42 1931


Uimhir 42 de 1931.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (UIMH. 3), 1931.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH AGUS CHUN TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH.

[15adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Diúité ar choirce.

1. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir dhá scilling agus reul an céad meáchaint ar an gcoirce go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí coirce do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian an ráta iomláin i mbaint leo mar ráta lascaineach.

(3) Má bhíonn na Coimisinéirí Ioncuim sásta, maidir le haon choirce do bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, gur chun go n-úsáidfeadh an t-iomportálaí é chun aon earraí do dhéanamh i Saorstát Éireann atá an coirce sin á iomportáil agus má bhíonn trádáil easportála sna hearraí sin ar siúl ag an iomportálaí sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir pé coinníollacha do chólíonadh is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú don iomportálaí sin pé méid coirce d'iomportáil, gan an diúité sin d'íoc, a shocróid o am go ham is gá chun earraí do dhéanamh chun iad d'easportáil ag féachaint don chion de choirce iomportálta úsáideann an t-iomportálaí chun na n-earraí do dhéanamh chun iad d'easportáil.

(4) Má bhíonn na Coimisinéirí Ioncuim sásta, maidir le haon choirce do bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, go bhfuil sé do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur o Thuaisceart Éireann agus ag feirmeoir a chomhnuíonn i dTuaisceart Éireann atá sé á iomportáil; agus

(b) gur i dTuaisceart Éireann do fásadh é agus gurb é an t-iomportálaí d'fhás é; agus

(c) nách mó ná 30 céad meáchaint an méid iomportálann aon iomportálaí áirithe aon lá áirithe; agus

(d) gur chun go ndíolfadh an t-iomportálaí i mbaile margaidh é atá sé á iomportáil agus gur ar lá is lá margaidh sa bhaile sin atá sé á iomportáil;

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir pé coinníollacha do chólíonadh is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfaí an coirce sin gan an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc.

(5) Má bhíonn na Coimisinéirí Ioncuim sásta, maidir le haon choirce do bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, gur chun a churtha fé aon oibriú muilneoireachta atá sé á iomportáil agus go bhfuil toradh oibrithe an choirce sin le heasportáil ina dhiaidh sin, féadfaid, fé réir pé coinníollacha do chólíonadh is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfaí an coirce sin gan an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc.

Atharú ar an diúité ar mhin choirce.

2. —(1) In ionad an diúité chustum is inéilithe fé alt 7 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), éileofar, gearrfar agus íocfar diúité custum do réir sé scillinge an céad meáchaint ar an min choirce go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 24adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí min choirce do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian an ráta iomláin i mbaint leo mar ráta lascaineach.

(3) In ionad an ais-tarraic is iníoctha fé alt 16 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), lomhálfar, ón 24adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, amach, nuair a heasportálfar go cuibhe, no nuair a cuirfear ar bord luinge go cuibhe le húsáid mar stóranna, aon earraí gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon mhin choirce iomportálta is ionchurtha fé dhiúité fén alt so, lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité do híocadh fén alt so ar scór an méid den mhin choirce sin go mbeidh na Coimisinéirí Ioncuim sásta gur húsáideadh é i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ag lomháil ais-tarraic fén alt so dhóibh féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le toiliú ón Aire Airgid, chun trádáil do chur in usacht, gach ní no éinní dá n-éilítear le hailt 104 agus 106 den Customs Consolidation Act, 1876, maidir le tabhart urrúis agus le scrúdú na n-earraí, do mhaolú no déanamh dá éamais.

Cúram agus bainistí na ndiúitéthe.

3. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na diúitéthe forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 3), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.