An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Congnamh Airgid Alos Cruithneachtan a Meilfear i Muilte Intire.)

7 1933

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933

CUID II.

Meilt Chruithneachtan do Stiuradh agus do Rialail.

“An tAire” i gCuid II.

15. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

Rialacháin fé Chuid II.

16. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Ciontaí fé Chuid II do chúiseamh.

17. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir aon chionta fé aon alt sa Chuid seo den Acht so do chúiseamh.

An méid ná bainfidh Cuid II leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

18. —Ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so leis an Aire do mheilt chruithneachtan fé Chuid VIII den Acht so.

Toirmeasc ar dhaoine neamhúdaruithe do mheilt chruithneachtan.

19. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith meilt chruithneachtan in aon mhuileann do bheith ar siúl aige i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as, maran rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas muilneoireachta san Acht so) do dheon an tAire fen gCuid seo den Acht so maidir leis an muileann san; no

(b) go mbeidh an gnó san ar siúl i gcomharbas dhíreach do ghnó dhuine mhairbh ba shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir leis an muileann san lá a bháis agus go mbeidh an gnó san ar siúl le linn ré an cheadúnais sin sa mhuileann san idir lá báis an duine sin agus lá deonta probháide a uachta no litreacha riaracháin a estáit phearsanta, no go mbeidh sé ar siúl le linn ré an cheadúnais sin sa mhuileann san ag ionadaí pearsanta an duine sin i gcúrsaí cuibhe riaracháin; no

(c) go mbeidh an gnó san ar siúl sa mhuileann san, ag sannai i ngnó-bhriseadh, ag iontaobhaí d'fhéicheamh a bheidh ag déanamh socruithe, no ag glacadóir no bainisteoir a cheapfaidh cúirt, le linn ré ceadúnais mhuilneoireachta do deonadh maidir leis an muileann san agus é ag leanúint de ghnó duine ba shealbhóir ar an gceadúnas muilneoireachta san díreach sarar thosnuigh an sannaí, an t-iontaobhaí, an glacadóir no an bainisteoir sin ar an ngnó san; no

(d) i gcás cruithneachtan dúthchais, gur sealbhóir an duine sin ar chead mhuilneoireachta, do dheon an tAire fén gCuid seo den Acht so, chun cruithneachtan dúthchais do mheilt sa mhuileann san.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Má bhíonn meilt chruithneachtan i muileann ar siúl ag duine bheidh i dteideal go dleathach, de bhuadh mire (b) no míre (c) d'fho-alt (1) den alt so, an gnó san do bheith ar siúl aige sa mhuileann san, tuigfear chun crícheanna na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht so (lasmuich de sna forálacha bhaineann le ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh) gur sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir leis an muileann san an duine sin.

Iarrataisí ar cheadúnaisí muilneoireachta.

20. —(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas muilneoireachta d'iarraidh ar an Aire á údarú dho meilt chruithneachtan do bheith ar siúl aige i muileann áirithe.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas fén alt so ar cheadúnas muilneoireachta agus is sa tslí orduithe déanfar é agus beidh na mion-innste orduithe ann.

(3) Gach duine iarrfaidh ceadúnas muilneoireachta fén alt so déanfa sé, ar an Aire do cheangal san air, an t-eolas go léir do thabhairt don Aire a theastóidh on Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le ráiteas fíre ar bith a cuirfear in iarratas ar cheadúnas mhuilneoireachta no cuirfear chun an Aire nuair iarrfaidh eolas fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófaí an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an bhfír a bheidh sa ráiteas san.

(5) Má theipeann ar dhuine ar bith aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so, diúltadh do ghéilleadh don iarratas gur ina thaobh do cuireadh mar cheangal amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt.

Ceadúnaisí muilneoireachta do dheonadh agus coinníollacha ceadúnaisí.

21. —(1) Má hiarrtar ceadúnas muilneoireachta do réir an Achta so, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, an ceadúnas san do dheonadh no diúltadh d'é do dheonadh fé mar is rogha leis féin.

(2) Má hiarrtar do réir an Achta so, laistigh de ráithe tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, ceadúnas muilneoireachta maidir le muileann áirithe in ar meileadh plúr no min chruithneachtan ar bith i rith aon choda den bhliain 1931 chun a dhíolta i Saorstát Éireann, ní dhiúltóidh an tAire do ghéilleadh don iarratas san ach amháin ar na forais a luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo.

