Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Rialacha chun luach bliantuil glan gnotha uile bhothair iarainn do roinnt idir na hionoighreachta bothair iarainn is cuid den ghno san.)

47 1931


Uimhir 47 de 1931.


ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (LUACHÁIL I gCÓIR RÁTAÍOCHTA), 1931.


ACHT CHUN AN DLÍ DO LEASÚ BHAINEAS LE LUACHÁIL DO DHÉANAMH I gCÓIR CRÍCHEANNA RÁTAÍOCHTA AR IONOIGHREACHTA I SEILBH CHUIDEACHTANA BÓTHAIR IARAINN AGUS CHUN CRÍCHEANNA BHAINEAS LEIS SIN. [22adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Coimisinéir” an Coimisinéir Luachála;

foluíonn an abairt “cuideachta bhóthair iarainn” an Có-Choiste (de Chuideachta Mhór-Bhóthair Iarainn an Tuaiscirt (Éirinn) agus den London Midland and Scottish Railway Company) do Bhóithre Iarainn Chontae Dhún na nGall;

cialluíonn an abairt “ionoighreacht bhóthair iarainn” ionoighreacht ionrátuithe ar leithligh i seilbh chuideachtan bóthair iarainn chun crícheanna a ngnótha ach ní fholuíonn sí—

(a) aon tigh ósta, seomra úrúcháin, tigh comhnaithe, áit chomhnaithe, oifig bhaile ná árus glacadóireachta i mbaile;

(b) aon áitreabh a húsáidtear agus atá ar seilbh chun crícheanna fo-sheirbhísí (seachas na cinn a bhaineann le beartáin, earraí no earraí tráchtála a hiompruítear no a bhíonn le hiompar ar an mbóthar iarainn do bhailiú agus do sheachadadh sa chomharsanacht) a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain sin i gcóir iompair ar bóthar, ar muir, no ar aon tslí eile;

(c) aon oibreacha uisce, oibreacha soluis leictreachais, oibreacha comhachta ná oibreacha geas maran i gcóir an ghnótha is mó a húsáidtear iad;

(d) aon stór, foirgint ná áitreabh atá curtha ar cíos ag an gcuideachtain sin no, mara n-úsáidtear é, is ionchurtha amhlaidh;

cialluíonn an abairt “líne reatha” an líne no na línte bóthair iarainn gur chun tráchta bhóthair iarainn d'iompar o áit go háit is mó a húsáidtear iad agus foluíonn sí an talamh atá fén líne no na línte sin agus eatorra agus teoranta leo, ach ní fholuíonn sí talamh is láithreán d'fhoirgintí, do dhéanmhais, do leathtaobhacha, d'árdáin, do chlóis agus do bhealaigh isteach;

cialluíonn an abairt “ionoighreacht líne reatha” ionoighreacht bhóthair iarainn ná fuil inti ar fad ach líne reatha;

cialluíonn an abairt “ionoighreacht nách líne reatha” ionoighreacht bhóthair iarainn nách ionoighreacht líne reatha;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna Luachála” na hAchtanna do bhí i bhfeidhm, díreach roimh an Acht so do rith, maidir le maoin ionrátuithe i Saorstát Éireann do luacháil;

cialluíonn an abairt “athscrúdú bliantúil” athscrúdú bliantúil a deintear fé sna hAchtanna Luachála chun tionóntachán agus ionoighreacht do luacháil;

cialluíonn an abairt “athscrúdú cinn cúig mblian” an t-athscrúdú bliantúil in aghaidh bliana rithte an Achta so no gach cúigiú athscrúdú bliantúil ina dhiaidh sin.

(2) Chun crícheanna an Achta so beidh gach cólucht acu so leanas ina údarás rátúcháin, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae;

(b) comhairle chontae-bhuirge;

(c) comhairle bhuirge nách contae-bhuirg;

(d) comhairle bhailecheanntair.

Ní bheidh feidhm ag alt 11 den Valuation Act, 1852.

2. —Na forálacha d'alt 11 den Valuation (Ireland) Act, 1852, a bhaineann le luach bliantúil glan ionoighreacht ionrátuithe do mheas scuirfid d'fheidhm do bheith acu i gcás ionoighreacht bóthair iarainn i Saorstát Éireann ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so.

Ní bhainfidh an tAcht so le hionoighreachta bheidh i seilbh chuideachtan bóthair iarainn agus nách ionoighreachta bóthair iarainn.

