneall-ghluaiste d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide i líomatáiste taxi-mhéadair maran feithicil bheag sheirbhíse puiblí cheadúnuithe an fheithicil sin ná mara mbeidh taxi-mhéadar feistithe uirthi sa tslí orduithe agus é do réir na Coda so den Acht so agus in ordú agus i dtreo mhaith.

(2) Pé uair a déanfar feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide contrárdha don alt so, beidh únaer na feithicle sin agus fós tiománaí na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun é dhéanamh neadhleathach feithicil bheag sheirbhíse puiblí cheadúnuithe ná beidh taxi-mhéadar feistithe uirthi d'úsáid chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair i líomatáiste taxi-mhéadair i gcás nách i líomatáiste taxi-mhéadair do rinneadh an connradh chun na bpaisnéirí sin d'iompar amhlaidh.

Taxi-mhéadair do shoillsiú istoíche.

135. —(1) Ní bheidh sé dleathach feithicil bheag sheirbhíse puiblí ar a mbeidh taxi-mhéadar feistithe d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide le linn uaireanta soillsiúcháin—

(a) mara mbeidh lampa feistithe ar an bhfeithicil sin agus é in áit go ndéanfaidh, nuair a bheidh sé ar lasadh, aghaidh an taxi-mhéadair a bheidh feistithe ar an bhfeithicil sin do shoillsiú, agus

(b) mara mbeidh an lampa san ar lasadh agus i dtreo éifeachtúil.

(2) Pé uair a déanfar feithicil bheag sheirbhíse puiblí d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide contrárdha don alt so beidh únaer na feithicle sin agus fós tiománaí na feithicle sin, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Taxi-mhéadair d'iniúchadh agus d'fhíorú in aghaidh na bliana.

136. —(1) Déanfar agus deintear leis seo an míniú tugtar ar “measuring instrument” in alt 35 den Weights and Measures Act, 1889, mar a leathnuítear san le halt 10 den Acht Meáchan agus Tomhas, 1928 ( Uimh. 3 de 1928 ), do leathnú chun go bhfolóidh taxi-mhéadar, agus beidh éifeacht ag an alt san 35 dá réir sin.

(2) Ní bhainfidh comhachta agus dualgaisí cigirí meáchan agus tomhas, ar n-a gceapadh ag Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath no ag Bárdas Dhún Laoghaire, ní bhainfid le hiniúchadh, le tástáil, le fíorú ná le stampáil taximhéadar ná ní fholóid an céanna.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir o am go ham baill den Ghárda Síochána do cheapadh mar chigirí ionstruimidí tomhais (dá ngairmtear cigirí speisialta san alt so) chun taxi-mhéadar d'iniúchadh agus d'fhíorú agus do stampáil, pé méid ball is dóich leis is gá agus a cheadóidh an tAire Airgid, agus beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na cigirí speisialta san, sé sin le rá :—

(a) féadfaidh an Coimisinéir aon chigire speisialta do chur ar fiunraoi o n-a oifig no é do bhriseadh as a oifig mar chigire speisialta;

(b) ní déanfar aon bhall den Ghárda Síochána do cheapadh chun bheith ina chigire speisialta mara mbeidh deimhniú fé alt 8 den Weights and Measures Act, 1904, aige no deimhniú cigire speisialta ar n-a dheonadh do réir rialachán a bheidh déanta ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála fén alt so;

(c) féadfar cigire ex-officio meáchan agus tomhas do cheapadh chun bheith ina chigire speisialta agus ar é do cheapadh amhlaidh féadfaidh, i gcás an Coimisinéir dá ordú san, leanúint de bheith ina chigire ex-officio meáchan agus tomhas;

(d) maidir le taxi-mhéadair d'iniúchadh agus d'fhíorú agus do stampáil, beidh ag gach cigire speisialta na comhachta uile agus cólíonfaidh na dualgaisí uile bronntar no cuirtear ar chigire no ar chigire exofficio meáchan agus tomhas leis na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928, ach gan aon tsrian do bheith ann maidir leis an líomatáiste no leis an gceanntar ina bhféadfaidh an cigire speisialta san na comhachta san d'fheidhmiú no ina mbeidh air na dualgaisí sin do chólíonadh;

