An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Coimisiun Marcanna Earrai Ceannaiochta.) Ar Aghaidh (CUID IV. Sriantachta Eile Maidir le hEarrai Iomportalta.)

48 1931

ACHT MARCANNA EARRAÍ CEANNAÍOCHTA, 1931

CUID III.

Orduithe um Dhiol do Shrianadh agus Orduithe um Iomportail do Shrianadh.

Iarrataisí do chur fé bhráid an Choimisiúin agus táillí ar iarrataisí.

6. —(1) Pé uair a dhéanfaidh éinne, chítear d'Aire den Ard-Chomhairle do bheith ina ionadaí do roinnt mhaith daoine bhíonn ag saothrú no ag déanamh no ag díol earraí d'aicme no de shaghas áirithe, a iarraidh ar an Aire sin—

(a) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so ag toirmeasc earraí iomportálta den aicme no den tsaghas san do dhíol ná do thaisbeáint chun a ndíolta mara mbeidh comhartha tionnscnaimh ar na hearraí sin le linn an díolta no an taisbeánta san, no

(b) ordú do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so ag toirmeasc earraí iomportálta den aicme no den tsaghas san d'iomportáil mara mbeidh comhartha tionnscnaimh ar na hearraí sin le linn a n-iomportála, no

(c) an dá ordú san do dhéanamh,

féadfaidh an tAire sin den Ard-Chomhairle an t-iarratas san do chur fé bhráid an Choimisiúin chun a dtuarasgabhála air d'fháil.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leo é, an cheist seo do chur fé bhráid an Choimisiúin, eadhon, ar mhaith. an rud é—

(a) ordú den tsórt atá luaidhte i mír (a) den bhfo-alt san roimhe seo den alt so; no

(b) ordú den tsórt atá luaidhte i mír (b) den bhfo-alt san roimhe seo den alt so; no

(c) an dá ordú san;

do dhéanamh maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe.

(3) Pé uair a dhéanfaidh Aire den Ard-Chomhairle iarratas a rinneadh chuige do chur fé bhráid an Choimisiúin fén alt so beidh ar lucht déanta an iarratais sin, mar choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an Coimisiún an t-iarratas, táille d'íoc leis an gCoimisiún do réir rialacha dhéanfaidh an tAire Airgid, pé táille shocróidh an Coimisiún, le cead an Aire sin, ag féachaint dóibh chun an fhaid a thógfa sé agus chun an mhéid a chosnóidh sé, dar leis an gCoimisiún, an t-iarratas do bhreithniú.

(4) Déanfaidh an Coimisiún gach táille a híocfar leis an gCoimisiún fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Iarrataisí agus ceisteanna cuirfear fé bhráid an Choimisiúin do bhreithniú agus tuairisciú do dhéanamh ina dtaobh.

7. —Breithneoidh an Coimisiún gach iarratas no ceist a chuirfidh Aire den Ard-Chomhairle no an Ard-Chomhairle féin (pe'ca aca é) fé n-a mbráid fén alt san díreach roimhe seo agus tabharfaid tuairisc don Ard-Chomhairle maidir leis na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ar mhaith an rud é no nár mhaith an t-ordú no na horduithe le n-a mbaineann an t-iarratas no an cheist sin do dhéanamh;

(b) má thuairiscíonn an Coimisiún i bhfábhar aon orduithe den tsórt san do dhéanamh—

(i) fuirm no fuirmeacha ionmhalairtithe comhartha tionnscnaimh a húsáidfear maidir leis na hearraí le n-a mbaineann an t-iarratas no an cheist sin;

(ii) an tslí inar cheart comhartha tionnscnaimh do bheith ar na hearraí sin;

(iii) pé nithe eile eireoidh as an iarratas no as an gceist agus go n-iarrfaidh an tAire sin den Ard-Chomhairle no an Ard-Chomhairle féin (pe'ca aca é) ar an gCoimisiún tuairisciú do dhéanamh ina dtaobh.

Orduithe um dhíol do shrianadh agus orduithe um iomportáil do shrianadh.

8. —(1) Más dóich leis an Ard-Chomhairle, tar éis dóibh tuarasgabháil ón gCoimisiún maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe do bhreithniú, gur mhaith an rud é comhartha tionnscnaimh do bheith ar earraí iomportálta den aicme no den tsaghas san le linn iad do dhíol no iad do thaisbeáint chun a ndíolta, féadfaidh an Ard-Chomhairle, fén Acht so agus dá réir, ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um dhíol do shrianadh) do dhéanamh ag toirmeasc earraí den aicme no den tsaghas san do dhíol ná do thaisbeáint chun a ndíolta mara mbeidh comhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a luadhfar san ordú san ar na hearraí sin le linn an díolta no an taisbeánta san.