3. —Ní bhainfidh forálacha an Achta so le luacháil do dhéanamh fé sna hAchtanna Luachála ar ionoighreacht a bheidh i seilbh chuideachtan bóthair iarainn ach nách ionoighreacht bhóthair iarainn.

Luachála cinn cúig mblian ar ghnóthaí bóthair iarainn.

4. —(1) Le linn gach athscrúduithe cinn cúig mblian déanfaidh an Coimisinéir uaidh féin a chur fé ndeár go ndéanfar, maidir le gach gnó bóthair iarainn, meas-luach gach ionoighreachta bóthair iarainn i Saorstát Éireann is cuid den ghnó san d'athscrúdú do réir forálacha an Achta so agus isé gairmtear san Acht so de gach luacháil a déanfar amhlaidh maidir le gnó bóthair iarainn ná luacháil ar ghnó uile an bhóthair iarainn sin.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar san go soiléir leis an Acht so ní déanfar meas-luach ionoighreachta bóthair iarainn i Saorstát Éireann d'athscrúdú le linn aon athscrúduithe bhliantúla nách athscrúdú cinn cúig mblian.

An méid glan is fiú iomlán gnótha bhóthair iarainn sa bhliain do shocrú.

5. —(1) Le linn gach athscrúduithe cinn cúig mblian déanfaidh an Coimisinéir na nithe seo leanas maidir le gnó gach cuideachtan bóthair iarainn, sé sin le rá:—

(a) a fháil amach cé'n fáltas glan do fuair an chuideachta san as a gcuid gnótha uile i rith an chéad chúig bliana de sna sé bliana iomlána cuntasaíochta díreach roimh an dáta ar a mbeidh an luacháil sin le teacht i bhfeidhm;

(b) más i Saorstát Éireann amháin a bhíonn an gnó san ar siúl, meán-fháltas glan na cuideachtan san i gcaitheamh na gcúig mblian san d'fháil amach ón bhfáltas glan san;

(c) má bhíonn an gnó san ar siúl i Saorstát Éireann agus i dTuaisceart Éireann—

(i) an fáltas glan san do roinnt in aghaidh gach bliana de sna cúig bliana san idir Saorstát Éireann agus Tuaisceart Éireann do réir mheastacháin chirt chothruim ar na ceana dhe d'fhás i Saorstát Éireann agus i dTuaisceart Éireann; agus

(ii) a fháil amach ón gcion a cuirfear i leith Shaorstáit Éireann amhlaidh den fháltas glan san na cuideachtan san i rith na gcúig mblian san, cé'n meán-fháltas glan do tháinig as an ngnó do bheith ar siúl i Saorstát Éireann i gcaitheamh na gcúig mblian san;

(d) a mheas, ón meán-fháltas glan do gheobhfar amach amhlaidh, cé'n cíos a fhéadfaí do réir réasúin a fháil o bhliain go bliain ar na hionoighreachta bóthair iarainn i Saorstát Éireann a bheidh i seilbh na cuideachtan san, cé'n meán-mhéid bliantúil is dócha do caithfí ar dheisiú, ar árachas agus ar rudaí eile (dá mb'ann dóibh) ba ghá chun na n-ionoighreacht do choimeád ar an staid ina mbeid agus an tionónta ag íoc gach ráta agus cíos-mhuirir dheachmhaidh (dá mb'ann dóibh);

agus isé an cíos bliantúil a measfar amhlaidh a bheidh mar luach bliantúil glan ar an ngnó san uile chun crícheanna an athscrúduithe cinn cúig mblian san.

(2) Le linn bheith á mheas chun críche an ailt seo cé'n cíos a fhéadfaí do réir réasúin d'fháil ar na hionoighreachta bóthair iarainn uile bheidh i seilbh chuideachtan ní dhéanfaidh an Coimisinéir ná aon Chúirt go dtiocfaidh an meas-luach san os a cóir fé athchomharc aon áird do thabhairt ar aon nós ná cleacht do dhéanfadh deifir do mheas-luach ionoighreachta bóthair iarainn agus do bhí ann roimh an Acht so do rith maidir leis an laigheadú no an liúntas a bhíonn le lomháil alos caipitail tionónta ach féachfaidh do gach ní bhaineann leis an scéal agus do gach ponc táchtach d'fhonn a chur in áirithe gurb ionann an cíos measta san agus an toradh do gheobhfaí as an bhfáltas glan do roinnt do réir chirt agus chothruim ar an tiarna talmhan agus an tionónta.

