38 1931


Uimhir 38 de 1931.


ACHT DIÚITÉTHE CUSTUM (GEARRADH SEALADACH), 1931.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DON ARD-CHOMHAIRLE AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA DIÚITÉTHE CUSTUM DO GHEARRADH NO D'ATHARÚ GO SEALADACH I gCÁS GO bhFEICFEAR GUR GÁ AN GEARRADH NO AN tATHARÚ SAN DO DHÉANAMH LÁITHREACH CHUN COSC DO CHUR LE hEARRAÍ GO mBEIDH COINNE LEO DO SCAOILEADH ISTEACH NO LE DÍOBHÁIL EILE IS BAOLACH DO THÁRLÓDH DO THIONNSCAL, AGUS CHUN CAOI DO THABHAIRT DO DHÁIL ÉIREANN AR AN nGEARRADH NO AR AN ATHARÚ SAN DO BHREITHNIÚ, CHUN A ÚDARÚ GO gCUIRFÍ CEISTEANNA BHAINEAS LEIS NA DIÚITÉTHE SIN FÉ BHRÁID CHOIMISIÚIN NA nDLEACHT AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [5adh Mí na Samhna, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Comhacht don Ard-Chomhairle diúitéthe custum do ghearradh no d'atharú.

1. —Pé uair a bheidh an Ard-Chomhairle sásta ar fháil tuarasgabhála ón Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur gá diúité custum do ghearradh no d'atharú láithreach ar aon tsaghas áirithe earraí chun cosc do chur le hearraí den tsaghas san go mbeidh coinne leo do scaoileadh isteach no le hearraí den tsaghas san go mbeidh coinne leo d'iomportáil, sé sin, scaoileadh isteach no iomportáil a thiocfadh de dheascaibh nithe do thárlachtaint i gcúrsaí airgeadais no eile i dtíortha eile agus a thárlóidh i slí do dhéanfadh díobháil do thionnscal, féadfaidh an Ard-Chomhairle—

(a) mara mbeidh aon diúité custum i bhfeidhm an uair sin maidir le hearraí den tsaghas áirithe sin, le hordú, diúité custum, de pé méid is dóich leo is ceart do luadh san ordú san, agus maille le coinníollacha, srianta, no saoirsí no dá n-éamais, do ghearradh ar gach earra den tsaghas áirithe sin a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar lá luadhfar san ordú san no dá éis (lá nách túisce ná lá déanta an orduithe sin) agus (más oiriúnach leis an Ard-Chomhairle a luadh) ar gach earra den tsaghas áirithe sin a cuirfear i dtír i Saorstát Éireann an lá san no dá éis; no

(b) má bhíonn diúité custum i bhfeidhm an uair sin maidir le hearraí den tsaghas áirithe sin, atharú do dhéanamh, le hordú, maidir le hearraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar lá luadhfar san ordú san no dá éis (lá nách túisce ná lá déanta an orduithe sin) agus (más oiriúnach leis an Ard-Chomhairle a luadh) maidir le hearraí cuirfear i dtír i Saorstát Éireann an lá san no dá éis, ar an diúité custum san ar gach slí no ar aon tslí acu so leanas, sé sin le rá, tré ráta an diúité sin do mhéadú pé méid no tré pé coinníollacha no srianta d'fhorchur no tré dheireadh do chur le pé saoirsí is dóich leis an Ard-Chomhairle i ngach cás fé leith is ceart do luadh san ordú san.

Eifeacht ag orduithe déanfar fén Acht so.

2. —(1) Ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so beidh éifeacht aige láithreach tar éis a dhéanta agus scuirfidh d'éifeacht do bheith aige má thárlann no nuair a thárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) más rud é ná déanfaidh Dáil Éireann rún, ag ceadú an orduithe sin, go n-atharú no gan atharú, do rith laistigh den deich lá shuidhfidh Dáil Éireann tar éis lá déanta an orduithe sin;

(b) más rud é ná déanfaidh Dáil Éireann Bille ina mbeidh forálacha ag a mbeidh an éifeacht chéanna (go n-atharú no gan atharú) bheidh ag forálacha an orduithe sin do léigheamh an dara huair laistigh den fhiche lá shuidhfidh Dáil Éireann tar éis do Dháil Éireann rún ag ceadú an orduithe sin (go n-atharú no gan atharú) do rith;

(c) má dhiúltuíonn Dáil Éireann do sna forálacha san den Bhille sin le linn an Bhille sin do bheith ag gabháil tríd an Oireachtas;

(d) Acht den Oireachtas ina mbeidh forálacha ag a mbeidh an éifeacht chéanna (go n-atharú no gan atharú) bheidh ag forálacha an orduithe sin do theacht i ngníomh;

(e) tréimhse de cheithre mhí do bheith caithte o lá déanta an orduithe sin.

