An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (LUACHÁIL I gCÓIR RÁTAÍOCHTA), 1931)

47 1931

ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (LUACHÁIL I gCÓIR RÁTAÍOCHTA), 1931

SCEIDEAL.

Rialacha chun luach bliantuil glan gnotha uile bhothair iarainn do roinnt idir na hionoighreachta bothair iarainn is cuid den ghno san.

CUID I.

Generalta.

Na Rialacha d'fheidhmiú.

1.—Cólíonfar na rialacha so le linn gach athscrúduithe cinn cúig mblian i gcás an luach bliantúil glan a bheidh ar ghnó uile chuideachtan bóthair iarainn chun crícheanna an athscrúduithe sin do bheith níos mó ná an luach minimum a bheidh ar an ngnó san uile chun crícheanna an athscrúduithe sin, agus déanfar tagairtí sna rialacha so do luach bhliantúil glan gnótha uile bhóthair iarainn, do mheas-luach mhinimum ionoighreachta nách líne reatha, agus do mheas-luach mhinimum ionoighreachta líne reatha do léiriú mar thagairtí, fé seach, don luach bhliantúil glan a bheidh ar ghnó uile an bhóthair iarainn sin chun crícheanna an athscrúduithe sin, don mheas-luach mhinimum a bheidh, chun crícheanna an athscrúduithe sin, ar an ionoighreacht san nách líne reatha, agus don mheas-luach mhinimum a bheidh ar an ionoighreacht líne reatha san chun crícheanna an athscrúduithe sin.

CUID II.

Luach bliantuil glan gnotha uile bhothair iarainn do chur i leith ionoighreacht nach line reatha agus ionoighreacht line reatha, agus an luach bliantuil glan a cuirfear i leith ionoighreacht nach line reatha do roinnt idir na hionoighreachta san.

Ceanntair bhóthair iarainn.

2.—(1) Beidh gach ceann de sna coda de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt a tuairiscítear sa chéad cholún de Tháible I de sna rialacha so ina cheanntar chun crícheanna na rialacha so agus déanfar tagairtí sna rialacha so do cheanntar le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt (Táible I) do léiriú mar thagairtí do chuid den ghnó san is ceanntar de bhuadh na fo-rialach so.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na coda uile agus fé seach (agus gairmtear brainse de gach ceann de sna coda san sa bhfo-riail seo), de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt, a luaidhtear i dTáible II de sna rialacha so, sé sin le rá:—

(a) le linn aon athscrúduithe cinn cúig mblian féadfaidh an Coimisinéir, más oiriúnach leis é, grúpa no grúpaí do dhéanamh de roinnt brainsí no de sna brainsí go léir do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) beidh dhá bhrainse no níos mó i ngrúpa agus féadfaidh na brainsí go léir bheith ann;

(ii) má deintear dhá ghrúpa no níos mó ní déanfar aon bhrainse is cuid de ghrúpa ar bith do chur i ngrúpa eile;

agus má dheineann an Coimisinéir aon ghrúpa no grúpaí fén riail seo le linn aon athscrúduithe cinn cúig mblian beidh gach grúpa déanfar amhlaidh, agus fós gach brainse (más aon cheann é) ná beidh i ngrúpa, ina cheanntar chun crícheanna na rialacha so le linn an athscrúduithe cinn cúig mblian san agus más rud é ná déanfaidh an Coimisinéir aon ghrúpa ná grúpaí fén riail seo le linn aon athscrúduithe cinn cúig mblian beidh gach brainse fé leith ina ceanntar chun crícheanna na rialacha so le linn an athscrúduithe cinn cúig mblian san;

(b) déanfar tagairtí sna rialacha so do cheanntar le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt (Táible II) do léiriú mar thagairtí do ghrúpa de bhrainsí no do bhrainse is ceanntar de bhuadh na fo-rialach so.

(3) Sna rialacha so déanfar an abairt “ceanntar le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt” do léiriú mar abairt is ionann agus an abairt “ceanntar le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt (Táible I) no ceanntar le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt (Táible II).”