(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é fáltas glan do fuair cuideachta bhóthair iarainn aon bhliain áirithe ná an méid do bheadh fágtha tar éis na nithe seo leanas do bhaint as iomlán an fháltais ioncuim do fuair an chuideachta as a ngnó an bhliain sin:—

(a) aon fháltas is cuid den iomlán san agus—

(i) do tháinig as aon leas do bhí ag an gcuideachtain in aon chuideachtain eile no gnó eile, no

(ii) do tháinig as aon ionoighreacht nách ionoighreacht bhóthair iarainn ar seilbh ag an gcuideachtain, no

(iii) is rí-chíosanna no cíosanna ceada slí, nách ríchíosanna ná cíosanna ceada slí is iníoctha leis an gcuideachtain as ionoighreacht is ionoighreacht bhóthair iarainn i seilbh na cuideachtan d'úsáid, no

(iv) is ionann agus ús generálta no fás caipitail; agus

(b) an tsuim do cuireadh síos an bhliain sin le ceart mar chaiteachas ioncuim maidir le bainistí, oibriú, coinneáil i dtreo agus athnuachaintí (ar a n-áirmhítear gléasra agus stoc rothlaidh do choinneáil i dtreo agus d'athnuachaint) agus maidir le rátaí agus cíos-mhuirear deachmhaidh (más ann do) ach na coigeartuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo do dhéanamh ar dtúis, sé sin le rá:—

(i) áirmheofar mar chuid den tsuim a bheidh le cur síos aon tsuim do cuireadh i gcoinnibh ioncuim na bliana mar aistriú chun laigheaduithe do dhéanamh ar aon tsuim do rugadh chun cuntais fhiunraoi roimhe sin alos seana-chaiteachais den tsaghas céanna dob ionchurtha i gcoinnibh ioncuim le ceart agus fós aon tsuim do cuireadh i leataoibh as ioncum le ceart chun íoctha aon chaiteachais den tsaghas céanna déanfaí ina dhiaidh sin agus is ionchurtha i gcoinnibh ioncuim le ceart;

(ii) ní háirmheofar mar chuid den tsuim a bheidh le cur síos pé cuid (más aon chuid é) de chaiteachas na bliana do híocadh as suimeanna do cuireadh i leataoibh roimhe sin chun na gcrícheanna roimhráite no do rugadh chun cuntais fhiunraoi d'fhonn ná cuirfí í i gcoinnibh ioncuim go dtí blianta ina dhiaidh sin;

(iii) cuirfear leis an suim a bheidh le cur síos suim is ionann agus ús ar feadh bliana, ar n-a áireamh do réir pé ráta per centum per annum a shocróidh an Coimisinéir, ar oiread den iarmhéid do tugadh ar aghaidh i dtosach na bliana san in aon chuntas fiunraoi agus is ionann agus aon tseana-chaiteachas den tsórt san roimhráite;

(iv) bainfear as an suim a bheidh le cur síos suim is ionann agus ús ar feadh bliana, ar n-a áireamh do réir an ráta chéanna, ar an iarmhéid do bhí gan caitheamh, i dtosach na bliana, de shuimeanna ar bith do cuireadh i leataoibh roimhe sin as ioncum chun na gcrícheanna roimhráite agus nuair a beifear ag socrú an iarmhéide do bhí gan caitheamh d'aon tsuimeanna den tsórt san ní cuirfear síos i gcoinnibh na suimeanna san aon chaiteachas caipitiúil, ar chur-leis ná ar fheabhsú, do cuireadh síos i gCuntaisí na Cuideachtan in aghaidh na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhí na Nodlag, naoi gcéad déag is a cúig fichead no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin;

(v) nuair a beifear á dhéanamh amach cé'n tsuim a bheidh le cur síos mar adubhradh agus ag déanamh aon choigeartuithe den tsórt a luaidhtear sna fomhíreanna san roimhe seo ní bacfar le haon chaiteachas is ionchurtha le ceart i leith aon fháltais den tsórt a luaidhtear i mír (a) den fho-alt so do thuilleamh ná le haon tsoláthar do rinneadh i gcóir aon chaiteachais den tsórt san tré chuntas fhiunraoi no tré chiste athnuachaintí no ar aon tslí eile.

