An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Diuitethe Bais.) Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach agus Generalta.)

31 1931

ACHT AIRGID, 1931

CUID IV.

Cain Phroifit Chorparaide.

Alt 33 den Acht Airgid, 1929 , do leasú.

30. —Leasuítear fo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna figiúirí “1934” do chur in ionad na bhfigiúirí “1931” atá sa bhfo-alt san anois, agus

(b) tríd an bhfocal agus an mír seo leanas do chur i ndeireadh an fho-ailt sin, sé sin le rá:—

“ná

(e) i gcás Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, le haon chuid de phroifití na corporáide sin.”

agus dearbhuítear leis seo go léireofar an fo-alt san agus go mbeidh éifeacht aige agus go dtuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.