An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Diuite Oll-Shochair.) Ar Aghaidh (CUID VII. Generalta.)

20 1932

ACHT AIRGID, 1932

CUID VI.

Diuitethe Stampa.

Diúité stampa alos nótaí bainc có-dhlúite.

49. —(1) In aghaidh na leath-bhliana dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1932, agus in aghaidh gach leath-bhliana ina dhiaidh sin éileofar ar gach banc, agus íocfaidh gach banc, a bheidh de thurus na huaire in a bhanc scair-shealbhach do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 ( Uimh. 32 de 1927 ), diúité stampa do réir trí per cent. per annum ar an méid nótaí bainc có-dhlúite gurb é an quota do réir bhrí ailt 54 den Acht é, i rith na leath-bhliana san, a bheidh ceaptha de thurus na huaire don bhanc san fén alt san.

(2) Gach banc a dhlighfidh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc beidh teideal aige creidiúint, i gcoinnibh an méid den diúité sin is iníoctha aige in aghaidh aon leath-bhliana, d'fháil i ngach íocaíocht 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh go ndearna no go ndligheann an bane san í d'íoc le Coimisiún an Airgid Reatha in aghaidh na leath-bhliana san ar scór na suime is iníoctha fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 65 den Acht Airgid Reatha, 1927 , no ar scór na suime (a háirmhítear do réir aon go leith per cent. per annum) is iníoctha fé mhír (b) den fho-alt san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh Coimisiún an Airgid Reatha, do réir fo-ailt (4) d'alt 65 den Acht Airgid Reatha, 1927 , deimhniú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do chur amach déanfaidh Coimisiún an Airgid Reatha san am gcéanna cóip den deimhniú san do chur go dtí na Coimisinéirí Ioncuim, agus, chun na gcrícheanna bhaineann le halt 32 den Acht san agus le gach mionn do bhéarfar fén alt san, tuigfear, maidir le gach deimhniú cuirfear chucha amhlaidh, na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ag gníomhú i bhfeidhmiú an Achta san agus tuigfear é do bheith riachtanach chun crícheanna an Achta san an deimhniú san do chur amach.

(4) Gach bane is bane scair-shealbhach de thurus na huaire do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 , bhéarfa sé do sna Coimisinéirí Ioncuim, laistigh de cheithre lá déag tar éis aon deimhniú den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (4) d'alt 65 den Acht san d'fháil o Choimisiún an Airgid Reatha, cuntas ina dtaisbeánfar—

(a) an quota bheidh ceaptha don bhanc san, fé alt 54 den Acht san, in aghaidh na leath-bhliana le n-a mbaineann an deimhniú san, agus

(b) an méid do rinne no dhligheann an bane san d'íoc le Coimisiún an Airgid Reatha fé fho-alt (1) d'alt 65 den Acht san in aghaidh na leath-bhliana san agus na mion-innste i dtaobh conus a rinneadh suas an tsuim sin, agus

(c) pé eolas eile theastóidh o sna Coimisinéirí Ioncuim.

(5) Má thárlann d'aon bhanc, ar a gceangailtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so aon chuntas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do thabhairt do sna Coimisinéirí Ioncuim, go dteipfidh air an cuntas san do thabhairt amhlaidh laistigh den aimsir a ceaptar leis an bhfo-alt san, dlighfear pionós céad púnt do chur ar an mbanc san maraon le pionós eile de chéad púnt in aghaidh gach lae (tar éis an chéad lae) a leanfaidh an teip sin.

(6) Beidh an diúité stampa forchuirtear leis an alt so iníoctha, ag gach bane ar a mbeidh sé inéilithe, ar thabhairt an chuntais a luaidhtear i bhfo-alt (4) den alt so i dtaobh na leath-bhliana gur ina haghaidh a bheidh an diúité sin iníoctha.

(7) In ainncoin éinní atá sa Stamp Duties (Ireland) Act, 1815, bainfidh an t-alt so le Banc na hÉireann faid is bane scairshealbhach do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 , an Bane san.

Diúité ar scuab-ghill áirithe.

50. —(1) Déanfar maidir leis an mbarrachas ionfhálta i ngach scuab-gheall a cuireadh no a cuirfear ar siúl fén Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930) . agus gur tar éis an 1adh lá de Mhárta, 1932, a rinneadh no a déanfar an crannchur no aon cheann de sna crannchurtha duaiseanna sa scuab-gheall san, diúité stampa do réir na rátaí seo leanas d'éileamh, sé sin le rá:—

(a) i gcás aon scuab-ghill den tsórt san gur roimh an séú lá d'Abrán, 1932, do críochnuíodh an crannchur no gach crannchur duaiseanna ann, do réir seacht déag go leith per cent. de mhéid an bharrachais ionfhálta sa scuabgheall san, agus

(b) i gcás gach scuab-ghill eile den tsórt san, do réir cúig is fiche per cent. de mhéid an bharrachais ionfhálta sa scuab-gheall san.

(2) Déanfaidh an coiste, is coiste chun crícheanna an scuabghill inar fhás an barrachas ionfhálta is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, an diúité sin d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus déanfar é d'íoc amhlaidh ar thabhairt an chuntais a héilítear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus déanfaidh an coiste sin é do bhaint as an mbarrachas ionfhálta san agus déanfar é do bhaint amhlaidh sara bhfuighfear amach an dá dtrian agus an trian a luaidhtear fé seach in ailt 5 agus 6 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú), 1931 (Uimh. 24 de 1931) .

(3) Déanfaidh gach coiste, is coiste chun crícheanna scuab-ghill go mbeidh an barrachas ionfhálta ann ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, déanfaid, laistigh de cheithre lá déag tar éis iniúchta cuntaisí an scuab-ghill sin do bheith críochnuithe do réir ailt 6 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 , no (i gcás an iniúchta san do chríochnú roimh an Acht so do rith) laistigh de cheithre lá déag tar éis an Achta so do rith, cuntas do thabhairt do sna Coimisinéirí Ioncuim ina dtaisbeánfar cadé méid an bharrachais ionfhálta san agus ina mbeidh pé mion-innste eile theastóidh o sna Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh an scuab-ghill sin.

(4) Má thárlann do choiste, ar a gceangailtear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cuntas do thabhairt do sna Coimisinéirí Ioncuim, go dteipfidh ortha an cuntas san do thabhairt laistigh den aimsir a ceaptar leis an bhfo-alt san, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé alt 47 den Succession Duty Act, 1853, agus ar gach slí fé is dá mb'é an cuntas san an cuntas a luaidhtear san alt san agus gurbh é an teip sa chuntas san do thabhairt an fhaillí luaidhtear san alt san, chur d'fhiachaibh ar an gcoiste sin no ar aon bhall de an cuntas san do thabhairt.

(5) San alt so—

cialluíonn an focal “coiste” coiste ar n-a cheapadh fé alt 2 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 ; agus

tá an brí céanna leis an abairt “barrachas ionfhálta” atá léi in ailt 5 agus 6 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéireiúla. 1931.