An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X. Feithicli do Shoillsiu.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID XI.

Ilghneitheach.

Feithicil do thógaint gan údarás.

165. —(1) Gach duine dhéanfaidh feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint no d'úsáid no do ghlacadh i seilbh gan cead o únaer na feithicle sin no o údarás dleathach eile beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) Má cúisítear duine mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do thaisbeáint gur chreid sé agus go raibh cúis réasúnta aige chun a chrediúint, nuair do rinne sé an gníomh go n-abartar gurb é an cionta san é, go raibh údarás dleathach aige chun an ghnímh sin do dhéanamh.

(3) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána aon duine do ghabháil gan barántas ’na mbeidh amhras réasúnta aige é do bheith ag déanamh cionta fén alt so.

(4) Má bhíonn cúiseamh mar gheall ar fheithicil inneallghluaiste do ghoid i ndíotáil féadfaidh cúiseamh do bheith inti mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh maidir leis an bhfeithicil sin agus sa chás san féadfar an duine bheidh á dhíotáil amhlaidh d'fháil ciontach i dtaobh an chúisimh mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh agus, ar an duine sin d'fháil ciontach amhlaidh, féadfar é do dhaoradh chun aon phionóis do b'fhéidir a chur fén alt so ar dhuine do ciontófaí sa chionta san ar an slí achmair.

(5) Más rud é, ar thriail duine bheidh á dhíotáil i bhfeithicil inneall-ghluaiste do ghoid, gur dóich leis an ngiúiré ná raibh an duine sin ciontach sa bhfeithicil sin do ghoid ach go raibh sé ciontach i gcionta fén alt so maidir leis an bhfeithicil sin, féadfaidh an giúiré sin an duine sin d'fháil ciontach sa chionta san agus leis sin féadfar an duine sin do dhaoradh chun aon phionóis do b'fhéidir do chur fén alt so ar dhuine do ciontófaí sa chionta san ar an slí achmair.

Feithiclí tarraigthe do bhainistí.

166. —(1) Ní bheidh sé dleathach feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun níos mó ná aon fheithicil amháin eile do tharrac mara mbeidh duine i dteanta gach feithicle bheidh á tarrac amhlaidh ach amháin an chéad fheithicil acu, no ar iompar uirthi, agus é de chúram ar an duine sin aire do thabhairt don fheithicil go mbeidh sé ina teanta amhlaidh no ar iompar uirthi amhlaidh.

(2) Pé uair a húsáidfear feithicil inneall-ghluaiste contrárdha don alt so beidh únaer na feithicle sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Cur isteach gan údarás ar mheicníocht feithicle.

167. —(1) Gach duine dhéanfaidh, gan cead o únaer no ón duine i mbun feithicle inneall-ghluaiste agus gan údarás dleathach eile ná cúis réasúnta, cur isteach no iarracht ar chur isteach in aon tslí ar mheicníocht na feithicle sin agus í ar stad in áit phuiblí no raghaidh, no dhéanfaidh iarracht ar dhul, in áirde ar an bhfeithicil sin no isteach inti agus í ar stad amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(2) Tuigfear ball den Ghárda Síochána bheidh ag déanamh birte do réir an Achta so chun deighleála go sealadach le feithicil inneall-ghluaiste, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, gurb eisean an duine i mbun na feithicle sin.

(3) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána aon duine do ghabháil gan barántas ’na mbeidh amhras réasúnta aige é do bheith ag déanamh cionta fén alt so.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le duine dhéanfaidh, maidir le feithicil inneall-ghluaiste a bheidh á chosc ar dhul isteach in aon áit no ar theacht amach as go dleathach, pé beart is gá do réir réasúin chun na feithicle sin d'aistriú le neart cuirp fada go leor chun deireadh do chur leis an gcosc san.