(2) Más dóich leis an Ard-Chomhairle, tar éis dóibh tuarasgabháil ón gCoimisiún i dtaobh earraí d'aicme no de shaghas áirithe do bhreithniú, gur mhaith an rud é comhartha tionnscnaimh do bheith ar earraí iomportálta den aicme no den tsaghas san le linn iad d'iomportáil, féadfaidh an Ard-Chomhairle (gan dochar dá gcomhacht chun orduithe um dhíol do shrianadh do dhéanamh maidir le hearraí iomportálta den aicme no den tsaghas san) ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú um iomportáil do shrianadh) do dhéanamh fén Acht so agus dá réir, ag toirmeasc earraí den aicme no den tsaghas san d'iomportáil mara mbeidh ortha le linn iad d'iomportáil comhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a luadhfar san ordú san.

(3) San Acht so léireofar an abairt “ordú sriantachta” mar abairt atá có-ionann leis an abairt “ordú um dhíol do shrianadh no ordú um iomportáil do shrianadh.”

Cad a bheidh in orduithe sriantachta.

9. —(1) Gach ordú sriantachta déanfar maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe luadhfar ann na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) fuirm amháin ar a laighead de chomhartha tionnscnaimh a bheidh ar na hearraí sin;

(b) an tslí ina mbeidh an comhartha tionnscnaimh sin ar na hearraí sin;

(c) an dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm;

(d) i gcás orduithe um dhíol do shrianadh, an mbeidh comhartha tionnscnaimh ar na hearraí le linn iad do thaisbeáint chun a ndíolta ina mór-choda.

(2) Féadfar fuirmeacha iomdha de chomhartha tionnscnaimh do luadh in ordú sriantachta.

(3) Féadfar a shocrú le hordú sriantachta déanfar maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe go mbainfidh an t-ordú san le cumaisc no le meascáin a bheidh có-dhéanta de sna hearraí sin no ina mbeidh na hearraí sin.

(4) Féadfar a shocrú le hordú sriantachta déanfar maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe go mbainfidh an t-ordú san le samplaí de sna hearraí sin, fé réir pé téarmaí agus coinníollacha luadhfar san ordú san.

(5) Féadfaidh forálacha do bheith in ordú sriantachta déanfar maidir le hearraí d'aicme no de shaghas áirithe, pé forálacha is oiriúnach leis an Ard-Chomhairle do bheith ann maidir leis na hearraí sin le linn iad do bheith á n-iompar no iad do bheith fé bhanna i Saorstát Éireann.

(6) I dteanta na nithe cuirtear mar cheangal no ceaduítear leis an alt so, féadfaidh pé forálacha eile do bheith i ngach ordú sriantachta is dóich leis an Ard-Chomhairle is gá no is oiriúnach chun éifeachta thabhairt don toirmeasc a bheidh san ordú san.

Baint agus léiriú ordú sriantachta.

10. —(1) Ní bhainfidh ordú sriantachta le cumaisc ná le meascáin a bheidh có-dhéanta d'earraí le n-a mbaineann an t-ordú san no ina mbeidh na hearraí sin mara socruítear go soiléir leis an ordú san é do bhaint leo.

(2) Ní bhainfidh ordú sriantachta le samplaí de sna hearraí le n-a mbaineann an t-ordú san mara socruítear go soiléir leis an ordú san é do bhaint leo.

(3) Má bhíonn earraí le n-a mbaineann ordú sriantachta ina gcuid d'earraí eile ná baineann ordú sriantachta leo ach go gcoimeádaid a mbun-tréithe i slí gur féidir le réasún comhartha tionnscnaimh do chur ortha, bainfidh an t-ordú san leis na hearraí sin do céad-luadhadh fé is dá mbeidís ar deighilt o sna hearraí gur cuid díobh iad.

(4) Ní bhainfidh ordú um dhíol do shrianadh le cás duine is deighleálaí i mórchoda do thaisbeáint earraí chun a ndíolta ina mórchoda mara socruítear leis an ordú go mbeidh comhartha tionnscnaimh ar na hearraí le n-a mbaineann an t-ordú san le linn iad do thaisbeáint chun a ndíolta ina mórchoda.

(5) Má bhíonn fuirmeacha iomdha de chomhartha tionnscnaimh luaidhte in ordú sriantachta, léireofar tagairtí san ordú san agus san Acht so do chomhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a bheidh luaidhte san ordú san mar thagairt do chomhartha tionnscnaimh in aon cheann de sna fuirmeacha san.

Orduithe saoirse.