(e) déanfar tagairtí sna hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928, do chigire no do chigire ex-officio meáchan agus tomhas do léiriú, maidir le taxi-mhéadair d'iniúchadh agus d'fhíorú agus do stampáil, mar thagairtí fholuíonn tagairtí do chigire speisialta, agus beidh éifeacht ag na hAchtanna san dá réir sin;

(f) bhéarfaidh an Coimisinéir do gach cigire speisialta na caighdeáin sin agus an gléasra san is gá dho chun a dhualgaisí mar chigire speisialta den tsórt san do chólíonadh;

(g) íocfar alos cigirí speisialta d'fhíorú agus do stampáil taximhéadar na táillí sin a bheidh ceaptha le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála le toiliú an Aire Airgid, agus beidh gach táille fé leith den tsórt san iníoctha ag an duine bheidh ceaptha chuige sin leis na rialacháin sin;

(h) isé duine le n-a n-íocfar na táillí uile is iníoctha fén alt so alos cigirí speisialta d'fhíorú agus do stampáil taximhéadar ná an Coimisinéir agus cuirfidh seisean de láimh iad do réir an Achta so, ach íocfar isteach i gCiste Luach Saothair an Ghárda Síochána an cion san (más aon chion é) de sna táillí sin ordóidh an tAire Airgid.

(4) I dteanta na gcomhacht a bronntar le halt 8 den Weights and Measures Act, 1889, mar a leathnuítear san le halt 6 den Weights and Measures Act, 1904, beidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála i dteideal na táillí sin a cheapfa sé, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire agus le toiliú an Aire Airgid, d'éileamh ar na caighdeáin agus ar an ngléasra do bhéarfaidh an Coimisinéir amach fén alt so do chur i gcomparáid agus d'fhíorú.

(5) An chomhacht chun rialachán generálta do dhéanamh atá dílsithe san Aire Tionnscail agus Tráchtála de bhuadh ailt 5 den Weights and Measures Act, 1904, beidh ina cuid di comhacht chun rialachán generálta do dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, maidir leis an gCoimisinéir do chur caighdeán agus gléasra ar fáil agus dá gcoimeád i dtreo fén alt so agus leis na caighdeáin agus an gléasra san d'fhíorú agus maidir le cigirí speisialta do threorú i dtaobh a ndualgas fén alt so d'fheidhmiú agus do chólíonadh, agus léireofar an t-alt san 5 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(6) Léireofar an t-alt so mar éinní amháin leis na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928, agus féadfar na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna san agus den alt so le chéile.

Fo-dhlithe i dtaobh suidheamh d'fheithiclí seirbhíse sráide.

137. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh alos aon líomatáiste áirithe chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun na n-áiteanna (dá ngairmtear suidhimh cheaptha san Acht so) sa líomatáiste sin do cheapadh inar ceaduithe feithiclí seirbhíse sráide do shuidheamh chun a bhfostuithe:

(b) chun an líon maximum d'fheithiclí seirbhíse sráide do shocrú is ceaduithe do shuidheamh, chun a bhfostuithe, in éineacht ar aon tsuidheamh ceaptha áirithe;

(c) chun a thoirmeasc feithiclí seirbhíse sráide do shuidheamh chun a bhfostuithe in áiteanna sa líomatáiste sin nách suidhimh cheaptha;

(d) chun rialú agus stiúradh do dhéanamh ar an gcuma ina n-úsáidfidh feithiclí seirbhíse sráide suidhimh cheaptha.

(2) Gach tiománaí feithicle seirbhíse sráide dhéanfaidh éinní, tré ghníomh no tré fhaillí, is sárú ar fho-dhlí, ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Dathanna feithiclí seirbhíse sráide agus éide tiománaithe.

138. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh, maidir le haon líomatáiste áirithe le n-a mbaineann fo-dhlí táille, chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a chur mar cheangal go ndéanfar gach cuid no cuid áirithe de gach feithicil bheag sheirbhíse puiblí a húsáidfear mar fheithicil sheirbhíse sráide sa líomatáiste sin do phéinteáil no do dhathú ar shlí eile le dath áirithe no le cumasc áirithe dathanna;

(b) chun a chur mar cheangal go ndéanfar uimhir, focal, litir, no marc eile suaithnidh áirithe do mharcáil in áit no i slí orduithe ar gach feithicil den tsórt san;

(c) chun a chur mar cheangal ar gach tiománaí ar aon fheithicil den tsórt san caipín no hata, agus casóg agus baill eile éadaigh, de phátrún agus de dhath áirithe do chaitheamh;