(4) I gcás aon ionoighreachta do bheith i seilbh chuideachtan bóthair iarainn chun críche a ngnótha bhóthair iarainn agus fós chun crícheanna eile cuirfear le hiomlán fáltais ioncuim na cuideachtan, chun crícheanna an ailt seo, pé suim a shocróidh an Coimisinéir is ionann agus cíos cothrom bliantúil ar son seilbhe na hionoighreachta san chun na gcrícheanna eile sin.

Cuideachtana bóthair iarainn do thabhairt eolais agus conganta uatha.

6. —Chun crícheanna gach luachála déanfar ar ghnó uile chuideachtan bóthair iarainn le linn athscrúduithe cinn cúig mblian déanfaidh an chuideachta san na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) mion-innste do thabhairt don Choimisinéir ar iomlán fáltais ioncuim agus fáltais agus caiteachais ghlain na cuideachtan san in aghaidh na mblianta cuntasaíochta gur dá réir a bheidh luach bliantúil glan an ghnótha san uile le meas chun crícheanna na luachála san;

(b) má cheanglann an Coimisinéir ortha é, cóipeanna de chuntaisí na cuideachtan san do thabhairt do agus fós pé mion-innste eile is gá dho go réasúnta chun go bhféadfaidh a chuid feidhmeanna fén Acht so do chólíonadh;

(c) má bhíonn an gnó ar siúl i Saorstát Éireann agus i dTuaisceart Éireann, iomlán fáltais ioncuim agus fáltais agus caiteachais ghlain na mblianta cuntasaíochta san do roinnt idir an chuid dá ngnó bhíonn ar siúl i Saorstát Éireann agus an chuid a bhíonn ar siúl i dTuaisceart Éireann má cheanglann an Coimisinéir ortha san do dhéanamh.

Meas-luach minimum ionoighreachta bóthair iarainn agus luach minimum gnótha uile bhóthair iarainn do shocrú.

7. —(1) Le linn gach athscrúduithe cinn cúig mblian déanfaidh an Coimisinéir, maidir le gach gnó bóthair iarainn, luacháil ar gach ionoighreacht bhóthair iarainn i Saorstát Éireann is cuid den ghnó san, do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás ionoighreachta líne reatha, isé meas-luach a cuirfear uirthe ná an meas-luach do cuireadh uirthe le linn luachála na dtionóntachán fé fhorálacha an Valuation (Ireland) Act, 1852, no le linn aon luachála ina dhiaidh sin, no an meas-luach a cuirfí uirthe an uair sin dá mba ná beadh sí curtha in oiriúint chun í d'úsáid mar bhóthar iarainn; agus

(b) i gcás ionoighreachta nách líne reatha, isé meas-luach a cuirfear uirthe ná trí triochad is trian per cent. den luach bhliantúil glan, ar n-a mheas do réir ailt 11 den Valuation (Ireland) Act, 1852, do cuirfí uirthi dá ndeintí í luacháil an 3adh lá de Lúnasa, 1914, ag féachaint don méid úsáide bheidh á dhéanamh di agus do gach ní eile sa scéal le linn na luachála cinn cúig mblian san;

agus isé an meas-luach a cuirfear amhlaidh ar an ionoighreacht líne reatha san a bheidh mar mheas-luach mhinimum ar an ionoighreacht líne reatha san chun crícheanna an athscrúduithe cinn cúig mblian san agus isé an meas-luach a cuirfear amhlaidh ar an ionoighreacht san nách líne reatha a bheidh mar mheasluach mhinimum, ar an ionoighreacht san nách líne reatha, chun crícheanna an athscrúduithe cinn cúig mblian san.

(2) Isí suim na meas-luach minimum a cuirfear amhlaidh, le linn athscrúduithe cinn cúig mblian, ar gach ionoighreacht bhóthair iarainn i Saorstát Éireann is cuid de ghnó bhóthair iarainn a bheidh mar luach mhinimum ar an ngnó san uile chun crícheanna an athscrúduithe cinn cúig mblian san.

An meas-luach a bheidh ar ionoighreachta bóthair iarainn más ionann luach bliantúil glan an ghnótha uile agus luach minimum an ghnótha uile no más lugha ná san é.