(3) Maidir le gach ceadúnas muilneoireachta dheonfaidh an tAire—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh, agus

(b) déarfaidh agus déanfaidh a údarú don té is sealbhóir de thurus na huaire ar an gceadúnas san, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, meilt chruithneachtan do bheith ar siúl aige sa mhuileann a luadhfar sa cheadúnas san, agus

(c) deonfar é agus déarfar ann go ndeontar é fé réir an choinníll seo leanas (dá ngairmtear an coinníoll reachtúil san alt so) sé sin le rá, i gcás an cheadúnais sin do dheonadh do chólucht chorpruithe no d'aistriú go dtí cólucht corpruithe is cólucht corpruithe Éireannach ar dháta an deonta no an aistrithe sin, go leanfaidh an cólucht corpruithe sin, faid a bheidh an ceadúnas san ar seilbh aige, de bheith ina chólucht chorpruithe Éireannach, agus

(d) fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, deonfar é agus déarfar ann go ndeontar é fé réir pé coinníollacha orduithe (más aon cheann é) is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san.

(4) Má deintear, do réir iarratais a déanfar laistigh de ráithe tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, ceadúnas muilneoireachta, maidir le muileann áirithe in ar meileadh plúr no min chruithneachtan ar bith i rith aon choda den bhliain 1931 chun a dhíolta i Saorstát Éireann, do dheonadh do dhuine is náisiúnach de Shaorstát Éireann ar dháta deonta an cheadúnais sin no do chólucht chorpruithe is cólucht corpruithe Éireannach ar dháta deonta an cheadúnais sin, ní bheidh aon choinníollacha ach amháin an coinníoll reachtúil ag gabháil leis an gceadúnas san.

Ráta páigh agus coinníollacha fostaíochta i muilte.

22. —(1) An págh a bheidh iníoctha le fear oibre bheidh ar fostú i muileann ceadúnaithe beidh sé do réir ráta nách lugha ná an ráta go dtuigtear go generálta do cheárd-chumainn agus d'fhostóirí gurb é is ráta bhaineann le fir oibre bhíonn ag gabháil d'obair den tsaghas chéanna i muilte ceadúnaithe den tsaghas chéanna.

(2) Na coinníollacha fostaíochta (seachas an ráta páigh) fé n-a mbeidh fear oibre bheidh ar fostú i muileann ceadúnaithe ní lugha bheidh a mbuntáiste ná buntáiste na gcoinníollacha fostaíochta go dtuigtear go generálta do cheárd-chumainn agus d'fhostóirí gurb iad is coinníollacha fostaíochta bhaineann le fir oibre bhíonn ag gabháil d'obair den tsaghas chéanna i muilte ceadúnaithe den tsaghas chéanna.

(3) Más rud é, in aon mhuileann ceadúnaithe, go mbeidh forálacha an ailt seo i dtaobh fir oibre ar bith bheidh ar fostú sa mhuileann san gan cólíonadh, beidh sealbhóir an cheadúnais mhuilneoireachta maidir leis an muileann san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “muileann ceadúnaithe” muileann gur leis a bhaineann ceadúnas muilneoireachta.

Ceadúnaisí d'aistriú.

23. —(1) Ní bheidh ceadúnas muilneoireachta ionaistrithe ach amháin ag an Aire fén alt so.

(2) Má deintear an únaeracht chun tairbhe i meilt chruithneachtan i muileann gur leis a bhaineann ceadúnas muilneoireachta d'aistriú, pe'ca le gníomh na bpáirtithe é no le hoibriú dlí, o shealbhóir an cheadúnais sin chun duine eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an duine sin a iarraidh ar an Aire do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo an ceadúnas san d'aistriú agus ar san d'iarraidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás gur cólucht corpruithe Éireannach, no gur náisiúnach de Shaorstát Éireann, an duine sin. no i gcás an duine sin do theacht i dteideal an ghnótha san fé uacht no toisc gan uacht do bheith déanta, déanfaidh an tAire an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin; agus

(ii) in aon chás eile, féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis féin, an ceadúnas san d'aistriú no diúltadh d'é d'aistriú chun an duine sin; agus

(b) i gcás an cheadúnais sin d'aistriú amhlaidh tuigfear é d'aistriú ar dháta aistrithe an ghnótha san.