(5) Má cúisítear duine mar gheall ar chionta fén alt so do dhéanamh beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do thaisbeáint gur chreid sé agus go raibh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint, nuair do rinne sé an gníomh go n-abartar gurb é an cionta san é, go raibh údarás dleathach aige chun an ghnímh sin do dhéanamh.

Deighleáil le feithicil ar thiománaí, etc., do ghabháil.

168. —Pé uair a dhéanfaidh ball den Ghárda Síochána fén Acht so duine do ghabháil gan barántas go gcreidtear no go bhfuiltear in amhras é do bheith ag déanamh cionta no é do bheith tar éis cionta do dhéanamh fén Acht so maidir le feithicil inneallghluaiste, féadfaidh an ball san, más gá san sa chás, pé beart do dhéanamh no a chur fé ndeár í do dhéanamh is ceart dar leis chun deighleála go sealadach leis an bhfeithicil sin.

Teora le-faid tréimhsí leanúnacha tiomána.

169. —(1) Tuigfear gur tréimhse ró-fhada chun crícheanna an ailt seo gach ceann de sna tréimhsí tiomána no de sna sreathanna de thréimhsí tiomána so leanas, sé sin le rá :—

(a) aon tréimhse leanúnach tiomána is sia ná cúig uaire go leith a' chluig;

(b) aon tsreath de thréimhsí leanúnacha tiomána is sia le chéile ná aon uair déag a' chluig in aon tréimhse de cheithre huaire fichead a' chluig ar n-a tosnú dhá uair a' chluig tar éis meán oíche;

(c) aon tréimhse tiomána no sreath de thréimhsí tiomána ar n-a socrú i slí ná bíonn deich n-uaire a' chluig ar a laighead as a chéile ag an tiománaí i gcóir sosa i ngach tréimhse de cheithre huaire fichead a' chluig ar n-a tosnú i dtosach aon tréimhse tiomána.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so—

(a) má bhíonn naoi n-uaire a' chluig ar a laighead as a chéile ag tiománaí i gcóir sosa i dtréimhse de cheithre huaire fichead a' chluig ar n-a tosnú i dtosach tréimhse tiomána, déanfar an tréimhse sin de naoi n-uaire d' chluig ar a laighead as a chéile d'áireamh mar thréimhse de dheich n-uaire a' chluig as a chéile má bhíonn dhá uair dhéag a' chluig ar a laighead as a chéile ag an tiománaí sin i gcóir sosa sa chéad cheithre huaire fichead a' chluig tar éis na tréimhse sin de cheithre huaire fichead a' chluig a luaidhtear thuas do bheith caithte;

(b) tuigfear aon dá thréimhse thiomána as a chéile do bheith ina n-aon tréimhse leanúnach amháin mara mbeidh idir an dá thréimhse sin eatramh de leath-uair d' chluig ar a laighead ina bhféadfaidh an tiománaí sos do bheith aige agus úrúcháin d'fháil;

(c) déanfar aon am a chaithfidh tiománaí feithicle ar obair (seachas tiomáint) maidir leis an bhfeithicil sin no leis an ualach a bheidh á iompar uirthi agus fós, i gcás feithicle seirbhíse puiblí, aon am a chaithfe sé in aon fheadhmannas (seachas mar thiománaí no mar phaisnéir) ar an bhfeithicil sin agus í ar turus, déanfar san d'áireamh mar am do caitheadh ag tiomáint;

(d) i gcás feithicle bheidh á húsáid le haghaidh no le linn aon oibriúcháin talmhaíochta no foraoiseachta ní déanfar am a caithfear ag tiomáint na feithicle sin no ag obair uirthi no maidir léi faid ná beidh sí ar bhóthar d'áireamh mar am do caitheadh ag tiomáint.

