An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Leasuithe ar Achtanna na dTithe, 1925 go 1930.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Orduithe Reiteachta.)

50 1931

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931

CUID VIII.

Foralacha Airgeadais.

Rann-íocanna Stáit mar chabhair chun íoctha na gcostas a bhainfidh le tithe do chur ar fáil don lucht oibre.

64. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, ranníocanna nách mó ná na suimeanna luaidhtear anso ina dhiaidh seo do thabhairt ar feadh tréimhsí nách sia ná na tréimhsí luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'údaráis áitiúla agus do chumainn mhaitheasa puiblí, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ndeachadar chun tithe do chur ar fáil don lucht oibre agus do sclábhaithe talmhaíochta, sé sin le rá:—

(a) i gcás tithe le n-a mbaineann an mhír seo agus do tógadh i gcóir daoine do cuireadh as a n-áit tré éinní do rinne údarás áitiúil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre—

(i) dachad per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná cúig bliana déag agus trí triochad go dtrian per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta ar feadh tréimhse leanúnaighe ina dhiaidh sin nách sia ná dhá bhliain fhichead má bhíonn dhá thionóntachán ar leithligh no níos mó i ngach tigh fé leith acu san, agus más é talamh ar ar tógadh iad ná talamh do ceannuíodh fé Chuid II den Acht so toisc gur talamh é do bhí i líomatáiste réiteachta no timpealuithe aige no ag síneadh leis no talamh le n-a mbaineann scéim feabhsúcháin do rinneadh agus do daingníodh fé Chuid I d'Acht 1890 roimh an Acht so do rith no. le toiliú an Aire, aon talamh eile;

(ii) triocha per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná cúig bliana déag agus fiche per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta ar feadh tréimhse leanúnaighe ina dhiaidh sin nách sia ná cúig bliana déag mara mbeidh ach aon tionóntachán amháin i ngach tigh fé leith acu san;

(b) i gcás tithe le n-a mbaineann an mhír seo agus nách chun na críche luaidhtear i mír (a) dhe seo do tógadh iad, fiche per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná trí bliana déag agus cúig déag per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta ar feadh tréimhse leanúnaighe ina dhiaidh sin nách sia ná cúig bliana;

(c) i gcás tithe le n-a mbaineann an mhír seo agus nách chun na críche luaidhtear i mír (a) dhe seo do tógadh iad agus nách tithe iad le n-a mbaineann mír (b), cúig déag per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná fiche bliain;

(d) i gcás tithe do thóg údarás áitiúil fé Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, tar éis an Achta so do rith, i gcóir sclábhaithe talmhaíochta, fiche per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná cúig bliana triochad;

(e) i gcás tithe do thóg cumann maitheasa puiblí agus gur tar éis an Achta so do rith do tosnuíodh ar iad do thógáil, cúig déag per centum de mhuirir bhliantúla na hiasachta i dtaobh na dtithe sin ar feadh tréimhse nách sia ná fiche bliain.

(2) Beidh feidhm ag an bhfo-alt san roimhe seo, fé réir na bhforálacha atá ann, mar leanas:—

(a) Bainfidh mír (a) dhe le tithe do thóg údarás áitiúil fé Chuid III d'Acht 1890, mar a leasuítear é le haon Acht ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so, agus—

(i) do tógadh fé scéimeanna um thithe gur tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus roimh an Acht so do rith do cheaduigh an tAire na hiasachtaí ina gcóir; no

(ii) gur tar éis an Achta so do rith do tosnuíodh ar iad do thógáil agus do críochnuíodh iad;

(b) Bainfidh mír (b) dhe le tithe do thóg údarás áitiúil fé Chuid III d'Acht 1890, agus é leasuithe mar adubhradh, fé scéimeanna um thithe gur i rith na tréimhse idir an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus am an Achta so do rith do cheaduigh an tAire na hiasachtaí ina gcóir;

(c) Bainfidh mír (c) dhe le tithe do thóg údarás áitiúil fé Chuid III d'Acht 1890, agus é leasuithe mar adubhradh, agus gur tar éis an Achta so do rith do tosnuíodh ar iad do thógáil agus do críochnuíodh iad.