(3) Is i scríbhinn agus sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas ar cheadúnas mhuilneoireachta d'aistriú fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.

Ceadúnas muilneoireachta do dhul in éag.

24. —Scuirfidh ceadúnas muilneoireachta de bheith i bhfeidhm ar an gceadúnas san do cheiliúradh no ar an Aire do dhiúltadh don cheadúnas san d'aistriú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, pe'ca ní aca san is túisce thárlóidh.

Quota agus blianta quota.

25. —Sa Chuid seo den Acht so nuair a deintear na habairtí seo leanas d'úsáid i dtaobh muilinn go bhfuil ceadúnas muilneoireachta i bhfeidhm maidir leis tá na bríonna so leanas leo fé seach, sé sin le rá:—

cialluíonn an abairt “bliain quota” an chéad bhliain arbhair tar éis dáta deonta an cheadúnais sin no aon bhliain arbhair ina dhiaidh sin ’na mbeidh an ceadúnas san i bhfeidhm le linn aon choda dhi;

cialluíonn an focal “quota” an méid cruithneachtan a bheidh le meilt sa mhuileann san i rith tréimhse ar bith gur ina taobh a húsáidtear an focal.

Quota do mhuilte.

26. —(1) Pé uaír a dheonfaidh an tAire ceadúnas muilneoireachta maidir le haon mhuileann déanfaidh ordú san am gcéanna ag ceapadh an quota don mhuileann san, agus, fé réir forálacha an ailt seo, an quota ceapfar leis an ordú san isé bheidh, chun crícheanna na Coda so den Acht so, mar quota don mhuileann san in aghaidh gach bliana quota.

(2) Féadfaidh an tAire, sna hamanta agus fé sna coinníollacha luaidhtear ina dhiaidh seo san alt so, ordú (dá ngairmtear san alt so ordú atharuithe quota) do dhéanamh, alos muilinn cheadúnaithe ar bith, ag atharú an quota don mhuileann san agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san alos muilinn, ansan, fé réir orduithe eile atharuithe quota do dhéanamh ina dhiaidh sin, isé an quota mar do hatharuíodh leis an ordú san é a bheidh, chun crícheanna na Coda so den Acht so, mar quota don mhuileann san in aghaidh gach bliana le n-a mbaineann an t-ordú san, in ionad an quota bheidh i bhfeidhm le linn an orduithe sin do dhéanamh.

(3) Féadfaidh an tAire, roimh an 1adh lá d'Fheabhra i ngach bliain no in aon bhliain de sna trí bliana tosaigh de bhlianta quota do mhuileann, ordú atharuithe quota do dhéanamh ag méadú no ag laigheadú an quota don mhuileann san in aghaidh na bliana quota ina ndéanfar an t-ordú san agus in aghaidh gach bliana quota ina dhiaidh sin.

(4) Féadfaidh an tAire, an 1adh lá d'Fheabhra no aon lá ina dhiaidh sin i ngach bliain no in aon bhliain de sna trí bliana tosaigh de bhlianta quota do mhuileann, ordú atharuithe quota do dhéanamh ag méadú no ag laigheadú an quota don mhuileann san in aghaidh gach bliana quota ina dhiaidh sin.

(5) Féadfaidh an tAire, an 1adh lá d'Fheabhra no aon lá ina dhiaidh sin sa chúigiú bliain quota do mhuileann agus, tar éis na cúigiú bliana quota, i ngach dara bliain quota no in aon dara bliain quota ina dhiaidh sin don mhuileann san, ordú atharuithe quota do dhéanamh ag méadú no ag laigheadú an quota don mhuileann san in aghaidh gach bliana quota ina dhiaidh sin.

(6) Féadfaidh an tAire, roimh an 1adh lá d'Fheabhra sa chúigiú bliain quota no i ngach bliain quota no in aon bhliain quota ina dhiaidh sin do mhuileann, más deimhin leis ná dearnadh sa bhliain quota roimhe sin an quota don bhliain sin do mheilt sa mhuileann san, ordú atharuithe quota do dhéanamh ag laigheadú an quota don mhuileann san in aghaidh na bliana quota san agus gach bliana quota ina dhiaidh sin.