(3) Gach duine thiomáinfidh, no chuirfidh fé ndeár no lomhálfaidh go dtiomáinfidh aon duine ar fostú aige no ag gníomhú fé n-a orduithe, ar feadh tréimhse ró-fhada feithicil inneall-ghluaiste is feithicil mhór sheirbhíse puiblí no is feithicil a bheidh ceaptha agus déanta chun feithicle eile do tharrac agus chuige sin amháin no is feithicil ar a mbeidh cabhail a bheidh ceaptha agus déanta chun earraí d'iompar agus chuige sin amháin, no dhá fheithicil no níos mó den tsórt san i ndiaidh a chéile, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Má cúisítear duine mar gheall ar chionta fé aon fho-alt den alt so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san a chruthú gurb é fé ndeár an gníomh go n-abartar gurb é an cionta san é ná moill do bhaint le turus do chríochnú agus nárbh fhéidir an mhoill sin do sheachaint agus gurb é ba chúis leis an moill sin ná cúrsaí nárbh fhéidir don duine sin do réir réasúin coinne do bheith aige leo.

(5) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, cólucht comhairlitheach do bhunú chun crícheanna an ailt seo, agus déanfaidh socrú leis an ordú san maidir le có-dhéanamh agus nós-imeachta an chóluchta san agus le ceapachán agus seilbh oifige ball an chóluchta san agus maidir leis na baill sin do chur as oifig agus foth-fholúntaisí sa chólucht san do líonadh agus maidir le héinní eile i dtaobh an chóluchta san is dóich leis an Aire sin is gá chun an chóluchta san do dhéanamh feidhmithe chuibhe fén alt so.

(6) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh an cólucht comhairlitheach a bunófar fén bhfo-alt san có-dhéanta de chúigear ball agus isé an tAire sin a cheapfaidh iad uile agus—

(a) is chun bheith mar chathaoirleach ar an gcólucht san a ceapfar duine acu amhlaidh, agus

(b) is mar dhuine ag ionadú fostóirí i ngnó iompair de bhóthar a ceapfar duine eile acu amhlaidh, agus

(c) is mar dhuine ag ionadú daoine ar fostú i ngnó iompair de bhóthar a ceapfar duine eile acu amhlaidh, agus

(d) is mar dhuine ag ionadú únaerí feithiclí inneall-ghluaiste ná húsáidtear chun paisnéirí ná earraí d'iompar ar luach saothair a ceapfar duine eile acu amhlaidh, agus

(e) is mar dhuine ag ionadú daoine ar fostú mar thiománaithe feithiclí inneall-ghluaiste ná húsáidtear chun paisnéirí ná earraí d'iompar ar luach saothair a ceapfar duine eile acu amhlaidh.

(7) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, ar iarratas éinne chítear do a bheith ionadathach d'fhostóirí dá ndeineann oibriú an ailt seo deifir no d'fhostuithe dá ndeintear deifir amhlaidh agus tar éis do an cúrsa do chur chun an chóluchta chomhairlithigh a bunófar fén alt so agus comhairle d'fháil uatha agus más deimhin leis ná déanfaidh an t-ordú bheidh beartuithe baint o shábháltacht na puiblíochta, féadfaidh, le hordú, aon tréimhse d'atharú i slí ar bith is tréimhse dearbhuítear leis an alt so, no bheidh dearbhuithe le haon ordú ar n-a dhéanamh roimhe sin fén bhfo-alt so, do bheith ina tréimhse ró-fhada chun crícheanna an ailt seo.

(8) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, ar iarratas éinne go bhfeictear do leas do bheith aige i bhfeithiclí inneallghluaiste d'úsáid no baint do bheith aige le n-a n-úsáid ar aon ócáid áirithe no i dtaobh aon teagmhais áirithe no mar chuid den teagmhas san agus tar éis do an cúrsa do chur chun an chóluchta chomhairlithigh a bunófar fén alt so agus comhairle d'fháil uatha agus más deimhin leis ná déanfaidh an t-ordú bheidh beartuithe baint o shábháltacht na puiblíochta maidir leis an ócáid no leis an teagmhas san agus go mbeidh sé ar gach slí eile oiriúnach do réir chúrsaí an cháis, féadfaidh, le hordú, aon tréimhse d'atharú i slí ar bith no do chur ar fiunraoi ar fad, maidir le crícheanna no chun crícheanna an teagmhais no na hócáide sin, is tréimhse dearbhuítear leis an alt so, no bheidh dearbhuithe le haon ordú ar n-a dhéanamh roimhe sin fén alt so, do bheith ina tréimhse ró-fhada chun crícheanna an ailt seo.

