6 1932


Uimhir 6 de 1932.


ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (CEADÚNAISÍ ÓCÁIDEACHA), 1932.


ACHT CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH I dTAOBH CEADÚNAISÍ ÓCÁIDEACHA, CHUN DEOCHA MEISCIÚLA DO DHÍOL, A DEONFAR I gCÓIR ÁITREABHACHA LAISTIGH DE LÍOMATÁISTE AN AONAIGH THIONNSCAIL AGUS CHURADÓIREACHTA ATÁTHAR AR AIGNE A CHOMÓRADH I gCATHAIR CHORCAIGHE NO LÁIMH LÉI SA BHLIAIN 1932. [6adh Bealtaine, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “Líomatáiste an Aonaigh” an talamh agus na háitreabhacha uile ar a gcomórfaidh Lucht Aonaigh Thionnscail agus Churadóireachta na hÉireann, Corcaigh, 1932, aonach tionnscail agus curadóireachta i gcontaebhuirg Chorcaighe no láimh léi sa bhliain 1932.

Ceadúnaisí ócáideacha áirithe.

2. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ceadúnas ócáideach a deonfar fé alt 13 den Revenue Act, 1862, mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus is ceadúnas ócáideach a deonfar no a bheidh beartuithe do dheonadh le toil Lucht Aonaigh Thionnscail agus Churadóireachta na hÉireann, Corcaigh, 1932, do dhuine ar bith i gcóir áitreibh laistigh de Líomatáiste an Aonaigh agus ar feadh tréimhse dar tosach an 1adh lá de Bhealtaine, 1932, no lá éigin dá éis sin, agus dar críoch an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1932, no lá éigin roimhe sin, sé sin le rá:—

(a) féadfar an ceadúnas san do dheonadh ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná ráithe;

(b) féadfar an ceadúnas san do dheonadh le teacht i bhfeidhm díreach ar dhul in éag do cheadúnas eile den tsórt san do deonadh don duine céanna roimhe sin i gcóir an áitreibh chéanna no an áitreibh chéanna nách mór, agus san d'ainneoin gan an ceadúnas san do deonadh roimhe sin do bheith imithe in éag agus d'ainneoin go mbeidh tréimhse iomlán an cheadúnais sin agus an cheadúnais eile sin no gach ceadúnais eile den tsórt san, do deonadh roimhe sin, níos sia ná ráithe;

(c) maran laistigh de chontae-bhuirg Chorcaighe don áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san, tuigfear chun crícheanna Coda I agus II den Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927) , agus an Achta so, gur laistigh de chontae-bhuirg Chorcaighe don áitreabh san agus beidh feidhm ag na Coda san I agus II agus ag an Acht so maidir leis an áitreabh san agus leis an gceadúnas san dá réir sin;

(d) féadfar an ceadúnas san do dheonadh i gcóir ama ar bith, agus féadfa sé (fé réir coinníollacha speisialta ar bith no dá n-éamais) baint do bheith aige le ham ar bith, ar an Domhnach nách luatha ná a haon a chlog iarnóin ná nách déanaí ná a naoi a chlog istoíche;

(e) féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa líomatáiste chúirte dúithche chun gnótha cheadúcháin do dhéanamh ina bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san no 'na dtuigtear do réir an ailt seo an t-áitreabh san do bheith, féadfaidh, ar iarratas an oifigigh i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste sin agus tar éis fógra réasúnta do bheith tugtha do shealbhóir an cheadúnais sin, an ceadúnas san do cheiliúradh má bhíonn sé sásta go ndearnadh, san áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san no maidir leis an áitreabh san, sáruithe ar an dlí bhaineann le deocha meisciúla do dhíol.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla (Ceadúnaisí Ocáideacha), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929.