(4) Más rud é, tar éis an Achta so do rith, go dtiocfaidh Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt chun bheith ina sealbhaire ar aon ionoighreacht bhóthair iarainn i Saorstát Éireann nár chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt le linn an Achta so do rith, déanfaidh an Coimisinéir, le linn an chéad athscrúduithe cinn cúig mblian ina dhiaidh sin, an ionoighreacht san do chur le pé ceanntar le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt is oiriúnach leis an gCoimisinéir, agus leis sin tuigfear chun crícheanna na rialacha so gur cuid den cheanntar san an ionoighreacht san.

(5) Is ceanntar chun crícheanna na rialacha so an méid de ghnó cuideachtan bóthair iarainn (seachas Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt) a bhíonn ar siúl i Saorstát Éireann.

Meas-luach minimum iomlán ceanntair.

3.—Sa chuid seo de sna rialacha so cialluíonn an abairt “measluach minimum iomlán”, nuair a húsáidtear í maidir le ceanntar, suim meas-luachanna minimum na n-ionoighreacht nách líne reatha agus meas-luachanna minimum na n-ionoighreacht líne reatha sa cheanntar san.

Meas-luachanna iomlána ceanntracha Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt.

4.—Déanfaidh an Coimisinéir luach bliantúil glan gnótha uile Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt do roinnt ar cheanntracha uile agus fé seach Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt do réir na bprínsiobal so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar aon tsuim is lugha ná meas-luach minimum iomlán aon cheanntair do chur i leith ceanntair ar bith den tsórt san;

(b) fé réir an choinníll a forchuirtear tré mhír (a) den riail seo, déanfar luach bliantúil glan an ghnótha uile do chur i leith na gceanntracha san i pé cionúireachtaí is dóich leis an gCoimisinéir do bheith cothrom ag féachaint don méid tráchta meastar do bheith i ngach ceanntar acu san fé seach;

agus an chuid de luach bhliantúil glan an ghnótha san a cuirfear i leith aon cheanntair den tsórt san amhlaidh tuigfear chun crícheanna na rialacha so gurb í sin meas-luach iomlán an cheanntair sin.

Meas-luach iomlán ceanntracha eile.

5.—Más aon cheanntar amháin chun crícheanna na rialacha so gnó bóthair iarainn isé luach bliantúil glan an ghnótha san uile a bheidh chun crícheanna na rialacha so mar mheas-luach iomlán ar an gceanntar san.

An meas-luach a bheidh ar ionoighreachta bóthair iarainn mas có-ionann meas-luach iomlán ceanntair le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt agus an meas-luach minimum iomlán.

6.—Má bhíonn meas-luach iomlán aon cheanntair le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt có-ionann le meas-luach minimum iomlán an cheanntair sin, ansan cuirfidh an Coimisinéir i leith gach ionoighreachta nách líne reatha sa cheanntar san cuid, den mheas-luach iomlán san, a bheidh có-ionann le meas-luach minimum na hionoighreachta san nách líne reatha agus cuirfidh i leith gach ionoighreachta líne reatha sa cheanntar san cuid, den mheasluach iomlán san, a bheidh có-ionann le meas-luach minimum na hionoighreachta líne reatha san.

Meas-luach iomlán ceanntair do roinnt idir na hionoighreachta nách líne reatha agus na hionoighreachta líne reatha.