(9) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon alt eile den Acht so ní bhainfidh an t-alt so le feithiclí ná alos feithiclí bheidh ar únaeracht ag an Stát agus á n-úsáid chun crícheanna míleata no póilíneachta ná le daoine ná alos daoine i seirbhís phuiblí an Stáit ag tiomáint feithiclí bheidh ar únaeracht agus á n-úsáid amhlaidh.

Freagarthacht an Aire Airgid i bhfeithiclí is leis an Stát do thiomáint go nea-chúramach.

170. —(1) Má thárlann díobháil do dhuine no do mhaoin de dheascaibh feithicle inneall-ghluaiste is leis an Stát do thiomáint go nea-chúramach, dlighfidh an tAire Airgid, de dhruim cúisimh shíbhialta, airgead damáiste d'íoc alos na díobhála san.

(2) D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile féadfar imeachta, chun airgid damáiste do bhaint amach, do bhunú i gcoinnibh an Aire Airgid fén alt so gan fiat an Phríomh-Atúrnae d'fháil.

(3) In imeachta bunófar i gcoinnibh an Aire Airgid chun airgid damáiste do bhaint amach fén alt so, beidh gach plé cosanta do bheadh ceaduithe do mháistir ar a gcuirfí an dlí chun airgid damáiste do bhaint amach alos nea-chúraim a sheirbhísigh (le n-a n-áirmhítear an plé um nea-chúram chabharthach agus fós pléanna sa chéill nách ag gníomhú i gcúrsa a fhostaíochta bhí an duine gur alos a nea-chúraim a bheidh airgead damáiste á éileamh) beidh san ceaduithe don Aire Airgid agus má cruthuítear é beidh sé ina chosaint mhaith sa mhéid chéanna ’na mbeadh dá mbé an tAire sin máistir an duine sin dáiríribh.

(4) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun duine ar bith do shaoradh o n-a bheith freagarthach i ndíobháil do dhuine no do mhaoin ar n-a tárlachtaint de dheascaibh a nea-chúraim féin.

Freagarthacht phearsanta i dtiomáint nea-chúramach do leathnú.

171. —(1) An fhreagarthacht a bheidh ar dhuine ar bith mar gheall ar dhíobháil ar n-a tárlachtaint de dheascaibh an duine sin féin no a sheirbhíseach do thiomáint feithicle inneall-ghluaiste go nea-chúramach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so ní leis an duine sin amháin a bhainfidh ná ní chuirfidh a bhás deireadh léi ach leanfaidh tar éis bháis an duine sin agus beidh ina fiachas ar a estát réalta agus pearsanta sa tslí chéanna agus gus an tosaíocht chéanna ’na mbíonn fiach no fiachas eile fé ghnáthchonnradh ina fhiachas amhlaidh.

(2) Imeachta (ar a n-áirmhítear imeachta fé sna Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908) a bunófar i gcoinnibh duine ar bith chun airgid damáiste do bhaint aamch mar gheall ar an duine sin no a sheirbhíseach do thiomáint no do bhainistí feithicle inneallghluaiste go nea-chúramach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so ní raghaid as ar fháil bháis don duine sin ach féadfar leanúint díobh i gcoinnibh a ionadaí phearsanta.