11. —Má bhíonn ordú sriantachta déanta maidir le hearraí, agus má dheineann daoine dheallruíonn leas substainteach a bheith aca sa scéal a thaisbeáint chun sástachta na hArd-Chomhairle go ndearnadh no gur dócha go ndéanfar díobháil no dochar do sna daoine sin, no d'éinne aca, tré fhorálacha an orduithe sin do chur i mbaint le haon aicme no saghas áirithe de sna hearraí sin, féadfaidh an Ard-Chomhairle ordú (dá ngairmtear ordú saoirse sa Chuid seo den Acht so) a dhéanamh ag saoradh na n-earraí sin den aicme no den tsaghas san ón ordú sriantachta san, agus sa chás san scuirfidh an t-ordú sriantachta san, faid a bheidh an t-ordú saoirse sin i bhfeidhm, d'éifeacht do bheith aige maidir leis an aicme no leis an saghas san earraí.

(2) Pé uair a déanfar ordú sriantachta foillseofar fógra i dtaobh a dhéanta san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile is oiriúnach leis an Ard-Chomhairle.

(3) Pé uair a déanfar ordú saoirse, cuirfidh an Ard-Chomhairle an cheist seo fé bhráid an Choimisiúin le breithniú, eadhon, ar cheart an t-ordú sriantachta le n-a mbaineann an t-ordú saoirse do leasú do réir téarmaí an orduithe shaoirse no ar shlí eile maidir leis na hearraí le n-a mbaineann an t-ordú saoirse sin, agus tabharfaidh an Coimisiún tuairisc don Ard-Chomhairle ar an gceist sin.

(4) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair ordú saoirse do cheiliúradh.

Orduithe sriantachta do cheiliúradh agus do leasú.

12. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, fé réir fhorálacha an ailt seo, ordú sriantachta do cheiliúradh no do leasú aon uair.

(2) Má bheartuíonn an Ard-Chomhairle ordú sriantachta do cheiliúradh no do leasú, déanfaid, marar cuireadh an ceiliúradh no an leasú bheidh beartuithe fé bhráid an Choimisiúin do réir an ailt sin díreach roimhe seo, an cheist i dtaobh an cheiliúrtha no an leasuithe bheidh beartuithe do chur ar dtúis fé bhráid an Choimisiúin agus tabharfaidh an Coimisiún tuairisc uatha ar an gceist sin.

(3) Ní dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ordú sriantachta do cheiliúradh ná do leasú go dtí go mbeidh breithniú déanta acu ar thuarasgabháil an Choimisiúin i dtaobh an cheiliúrtha no an leasuithe bheidh beartuithe.

Fógra i dtaobh ní do chur fé bhráid an Choimisiúin agus fianaise ag fiosrúchán.

13. —(1) Pé uair a dhéanfaidh Aire den Ard-Chomhairle no an Ard-Chomhairle féin ní do chur fé bhráid an Choimisiúin fén Acht so, cuirfidh an Coimisiún fé ndeár fógra gur cuireadh an ní sin fé n-a mbráid agus i dtaobh an dáta agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán dá réir sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile is oiriúnach leo, agus ní thosnóidh an Coimisiún ar aon fhiosrúchán den tsórt san go ceann ceithre lá déag i ndiaidh dáta an fhoillsithe sin san Iris Oifigiúil.

(2) Nuair a bheidh aon fhiosrúchán den tsórt san á dhéanamh éistfidh an Coimisiún gach éinne gur mian leis go n-éistí é agus go bhfeictear don Choimisiún leas substainteach do bheith aige in abhar an fhiosrúcháin sin agus glacfaid agus breithneoid aon fhianaise a thairgfidh an duine sin.

Tuarasgabhála an Choimisiúin do thíolacadh agus fógra do thabhairt ina dtaobh.

14. —(1) Leagfar ar Bhúird dhá Thigh an Oireachtais gach tuarasgabháil a dhéanfaidh an Coimisiún fén Acht so.

(2) Cuirfidh an Ard-Chomhairle fé ndeár fógra i dtaobh déanta gach tuarasgabhála dhéanfaidh an Coimisiún d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis na tuarasgabhála san do dhéanamh.

Orduithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

15. —Gach ordú sriantachta dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Ciontaí maidir le horduithe um dhíol do shrianadh.

16. —(1) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'aon ordú um dhíol do shrianadh a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire no má theipeann air déanamh do réir an orduithe sin, beidh sé ciontach, fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla, i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Má dheineann duine ar bith aon earraí iomportálta d'aicme le n-a mbaineann ordú um dhíol do shrianadh a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire d'fhógairt no do thairiscint chun a ndíolta mar earraí de chineál no de dhéanamh áirithe no ar shlí eile fé ainm áirithe, pe'ca tré tharraingeoireacht no tré aon abhar scríobhtha é, ansan, mara gcuire sé sa bhfográn no sa tairiscint comhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a luaidhtear san ordú san, beidh sé ciontach, fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla, i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

Ní bhainfidh an fo-alt so le cás aon fhógráin a rinneadh no a cuireadh amach no a foillsíodh roimh an dáta ar ar tháinig an t-ordú san um dhíol do shrianadh i bhfeidhm.

