41 1931


Uimhir 41 de 1931.


ACHT AIRGID (MÉADÚ CÁNACH IONCUIM), 1931.


ACHT CHUN CÁNACH IONCUIM IN AGHAIDH NA BLIANA DAR TOSACH AN 6adh LÁ D'ABRÁN, 1931, D'ÉILEAMH DO RÉIR RÁTA MHÉADUITHE AGUS CHUN ATHARÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE CÁIN IONCUIM FÉ MAR IS GÁ CHUN AN ÉILIMH SIN DO CHUR IN ÉIFEACHT.

[20adh Mí na Samhna, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Cáin ioncuim in aghaidh na bliana 1931-32 do mhéadú.

1. —In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, éileofar cáin ioncuim do réir ráta thrí scillinge agus reul fén bpúnt in ionad an ráta de thrí scillinge fén bpúnt a luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Acht Airgid, 1931 (Uimhir 31 de 1931), agus, fé réir forálacha an Achta so, bainfidh fo-alt (3) den alt san maidir leis an gcáin ioncuim sin a héileofar fén alt so díreach fé mar do bhí baint aige maidir leis an gcáin ioncuim do héilíodh fén alt san.

Asbaint do dhéanamh dleathach.

2. —(1) Ní bheidh éinní do rinneadh roimh an Acht so do rith nea-dhleathach de chionn ní ar bith atá san Acht so ná ní bheidh aon asbaint maidir le cáin ioncuim do rinneadh roimh an Acht so do rith, no a déanfar laistigh de dheich lá tar éis ama an rithte sin, nea-dhleathach ná mí-cheart de chionn ní ar bith atá san Acht so más asbaint í do bheadh ina hasbaint cheart, i gceachtar cás acu san, dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) Gach asbaint maidir leis an gcáin ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, do rinneadh roimh an Acht so do rith tré fhéachaint chun ráta de thrí scillinge agus reul fén bpúnt áirmheofar í chun gach críche (agus ortha san crícheanna aon imeachta dlí do bunuíodh roimh an Acht so do rith) fé is dá mba tré fhéachaint chun ráta chirt na cánach san a déanfaí í.

Atharú do theacht ar an gcáin a héilítear i gcáinmheasa.

3. —(1) An méid is iníoctha de bhuadh aon cháinmheasa, do rinneadh roimh an Acht so do rith, chun cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, tuigfear, de bhuadh an Achta so agus gan a thuilleadh, an t-atharú do bheith déanta air is gá chun éifeachta do thabhairt don atharú a dheineann an tAcht so ar ráta na cánach san.

(2) I gcás inar tugadh fógra cáinmheasa amach roimh an Acht so do rith agus ina dtuigtear leis an alt so an méid is iníoctha de bhuadh an cháinmheasa san do bheith atharuithe ní gá aon fhógra eile ar an gcáinmheas san do thabhairt amach ná aon fhógra do thabhairt ar an atharú san ar an méid is iníoctha de bhuadh an cháinmheasa san.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt so i gcás ioncuim atá ioncháinmheasta fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, no fé Riail 6 no Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D den Acht san.

Slánú ar asbaint nea-dhóthanach.

4. —(1) I gcás ioncuim atá ion-cháinmheasta fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, no fé Riail 6 no Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha bhaineann le Sceideal D den Acht san no i gcás íocaíocht a thagann fé Riail 21 de sna Rialacha Generálta bhaineann leis na Sceidil go léir den Acht san déanfar aon easnamh sa mhéid do baineadh, mar gheall ar cháin ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, as íocaíocht do rinneadh roimh an Acht so do rith no laistigh de dheich lá dá éis sin, déanfar, má sé an t-atharú dheineann an tAcht so ar ráta na cánach san fé ndeár an t-easnamh san, é do shlánú sa mhéid is féidir é tríd an méid do mhéadú éilíonn no údaruíonn an dlí do bhaint as an gcéad íocaíocht eile agus (sa mhéid gur gá é) as aon íocaíocht ina dhiaidh sin a déanfar tar éis an Achta so do rith agus laistigh de bhliain agus deich lá o am an rithte sin.

(2) Déanfar easnamh a slánófar fén alt so do chur i gcuntas agus é do cháinmheas no do bhaint amach, do réir mar bheidh, sa tslí chéanna ina ndéanfar an cháin a baineadh as an íocaíocht bhunuigh do chur i gcuntas agus í do cháinmheas no do bhaint amach.

Alt 211 den Income Tax Act, 1918, d'atharu.

5. —(1) Beidh éifeacht ag alt 211 (a bhaineann le cáin nár héilíodh no nár baineadh as ioncum roimh an Acht bliantúil do rith d'éileamh agus do bhaint as ioncum bliain ar bith) den Income Tax Act, 1918, maidir leis an gcáin ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) léireofar an abairt “the passing of the Act imposing the tax for that year” mar abairt a chialluíonn an t-aonú lá déag tar éis an Achta so do rith;

(b) fágfar ar lár na focail “half-yearly or quarterly” atá i bhfo-alt (1) den alt san;

(c) cuirfear isteach na focail “or the person by or through whom the payments were made, as the case may be” i bhfo-alt san (1) i ndiaidh na bhfocal “the agents entrusted with the payment of the interest, dividends, or other annual profits or gains”;

(d) bainfidh fo-alt (2) den alt san—

(i) le haon cháin údair no suim eile a híoctar mar gheall ar úsáid phaitinne agus as a bhféadfar cáin do bhaint fé mhír 2 de Riail 19 de sna Rialacha Generálta bhaineann le gach Sceideal den Income Tax Act, 1918, agus

(ii) le haon dividendum as a bhféadfar cáin do bhaint fé Riail 20 de sna Rialacha Generálta san,

fé mar a bhaineann sé la haon chíos, ús, blianacht no íocaíocht bhliantúil eile;

(e) déanfar, san áit dheiridh ina bhfuil sí i bhfo-alt (2) den alt san, an tagairt don Acht le n-a bhforchuirtear cáin in aghaidh na bliana do léiriú mar thagairt don Acht so.

(2) Sa mhéid go mbaineann na hatharuithe dheineann an t-alt so ar alt 211 den Income Tax Act, 1918, le cás le n-a mbaineann alt 4 den Acht so beidh éifeacht acu fé réir forálacha an ailt sin 4.

Teora leis na forálacha san roimhe seo.

6. —Ní bheidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den Acht so (lasmuich den chéad alt de) ach amháin i dtaobh no i gcóir críche an atharuithe do rinne an chéad alt san i ráta na cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, agus ní níos sia ná san.

Cúram agus bainistí cánach.

7. —Deintear leis seo an cháin a forchuirtear leis an Acht so do chur fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim.

Gearr-theideal agus léiriú

8. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Méadú Cánach Ioncuim), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so maraon leis na hAchtanna Cánach Ioncuim.