(3) Féadfar imeachta (ar a n-áirmhítear imeachta fé sna Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908) chun airgid damáiste do bhaint amach mar gheall ar dhuine ar bith no seirbhíseach dhuine ar bith do thiomáint no do bhainistí feithicle inneall-ghluaiste go nea-chúramach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, féadfar, tar éis bháis an duine sin, na himeachta san do bhunú agus do chur ar aghaidh i gcoinnibh ionadaí phearsanta an duine sin.

Freagarthacht alos duine ag tiomáint le toiliú an únaera.

172. —Pé uair a dhéanfaidh duine feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint le toiliú únaera na feithicle sin (pe'ca tugtha don toiliú san no tuigthe dho o chúrsaí an cháis) tuigfear an duine sin, chó fada is bhaineann le n-a chinneadh ce'ca freagarthach no neafhreagarthach don únaer san i ndíobháil ar n-a tárlachtaint tríd an duine sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach, tuigfear é do thiomáint na feithicle sin mar sheirbhíseach an únaera san, ach ní tuigfear é dá tiomáint amhlaidh ach sa mhéid go ngníomhóidh do réir téarmaí an toilithe sin.

Dualgas tiománaí ar thionóisc do thárlachtaint.

173. —(1) Má deintear díobháil do dhuine ar bith no damáiste do mhaoin ar bith in áit phuiblí agus má bhíonn baint ag feithicil leis an díobháil no leis an damáiste sin do thárlachtaint (is cuma an díobháil no an damáiste sin do theacht as tiomaint no bainistí na feithicle sin no gan a theacht) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) mara mbeidh an fheithicil sin ina stad tar éis na tárlachtainte sin beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin an fheithicil sin do stop;

(b) beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin, no ar an duine eile bheidh ina bun, an fheithicil sin do choimeád in áit na tárlachtainte sin no in aice na háite sin ar feadh tréimhse bheidh réasúnta do réir chúrsaí uile an cháis agus ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo;

(c) beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin no, i gcás eisean do mharbhadh no do chur fé mhí-chumas, ar an té bheidh i bun na feithicle sin an uair sin an t-eolas oiriúnach do thabhairt, ar san d'éileamh, do bhall den Ghárda Síochána no, mara mbeidh aon bhall den tsórt san i láthair, do dhuine amháin ag á mbeidh teideal fén alt so an t-eolas san d'éileamh;

(d) mara mbeidh ball den Ghárda Síochána, ná duine ar bith a bheidh i dteideal an t-eolas oiriúnach d'éileamh, i láthair le linn an teagmhais sin, beidh sé de dhualgas ar thiománaí na feithicle sin no, i gcás eisean do mharbhadh no do chur fé mhí-chumas, ar an té bheidh i mbun na feithicle sin an uair sin an tárlachtaint sin do thuairisciú chó luath agus is féidir é do bhall den Ghárda Síochána agus chuige sin dul, más gá san, go dtí an stáisiún Ghárda Síochána is comhgaraí agus is caothúla agus fós an t-eolas oiriúnach do thabhairt, ar san d'éileamh, don bhall san.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar dhualgas ar n-a fhorchur air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt.

(3) San alt so—

foluíonn an focal “díobháil” díobháil is trúig bháis agus déanfar focail atá gaolmhar do san do léiriú dá réir sin,

foluíonn an focal “damáiste” díthiú i bpáirt no go hiomlán agus déanfar focail atá gaolmhar do san do léiriú dá réir sin,

cialluíonn an abairt “eolas oiriúnach” ainm agus seoladh an duine ar a gceangailtear leis an alt so an t-eolas san do thabhairt uaidh agus ainm agus seoladh únaera na feithicle go mbeidh an duine sin á tiomáint no ina bun agus, i gcás na feithicle sin do bheith cláruithe fén Acht so no fé aon Acht eile, uimhir chlárathachta na feithicle sin agus, i gcás na feithicle sin do bheith fé árachas no fé urruíocht do réir an Achta so, mion-innste an árachais no na hurruíochta san.