(d) chun a thoirmeasc úsáid do dhéanamh (ar shlí eile seachas mar fheithicil sheirbhíse sráide) sa líomatáiste sin d'aon fheithicil inneall-ghluaiste bheidh péinteálta, no daithte ar shlí eile, sa mhodh a bheidh ceaptha le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so alos feithiclí seirbhíse sráide sa líomatáiste sin no i modh bheidh chó cosúil sin leis an modh a bheidh ceaptha amhlaidh gur dócha go gcuirfeadh sé daoine amú;

(e) chun a thoirmeasc ar dhuine ar bith (seachas tiománaí feithicle seirbhíse sráide) aon bhall éadaigh do chaitheamh sa líomatáiste sin a bheidh de phátrún agus de dhath a bheidh ceaptha le fo-dhlithe ar n-a ndéanamh fén alt so alos éide tiománaithe feithiclí seirbhíse sráide no de phátrún no de dhath a bheidh chó cosúil sin leis an bpátrún agus an dath a bheidh ceaptha amhlaidh gur dócha go gcuirfeadh sé daoine amú.

(2) Pé uair a húsáidfear aon fheithicil contrárdha d'fho-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) Gach duine do bhéarfaidh faillí in aon bhall éadaigh do chaitheamh a cheanglóidh fo-dhlí ar n-a dhéanamh fén alt so air a chaitheamh no chaithfidh aon bhall éadaigh gur sárú ar aon fho-dhlí den tsórt san é do chaitheamh an chéanna beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Fo-dhlithe táille.

139. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil le n-a mbaineann, fo-dhlithe do dhéanamh (dá ngairmtear fo-dhlithe táille san Acht so), ag ceapadh na dtáillí a féadfar a éileamh go dleathach ar fhostú feithiclí seirbhíse sráide agus ar sheirbhísí dhéanfaidh feithiclí seirbhíse sráide fostófar in aon líomatáiste áirithe agus féadfar fo-dhlithe deifriúla den tsórt san do dhéanamh amhlaidh alos líomatáistí deifriúla áirithe ach beidh gach líomatáiste áirithe den tsórt san có-ionann le líomatáiste taxi-mhéadair maidir le n-a theoranta no neachtar acu ní bheidh aon líomatáiste taximhéadair ná aon pháirt de líomatáiste taxi-mhéadair mar chuid de.

(2) Féadfar táillí deifriúla do cheapadh le fo-dhlithe táille alos cineálacha deifriúla feithiclí seirbhíse sráide.

(3) So Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “táille dhleathach” an táille bheidh ceaptha le fo-dhlithe táille alos na seirbhíse agus sa líomatáiste gur ina dtaobh a húsáidtear an abairt, agus cialluíonn an abairt “líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille” líomatáiste go mbeidh fo-dhlithe táille i bhfeidhm ina thaobh de thurus na huaire.

Fógraí i dtaobh fo-dhlithe táille do thaisbeáint ar fheithiclí seirbhíse sráide.

140. —(1) Ní bheidh sé dleathach feithicil bheag sheirbhíse puiblí d'úsáid mar fheithicil sheirbhíse sráide i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille mara mbeidh ar taisbeáint sa bhfeithicil sin, i pé áit agus i pé slí bheidh orduithe leis an bhfo-dhlí táille bheidh i bhfeidhm san áit sin, fógra, i pé fuirm agus de pé abhar a bheidh orduithe leis na fo-dhlithe táille sin, á rá cadiad na táillí atá ceaptha leis na fo-dhlithe táille sin alos na feithicle sin.

(2) Pé uair a húsáidfear feithicil inneall-ghluaiste contrárdha don alt so beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá púnt do chur air.

Táillí iomarcacha do thoirmeasc.

141. —(1) Lasmuich de chás ina n-údarófar san le fo-dhlithe táille ní bheidh sé dleathach do thiománaí feithicle seirbhíse sráide ar a mbeidh taxi-mhéadar feistithe aon tsuim is mó ná an táille dhleathach, mar a taisbeántar san sa taxi-mhéadar san, d'iarraidh ná d'éileamh ar sheirbhísí do rinne sé leis an bhfeithicil sin.

(2) Ní bheidh sé dleathach do thiománaí feithicle seirbhíse sráide aon tsuim d'iarraidh ná d'éileamh, ar sheirbhísí do rinne sé leis an bhfeithicil sin i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille, is mó ná an táille dhleathach alos na seirbhísí sin.

