An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Arachas Eigeanta I gCas Unaeri Feithicli Inneall-Ghluaiste.) Ar Aghaidh (CUID VII. Feithicli Seirbhise Puibli do Rialail agus do Stiuradh.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID VI.

Deimhnithe Inniulachta agus Deimhnithe Infheadhmachta.

Deimhnithe inniúlachta do thabhairt amach.

81. —(1) Féadfaidh duine ar bith deimhniú inniúlachta den tsórt san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina gcomhnuíonn de ghnáth no, mara gcomhnuíonn i Saorstát Éireann de ghnáth, ar an gceannphort san den Ghárda Síochána ordóidh an Coimisinéir.

(2) Pé uair iarrfaidh duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) deimhniú inniúlachta ar cheannphort den Ghárda Síochána fén alt so agus íocfaidh leis an gCoimisinéir an táille sin a bheidh ceaptha ag an Aire le toiliú an Aire Airgid, cuirfidh an ceannphort san fé ndeár oilteacht agus inniúlacht an iarratasóra, ar fheithicil mhór sheirbhíse puiblí no feithicil bheag sheirbhíse puiblí (fé mar a theastóidh ón iarratasóir) do thiomáint, cuirfidh fé ndeár san do thástáil i bhfeithicil oiriúnach a chuirfidh an t-iarratasóir ar fáil, agus—

(a) má bhíonn sé sásta go bhfuil an t-iarratasóir oilte agus inniúil ar fheithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint, bhéarfaidh don iarratasóir deimhniú (dá ngairmtear deimhniú inniúlachta san Acht so agus adeir a bheith ina dheimhniú inniúlachta ar fheithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir oilte agus inniúil ar fheithicil mhór sheirbhíse puiblí do thiomáint, no

(b) má bhíonn sé sásta go bhfuil an t-iarratasóir oilte agus inniúil ar fheithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint, bhéarfaidh don iarratasóir deimhniú (dá ngairmtear deimhniú inniúlachta san Acht so agus adeir a bheith ina dheimhniú inniúlachta ar fheithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir oilte agus inniúil ar fheithicil bheag sheirbhíse puiblí do thiomáint.

Deimhnithe infheadhmachta do thabhairt amach.

82. —(1) Duine ar bith ná beidh toilteanach an dearbhú do dhéanamh is gá, do réir Choda III den Acht so, do bheith in iarratas ar cheadúnas tiomána no do bheith ina theanta no bheidh, de bhíthin aon mhí-chumthachta no ainmhe cuirp, gan bheith ábalta ar fheithicil inneall-ghluaiste den ghnáth-phátrún go sna gnáth-fheistisí agus na gnáth-airdheana do thiomáint, féadfaidh deimhniú infheadhmachta den tsórt san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina gcomhnuíonn de ghnáth no, mara gcomhnuíonn i Saorstát Éireann de ghnáth, ar an gceannphort san den Ghárda Síochána ordóidh an Coimisinéir.

(2) Gach duine bheidh ar aigne aon deimhniú infheadhmachta den tsórt san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh fén alt so, déanfaidh, laistigh de mhí sara n-iarrfaidh san, é féin do chur á scrúdú ag dochtúir leighis cáilithe agus gheobhaidh ón dochtúir leighis sin tuarasgabháil shighnithe i scríbhinn ar infheadhmacht an duine sin, i gcorp is in aigne, chun feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint den tsaghas gur maidir leis a beifear ar aigne an t-iarratas san do dhéanamh.

(3) Pé uair iarrfaidh duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) deimhniú infheadhmachta ar cheannphort den Ghárda Síochána fén alt so agus íocfaidh leis an gCoimisinéir an táille sin a bheidh ceaptha ag an Aire le toiliú an Aire Airgid agus a thaisbeánfaidh don cheannphort san tuarasgabháil dhochtúra leighis cháilithe do fuarthas do réir an fho-ailt deiridh sin roime seo den alt so, cuirfidh an ceannphort san fé ndeár inniúlacht an iarratasóra ar fheithicil inneall-ghluaiste do thiomáint, cuirfidh fé ndeár san do thástáil i bhfeithicil oiriúnach a chuirfidh an t-iarratasóir ar fáil, agus—

(a) má bhíonn sé sásta, ag féachaint don tuarasgabháil sin agus don tástáil sin, go bhfuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste den ghnáth-phátrún go sna gnáth-fheistisí agus na gnáth-airdheana do thiomáint, bhéarfaidh don iarratasóir deimhniú (dá ngairmtear deimhniú infheadhmachta san Acht so) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneallghluaiste do thiomáint, no

(b) má bhíonn sé sásta, ag féachaint don tuarasgabháil sin agus don tástáil sin, ná fuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste den ghnáthphátrún, agus gan inti ach na gnáth-fheistisí agus na gnáth-airdheana, do thiomáint ach go bhfuil sé infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste de chineál no de chineálacha áirithe go bhfeistisí speisialta no go n-airdheana speisialta do thiomáint, bhéarfaidh don iarratasóir deimhniú (atá san Acht so foluithe san abairt “deimhniú infheadhmachta” agus adeir a bheith ina dheimhniú infheadhmachta teoranta) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste den chineál áirithe no de chineál de sna cineálacha áirithe luaidhtear sa deimhniú san, go sna feistisí speisialta no na hairdheana speisialta luaidhtear agus a tuairiscítear sa deimhniú san, do thiomáint, no

(c) má bhíonn sé sásta, ag féachaint don tuarasgabháil sin agus don tástáil sin, ná fuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar aon ghnáth-fheithicil inneall-ghluaiste do thiomáint ach go bhfuil sé infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste de chineál no de chineálacha áirithe, ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh go speisialta i gcóir daoine ar a mbeadh an mhí-chumthacht no an aineamh áirithe atá ar an iarratasóir, do thiomáint, bhéarfaidh don duine sin deimhniú (atá san Acht so foluithe san abairt “deimhniú infheadhmachta” agus adeir a bheith ina dheimhniú infheadhmachta chun caráiste breoiteacháin do thiomáint) á dheimhniú go bhfuil an t-iarratasóir infheadhma agus inniúil ar fheithicil inneall-ghluaiste, den chineál áirithe no de chineál de sna cineálacha áirithe luaidhtear sa deimhniú san agus ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh go speisialta mar a luaidhtear sa deimhniú san, do thiomáint.

Saoirse do dhuine o n-a bheith air ceadúnas tiomána do bheith aige.

83. —D'ainneoin éinní atá san Acht so, beidh sé dleathach do dhuine ná beidh ceadúnas tiomána aige feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint le linn tástála do bheith á déanamh fén gCuid seo den Acht so ar a oilteacht agus a inniúlacht no ar a inniúlacht (do réir mar bheidh) ar an bhfeithicil sin do thiomáint, agus ní bheidh tiomáint na feithicle sin ag an duine sin amhlaidh ina sárú ar aon fhoráil den Acht so de bhíthin gan an duine sin do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas tiomána agus dá bhíthin sin amháin.