53 1931


Uimhir 53 de 1931.


ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1931.


ACHT CHUN COMHACHTA DO BHRONNADH DEONTAISÍ AGUS IASACHTAÍ DO THABHAIRT FÉ ACHT NA dTITHE (GAELTACHT), 1929 , THAR MAR A CEADUÍTEAR LEIS AN ACHT SAN.

[22adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Suim iomlán na ndeontas agus na n-iasacht do mhéadú.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid, fé mar agus nuair is dóich leis is ceart san do dhéanamh agus fé réir pé coinníoll is oiriúnach leis d'fhorchur, an tsuim de dhá chéad agus caoga míle púnt a ceaptar, le fo-alt (1) d'alt 11 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 ( Uimh. 41 de 1929 ), mar mhéid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht do bhéarfar fén Acht san do mhéadú tré pé suimeanna, ná raghaidh a n-iomlán thar suim chéad míle púnt agus ar a gcinnfe sé o am go ham, do chur leis an suim sin.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1931, do ghairm d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) agus den Acht so le chéile.