|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL.) | Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL.) |
ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (Uimh. 2), 1932
[EN] | ||
[EN] |
DARA SCEIDEAL. | |
[EN] | Diuite ar Bhroga agus ar Bhroga Isle. | |
[EN] | 1. Triocha a seacht go leith per cent. de luach na hearra ar na hearraí seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) na bróga, na bróga ísle, na slipéidí, na golaisí, na hasa, agus na paitíní uile gur de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu a rinneadh a n-uachtair ar fad no nách mór ar fad, ach gan bróga, bróga ísle, slipéidí, golaisí, asa, ná paitíní i gcóir naoidhneán ná leanbhaí óga d'áireamh; agus | |
[EN] | (b) na buinn chúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), na sála cúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh) agus na huachtair chúmtha uile gur de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu a rinneadh iad ar fad no nách mór ar fad, ach gan buinn, sála ná uachtair i gcóir naoidhneán ná leanbhaí óga d'áireamh. | |
[EN] | 2. Fiche a dó go leith per cent. de luach na hearra ar na hearraí seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) na bróga, na bróga ísle, na slipéidí, na golaisí, na hasa, agus na paitíní uile nách de leathar agus de chroiceann ná de cheachtar acu a rinneadh a n-uachtair ar fad no nách mór ar fad, ach gan bróga, bróga ísle, slipéidí, golaisí, asa, ná paitíní i gcóir naoidhneán ná leanbhaí óga d'áireamh; agus | |
[EN] | (b) na buinn chúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), na sála cúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), agus na huachtair chúmtha uile nách de leathar agus de chroiceann ná de cheachtar acu a rinneadh iad ar fad no nách mór ar fad, ach gan buinn, sála, ná uachtair i gcóir naoidhneán ná leanbhaí óga d'áireamh. | |
[EN] | 3. Fiche a dó go leith per cent. de luach na hearra ar na hearraí seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | na bróga, na bróga ísle, na slipéidí, na golaisí, na hasa, agus na paitíní uile i gcóir leanbhaí óga agus d'aon tuise o 7 go 1 (go huile). | |
[EN] | 4. Cúig déag per cent. de luach na hearra (eadhon, an ráta is inéilithe fé alt 19 den Acht Airgid, 1924 ) ar na hearraí seo leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | na bróga, na bróga ísle, na slipéidí, na golaisí, na hasa, na paitíní, na buinn chúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), na sála cúmtha (pe'ca iomlán no ina gcoda dhóibh), agus na huachtair chúmtha uile ná háirmhítear in aon mhír de sna míreanna san roimhe seo den Sceideal so. |