(3) Gach tiománaí feithicle seirbhíse sráide iarrfaidh no éileoidh aon tsuim contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

Srian leis an bhfocal “taxi” d'úsáid.

142. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, in aon ráiteas scríobhtha ná in aon fhógrán ná fógra eile fhoillseoidh sé (ar a n-áirmhítear fógraí bheidh greamuithe dá áitreabh no dá fheithiclí féin no ar taisbeáint ionta), úsáid do dhéanamh, mar thuairisc ar fheithicil no in aon tslí eile maidir le feithicil nách feithicil sheirbhíse sráide ar a bhfuil taxi-mhéadar feistithe, den fhocal “taxi” ná d'aon focal ná abairt eile is deallrathach do réir réasúin a bhéarfadh le tuiscint gur feithicil sheirbhíse sráide an fheithicil sin no go bhfuil taxi-mhéadar feistithe uirthi.

(2) Gach duine úsáidfidh aon fhocal no abairt contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

Dualgas tiománaí feithicle seirbhíse sráide maidir le n-a fhostóir.

143. —(1) Pé uair a déanfar feithicil sheirbhíse sráide d'fhostú go dleathach beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin, faid a leanfaidh an fostú san, na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá :—

(a) an fheithicil sin, go pé paisnéirí agus bagáiste pearsanta inti ordóidh an fostóir go dleathach agus go réasúnta, do thiomáint go dtí pé áit a hordófar amhlaidh; agus

(b) le linn é bheith ag tiomáint amhlaidh dul ar luas réasunta agus an bealach san ordóidh an fostóir go dleathach no, mara dtugtar aon ordú den tsórt san, an bealach is tapúla; agus

(c) fanúint, é féin agus an fheithicil sin, i pé áiteanna agus ar feadh pé tráthanna ordóidh an fostóir go dleathach.

(2) Má dheineann tiománaí feithicle seirbhíse sráide bheidh fostuithe go dleathach éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar a dhualgas fén alt so beidh sé ciontach, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

E d'oblagáid ar thiománaí feithicle seirbhíse sráide glacadh le fostú.

144. —(1) Pé uair iarrfaidh duine ar bith (dá ngairmtear an t-abhar fostóra san alt so) ar thiománaí feithicle seirbhíse sráide bheidh an uair sin suidhte chun a fhostuithe i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille é thiomáint sa bhfeithicil sin go dtí áit áirithe laistigh den líomatáiste sin agus a thairgfidh don tiománaí sin an táille dhleathach in aghaidh na seirbhíse sin, beidh sé de dhulgas ar an tiománaí sin déanamh do réir an iarratais sin agus má theipeann air san do dhéanamh no má dhiúltuíonn d'é do dhéanamh gheobhfar, mara mbeidh leith-scéal réasúnta aige leis an teip no an diúltú san, ciontach é i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

(2) Chun críche an ailt seo—

(a) ní tuigfear feithicil sheirbhíse sráide bheidh fostuithe ag duine ar bith do bheith suidhte chun a fostuithe faid a leanfaidh an fostú san, agus

(b) má tugtar, i dtaobh feithicle inneall-ghluaiste, cruthúnas go raibh pláta feithicle greamuithe den fheithicil sin, agus (i gcás í bheith i líomatáiste taxi-mhéadair) go raibh taxi-mhéadar feistithe uirthi, agus (in aon chás) ná raibh duine ar bith inti seachas a tiománaí, agus go raibh sí ina stad in áit phuiblí i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille, beidh an cruthúnas san ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an fheithicil sin suidhte chun a fostuithe.

(3) Pé uair a déanfar tiománaí feithicle seirbhíse sráide do chúiseamh i gcionta fén alt so agus ná tiocfaidh an t-abhar fostóra gur maidir leis adeirtear do rinneadh an cionta san, ná tiocfaidh seisean i láthair agus an cúiseamh san á éisteacht sa chúirt, no is deimhin leis an gcúirt go raibh an tiománaí sin fostuithe ag duine eile an uair adeirtear do rinneadh an cionta san agus ná raibh deireadh leis an bhfostú san, no go raibh leith-scéal réasúnta ag an tiománaí sin maidir leis an teip no an diúltú gurb é an cionta san é adeirtear do rinneadh, agus go ndearna an tiománaí sin go séimh a chur in úil don abhar fostóra san go raibh sé ar fostú ag an duine eile sin amhlaidh no an leith-scéal san d'innsint do (pe'ca aca é), féadfaidh an chúirt a ordú don abhar fostóra san costaisí na n-imeacht d'íce agus fós íoc do dhéanamh leis an tiománaí sin i pé suim réasúnta luadhfaidh an chúirt mar chúiteamh san am do chaill sé tré bheith i láthair sa chúirt agus an cúiseamh á éisteacht.