7.—(1) Déanfaidh an Coimisinéir meas-luach iomlán gach ceanntair (seachas ceanntar le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt i gcás ina mbeidh meas-luach iomlán an cheanntair sin có-ionann le measluach minimum iomlán an cheanntair sin) do roinnt idir na hionoighreachta nách líne reatha agus na hionoighreachta líne reatha sa cheanntar san do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfe sé i leith na n-ionoighreacht san nách líne reatha cuid den mheas-luach iomlán san a bheidh có-ionann le suim meas-luachanna minimum na n-ionoighreacht san nách líne reatha, agus cuirfidh i leith na n-ionoighreacht líne reatha san cuid eile den mheas-luach iomlán san a bheidh có-ionann le suim meas-luachanna minimum na n-ionoighreacht líne reatha san;

(b) deighleálfa sé ansan le hiarmhéid an mheas-luacha iomláin sin mar leanas, sé sin le rá:—

(i) má bhíonn meas-luach orduithe na n-ionoighreacht san nách líne reatha níos lugha ná suim measluachanna minimum na n-ionoighreacht san nách líne reatha no có-ionann léi cuirfe sé an t-iarmhéid sin i leith na n-ionoighreacht líne reatha san, no

(ii) má bhíonn meas-luach orduithe na n-ionoighreacht san nách líne reatha níos mó ná suim meas-luachanna minimum na n-ionoighreacht san nách líne reatha agus go mbeidh an t-iarmhéid sin có-ionann leis an deifríocht idir an meas-luach orduithe sin agus an tsuim sin no níos lugha ná an deifríocht san, ansan cuirfe sé an t-iarmhéid sin i leith na n-ionoighreacht san nách líne reatha, no

(iii) má bhíonn meas-luach orduithe na n-ionoighreacht san nách líne reatha níos mó ná suim meas-luachanna minimum na n-ionoighreacht san nach líne reatha agus go mbeidh breis ag an iarmhéid sin ar an deifríocht idir an meas-luach orduithe sin agus an tsuim sin, cuirfe sé an bhreis sin i leith na n-ionoighreacht líne reatha agus cuirfidh an chuid eile den iarmhéid i leith na n-ionoighreacht san nách líne reatha;

agus tuigfear chun crícheanna na rialacha so gurb iad na coda de mheas-luach iomlán an cheanntair sin a cuirfear i leith na n-ionoighreacht san nách líne reatha agus na n-ionoighreacht líne reatha san, fé seach, amhlaidh, is meas-luach iomlán ar na hionoighreachta san nách líne reatha sa cheanntar san agus is measluach iomlán ar na hionoighreachta líne reatha san sa cheanntar san, fé seach.

(2) Sa riail seo agus sa chéad riail eile ina diaidh nuair a húsáidtear an abairt “meas-luach 1914” maidir le hionoighreacht nách líne reatha cialluíonn sí suim is có-ionann le trí oiread meas-luacha mhinimum na hionoighreachta san.

(3) Sa riail seo—

nuair a deintear an abairt “meas-luach iomlán 1914 ar na hionoighreachta nách líne reatha” d'úsáid maidir le ceanntar cialluíonn sí suim meas-luachanna 1914 ar na hionoighreachta nách líne reatha sa cheanntar san;

cialluíonn an abairt “meas-luach orduithe na n-ionoighreacht nách líne reatha”—

(a) maidir le ceanntar le Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt (Táible I), pe'ca aca so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(i) suim is có-ionann leis an méid fén gcéad de mheasluach iomlán an cheanntair sin a luaidhtear don cheanntar san sa dara colún de Tháible I de sna rialacha so, agus

(ii) meas-luach iomlán 1914 ar na hionoighreachta nách líne reatha sa cheanntar san;

(b) maidir leis an gceanntar gurb é an chuid é de ghnó Chuideachtan Mórbhóthair Iarainn an Tuaiscirt (Éirinn) a bhíonn ar siúl i Saorstát Éireann, pe'ca aca so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(i) suim is có-ionann le 27.3 per cent. de mheas-luach iomlán an cheanntair sin, agus

(ii) meas-luach iomlán 1914 ar na hionoighreachta nách líne reatha sa cheanntar san; agus

(c) maidir le haon cheanntar eile, meas-luach iomlán 1914 ar na hionoighreachta nách líne reatha sa cheanntar san,

Meas-luach iomlán na n-ionoighreacht nách líne reatha i gceanntar do roinnt idir na hionoighreachta san.

