An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (DARA SCEIDEAL.)

11 1932

ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (Uimh. 2), 1932

TRIU SCEIDEAL.


Ratai an Diuite Ghluaisteain.


1.    Seachtó a cúig per cent. de luach na hearra no suim sheascad púnt, pe'ca aca san is mó, ar na hearraí seo leanas, sé sin le rá:—

Gach cabhail ghluaisteáin (pe'ca ar leithligh a hiomportálfar í no mar chuid de ghluaisteán no i dteanta an chassis gur leis a bheidh sí le gabháil) gurb é prímh-intinn a ceaptha agus a déanta, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná chun daoine d'iompar no chun earraí d'iompar no chun daoine agus earraí d'iompar, ach gan aon chabhail ghluaisteáin d'áireamh is ionchurtha fé dhiúité fé mhír 3 den Sceideal so ná aon chabhail ghluaisteáin atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha agus déanta chun níos mó ná seisear seachas an tiománaí (agus go n-earraí no dá n-éamais) d'iompar agus do bhí á húsáid lasmuich de Shaorstát Éireann chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, sarar hiomportáladh í.

2.    Céad go leith per cent. de luach na hearra ar na hearraí seo leanas, sé sin le rá:—

Gach cabhail ghluaisteáin (pe'ca ar leithligh a hiomportálfar í no mar chuid de ghluaisteán no i dteanta an chassis gur leis a bheidh sí le gabháil) atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ceaptha agus déanta chun níos mó ná seisear seachas an tiománaí (agus go n-earraí no dá n-éamuis) d'iompar agus do bhí á húsáid lasmuich de Shaorstát Éireann chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair, sarar hiomportáladh í.

3.    Seachtó a cúig per cent. de luach na hearra no suim thriochad a seacht bpúint agus deich scillinge, pe'ca aca san is mó, ar na hearraí seo leanas, sé sin le rá:—

Gach cabhail ghluaisteáin a hiomportálfar mar chuid de ghluaisteán iomlán agus gur trádálaí gluaisteán a hiomportálfaidh amhlaidh í chun í do dhíol, i gcás nách fiú níos mó ná céad agus fiche púnt chassis an ghluaisteáin sin agus gur roimh an 7adh lá de Lúnasa, 1932, a hiomportálfar an gluaisteán san agus gurb é atá ann, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, le linn é d'iomportáil, ná gluaisteán nua atá déanta, ceaptha agus beartuithe chun daoine d'iompar ar shlí eile seachas ar luach saothair.

4.    Seachtó a cúig per cent. de luach na hearra ar na hearraí seo leanas, sé sin le rá:—

Na coda uile de chabhail ghuaisteáin agus na cabhartha uile do chabhail ghluaisteáin atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina gcur le chéile iomlán no leathrannach de sna coda no de sna cabhartha san le linn iad d'iomportáil.