An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (ILGHNÉITHEACH), 1932) Ar Aghaidh (CUID II. An tSeirbhis ar Linte Airithe Bothair Iarainn do Laigheadu no do Scur.)

3 1932

ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (ILGHNÉITHEACH), 1932

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar Acht na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1932, do ghairm d'Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1929, agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchiála;

cialluíonn an abairt “An Príomh-Acht” Acht na mBóthar Iarainn. 1924 ( Uimh. 29 de 1924 );

cialluíonn an abairt “iompar ar bhóithre” paisnéirí, bagáiste paisnéirí, carraí ceannaíochta agus postanna no aon cheann acu san d'iompar ar bhóithre ar luach saothair i bhfeithielí inneallghluaiste ná ritheann ar bhuan-ráileacha;

foluíonn an abairt “feithicil inneall-ghluaiste” feithicil á tarrae ag feithicil inneall-ghluaiste;

ciallaíonn an abairt “ordú reachtúil,” ordú do rinneadh fé údarás reachta pe'ca rinneadh an t-ordú san do dhaingniú le reacht no ná dearnadh;

cialluíonn an abairt “có-aontú reachtúil” có-aontú do húdaruíodh, do ceaduíodh, no do daingníodh le reacht no le hordú reachtúil;

foluíonn an abairt “carraí ceannaíochta” carraí áirnéis minearáil agus ainmhithe ach ní fholuíonn sí bagáiste paisnéirí ná postanna.

Costaisí.

3. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná deineann an tAcht so aon tsocrú eile ina chóir.