8. —Más rud é, le linn athscrúduithe cinn cúig mblian gurb ionann agus neamhní an luach bliantúil glan a bheidh ar ghnó uile chuideachtan bóthair iarainn chun crícheanna an athscrúduithe sin no gurb ionann an luach san agus an luach minimum a bheidh ar an ngnó san uile chun crícheanna an athscrúduithe sin no gur lugha ná san é déanfaidh an Coimisinéir le linn an athscrúduithe sin meas-luach gach ionoighreachta bóthair iarainn i Saorstát Éireann is cuid den ghnó san do shocrú ar mhéid is có-ionann leis an meas-luach minimum a bheidh ar an ionoighreacht bhóthair iarainn sin chun crícheanna an athscrúduithe sin agus isé an méid sin a bheidh mar mheas-luach ar an ionoighreacht bhóthair iarainn sin chun crícheanna an athscrúduithe cinn cúig mblian san.

An meas-luach a bheidh ar ionoighreachta bóthair iarainn más mó luach bliantúil glan an ghnótha uile ná luach minimum an ghnótha uile.

9. —Más rud é, le linn athscrúduithe cinn cúig mblian, gur mó an luach bliantúil glan a bheidh ar ghnó uile chuideachtan bóthair iarainn chun crícheanna an athscrúduithe sin ná an luach minimum a bheidh ar an ngnó san uile chun crícheanna an athscrúduithe sin déanfaidh an Coimisinéir, le linn an athscrúduithe sin, an luach bliantúil glan san a bheidh ar an ngnó san uile do roinnt, do réir na rialacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, idir na hionoighreachta bóthair iarainn go léir i Saorstát Éireann a bheidh i seilbh na cuideachtan san agus an cion a cuirfear i leith aon ionoighreachta bóthair iarainn amhlaidh le linn an athscrúduithe sin isé bheidh mar mheas-luach ar an ionoighreacht bhóthair iarainn sin chun crícheanna an athscrúduithe cinn cúig mblian san.

Meas-luachanna do chur i liostaí luachála athscrúduithe.

10. —(1) Déanfar an meas-luach a bheidh ar gach ionoighreacht bhóthair iarainn i Saorstát Éireann chun crícheanna athscrúduithe cinn cúig mblian do chur sna liostaí luachála athscrúduithe do bhéarfar amach do réir na nAchtanna Luachála an 1adh lá den chéad Mhárta tar éis an mheas-luacha san do shocrú agus, fé réir atharuithe (más aon cheann é) a déanfar ar an meas-luach san, mar a bheidh sé sa liost san, chun éifeachta do thabhairt do bhreith ar athchomharc ar bith agus fé réir atharuithe (más aon cheann é) a dhéanfaidh an Coimisinéir air fé sna forálacha den Acht so bhaineann le luach bliantúil glan ionoighreachta bóthair iarainn d'atharú uair eile seachas le linn athscrúduithe cinn cúig mblian, isé an meas-luach san a bheidh mar luach bliantúil glan ar an ionoighreacht bhóthair iarainn sin go ceann tréimhse cúig mblian (dá ngairmtear tréimhse cúig mblian san Acht so) ón 1adh lá den Mhárta san.

(2) Chun na gcrícheanna bhaineann le meas-luach ionoighreachta bóthair iarainn do chur i liost luachála athscrúduithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más lugha ná £10 an meas-luach san agus go mbeidh codán de phunt ann, féadfar an codán san—

(i) d'fhágaint gan áireamh más lugha ná 2s. 6d. é, no

(ii) d'áireamh mar 5s. más 2s. 6d. no níos mó é agus gur lugha ná 7s. 6d. é, no

(iii) d'áireamh mar 10s. más 7s. 6d. no níos mó é agus gur lugha ná 12s. 6d. é, no

(iv) d'áireamh mar 15s. más 12s. 6d. no níos mó é agus gur lugha ná 17s. 6d. é, no

(v) d'áireamh mar £1 más 17s. 6d. no níos mó é;

(b) más mó ná £10 agus gur lugha ná £25 an meas-luach san agus go mbeidh codán de phunt ann, ansan féadfar an codán san—

(i) d'fhágaint gan áireamh más lugha ná 5s. é, no

(ii) d'áireamh mar 10s. más 5s. é agus gur lugha ná 15s. é, no

(iii) d'áireamh mar £1 más 15s. no níos mó é;

(c) más mó ná £25 an meas-luach san agus go mbeidh codán de phunt ann, ansan féadfar an codán san—

(i) d'fhágaint gan áireamh más lugha ná 10s. é, no

(ii) d'áireamh mar £1 más 10s. no níos mó é,

Athchomhairc i gcoinnibh meas-luach.