(3) Ní íocfaidh an tAire aon rann-íoc fén alt so mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ndeachaidh údaráis áitiúla no cumainn mhaitheasa puiblí chun aon tithe do thógáil go ndearna an tAire no gur gheall sé deontaisí d'íoc ina gcóir fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930.

(4) Má dheineann údarás áitiúil, fé alt 8 den Housing (Ireland) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht so, aon tigh a bheidh oiriúnach no d'fhéadfaí dhéanamh oiriúnach mar thigh don lucht oibre do cheannach chun é do thabhairt ar léas do chumann daoncharadach no do chólucht daoine le n-a mbeidh an tAire sásta, no chun é do dhíol leis an gcumann no leis an gcólucht san, d'fhonn go gcoimeádfaidís sin i dtreo é no go ndéanfaidís oiriúnach é mar thigh don lucht oibre, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, agus as airgead a sholátharóidh an tOireachtas, ach gan dul thar maximum de dhá chéad punt, suim do dheonadh nách mó ná leath na gcostas fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil chun an tighe sin do cheannach agus leath aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin no an cumann no an cólucht daoine sin chun an tighe sin d'atharú, do mhéadú, d'fheabhsú no do dheisiú más ar shlí seachas as airgead do fuarthas ar iasacht a híocfar na costaisí sin sa mhéid gur údarás áitiúil a raghaidh fútha.

(5) Déanfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, rialacháin le n-a rialófar rann-íocanna agus deontaisí do dheonadh agus le n-a bhforchuirfear coinníollacha agus sriantachtaí i dtaobh a ndeonta fén alt so agus féadfar, le haon rialacháin den tsórt san, an ráta maximum úis agus maximum aon iasachta d'ordú d'fhonn teora do chur leis an méid de rann-íoc a bheidh bunuithe ar mhuirir bhliantúla iasachta.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “muirir bhliantúla iasachta” na suimeanna is iníoctha ag údarás áitiúil no ag cumann maitheasa puiblí, pe'ca aca é, i rith bliana airgeadais áitiúla in aisíoc aon iasachta (maraon le muirir úis) do gheobhaidh an t-údarás no an cumann san ar iasacht chun tithe le n-a mbaineann an t-alt so do chur ar fáil, agus foluíonn sí aon tsuimeanna is iníoctha isteach i gciste fiach-laigheaduithe, i gciste fuascailte no i gciste eile den tsórt san a bunófar chun aon iasachta den tsórt san d'aisíoc, agus tá an chiall chéanna leis an abairt “cumann maitheasa puiblí” atá leis an abairt “public utility society” sa Housing (Ireland) Act, 1919.

Rátaí ar thithe beaga comhnaithe do mhaitheamh.

65. —(1) I ngach bliain de sna seacht mbliana airgeadais áitiúla tar éis tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an t-alt so do luacháil chun a rátuithe déanfaidh údarás áitiúil go gcomhacht gearrtha rátaí dhá dtrian na rátaí is inghearrtha alos an tighe sin ag an údarás áitiúil an bhliain sin do mhaitheamh.

(2) Baineann an t-alt so le haon tigh comhnaithe gur tar éis an Achta so do rith a tosnófar ar é thógáil agus a críochnófar é agus nách mó ná 1,250 troigh cheárnach an t-achar urláir a bheidh ann, ach ní bhaineann le haon tigh den tsórt san a thógfaidh údarás áitiúil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre ná fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, mar a leasuítear leis an Acht so iad.

(3) Ní bhainfidh alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ) ná alt 13 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 ( Uimh. 41 de 1929 ) le haon tigh comhnaithe le n-a mbaineann an t-alt so.

(4) Is do réir pé rialacha ordóidh an tAire a déanfar amach achar urláir tighe chomhnaithe chun crícheanna an ailt seo.

Ciste Tithe na hÉireann do leith-roinnt.

66. —Na suimeanna dhlighfidh aon údarás áitiúil d'íoc no do chur i leataoibh alos airgid do fuair an t-údarás san ar iasacht chun tithe do thógáil fé fhorálacha Achtanna Tithe an Lucht Oibre go ndeonfaidh an tAire rann-íocanna fén Acht so chun íoctha na gcostas a bhainfidh le hiad do chur ar fáil, ní háirmheofar iad mar chuid den mhuirear bhliantúil i dtaobh tithe a bheidh ar an údarás san do réir bhrí ailt 5 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.