(7) Nuair a bheidh ordú atharuithe quota ag laigheadú an quota do mhuileann á dhéanamh ag an Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féachfa sé don méid cruithneachtan do meileadh sa mhuileann san sa bhliain quota roimh an mbliain quota ina ndéanfar an t-ordú san.

Quota in aghaidh roimh-thréimhse quota.

27. —Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas muilneoireachta maidir le haon mhuileann agus a thiocfaidh an ceadúnas san i bhfeidhm roimh an gcéad bhliain quota déanfaidh an tAire san am gcéanna ordú ag ceapadh an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse (dá ngairmtear an roimh-thréimhse quota sa Chuid seo den Acht so) thosnóidh ar an dáta ar a dtiocfaidh an ceadúnas san i bhfeidhm agus a chríochnóidh díreach roimh thosach na céad bhliana quota, agus an quota ceapfar amhlaidh isé bheidh, chun crícheanna na Coda so den Acht so, mar quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse quota.

Oblagáid chun an quota do mheilt.

28. —(1) Gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann áirithe déanfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, sa roimh-thréimhse quota (más ann di) agus i ngach bliain quota an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san (pe'ca aca é) do mheilt ina phlúr sa mhuileann san.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a údarú le ceadúnas do shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann áirithe cion áirithe luadhfar den quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse quota (más ann di) no in aghaidh bliana quota áirithe do mheilt ina mhin chruithneachtan, agus sa chás san tuigfear chun crícheanna an ailt seo, i dtaobh aon mhéid chruithneachtan, nách mó ná an cion san, a meilfear ina mhin chruithneachtan i rith na roimh-thréimhse quota (más ann di) no i rith na bliana san sa mhuileann san, gur meileadh san ina phlúr sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san.

(3) Má theipeann ar éinne is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoreachta maidir le muileann áirithe oiread cruithneachtan agus is có-ionann le nócha per cent. ar a laighead den quota don mhuileann san in aghaidh na roimh-thréimhse quota (más ann di) no in aghaidh aon bhliana quota do mheilt ina phlúr sa mhuileann san i rith na tréimhse no na bliana san, ansan, mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar an gCúirt gur cúrsaí ná raibh aon neart aige ortha fé ndeár an teip sin, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Oblagáid chun percentáiste de chruithneachtain dúthchais do mheilt gach bliain.

29. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis tosach gach bliana arbhair, déanfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, ordú á chur mar cheangal gur cruithneacht dúthchais a bheidh i bpercentáiste ceapfar leis an ordú san den méid cruithneachtan ar fad is gá fén alt deiridh sin roimhe seo do mheilt i rith na bliana arbhair sin i ngach muileann is muileann ceadúnaithe i dtosach na bliana arbhair sin agus féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle sa tslí chéanna, méid an phercentáiste sin d'atharú le hordú no le horduithe eile i rith na bliana arbhair sin, agus an percentáiste ceapfar le hordú no leis an ordú deiridh a déanfar fén alt so in aon bhliain arbhair isé bheidh chun crícheanna an ailt seo mar phercentáiste náisiúnta ceaptha in aghaidh na bliana arbhair sin.

(2) Gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann is muileann ceadúnaithe i dtosach aon bhliana arbhair, meilfidh sa mhuileann san, fé réir forálacha an ailt seo, mar chuid den quota in aghaidh na bliana quota is có-aimsearach leis an mbliain arbhair sin, an méid sin cruithneachtan dúthchais nách lugha ná percentáiste den quota san is có-ionann leis an bpercentáiste náisiúnta ceaptha in aghaidh na bliana arbhair sin.

(3) Féadfaidh éinne (dá ngairmtear an muilneoir geallúnach sa bhfo-alt so) is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann (dá ngairmtear an muileann geallúnach san alt so) a gheallúint thar ceann duine eile (dá ngairmtear an muilneoir freagarthach sa bhfo-alt so) is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann eile (dá ngairmtear an muileann freagarthach sa bhfo-alt so) go meilfidh sa mhuileann gheallúnach i rith aon bhliana arbhair an méid cruithneachtan dúthchais ar fad a cuirtear mar cheangal leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do mheilt sa mhuileann fhreagarthach i rith na bliana arbhair sin no cuid den chruithneachtain dúthchais sin, agus i gcás aon gheallúna den tsórt san do thabhairt beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás na geallúna san do bhaint le hiomlán na cruithneachtan dúthchais sin, beidh an muilneoir freagarthach saor ón oblagáid a cuirtear air leis an bhfo-alt san maidir leis an mbliain arbhair sin alos an mhuilinn fhreagarthaigh; agus