(4) Isiad daoine ag á mbeidh teideal fén alt so an t-eolas oiriúnach d'éileamh ná—

(a) i gcás díobhála do dhuine, an duine sin no, má thárlann don duine sin é do mharbhadh no é do chur fé mhíchumas, aon duine amháin eile bheidh de thurus na huaire i bhfeighil an duine dá ndearnadh díobháil amhlaidh toisc comhgais ghaoil, toisc gur seirbhíseach duine acu don duine eile, no toisc éinní eile;

(b) i gcás díobhála do mhaoin, únaer na maoine sin no, má thárlann don únaer san é do mharbhadh no díobháil do dhéanamh do no gan é bheith i láthair, aon duine amháin a bheidh i mbun na maoine sin;

(c) mara mbeidh teideal ag duine ar bith fé pé mír acu san roimhe seo bhaineann leis an gcás, aon duine amháin do bhí i láthair nuair do rinneadh an díobháil agus nách é is fostóir don té ar a mbeidh sé ceangailte an t-eolas do thabhairt uaidh ná duine ar fostú aige-sean ná ina chuideachtain.

Cúiteamh le hóspidéil.

174. —(1) I gcás duine (dá ngairmtear an duine díobhálta san alt so) do chur fé chóir leighis in óspidéal alos díobhála do thárla dho de bhíthin feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint go neachúramach agus i gcás na díobhála san do thárlachtaint amhlaidh i slí go mbeidh teideal ag an duine díobhálta no (má bhíonn sé tar éis bháis) go raibh teideal aige le linn a bheo chun airgid damáiste alos na díobhála san do bhaint de dhuine éigin eile, ansan, éinne dhlighfidh an t-airgead damáiste sin d'íoc leis an duine díobhálta dlighfidh freisin an t-airgead damáiste sin a luaidhtear san alt so d'íoc le cólucht rialúcháin an óspidéil sin má coinníodh an duine díobhálta san óspidéal san chun é do chur fé chóir leighis alos na díobhála san no má rinneadh san óspidéal san (pe'ca coinníodh ann é no nár coinníodh) é do chur fén gcóir leighis sin, alos na díobhála san, a luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so.

(2) An t-airgead damáiste is iníoctha fén alt so le cólucht rialúcháin óspidéil isé bheidh ann, fé réir an laigheaduithe luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, ná suim no an dá shuim (do réir mar bheidh) acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) i gcás an duine dhíobhálta do choinneáil san óspidéal san chun é do chur fé chóir leighis alos na díobhála san do thárla dho, suim réasúnta alos na coinneála san nách mó in aon chás ná cúig púint triochad agus, fé réir na teorann sáruithighe sin, nách mó ná pé suim acu so leanas is lugha, sé sin le rá :—

(i) in aghaidh gach lae coinneofar an duine díobhálta amhlaidh, suim de naoi scillinge, no

(ii) in aghaidh gach lae den tsórt san, suim is có-ionann leis an meán-mhéid laethúil an t-othar a chosnuíonn sé an t-óspidéal san go n-a fhoireann do chothabháil agus na hothair ann do chothú agus do chur fé chóir leighis; agus

(b) i gcás an duine dhíobhálta do chur, san óspidéal san alos na díobhála san do thárla dho (pe'ca coinníodh san óspidéal san é no nár coinníodh), fé chóir leighis le haon fhearas leictriciúil no fearas speisialta eile no fé chóir leighis tré mhasáiste, no fé chóir leighis d'aon tsaghas speisialta eile den tsórt san, suim réasúnta alos na córach leighis sin ach gan í dhul thar cúig púint déag in aon chás.

(3) Bainfear as an airgead damáiste luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so na suimeanna uile (más aon cheann é) d'íoc an duine díobhálta no do híocadh thar a cheann le cólucht rialúcháin an óspidéil alos na coinneála agus na córach leighis no alos ceachtair acu (do réir mar bheidh) gur ina dtaobh no ina thaobh a bheidh an t-airgead damáiste sin iníoctha.

