An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) Ar Aghaidh (CUID III. Diuitethe Bais.)

31 1931

ACHT AIRGID, 1931

CUID II.

Custuim agus Mal.

Diúité ar íleacha éadtroma híodrocarbóin mhinearáil.

5. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir tuistiún an galún ar gach íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin, agus ar gach íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann roimh an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, agus do cuireadh i dtír i Saorstát Éireann ar an dáta san no dá éis.

(2) Má bhíonn na Coimisinéirí Ioncuim sásta go dteastuíonn aon íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil chun iad d'úsáid mar tháthchuid i ndéanamh earraí nách de chineál íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil no nách earraí ná fuil ionta ach meascán no cumasc de sna híleacha san go dtáthchuid éigin ar nós abhair dhaithte no gan a leithéid féadfaid, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leo d'ordú, a cheadú go ndéanfar na híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar aon choinníoll dá n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim fén bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós de chaoga púnt in aghaidh gach cionta agus geallbhruidfear aon íle éadtrom híodrocarbóin mhinearáil gur ina taobh do rinneadh an sárú san.

(4) Má bhíonn aon íle no íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil mar chuid no mar tháthchuid d'aon earraí déanta no ullmhuithe a hiomportálfar, agus gur dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nách meascáin ná cumaisc d'íleacha éadtroma híodrocarbóin is mó atá sna hearraí sin agus ná fuilid oiriúnach ná ná teastuíd chun iad d'úsáid in ionad aon íle no íleacha éadtroma híodrocarbóin ná chun iad do bhaint amach ina dhiaidh sin, ní bheidh feidhm ag alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an íle no na híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil a bheidh sna hearraí sin.

(5) Ar aon íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil d'easportáil o Shaorstát Éireann no iad do chur ar bord luinge no i dtaisce i mbanna-stóras le húsáid mar stóranna luinge agus ar aon íleacha den tsórt san do chur ar bord aon aer-árthaigh le húsáid ar thurus go háit lasmuich de Shaorstát Éireann lomhálfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité taisbeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim do bheith íoctha ar na hearraí.

(6) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an diúité forchuirtear agus leis an ais-tarrac a lomháltar leis an alt so, sé sin le rá:—

(a) na forálacha d'alt 98 den Customs Consolidation Act, 1876, a bhaineann le diúité d'éileamh ar mhéid na n-earraí mar a gheobhfar amach é do réir a meáchainte, a dtomhais no a nirt le linn a seachadtha, bainfid le híleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil nuair a tógfar amach as stóras iad le húsáid sa bhaile fé mar a bhainid leis na hearraí a heiscítear go speisialta agus a luaidhtear san alt san 98;

(b) fé réir pé coinníollacha do chólíonadh fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh urrúis do thabhairt ar na hearraí d'ath-easportáil, ní bheidh an diúité inéil ithe ar íleacha éadtroma híodrocarbóin minearáil a hiomportálfar chun iad d'easportáil tar éis turuis tré Shaorstát Éireann no tré n-a n-aistriú o luing go luing eile;

(c) más rud é, chun aon aisíoca sa diúité d'fháil, go ndéanfaidh éinne no go gcuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon ráiteas no aon chúis do phlé bheidh neamh-fhíor in aon phonc táchtach, dlighfear pionós custum is cóionann le trí oiread luach na n-earraí (agus an diúité d'áireamh) no pionós custum de chéad púnt do chur air, pe'ca aca is rogha leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus geallbhruidfear na hearraí gur ina dtaobh do rinneadh an cionta.

(7) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “íleacha éadtroma híodrocarbóin” íleacha híodrocarbóin go stillíonn caoga per cent. ar a laighead de do réir toirte fé theas nách mó ná 185 gráid chentigráid, no go stillíonn cúig nochad per cent. ar a laighead de do réir toirte fé theas nách mó ná 240 grád centigráid, no go n-eiríonn gal so-lasta asta fé theas is lugha ná 22.8 de ghráid chentigráid nuair a tástáltar iad sa tslí foráltar leis na hAchtanna bhaineann le petróleum.

Is do réir mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim a bheidh an modh chun íleacha do thástáil féachaint a bhfuilid do réir na bhforálacha den fho-alt so bhaineann le toirt áirithe dhíobh do stilleadh fé theas áirithe.

