An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cain Phroifite Corparaide.) Ar Aghaidh (CUID VI. Diuitethe Stampa.)

20 1932

ACHT AIRGID, 1932

CUID V.

Diuite Oll-Shochair.

Comhacht chun diúité oll-shochair do mhaitheamh.

48. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh duine dhligheann diúité oll-shochair d'íoc—

(a) gur thug sé do sna Coimisinéirí Ioncuim dá dheoin féin gach colas do bhí ar seilbh no ar fáil aige agus is gá chun méid an diúité sin do dhéanamh amach go cuibhe: no

(b) go bhfuil sé ina leithéid sin de chás maidir le cúrsaí airgid nách féidir leis méid iomlán an diúité sin d'íoc gan cruatan nea-chuibhe do chur air féin; no

(c) gur thug sé an t-eolas san roimhráite uaidh amhlaidh agus fós go bhfuil sé sa chás san adubhradh maidir le cúrsaí airgid,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, i gcomaoine an eolais sin no mar gheall ar an gcás san no ar an dá scór san, an t-ús go léir (más ann do) is iníoctha alos an diúité sin do mhaitheamh agus fós pé maitheamh do thabhairt sa diúité sin is dóich leo do bheith cóir.