(b) i gcás na geallúna san do bhaint le cuid den chruithneachtain dúthchais sin, beidh an muilneoir freagarthach saor, chó fada is théigheann an chuid sin, ón oblagáid a cuirtear air leis an bhfo-alt san maidir leis an mbliain arbhair sin alos an mhuilinn fhreagarthaigh; agus

(c) i gcás é do theip ar an muilneoir geallúnach an gheallúint sin do chólíonadh no é do thabhairt faillí ina cólíonadh beidh an muilneoir geallúnach san ciontach i gcionta fén alt so; agus

(d) déanfaidh an muilneoir freagarthach, laistigh de cheithre lá déag tar éis na geallúna san do bheith tugtha, eolas iomlán i dtaobh na geallúna san do chur chun an Aire, agus má theipeann ar an muilneoir freagarthach déanamh do réir na forála so beidh an muilneoir freagarthach ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Má theipeann ar shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta an oblagáid a cuirtear air le fo-alt (2) den alt so do chólíonadh no má thugann faillí ina cólíonadh beidh an sealbhóir sin ciontach i gcionta fén alt so mara saortar é ón oblagáid sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.

(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(6) Nuair a bheidh an tAire ag ceapadh an phercentáiste náisiúnta cheaptha in aghaidh aon bhliana arbhair féachfaidh don méid cruithneachtan inmheilte meastar d'fhás fasóirí cláruithe cruithneachtan i Saorstát Éireann agus a bheidh ar fáil chun a dhíolta an bhliain arbhair sin.

(7) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Níos mó ná an quota do mheilt.

30. —(1) Más rud é, in aon roimh-thréimhse quota no in aon bhliain quota do mhuileann go mbeidh ceadúnas muilneoireachta i bhfeidhm maidir leis i rith na tréimhse no na bliana san, go meilfear sa mhuileann san méid cruithneachtan thar an quota don mhuileann san in aghaidh na tréimhse no na bliana san, déanfaidh sealbhóir an cheadúnais sin, ar an tréimhse no an bhliain sin do bheith caithte, suim d'íoc leis an Aire a háirmheofar do réir trí scillinge in aghaidh gach ceithre chéad púnt cruithneachtan a meilfear thar an quota san agus beidh an tsuim sin ina fiacha bheidh dlite ag an Aire ar an sealbhóir sin agus iníochta aige sin leis an Aire agus féadfar í do bhaint amach mar fhiacha gnáthchonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

(2) Má deintear, in aon imeachta bhunóidh an tAire fén alt so chun aon tsuime do bhaint de shealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta, deimhniú do thabhairt i láthair agus é fé shéala an Aire á dheimhniú an tsuim sin do bheith dlite ar an duine sin beidh san ina fhianais prima facie ar na fíora deimhnítear amhlaidh.

(3) Déanfar gach airgead a bhainfidh an tAire amach fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Cuntaisí o shealbhóirí ceadúnas muilneoireachta.

31. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na cuntaisí do bhéarfaidh sealbhóirí ceadúnas muilneoireachta uatha;

(b) na hamannta bhéarfar na cuntaisí sin;

(c) na fuirmeacha ina dtabharfar na cuntaisí sin.

(2) Gach éinne ar a mbeidh ceangailte le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so cuntas ar bith do thabhairt uaidh agus ar a dteipfidh no a dhiúltóidh an cuntas san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Breacacháin a coimeádfar i muilte ceadúnaithe.

32. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann na breacacháin seo leanas agus iad sa bhfuirm orduithe do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád san áit cheaptha, sé sin le rá:—

(a) maidir le cruithneachtain iomportálta do bhéarfar chun an mhuilinn sin—

(i) breacachán i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do ceannuíodh agus do cuireadh de láimh, agus

(ii) breacachán i dtaobh an méid den chruithneachtain sin do meileadh sa mhuileann san ina phlúr agus ina mhin fé seach, agus

(iii) breacachán i dtaobh gach caindíochta den phlúr agus den mhin sin fé seach do cuireadh de láimh;

(b) maidir le cruithneachtain dúthchais do bhéarfar chun an mhuilinn sin—

(i) breacachán i dtaobh gach caindíochta den chruithneachtain sin do ceannuíodh agus do cuireadh de láimh, agus

(ii) breacachán i dtaobh an méid den chruithneachtain sin do meileadh sa mhuileann san ina phlúr agus ina mhin fé seach, agus

(iii) breacachán i dtaobh gach caindíochta den phlúr agus den mhin sin fé seach do cuireadh de láimh;

agus laistigh de cheithre huaire fichead a chluig tar éis aon cheannach, meilt, no cur-de-láimh den tsórt san do chríochnú, na mion-innste orduithe ina dtaobh san d'iontráil sna breacacháin sin.

(2) Féadfaidh cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh aon am le linn tráthanna oifige, agus an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne—

(a) go dteipfidh air an breacachán san do choimeád no a chur fé ndeár é do choimeád is gá dho do réir an ailt seo a choimeád no a chur fé ndeár a choimeád; no

(b) go dteipfidh air iontráil ar bith do chur no a chur fé ndeár í do chur, laistigh den am a socruítear leis an alt so, sa bhreacachán san, is gá dho do réir an ailt seo a chur sa bhreacachán san; no

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn do thaisbeáint no a chur fé ndeár é do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála é, is gá dho do réir an ailt seo a thaisbeáint, no go gcuirfe sé cosc le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san; no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san;

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) Chun críche an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

(b) tuigfear gur hiarraidh go cuibhe ar shealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann breacachán no scríbhinn do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil san áit cheaptha ar éinne bhí ar fostú ag an sealbhóir sin; agus

(c) más duine bheidh ar fostú ag sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta maidir le muileann a dhiúltóidh no ar a dteipfidh san áit cheaptha breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é tuigfear gurb é an sealbhóir sin do dhiúltuigh no ar ar theip amhlaidh; agus

(d) cialluíonn an abairt “an áit cheaptha” maidir le muileann—

(i) i gcás an obair oifige bhaineann leis an muileann san do bheith ar siúl i bhfoirgint atá in aice an mhuilinn sin ach nách cuid den mhuileann san, an fhoirgint sin, agus

(ii) in aon chás eile, an áit sa mhuileann san ina mbíonn an obair oifige sin ar siúl; agus

(e) cialluíonn an abairt “tráthanna oifige”—

(i) maidir le haon lá (nách Domhnach ná lá saoire bainc, ná lá saoire ná leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar), aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna ’na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha; agus

(ii) maidir le haon leath-lá saoire coimeádtar sa cheanntar, aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a haon a chlog am thráthnóna ’na mbíonn gnó ar siúl no obair á déanamh san áit cheaptha.

Muilte ceadúnaithe d'iniúchadh.

33. —(1) Beidh teideal ag cigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála gach tráth réasúnta dul isteach in aon mhuileann ceadúnaithe, agus aon chruithneacht (pe'ca cruithneacht iomportálta no cruithneacht dúthchais í), plúr, min chruithneachtan no turscar cruithneachtan do gheobhfar san áitreabh san do scrúdú agus somplaí réasúnta den chruithneachtain, den phlúr, den mhin no den turscar san do thógaint.

(2) Gach éinne bhacfaidh no choiscfidh aon chigire don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Ceadúnaisí muilneoireachta do cheiliúradh.

34. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas muilneoireachta do cheiliúradh ar n-a iarraidh sin do shealbhóir an cheadúnais sin.

(2) Féadfaidh an tAire aon uair gan aon iarratas den tsórt san ceadúnas muilneoireachta do deonadh alos aon mhuilinn do cheiliúradh—

(a) más deimhin leis gur tré chalaois no tré chamthuarisc do fuarthas an ceadúnas san; no

(b) má bítear tar éis scur de mheilt chruithneachtan sa mhuileann san; no

(c) má bítear tar éis sealbhóra an cheadúnais sin do chiontu i gcionta fén Acht so; no

(d) más deimhin leis aon tsárú do bheith déanta ar aon cheann de choinníollacha an cheadúnais sin.

