33 1931


Uimhir 33 de 1931.


ACHT IASCAIGH (IASACHTAÍ D'ATH-SCRÚDÚ), 1931.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA SUIMEANNA IS IONAISÍOCTHA ALOS IASACHTAÍ ÁIRITHE DO TUGADH AMACH AS AIRGEAD PUIBLÍ CHUN CRÍCHEANNA BHAINEAS LE hIASCACH MARA DO MHAITHEAMH NO DO LAIGHEADÚ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA bhFARASBARR D'IASACHTAÍ EILE DEN tSÓRT SAN NACH FÉIDIR DO BHAINT AMACH DO SCRIOSADH AMACH.

[31adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte agus Iascaigh;

cialluíonn an focal “iasacht” iasacht do thug Roinn Talmhaíochta agus Cheárd-Oideachais na hÉireann, Bord na gCeanntar gCumhang in Éirinn, no an tAire Iascaigh uatha roimh an Acht so do rith, chun bád iascaigh mhara do sholáthar, chun fearais do sholáthar i gcóir bád iascaigh mhara, chun gléis iascaigh mhara do sholáthar, no chun aon chríche eile bhaineas le hiascach mara, no do thug an tAire uaidh chun aon chríche den tsórt san roimh an Acht so do rith no dá éis sin.

Iasachtaí do mhaitheamh no do laigheadú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, maitheamh do dhéanamh sa bhfarasbarr no in aon chuid den fharasbarr atá gan aisíoc, le linn an Achta so do rith, ar scór aon iasachta tugadh roimh an Acht so do rith.

(2) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, maitheamh ar bith a húdaruítear leis an alt so do dhéanamh gan coinníoll no ar choinníoll go ndéanfaidh duine ar bith bheidh freagarthach (pe'ca mar iarrthach, urra, no eile é) sa bhfarasbarr a maithfear amhlaidh pé coinníollacha do chólíonadh is oiriúnach leis an Aire do chur air le haontú an Aire Airgid agus, go sonnrách, coinníollacha i dtaobh íocaíochta d'íoc ar scór an fharasbairr sin laistigh d'aimsir áirithe agus i dtaobh aon bháid, fearais, no gléis iascaigh d'aistriú chun an Aire no chun éinne eile.

Eisceacht maidir le freagarthacht urraí.

3. —Má mhaitheann an tAire, fén Acht so, cuid den tsuim atá gan aisíoc ar scór iasachta le linn an Achta so do rith, ní dhéanfaidh san duine ar bith bheidh freagarthach mar urra in aisíoc na hiasachta san do shaoradh o bheith freagarthach in iarsma na suime sin.

Farasbairr nách féidir do bhaint amach do scriosadh amach.

4. —Ar bheith sásta don Aire Airgid, maidir le hiasacht ar bith (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do tugadh í), nách féidir an farasbarr di bheidh gan aisíoc de thurus na huaire do bhaint amach, féadfa sé a údarú don Aire an farasbarr san do seriosadh amach mar fhiacha nách féidir do bhaint amach agus leis sin déanfaidh an tAire an farasbarr san do scriosadh amach dá réir sin.

Cuntaisí do leagadh fé bhráid an Oireachtais.

5. —(1) Leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, pé tráthanna ordóidh agus o am go ham fé mar ordóidh an tAire Airgid, cuntaisí ina dtaisbeánfar na suimeanna do maitheadh no do scriosadh amach fén Acht so alos iasachtaí o ritheadh an tAcht so no ón gcuntas deiridh roimhe sin (pe'ca aca is gá sa chás).

(2) Gach cuntas a leagfar fé bhráid Tithe an Oireachtais fén alt so beidh sé i pé fuirm agus pé mion-innste ann ordóidh an tAire Airgid.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar an tAcht Iascaigh (Iasachtaí d'Ath-Scrúdú), 1931 , do ghairm den Acht so.