8.—Nuair do gheobhaidh an Coimisinéir amach meas-luach iomlán na n-ionoighreacht nách líne reatha bheidh in aon cheanntar le n-a mbaineann an riail sin díreach roimhe seo, roinnfidh an meas-luach iomlán san idir na hionoighreachta san nách líne reatha do réir meas-luachanna 1914 ortha fé seach.

CUID III.

Meas-luach iomlan na line reatha do roinnt idir na hionoighreachta line reatha.

Ceanntair do roinnt ina ranna bóthair iarainn.

9.—Chun crícheanna na coda so de sna rialacha so féadfaidh an Coimisinéir gach ceanntar do roinnt, ar pé slí is oiriúnach leis, ina dhá chuid no níos mó (dá ngairmtear ranna bóthair iarainn sna rialacha so) agus má fágtar aon cheanntar gan roinnt amhlaidh tuigfear gur aon roinn bhóthair iarainn amháin chun crícheanna na coda so de sna rialacha so an ceanntar san.

An meas-luach iomlán a bheidh ar roinn bhóthair iarainn nuair is ceanntar an roinn sin.

10.—Má tuigtear fén riail sin roimhe seo gur aon roinn bhóthair iarainn amháin ceanntar áirithe ansan tuigfear chun crícheanna na rialacha so gurb é meas-luach iomlán na n-ionoighreacht líne reatha sa cheanntar san is meas-luach iomlán ar an roinn bhóthair iarainn sin.

Meas-luach minimum iomlán roinne bóthair iarainn.

11.—Chun crícheanna na coda so de sna rialacha so isé chialluíonn meas-luach minimum iomlán roinne bóthair iarainn ná suim meas-luachanna minimum na n-ionoighreacht líne reatha sa roinn bhóthair iarainn sin.

An meas-luach iomlán a bheidh ar roinn bhóthair iarainn nuair a roinntear ceanntar ina ranna bóthair iarainn.

12.—Má dheineann an Coimisinéir ceanntar bóthair iarainn do roinnt ina dhá roinn bhóthair iarainn no níos mó déanfaidh measluach iomlán na n-ionoighreacht líne reatha sa cheanntar san do roinnt idir na ranna bóthair iarainn sin do réir na bprínsiobal so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar aon tsuim is lugha ná meas-luach minimum iomlán aon roinne bóthair iarainn den tsórt san do chur i leith roinne bóthair iarainn ar bith den tsórt san amhlaidh;

(b) fé réir an choinníll a forchuirtear tré mhír (a) den riail seo déanfar meas-luach iomlán san na n-ionoighreacht líne reatha sa cheanntar san do roinnt idir na ranna bóthair iarainn sin i pé slí is dóich leis an gCoimisinéir do bheith ceart agus cothrom ag féachaint don méid tráchta meastar do bheith i ngach roinn bhóthair iarainn acu san fé seach;

agus an chuid de mheas-luach iomlán san na n-ionoighreacht líne reatha sa cheanntar san a cuirfear i leith aon roinne bóthair iarainn amhlaidh tuigfear chun crícheanna na rialacha so gurb í sin meas-luach iomlán na roinne bóthair iarainn sin.

Meas-luach iomlán roinne bóthair iarainn do roinnt idir na hionoighreachta líne reatha más có-ionann an meas-luach iomlán agus an meas-luach minimum iomlán.

13.—Más có-ionann meas-luach iomlán roinne bóthair iarainn agus meas-luach minimum iomlán na roinne bóthair iarainn sin, cuirfidh an Coimisinéir i leith gach ionoighreachta líne reatha sa roinn bhóthair iarainn sin suim is có-ionann le meas-luach minimum na hionoighreachta san.

Meas-luach iomlán roinne bhóthair iarainn do roinnt idir na hionoighreachta líne reatha más mó an meas-luach iomlán ná an meas-luach minimum iomlán.