Diúitéthe breise ar shiúicre.

6. —(1) I dteanta na ndiúitéthe agus na n-ais-tarraicí custum agus an liúntais chustum a bhaineann le siúicre, le molás, le glúcós, agus le sacairín fé láthair éileofar, gearrfar, agus íocfar ar an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, agus as san amach, na diúitéthe luaidhtear sa dara colún de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na haistarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II. den Sceideal san.

(2) I dteanta na ndiúitéthe agus na n-ais-tarraicí máil agus an liúntais mháil a bhaineann le siúicre, le molás, le glúcós, agus le sacairín fé láthair, éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, agus as san amach, na diúitéthe luaidhtear sa tríú colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus íocfar agus lomhálfar na hais-tarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san.

(3) I dteanta na ndiúitéthe máil atá ann fé láthair déanfar na diúitéthe luaidhtear sa tríú colún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar a mbeidh de shiúicre, de mholás, de ghlúcós, agus de shacairín ar láimh, ar an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, ag an té do rinne an céanna agus i dteanta na n-ais-tarraicí agus an liúntais atá ann fé láthair íocfar agus lomhálfar maidir leis na hearraí sin na hais-tarraicí agus an liúntas atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal san.

(4) Más rud é, roimh an Acht so do rith, go ndearna duine connradh chun biatais shiúicre do cheannach chun siúicre do dhéanamh as agus go mbeidh an siúicre sin, má deintear amhlaidh é, ionchurtha fé sna diúitéthe máil a forchuirtear leis an alt so, ní bheidh éifeacht, maidir leis na diúitéthe custum a forchuirtear leis an alt so, ag foráil ar bith sa chonnradh san tré n-a mbeadh an praghas is iníoctha fén gconnradh san ar an mbiatas siúicre sin ion-atharuithe dá ndeintí atharú ar na diúitéthe iomportála ar shiúicre.

Atharú ar an diúité ar mhilseoga siúicre.

7. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 15 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), mar a leasuítear é le halt 25 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), le halt 15 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), agus le halt 20 den Acht Air gid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar ar na milseoga siúicre go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin diúité custum do réir tuistiún agus ceithre chúigiú de phingin an púnt, i dteanta diúité ar bith is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín sna milseoga siúicre sin ach in ionad diúité ar bith do bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile sna milseoga siúicre sin.

(2) I gcás torthaí (nách ionchurtha fé dhiúité mar thorthaí) i sioróip a hiomportálfar i gcannaí stáin séaluithe, is do réir na rátaí laigheaduithe seo leanas, in ionad an ráta iomláin de thuistiún agus ceithre chúigiú de phingin, a héileofar agus a gearrfar an diúité forchuirtear leis an alt so, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh níos mó ná triocha a trí agus trian per cent. d'abhar chun milsithe sna torthaí sin, pingin agus cúigiú de phingin an púnt, agus

(b) má bhíonn níos mó ná triocha a trí agus trian per cent. d'abhar chun milsithe sna torthaí sin, trí pingne agus trí chúigiú de phingin an púnt.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “milseoga siúicre” milseoga do rinneadh de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina bhfuil an céanna agus ná fuil cócó ionta, agus foluíonn sí aráin, brioscaí, cácaí, meascáin cháca, putóga agus púdair (nách púdair leighis) do milsíodh le siúicre no le habhar eile chun milsithe, agus ná fuil cócó ionta, agus fós milseáin, subhanna, marmaláidí, agus geiléthe ná fuil cócó ionta, agus fós croicne agus torthaí atá crústaithe, criostalaithe no leasuithe ar aon tslí eile le siúicre no le haon abhar eile chun milsithe agus ná fuil cócó ionta, ach ní fholuíonn sí sinseur a bheidh leasuithe i sioróip agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann i mbaraillí no i gcaisc adhmaid ina raghaidh céad meáchaint ar a laighead.

(4) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur san alt san in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” fé is dá ndeintí milseoga siúicre, mar a mínítear san alt so iad, do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Atharú ar dhiúitéthe ar earraí bheidh déanta de shiúicre, etc., no ina mbeidh siúicre, etc.

8. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 22 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach earra (nách milseoga siúicre, meascán cócó, beoir, uiscí buird, luibh-bheoir, lionn ubhall, lionn pioraí, fíon, tobac, biotáille, ná aon earra ar a bhforchuirtear diúité le halt 21 den Acht Airgid, 1928 ) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin, agus a bheidh déanta de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina mbeidh siúicre no an t-abhar san, na diúitéthe custum so leanas, sé sin le rá:—

(a) más do réir mheáchainte a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta pingin is trí feoirlingí an púnt;

(b) más do réir tomhais a horduítear sna liostaí oifigiúla iomportála na hearraí a iontráil ar a n-iomportáil, diúité do réir ráta scilling agus cuig pingne an galún.

(2) An diúité forchuirtear leis an alt so, beidh sé mar bhreis ar aon diúité is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra ach beidh sé in ionad aon diúité do bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táth chuid eile do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na hearra.

(3) Ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so.

Atharú ar an diúité ar mheascáin chócó.

9. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 16 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach meascán do rinneadh de chócó i bhfuirm ar bith no ina bhfuil a leithéide agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 11adh lá de Mheitheamh, 1931, no dá éis sin, diúité custum do réir ráta reul agus trí chúigiú de phingin an púnt i dteanta aon diúité is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín in aon mheascán den tsórt san ach in ionad aon diúité bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile in aon mheascán den tsórt san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur san alt san in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” fé is dá ndeintí meascáin do rinneadh de chócó i bhfuirm ar bith no ina bhfuil a leithéide do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) On 11adh lá de Mheitheamh, 1931, amach, nuair a heasportálfar go cuibhe no nuair a cuirfear ar bord luinge go cuibhe le húsáid mar stóranna luinge aon earraí gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon mheascán iomportálta do rinneadh de chócó i bhfuirm ar bith no ina bhfuil a leithéide agus is ionchurtha, mar mheascán den tsórt san, fén diúité forchuirtear leis an alt so, lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité do híocadh fén alt so ar scór an méid den mheascán san is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí.

(4) Ag lomháil ais-tarraic fén alt so dhóibh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le haontú ón Aire Airgid, chun trádáil do chur in usacht, gach ní no éinní dá n-éilítear le hailt 104 agus 106 den Customs Consolidation Act, 1876, maidir le tabhairt urrúis agus le scrúdú earraí, do mhaolú no déanamh dá éamais.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

10. —(1) Na diúitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh (fé réir an diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile ath-sheinnte ceoil agus an diúité ar scannán fholamh gan pictiúir air agus an diúité ar ghluaisteáin (ar a n-áirítear mótar-rothair agus mótarrothair thréanacha) agus ar chabhartha dhóibh agus ar fhíorchoda dhíobh nách buinn d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1931, le halt 7 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1931, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1932, fé réir na n-eisceacht roimhráite agus fós fé réir eisceacht do dhéanamh de scannáin chinematografacha (nách scannáin go dtaisbeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim gur nuacht is mó atá ortha) a hiomportálfar an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin, agus a bheidh ceaptha no beartuithe chun pictiúirí no éifeachtaí radhairc eile do thaisbeáint le cinematograf no le gléas eile den tsórt san in éineacht le fuaimeanna gutha no eile do thabhairt no d'ath-thabhairt amach go meceaníciúil leis an ngléas céanna no le gléas eile.

(2) Eileofar, gearrfar, agus íocfar, ar gach scannán cinematografach (nách scannán go dtaisbeánfar chun sástacha na gCoimisinéirí Ioncuim gur nuacht is mó atá air) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá de Bhealtaine, 1932, agus a bheidh ceaptha no beartuithe chun pictiúirí no éifeachtaí radhairc eile do thaisbeáint le cinematograf no le gléas eile den tsórt san in éineacht le fuaimeanna gutha no eile do thabhairt no d'ath-thabhairt amach go meceaniciúil leis an ngléas céanna no le gléas eile, diúité custum do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

Ar gach troigh ar faid de atá 1⅜ órlach ar leithead.

£

s.

d.

Scannáin díorchló, sé sin le rá scannáin a bheidh

ullamh le húsáid     ...     ...     ...

--

--

3

Scannáin chlaonchló, sé sin le rá scannáin o n-ar féidir scannáin díorchló do

chlóbhualadh     ...     ...     ...     ...     ...