(2) Más rud é, laistigh den deich lá shuidhfidh Dáil Éireann tar éis don Ard-Chomhairle ordú do dhéanamh fén Acht so, go rithfidh Dáil Éireann rún ag ceadú an orduithe sin go n-atharuithe, déanfaidh an rún san an t-ordú san d'atharú do réir an rúin sin, agus beidh éifeacht ag an ordú san agus é atharuithe amhlaidh o am rithte an rúin sin go dtí go scuirfidh an t-ordú san fén Acht so d'éifeacht do bheith aige.

Feidhm ag achtacháin ghenerálta.

3. —(1) Pé uair a gearrfar diúité custum le hordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so, ansan, na hachtacháin do bhí i bhfeidhm maidir le diúitéthe custum i gcoitinne díreach roimh an ordú san do dhéanamh, beidh feidhm agus éifeacht acu, maidir leis an diúité custum a gearrfar amhlaidh, faid a bheidh éifeacht ag an ordú san, pe'ca go n-atharú no gan atharú dho.

(2) Pé uair a hatharófar diúité custum le hordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so, ansan, na hachtacháin uile do bhí i bhfeidhm maidir leis an diúité custum san díreach roimh an ordú san do dhéanamh, beidh feidhm agus éifeacht acu maidir leis an diúité custum san, agus é atharuithe amhlaidh, faid a bheidh éifeacht ag an ordú san, pe'ca go n-atharú no gan atharú dho.

Aisíoca do dhéanamh nuair a scuirfidh orduithe d'éifeacht do bheith acu no nuair a hatharófar iad.

4. —(1) Pé uair a scuirfidh ordú do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht so d'éifeacht do bheith aige (seachas tré theacht i ngníomh d'Acht den Oireachtas ina mbeidh forálacha ag a mbeidh an éifeacht chéanna, go n-atharú no gan atharú, bheidh ag forálacha an orduithe sin) déanfar gach airgead do híocadh do réir an orduithe sin d'aisíoc no cúiteamh do thabhairt ann.

(2) Pé uair a bheidh éifeacht ag ordú do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht so agus atharú air do rinneadh air le rún do rith Dáil Éireann, déanfar gach airgead do híocadh (pe'ca roimh an rún san do rith no dá éis sin é) do réir an orduithe sin agus ná beadh iníoctha fén ordú san agus é atharuithe amhlaidh d'aisíoc no cúiteamh do thabhairt ann.

(3) Pé uair a thiocfaidh Acht den Oireachtas i ngníomh agus forálacha ann ag a mbeidh an éifeacht chéanna, go n-atharú, bheidh ag forálacha orduithe do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht so agus a scuirfidh an t-ordú san, de bhuadh an Achta san do theacht i ngníomh, d'éifeacht do bheith aige, déanfar gach airgead do híocadh do réir an orduithe sin agus ná beadh iníoctha fén Acht san d'aisíoc no cúiteamh do thabhairt ann.

Comhacht chun ceisteanna áirithe do chur fé bhráid Choimisiúin na nDleacht.

5. —Féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leo é, aon chúrsa no ceist a bhaineann le buanú no atharú diúité chustum do gearradh no do hatharuíodh le hordú ón Ard-Chomhairle fén Acht so, no le deireadh do chur leis, do chur fé bhráid Choimisiúin na nDleacht fé alt 2 den Acht um Choimisiún na nDleacht, 1926 ( Uimh. 40 de 1926 ), agus déanfaidh Coimisiún na nDleacht gach cúrsa no ceist a cuirfear fé n-a mbráid amhlaidh do bhreithniú agus tuarasgabháil do thabhairt air fé is dá mba chúrsa no ceist é do cuirfí fé n-a mbráid fé alt 2 den Acht um Choimisiún na nDleacht (Leasú), 1930 ( Uimh. 31 de 1930 ).

Gearr-theideal agus ré.

6. —(1) Féadfar an tAcht Diúitéthe Custum (Gearradh Sealadach), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann naoi mí o am a rithte agus raghaidh in éag ansan.