(4) I gcás cóluchta rialúcháin óspidéil do bhaint airgid damáiste amach fén alt so maidir le duine díobhálta do choinneáil agus do chur fé chóir leighis no maidir le ceachtar ní acu san, ní bheidh an cólucht rialúcháin sin i dteideal aon airgead d'fháil ón duine díobhálta san ná do bhaint de alos na coinneála agus na córach leighis sin ná alos ceachtair acu san (do réir mar bheidh) lasmuich d'aon tsuim a bheidh íoctha ag an duine díobhálta san no thar a cheann agus a beifear tar éis a chur san áireamh le linn méid an airgid damáiste sin do chinneadh.

(5) An fhreagarthacht a bheidh ar dhuine in airgead damáiste d'íoc fén alt so beidh sí, chun crícheanna Coda V den Acht so agus chun crícheanna aon pholasaí cheaduithe, aon urruíochta ceaduithe no aon pholasaí agus urruíochta chó-nasctha cheaduithe, ina freagarthacht in airgead damáiste d'íoc mar gheall ar dhíobháil do dhuine ar n-a tárlachtaint tré thiomáint neachúramach do dhéanamh ar an bhfeithicil inneall-ghluaiste ba bhun leis an díobháil don duine díobhálta gur maidir le n-a chóir leighis agus le n-a chothú (más ann dóibh) a bheidh an t-airgead damáiste sin iníoctha.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “cólucht rialúcháin” an duine no na daoine, ionchorpruithe no neamh-ionchorpruithe, bheidh i dteideal dul chun dlí agus ar a bhféadfar dlí do chur alos an óspidéil sin mar dhílseánach no mar bhainisteoir air no i slí eile.

Ceart chun ainm agus seoladh rothaithe troightheáin d'éileamh.

175. —Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar éinne i mbun rothair throightheáin no rothair thrianaigh throightheáin go mbeidh amhras ag an mball san é do bheith tar eis coir no cionta ar bith do dhéanamh no baint no páirt do bheith aige le hiombualadh no le teagmhas eile ar bhóthar ba bhun le díobháil do dhuine no do mhaoin, agus má theipeann ar aon duine den tsórt san no má dheineann diúltú maidir le n-a ainm agus le n-a sheoladh do thabhairt uaidh ar san d'éileamh air no má bheireann ainm agus seoladh uaidh a cheapann an ball san go réasúnta do bheith bréagach no míthreorach féadfaidh an ball san an rothar no an rothar trianach san (pe'ca aca é) do thógaint, le héigean más gá san, agus an céanna do choimeád go dtí gur deimhin leis cé hé an duine sin.

Pionós mar gheall ar dhearbhú bhréagach, etc.

176. —(1) Gach duine dhéanfaidh, maidir le hiarratas á iarraidh go ndéanfaí ceadúnas do dheonadh no do thabhairt amach fén Acht so no fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, dearbhú is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach no dhéanfaidh, ar an Acht so no ar rialacháin ar n-a ndéanamh fé dá cheangal air eolas do thabhairt uaidh maidir le haon iarratas den tsórt san no ar aon tslí eile maidir le haon cheadúnas den tsórt san no maidir le haon fheithicil, aon eolas do thabhairt uaidh is eol do do bheith bréagach no do bheith mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

(2) Gach duine dhéanfaidh samhail fhallsa maidir le haon cheadúnas, pláta, suaitheantas no deimhniú ar n-a thabhairt amach fén Acht so no fé rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so no dhéanfaidh aon cheadúnas, pláta, suaitheantas no deimhniú den tsórt san d'atharú no d'úsáid go calaoiseach no do thabhairt ar iasacht go calaoiseach do dhuine ar bith eile no a lomháil go calaoiseach do dhuine ar bith eile an céanna d'úsáid, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

E de dhualgas eolas do thabhairt ar n-a éileamh san do bhall den Ghárda Síochána.