11. —(1) Na forálacha de sna hAchtanna Luachála bhaineann le hathchomhairc i gcoinnibh meas-luacha aon ionoighreacht ionrátuithe cuirfear i liost luachála athscrúduithe do bhéarfaidh an Coimisinéir amach, beidh éifeacht acu, so mhéid go mbainfid le meas-luach aon ionoighreachta bóthair iarainn a cuirfear in aon liost den tsórt san a chuirfidh an Coimisinéir amach díreach tar éis luachála cinn cúig mblian, beidh éifeacht acu fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfar athchomharc do bhunú maidir le haon ionoighreacht no ionoighreachta bóthair iarainn ar leithligh no maidir leis na hionoighreachta bóthair iarainn uile le chéile i líomatáiste rátúcháin, agus

(b) ní luighfidh athchomharc ar agra aon ráta-íocóra eile seachas an chuideachta bhóthair iarainn le n-a mbaineann.

(2) Má deintear athchomhairc chun na Cúirte Cuarda, i gcoinnibh meas-luacha aon ionoighreachta bóthair iarainn, do bhunú fén alt so i dhá líomatáiste rátúcháin no níos mó agus nách laistigh den chuaird chéanna den Chúirt Chuarda bheidh na líomatáistí rátúcháin sin go léir, féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, ar iarratas an Choimisineura, a ordú le hordú go ndéanfaidh pé Breitheamh den Chúirt Chuarda luadhfar san ordú san gach athchomharc den tsórt san d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus sa chás san beidh ag an mBreitheamh a luadhfar amhlaidh dlighinse chun gach athchomhairc den tsórt san d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

(3) Beidh gach líomatáiste acu so leanas ina líomatáiste rátúcháin chun crícheanna an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) contae;

(b) contae-bhuirg no buirg eile;

(c) bailecheanntar.

Luach bliantúil glan ionoighreachta bóthair iarainn d'atharú uair eile seachas le linn athscrúduithe cinn cúig mblian.

12. —(1) Más rud é, aon uair i rith an chéad cheithre bliana de thréimhse cúig mblian, go dtiocfaidh cuideachta bhóthair iarainn chun bheith ina sealbhaire ar aon ionoighreacht bhóthair iarainn i Saorstát Éireann no go scuirfidh de bheith i seilbh aon ionoighreachta bóthair iarainn den tsórt san no, de dhruim atharuithe no athdhéanta, go mbeidh méadú no laigheadú tar éis teacht ar luach bliantúil glan aon ionoighreachta bóthair iarainn den tsórt san, féadfaidh an Coimisinéir, ar iarratas na cuideachtan san no an údaráis rátúcháin gur ina líomatáiste rátúcháin atá an ionoighreacht san suidhte agus le linn athscrúduithe bliantúla bheidh ar siúl i rith na gceithre mblian san, pé atharú (más aon cheann é) do dhéanamh is dóich leis is gá, maidir le meas-luach na hionoighreachta san, sna liostaí luachála athscrúduithe is túisce foillseofar tar éis an athscrúduithe sin.

(2) Má chítear don Choimisinéir, aon uair i rith an chéad cheithre bliana de thréimhse cúig mblian, meas-luach ionoighreachta bóthair iarainn, mar a bheidh sé i liost luachála athscrúduithe, do bheith mí-cheart de bhíthin carráide éigin cléireachais no áirimh, féadfa sé le linn an chéad athscrúduithe bhliantúla eile, pé atharú (más aon cheann é) do dhéanamh ar mheas-luach na hionoighreachta san is oiriúnach leis.

Fógra do thabhairt d'údaráis rátúcháin go bhfuiltear chun luachála do dhéanamh.

13. —Díreach sara dtosnóidh an Coimisinéir ar ghnó uile chuideachtan bóthair iarainn do luacháil, cuirfe sé go dtí príomhoifigeach feidhmiúcháin gach údaráis rátúcháin 'na bhfuil aon chuid den ghnó san suidhte ina líomatáiste feidhmiúcháin fógra go bhfuil sé chun na luachála san do dhéanamh.

Gearr-theideal.

14. —Féadfar Acht na mBóthar Iarainn (Luacháil i gcóir Rátaíochta), 1931 , do ghairm den Acht so.