46 1931


Uimhir 46 de 1931.


ACHT UM FHÓIRITHIN AR DHÍOMHAOINTEAS, 1931.


ACHT CHUN TUILLEADH SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN FÓIRITHINE AR DHÍOMHAOINTEAS AGUS AR GHÁTAR.                                   [15adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airgead áirithe do chur chun fóirithine ar dhíomhaointeas agus ar ghátar.

1. —(1) Déanfar £250,000 (dhá chéad agus caoga míle púnt) den tsuim atá, de bhuadh fo-ailt (1) d'alt 2 den Roads Act, 1920, mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis agus iontugtha amach as san sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1932, déanfar, in ionad é d'íoc isteach sa Ród-Chiste do réir fo-ailt (3) den alt san, é do chur i gcuntas ar leithligh a bhunóidh an tAire Airgid agus a bheidh fé n-a chúram.

(2) An tsuim is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do chur i gcuntas ar leithligh riarfar í agus cuirfear chun críche í chun congnaimh airgid do thabhairt, tré iasacht no tré dheontas i pé méideanna agus ar pé téarmaí agus coinníollacha cheadóidh an tAire Airgid, do pé scéimeanna chun fóirithine ar dhíomhaointeas agus ar ghátar a ordóidh an tAire sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht um Fhóirithin ar Dhíomhaointeas, 1931 , do ghairm den Acht so.