14.—(1) Más mó meas-luach iomlán roinne bóthair iarainn ná meas-luach minimum iomlán na roinne bóthair iarainn sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Coimisinéir ar dtúis an meas-luach iomlán san do roinnt ar uimhir phéirsí faid na líne reatha sa roinn bhóthair iarainn sin, agus tuigfear chun crícheanna na rialach so gurb é toradh na roinnte sin is ráta in aghaidh na péirse ar an roinn bhóthair iarainn sin;

(b) ansan déanfa sé, maidir le gach ionoighreacht líne reatha sa roinn sin, an ráta in aghaidh na péirse ar an roinn sin d'iolrú ar mhéid is có-ionann le huimhir phéirsí faid na hionoighreachta líne reatha san agus cuirfidh toradh an iolruithe sin i leith na hionoighreachta líne reatha san.

(2) Nuair a bheidh an Coimisinéir ag cóimhreamh péirsí faid chun crícheanna na rialach so féadfaidh aon fhaid is lugha ná leath-phéirse faid d'áireamh mar neamhní agus féadfaidh aon fhaid is lugha ná péirse faid, ach ina mbeidh leath-phéirse faid no níos mó, d'áireamh mar phéirse faid.

TAIBLE I.

Ceanntair Mhorbhoithre Iarainn an Deiscirt (Taible I) agus an meid fen gcead de mheas-luach iomlan na n-ionoighreacht bothair iarainn i ngach ceanntar gur da reir a deanfar amach meas-luach orduithe na n-ionoighreacht nach line reatha sa cheanntar san.

CEANNTAIR MHORBHOITHRE IARAINN

An Deiscirt (Taible I).

meid fen gcead

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas an 23adh lá d'Iúl, 1924.

34.2.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Lár-Mhórbhóthair Iarainn Iartharaigh Éireann an 23adh lá d'Iúl, 1924.

28.2.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Mórbhóthair Iarainn an Deiscirt agus an Iarthair an 23adh lá d'Iúl, 1924.

26.0.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn Chorcaighe, na Banndan agus an Chósta Theas an 23adh lá d'Iúl, 1924.

30.0.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn Chorcaighe, na Carraige Duibhe agus an Phasáiste an 23adh lá d'Iúl, 1924.

43.5.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh Chuideachtan Bóthair Iarainn Dhírigh Chorcaighe agus Mhaghchromtha an 23adh lá d'Iúl, 1924.

22.7.

TAIBLE II.

CEANNTAIR MHORBHOITHRE IARAINN

An Deiscirt (Taible II).

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn Eadtruim Chorcaighe agus Mhúscraighe, Teoranta, an 23adh lá d'Iúl, 1924.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Bhóithre Iarainn Chathair Chorcaighe an 23adh lá d'Iúl, 1924.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Trambhealaigh agus Bhóthair Iarainn Eadtruim Scoil Mhuire agus an Scibirín (Cuideachta Thrambhealaí agus Bhóithre Iarainn Eadtroma Iar-Chairbre Teoranta) an 23adh lá d'Iúl, 1924.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn Eadtruim Bhéal na Scairte agus Shiúnta Thigh Molaga agus seana-Chuideachtan Síne-Bhóthair Iarainn Eadtruim Thigh Molaga agus Chúirt an tSéafraidh an 23adh lá d'Iúl, 1924.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn Eadtruim Thráighlí agus an Daingin, Teoranta, an 23adh lá d'Iúl, 1924.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn Phortláirge agus na Trágha Móire an 23adh d'Iúl, 1924.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn Iar-Chláir, Teoranta, an 23adh lá d'Iúl, 1924.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóithre Iarainn an Chláir Theas, Teoranta, an 23adh lá d'Iúl, 1924.

An chuid de ghnó Mhórbhóithre Iarainn an Deiscirt gurb é tá inte ná na hionoighreachta bóthair iarainn do bhí i seilbh seana-Chuideachtan Bóthair Iarainn an Chabháin agus Liathdroma, Teoranta, an 23adh lá d'Iúl, 1924.