|
|||||
|
ACHT NA MÁINLIAIGH BEITHÍOCH, 1931
[EN] | ||
[EN] |
DARA SCEIDEAL. Rialacha chun Baill Thoghtha den Chomhairle do Thogha i dToghachan Bliantuil. | |
[EN] | 1. Is mar dhá thoghachán ar leithligh, ar n-a gcomóradh san am gcéanna, a stiúrófar an toghachán a déanfar, i dtoghachán bliantúil, chun daoine do thogha chun bheith ina mbaill thoghtha ghenerálta den Chomhairle agus an toghachán a déanfar, sa toghachán bhliantúil sin, chun daoine do thogha chun bheith ina mbaill thoghtha theoranta den Chomhairle agus tuigfear dá réir sin, chun crícheanna na Rialacha so, gur toghachán ar leithligh gach toghachán fé leith acu san agus déanfar an focal “toghachán” do léiriú sna Rialacha so dá réir sin. | |
[EN] | 2. Is i scríbhinn a hainmneofar gach iarrthóir agus isiad a thairgfidh é agus a chuideoidh leis fé seach ná dhá mháinliaigh bheithíoch chláruithe ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus teideal acu vótáil sa toghachán, agus beidh gach ainmniúchán den tsórt san sighnithe ag an iarrthóir agus ag á thairgtheoir agus ag á chuiditheoir. | |
[EN] | 3. Gach éinne bheidh i dteideal vótála i dtoghachán beidh sé i dteideal vótála le hoiread iarrthóirí agus bheidh folúntaisí le líonadh sa toghachán san agus ní le níos mó ná san. | |
[EN] | 4. Cuirfidh an ceann cóimhrimh páipeur vótála tríd an bpost chun gach éinne bheidh i dteideal vótála sa toghachán ach ní bheidh an toghachán nea-dhleathach de dheascaibh é do theip air páipeur vótála do chur chun éinne áirithe den tsórt san. | |
[EN] | 5. Einne bheidh i dteideal vótála sa toghachán agus ná cuirfidh an ceann cóimhrimh páipeur vótála chuige beidh sé i dteideal páipeur vótála d'fháil ar a iarraidh sin do ar an gceann cóimhrimh. | |
[EN] | 6. Déanfaidh daoine bheidh i dteideal vótála sa toghachán a bpáipéirí vótála do chur tríd an bpost no ar aon tslí eile chun an chinn chóimhrimh no iad do sheachadadh dho, ag an seoladh do bhéarfa sé uaidh chun na críche sin. | |
[EN] | 7. Ar an lá agus ar an uair agus san áit a cheapfaidh an ceann cóimhrimh chuige déanfaidh iniúchóir fé chairt no iniúchóir cáilithe eile cheapfaidh an ceann cóimhrimh na vótanna do tugadh le páipéirí vótála do fuair an ceann cóimhrimh roimh an lá san do chóimhreamh i láthair an chinn chóimhrimh. | |
[EN] | 8. I ngach toghachán bliantúil déanfar na vótanna do tugadh sa toghachán do rinneadh chun daoine do thogha chun bheith ina mbaill thoghtha ghenerálta do chóimhreamh agus tora an toghacháin d'fháil amach sara dtosnófar ar na vótanna do chóimhreamh do tugadh sa toghachán do rinneadh chun daoine do thogha chun bheith ina mbaill thoghtha theoranta, agus le linn na vótanna sa toghachán deiridh sin a luaidhtear do chóimhreamh tuigfear aon iarrthóir sa toghachán san do toghadh sa chéad toghachán san a luaidhtear do bheith tar éis tarrac siar o bheith ina iarrthóir agus, dá réir sin, tabharfar neamh-áird ar na vótanna tugadh do. | |
[EN] | 9. Má bhíonn foth-fholúntas no foth-fholúntaisí le líonadh i dtoghachán tuigfear gur toghadh chun an fholúntais nách fothfholúntas an duine toghtha is mó do fuair vótanna agus tuigfear gur toghadh an duine no na daoine toghtha eile chun an fhothfholúntais sin no na bhfoth-fholúntaisí sin agus, má bhíonn níos mó ná ceann amháin ann, tuigfear an té is mó fuair vótanna do bheith toghtha chun an fholúntais is mó go mbeidh an téarma oifige ghabhann leis gan caitheamh. | |
[EN] | 10. Ní cóimhreofar vótanna do tugadh le páipéirí vótála do gheobhaidh an ceann cóimhrimh ar an lá no tar éis an lae do cheap sé chun na vótanna do chóimhreamh. | |
[EN] | 11. An modh chun páipéirí vótála do chur ar aghaidh agus d'fháil agus do chóimhreamh beidh sé de shaghas a choimeádfaidh an vótáil sicréideach. | |
[EN] | 12. Beidh gach iarrthóir i dteideal bheith i láthair le linn cóimhreamh na vótanna, ach ní bheidh éinne eile i láthair gan cead ón gceann cóimhrimh. | |
[EN] | 13. Nuair a bheidh cóimhreamh na vótanna críochnuithe cuirfidh an ceann cóimhrimh chun na Comhairle i scríbhinn fé n-a láimh ainm no ainmneacha an duine no na ndaoine do toghadh agus pé mion-innste eile is gá fén Acht so i dtaobh an toghacháin. |