10 1933


Uimhir 10 de 1933.


ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1933.


ACHT CHUN NA nACHTANNA IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1924 GO 1932, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [23adh Meitheamh, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “na Príomh-Achtanna” na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1932 ;

cialluíonn an abairt “Acht 1924” an t Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924) ;

cialluíonn an abairt “gnó déantóireachta” gnó dar cuspóir no príomh-chuspóir earraí do dhéanamh no do shaothrú i Saorstát Éireann chun a ndíolta.

Scur d'oibriúchán fé sna Príomh-Achtanna.

2. —Ní déanfar aon iasacht d'urrú ná do thabhairt fé sna Príomh-Achtanna tar éis an Achta so do rith ach féadfar, tar éis an rithte sin, iasachtaí d'urrú no do thabhairt fé sna hAchtanna san mar a leasuítear agus a leathnuítear leis an Acht so iad.

Teoranta le hurraíocht agus le hiasachtaí.

3. —Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach iasacht a hurrófar no do bhéarfar, tar éis an Achta so do rith, fé sna Príomh-Achtanna mar a leasuítear agus a leathnuítear leis an Acht so iad, sé sin le rá :—

(a) na teoranta forchuirtear le halt 2 den Acht lasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1932 (Uimh. 12 de 1932) , ní bheidh feidhm acu maidir le hiasachtaí a hurrófar no do bhéarfar amhlaidh ;

(b) ní déanfar aon iasacht den tsórt san d'urrú ná do thabhairt amhlaidh tar éis cúig mblian o am an Achta so do rith ;

(c) ní déanfar aon iasacht is lugha ná cúig céad púnt d'urrú ná do thabhairt amhlaidh ;

(d) na teoranta forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 1 agus le fo-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1924, mar atá san leasuithe leis an Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1926 (Uimh. 33 de 1926) , ní bheidh feidhm acu maidir leis na hiasachtaí a hurrófar no do bhéarfar amhlaidh ;

(e) ní raghaidh méid iomlán na n-iasachtaí a hurrófar no do bhéarfar amhlaidh thar suim milleon púnt.

Alt 1 d'Acht 1924 do leasú.

4. —Deintear leis seo alt 1 d'Acht 1924 do leasú mar leanas, sé sin le rá :—

(a) féadfar coistí comhairlitheacha deifriúla do cheapadh chun crícheanna an ailt sin maidir le nithe deifriúla no i gcóir ócáidí deifriúla ;

(b) beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt san fé is dá ndeintí na focail “no ag aon daoine no duine” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “nea-chorpruithe”;

(c) i bhfeidhmiú an ailt sin maidir le hiasachtaí soláthrófar i dtaobh no chun crícheanna gnótha dhéantóireachta, beidh éifeacht ag an alt san fé is dá ndeintí an focal “caipitiúil” d'fhágaint ar lár san áit ina bhfuil sé san abairt “ghnó caipitiúil”;

(d) ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) den alt san maidir le haon urraíocht do bhéarfar alos iasachta soláthrófar i dtaobh no chun crícheanna gnótha dhéantóireachta.

Comhacht chun iasachtaí do dheonadh.

5. —In aon chás ina bhféadfadh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, tar éis an Achta so do rith, urraíocht do dhéanamh, fé alt 1 d'Acht 1924 mar a leasuítear leis an Acht so é, ar iasacht do bheadh beartuithe ag aon duine den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san, mar a leasuítear amhlaidh é, do sholáthar, féadfaidh an tAire sin, más oiriúnach leis é le ceadú an Aire Airgid agus fé réir na dteorann a forchuirtear leis na Príomh-Achtanna mar a leasuítear agus a leathnuítear leis an Acht so iad, féadfaidh féin an iasacht san do dheonadh ar pé téarmaí agus coinníollacha is dóich leis, agus an ceadú san roimhráite faighte aige, is ceart maidir le ham agus módh aisíoca, le ráta úis, le hurrús, agus le nithe eile ar bith.

Alt 2 d'Acht 1924 do leasú.

6. —Féadfar coistí comhairlitheacha deifriúla do cheapadh chun crícheanna ailt 2 d'Acht 1924 maidir le nithe deifriúla no i gcóir ócáidí deifriúla agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

Feidhm alt áirithe d'Acht 1924.

7. —(1) Beidh feidhm ag ailt 3, 4, 5, agus 7 d'Acht 1924 maidir le gach iasacht a hurrófar no do bhéarfar, tar éis an Achta so do rith, fé sna Príomh-Achtanna mar a leasuítear agus a leathnuítear leis an Acht so iad díreach fé mar atá feidhm acu maidir le hiasachtaí do hurruíodh no do tugadh fé sna Príomh-Achtanna roimh an Acht so do rith.

(2) An oblagáid a cuirtear le halt 6 d'Acht 1924 ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála ráiteas agus mion-innste den tsórt a luaidhtear san alt san do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas beidh feidhm aice agus cólíonfar í—

(a) maidir le hiasachtaí a hurrófar no do bhéarfar tar éis an Achta so do rith, fé sna Príomh-Achtanna mar a leasuítear agus a leathnuítear leis an Acht so iad, díreach fé mar atá feidhm aice maidir le hiasachtaí do hurruíodh no do tugadh fé sna Príomh-Achtanna roimh an Acht so do rith, agus

(b) maidir le gach ráithe d'aon tréimhse, tar éis an Achta so do rith, ina bhféadfar urraíochtaí do thabhairt no iasachtaí do dheonadh fé sna Príomh-Achtanna mar a leasuítear agus a leathnuítear leis an Acht so iad.

(3) An oblagáid a cuirtear le halt 6 d'Acht 1924 ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála cuntas bliantúil den tsórt a luaidhtear san alt san do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas leanfaidh de bheith air faid a leanfaidh aon urraíocht a tabharfar fé sna Príomh-Achtanna mar a leasuítear leis an Acht so iad de bheith i bhfeidhm no bheidh aon iasacht no aon chuid d'iasacht a tabharfar fé sna hAchtanna san mar a leasuítear amhlaidh iad gan aisíoc agus bainfidh gach cuntas den tsórt san le suimeanna do bhéarfar amach as an bPrímh-Chiste agus le suimeanna a híocfar isteach sa Stát-Chiste fé Acht 1924 mar a cuirtear i bhfeidhm tríd an Acht so é.

Gearr-theideal agus luadh.

8. —(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1933, do ghairm de sna Príomh-Achtanna agus den Acht so le chéile.