Eifeacht ordú um iomportáil do shrianadh.

17. —(1) Pé uair a bheidh ordú um iomportáil do shrianadh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le hearraí iomportálta d'aicme no de shaghas áirithe, ansan, mara mbeidh ar na hearraí sin le linn a n-iomportálta agus sa tslí a horduítear leis an ordú san comhartha tionnscnaimh sa bhfuirm a luaidhtear san ordú san, tuigfear gur earraí iad go bhfuil sé toirmiscthe de bhuadh ailt 16 den Phríomh-Acht iad d'iomportáil agus bainfidh an t-alt san, fé mar atá sé leasuithe ag an Merchandise Marks Act, 1911, leis na hearraí sin dá réir sin.

(2) Má bhíonn na Coimisinéirí Ioncuim sásta, maidir le haon earraí go mbeidh sé toirmiscthe de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo iad d'iomportáil, gur earraí iad a hiomportáladh chun iad d'easportáil tar éis turuis tré Shaorstát Éireann no tré iad d'aistriú o luing go luing eile no gur earraí iad a dearbhuíodh ar iad d'iomportáil a bheith ina n-earraí a bhí le hath-easportáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir pé coinníollacha maidir le hurraíocht i dtaobh ath-easportálta na n-earraí sin do chólíonadh is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú na hearraí sin d'iomportáil.

(3) Ní tuigfear éinní san alt so do bheith ag baint o éinní atá in alt 16 den Phríomh-Acht.

Toirmeasc ar chomhartha tionnscnaimh do bhaint d'earraí iomportálta.

18. —(1) Gach éinne a dhéanfaidh comhartha tionnscnaimh a bhí do réir orduithe sriantachta ar aon earraí le linn a n-iomportálta no a dtaisbeánta chun a ndíolta ina mórchoda do bhaint de sna hearraí sin no é d'atharú no do scriosadh, beidh sé, mara gcuire sé ina luighe ar an gcúirt nách d'fhonn an áit o n-ar tháinig na hearraí do cheilt le linn a ndíolta no a dtaisbeánta chun a ndíolta a rinneadh an comhartha san do bhaint díobh no é atharú no do scriosadh, ciontach i gcionta fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

(2) Na forálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla ní bheidh feidhm acu i gcás gnímh atá, de bhuadh an ailt seo, ina chionta fén Acht so.

Údaráis áitiúla áirithe do chúiseamh ciontaí.

19. —(1) Gach cionta fén Acht so a luaidhtear sa Chuid seo den Acht féadfaidh údarás áitiúil údaruithe no féadfar ar a n-agra san mar chúisitheoir é chúiseamh chó fada is a bhaineann sé le haon earraí iomportálta is abhair bhídh.

(2) Beidh teideal ag aon oifigeach go n-údarás cuibhe o údarás údaruithe (ach é do thaisbeáint a údaráis i scríbhinn mar oifigeach go n-údarás amhlaidh) dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh go bhfuil cúis aige le n-a chreidiúint aon earraí iomportálta is abhair bhídh le n-a mbaineann ordú um dhíol do shrianadh do bheith á gcoimeád ann chun a ndíolta agus ar íoc asta no ar a thairiscint íoc asta samplaí do thógaint d'aon earraí samhluítear do is abhair bhídh iomportálta den tsórt san.

(3) Beidh sé de dhualgas ar oifigeach go n-údarás cuibhe o údarás áitiúil údaruithe a thógann aon tsamplaí i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so—

(a) a chur in úil láithreach don té gur leis an t-áitreabh ina dtógtar an sampla san, no dá ghníomhaire, gur do réir an ailt seo atá an sampla san á thógaint, agus

(b) má cheanglann an duine no an gníomhaire sin air san do dhéanamh le linn an méid sin do chur in úil do, sampla eile den tsórt chéanna do thogha no an sampla do thóg sé do roinnt ina dhá chuid, agus an dara sampla no cuid amháin den tsampla roinnfe sé do mharcáil agus do chur fé shéala agus d'fhágaint ag an duine no ag an ngníomhaire sin.

(4) Gach éinne a chuirfidh cosc no bac le haon oifigeach go n-údarás cuibhe o údarás áitiúil údaruithe agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(5) Na forálacha den Acht so bhaineann le cosanta reachtúla ní bheidh feidhm acu i gcás cionta fén alt so.

(6) Déanfar aon chostaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil údaruithe fén alt so d'íoc sa tslí chéanna ina n-íoctar costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás san agus iad ag feidhmiú forálacha na Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907.

(7) San alt so cialluíonn an abairt “údarás áitiúil údaruithe” údarás áitiúil ag a bhfuil údarás mionscrúdóir do cheapadh chun crícheanna na Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907.