(3) Sara gceiliúraidh an tAire ceadúnas muilneoireachta (ar aon tslí seachas do réir iarratais chuige sin fén alt so) bhéarfa sé fógra mí ar a laighead i scríbhinn do shealbhóir an cheadúnais sin á rá go bhfuil sé chun an cheadúnais sin do cheiliúradh amhlaidh agus cadiad na fáthanna atá aige leis sin, agus pé uair do bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní cheiliúrfaidh an tAire an ceadúnas san go dtéighidh an fógra san in éag, agus

(b) má dheineann an duine dá dtabharfar an fógra san aon chúis do phlé sara dtéighidh an fógra san in éag, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) breithneoidh an tAire an chúis sin, agus

(ii) mara gcinnidh an tAire, de bharr an bhreithnithe sin, gan an ceadúnas san do cheiliúradh, déanfaidh, i gcás an duine sin dá iarraidh sara dtéighidh an fógra san in éag go ndéanfaí fiosrúchán i dtaobh an scéil, no féadfaidh, in aon chás eile más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh, agus

(iii) má chuireann an tAire fé ndeár aon fhiosrúchán den tsórt san do dhéanamh ní cheiliúrfaidh an ceadúnas san go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfiosrúchán san.

(4) Féadfar fógra i dtaobh an Aire do bheith chun ceadúnais mhuilneoireachta do cheiliúradh do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh an mhuilinn le n-a mbaineann an ceadúnas san.

(5) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é chialluíonn sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta ná an té ag á mbeidh teideal dleathach de thurus na huaire de bhuadh an Achta so cruithneacht do mheilt sa mhuileann le n-a mbaineann an ceadúnas muilneoireachta san.

Scaireánaigh áirithe do thabhairt eolais uatha.

35. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe le n-a mbaineann an t-alt so á cheangal ar an duine sin cuntas do chur chun an Aire, laistigh de sheasca lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, á rá an eisean an t-únaer chun tairbhe ar na scaireanna san no nách é agus, maidir le pé cinn (más aon cheann é) de sna scaireanna san gur do dhaoine eile atáid ar seilbh aige, cad iad ainmneacha agus seolta na ndaoine eile sin, á luadh i gcás gach duine fé leith acu san cad is líon agus cad is ainm-luach do sna scaireanna atá ar seilbh do.

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe is cólucht ag á bhfuil seilbh ar aon scaireanna i gcólucht corpruithe le n-a mbaineann an t-alt so á cheangal ar an duine sin a rá, laistigh de sheasca lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, an eisean an t-únaer chun tairbhe ar na scaireanna atá ar seilbh aige amhlaidh no nách é agus, maidir le pé cinn (más aon cheann é) de sna scaireanna san gur do dhaoine eile atáid ar seilbh aige, cadiad ainmneacha agus seolta na ndaoine eile sin, á luadh i gcás gach duine fé leith acu san cad is líon agus cad is ainm-luach do sna scaireanna atá ar seilbh do.

(3) Má dheineann duine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so diúltadh, no má bheireann faillí, maidir le cuntas do thabhairt do réir an fhógra san no má bheireann cuntas uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) Baineann an t-alt so le gach cólucht corpruithe is sealbhóir ar cheadúnas mhuilneoireachta.

(5) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an té dá mbeidh sé dírithe fé sheoladh na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

Ceadanna muilneoireachta (cruithneacht dúthchais).

36. —(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, cead (dá ngairmtear cead muilneoireachta (cruithneacht dúthchais) san alt so) do dheonadh d'éinne (seachas sealbhóir ceadúnais mhuilneoireachta) chun cruithneachtan dúthchais do mheilt i muileann áirithe.

(2) Maidir le gach cead muilneoireachta (cruithneacht dúthchais)—

(a) is sa bhfuirm orduithe bheidh, agus

(b) déarfaidh agus déanfaidh a údarú don té dá ndeonfar an cead san meilt cruithneachtan dúthchais do bheith ar siúl aige sa mhuileann a luadhfar sa chead san, agus

(c) deonfar agus déarfar ann go ndeontar é fé réir pé coinníollacha (ar a n-áirmhítear coinníollacha maidir le ceiliúradh) is dóich leis an Aire is ceart agus a chuirfe sé sa chead san.

(3) Má theipeann ar dhuine ar bith dá ndeonfar cead muilneoireachta (cruithneacht dúthchais) na coinníollacha gur fé n-a réir do deonadh an cead san do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.