Cearta tiománaí feithicle seirbhíse sráide i gcoinnibh a fhostóra.

145. —(1) Pé uair a dhéanfaidh duine bheidh tar éis feithicle seirbhíse sráide d'fhostú go dleathach i líomatáiste le n-a mbaineann fo-dhlí táille a ordú go dleathach dá tiománaí aon tráth le linn an fhostuithe sin an fheithicil sin do thiomáint go dtí áit áirithe, sa líomatáiste sin, beidh sé dleathach don tiománaí sin a éileamh ar an bhfostóir íoc do dhéanamh leis, agus íoc d'fháil ón bhfostóir, sa táille dhleathach in aghaidh na seirbhísí bheidh tugtha uaidh ag an tiománaí sin go dtí san le linn an fhostuithe sin no sa táille dhleathach in aghaidh na seirbhísí sin maraon leis an táille dhleathach in aghaidh tiomána go dtí an áit sin ón áit ina dtabharfar an t-ordú san (pe'ca is rogha leis an tiománaí sin).

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine bheidh tar éis feithicle seirbhíse sráide d'fhostú go dleathach i líomatáiste le n-a mbaineann fodhlí táille a ordú go dleathach dá tiománaí fanúint, é féin agus an fheithicil sin, in áit áirithe sa líomatáiste sin, beidh sé dleathach don tiománaí sin a fhiafraí den fhostóir agus a fháil amach uaidh cadé an fhaid aimsire fhanfa sé san áit sin agus fós a éileamh ar an bhfostóir íoc do dhéanamh leis, agus íoc d'fháil ón bhfostóir, sa táille dhleathach in aghaidh na seirbhísí bheidh tugtha uaidh ag an tiománaí sin go dtí san le linn an fhostuithe sin no sa táille dhleathach in aghaidh na seirbhísí sin maraon leis an táille dhleathach in aghaidh fanúna an fhaid sin aimsire (pe'ca is rogha leis an tiománaí sin).

(3) Pé uair a theipfidh ar fhostóir feithicle seirbhíse sráide íoc do dhéanamh no dhiúltóidh sé d'íoc do dhéanamh le tiománaí na feithicle sin i dtáille dhleathach éileoidh an tiománaí sin air go dleathach fén alt so beidh sé dleathach don tiománaí sin diúltú do dhéanamh do réir an orduithe gurb é a thabhairt ba chúis leis an éileamh san agus deireadh do chur le fostú na feithicle sin.

Cad déanfar le híocaíochtaí in aghaidh seirbhísí is deallrathach do bhéarfar.

146. —(1) Pé uair do gheobhaidh tiománaí feithicle seirbhíse sráide íocaíocht, fén gCuid seo den Acht so o fhostóir na feithicle sin, alos seirbhísí ná beidh tugtha tráth déanta na híocaíochta san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) beidh sé de dhualgas ar an tiománaí sin na seirbhísí sin do thabhaírt uaidh láithreach mara dtugaidh an fostóir a mhalairt d'ordú dho no mara gcuiridh leor-chúis éigin cosc leis;

(b) beidh an íocaíocht san ina héarlais i seilbh an tiománaí sin agus, má deintear agus nuair a déanfar na seirbhísí sin do thabhairt go hiomlán, coimeádfaidh an tiománaí sin í mar íocaíocht i gcoinnibh na seirbhísí sin;

(c) má chuireann an fostóir deireadh leis an bhfostú san sara ndeintear na seirbhísí sin do thabhairt go hiomlán beidh sé de dhualgas ar an tiománaí sin an chuid sin den íocaíocht san do choimeád is táille dhleathach in aghaidh a mbeidh tugtha uaidh aige de sna seirbhísí sin agus iarmhéid na híocaíochta san d'aisíoc leis an bhfostóir.

(2) Pé uair a dhéanfaidh tiománaí feithicle seirbhíse sráide éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar a dhualgas fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.