177. —(1) Má abrann ball den Ghárda Síochána le tiománaí feithicle inneall-ghluaiste go bhfuil cúis ag an mball san chun amhras do bheith aige go bhfuil an tiománaí sin tar éis cionta áirithe fén Acht so do dhéanamh, féadfaidh an ball san a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an tiománaí sin agus féadfaidh, má theipeann ar an tiománaí sin no má dheineann diúltú maidir le n-a ainm no le n-a sheoladh do thabhairt uaidh mar fhreagra ar an éileamh san no má thugann ainm no seoladh uaidh a cheapann an ball san go réasúnta do bheith bréagach no míthreorach, an tiománaí sin do ghabháil gan barántas.

(2) Má bhíonn cúis réasúnta ag ball den Ghárda Síochána chun a cheapadh go bhfuiltear tar éis cionta fén Acht so do dhéanamh agus ná fuil ar an bhfeithicil gur maidir léi do rinneadh an cionta san na comharthaí aitheantais is gá do réir dlí do bheith uirthi, féadfaidh an ball san gabháil do dhéanamh gan barántas ar an duine go bhfuil cúis réasúnta aige chun a cheapadh gurbh é bhí ag tiomáint na feithicle sin an uair do ceapadh amhlaidh do rinneadh an cionta san.

(3) Má thárlann do dhuine ar bith, nuair a dhéanfaidh ball den Ghárda Síochána a ainm agus a sheoladh d'éileamh air fén alt so, go dteipfidh air no go ndéanfaidh diúltú maidir le n-a ainm agus le n-a sheoladh do thabhairt don bhall san no go dtabharfaidh don bhall san ainm no seoladh a bheidh bréagach no mí-threorach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Má abrann ball den Ghárda Síochána le húnaer feithicle inneall-ghluaiste go bhfuil duine seachas an t-únaer san tar éis cionta fén Acht so do dhéanamh maidir leis an bhfeithicil sin beidh sé de dhualgas ar an únaer san an t-eolas uile, ar seilbh no ar fáil aige, do thabhairt don bhall san éileoidh an ball san air chun a fháil amach cé hé an duine do rinne an cionta san adeirtear do rinneadh no chun an duine sin do ghabháil, agus más rud é go dteipfidh ar an únaer san no go ndéanfaidh diúltú maidir leis an eolas san do thabhairt don bhall san no go dtabharfaidh uaidh aon eolas den tsórt san is eol do do bheith bréagach no míthreorach beidh an t-únaer san ciontach i gcionta fén alt so.

(5) Gach duine ciontófar i gcionta fén alt so ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Ball den Ghárda Síochána d'aithint.

178. —Pé uair a dhéanfaidh aon bhall den Ghárda Síochána, agus é ag feidhmiú aon chomhachta no ag cólíonadh aon dualgais fén Acht so, éinní d'iarraidh no do cheangal no d'éileamh ar dhuine ar bith in áit phuiblí, ní bheidh ar an duine sin déanamh do réir an iarratais no an cheangail no an éilimh sin maran rud é—

(a) go mbeidh an ball san in éide, no

(b) go dtaisbeánfaidh an ball san, i gcás an duine sin dá iarraidh air, cárta aitheantais oifigiúil no pé cruthúnas eile ar a chéannacht a bheidh orduithe.

Petroleum do choimeád agus d'úsáid.

179. —(1) Beidh coimeád agus úsáid phetroleum no aon fhliucháin no teine-abhair so-lasta eile bheidh á choimeád agus á úsáid i gcóir feithiclí inneall-ghluaiste is leis an té bheidh ag coimeád an fhliúcháin no an teine-abhair sin, beidh san fé réir rialachán ar n-a ndéanamh ag an Aire, agus rialacháin a bheidh déanta amhlaidh beidh éifeacht acu d'ainneoin éinní sna Petroleum Acts, 1871 to 1881.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.