--

1

3

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chabhair chun oideachais aon scannán cinematografach a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité ar scannáin chinematografacha a háirmhítear do theacht agus ná heiscítear o theacht fé sna diúitéthe nua iom portála a buanuítear le fo-alt (1) den alt so, no é do leigint saor o íoc an diúité forchuirtear le fo-alt (2) den alt so (pe'ca aca is gá sa chás).

(4) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe buanuítear le fo-alt (1) den alt so agus leis an diúité forchuirtear le fo-alt (2) den alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur san alt san in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

11. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus do buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1931, le halt 8 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1931, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1932.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe buanuítear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur san alt san in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

Ais-tarrac ar fhíor-choda de chreata leapan.

12. —Má taisbeántar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim, maidir le haon fhíor-chuid iomportálta de chreat leapan a bheidh déanta ar fad de mhiotal agus ar ar híocadh go cuibhe an diúité dob inéilithe uirthi fé alt 18 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), gur húsáideadh í mar fhíor-chuid chun aon chreat leapan críochnuithe do dhéanamh no do chur le chéile i Saorstát Éireann agus nár húsáideadh chun aon chríche eile í, lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité do híocadh amhlaidh ar an gcreat leapan críochnuithe sin do heasportáil go cuibhe mar earra cheannaíochta.

Saoirse o dhiúité ghluaisteáin.

13. —Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon mhiotal teilgthe, stampálta, fáiscthe, no buailte nár cuireadh tré aon tsaghas meaisín agus nách fíor-choda é de ghluaisteán agus iad curtha le chéile (pé cuma ina mbeidís ceangailte dá chéile) agus a hiomportálfar ar leithligh no gan é bheith ach pacálta le hearraí eile do saorfaí ón diúité sin leis an alt so dá ndeintí iad d'iomportáil ar leithligh.

Earraí fighte d'ath-iomportáil.

14. —Pé uair a taisbeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim, maidir le haon earra fhighte do hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin agus do bhí ionchurtha fén diúité forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), go ndearnadh i Saorstát Éireann í agus gur heasportáladh as Saorstát Éireann í agus, o easportáladh amhlaidh í, go ndear nadh í do chódhlúthú no go ndearnadh do-fhlichte í no go ndearnadh an dá ní sin léi agus nár cuireadh fé aon oibriú eile déantóireachta í, bainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, leis an earra fhighte sin d'ainneoin gur códhlúthuíodh no go ndearnadh do-fhlichte amhlaidh í no go ndearnadh an dá ní sin léi lasmuich de Shaorstát Éireann.

Baint ailt 10 den Finance Act, 1901.

15. —(1) Bainfidh alt 10 den Finance Act, 1901, mar a leasuítear é le halt 7 den Finance Act, 1902, le gach connradh tuigfear fé alt 5 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Có-Cheannach), 1925 ( Uimh. 20 de 1925 ), do bheith déanta idir connarthóir oifigiúil agus údarás áitiúil chun earra do sholáthar agus do ghlacadh fé is dá mba é dáta ar a ndéanfaí an connradh san ná an dáta ar ar iarr an connarthóir oifigiúil sin, fé fho-alt (2) d'alt 3 den Acht deiridh sin a luaidhtear, é do cheapadh mar chonnarthóir oifigiúil chun na hearra san do sholáthar.

(2) Tuigfear an t-alt so do theacht i bhfeidhm an 7adh lá de Bhealtaine, 1931, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.

Diúité ar cheadúnaisí díolta éisc.

16. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité máil de chúig púint ar gach ceadúnas do bhéarfar amach fé alt 5 den Acht Iascaigh Mhara, 1931 ( Uimh. 4 de 1931 ).

(2) An diúité forchuirtear leis an alt so ar aon cheadúnas den tsórt san roimhráite éileofar, gearrfar, agus íocfar é nuair a tógfar amach an ceadúnas san agus íocfar agus baileofar é tré stampaí thaisbeánfaidh méid an diúité sin do mhúnlú ar na ceadúnaisí sin, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diúité agus leis na stampaí sin.

(3) Ní déanfar ceadúnas is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do thabhairt amach mara mbeidh ná go dtí go mbeidh stampaí an diúité sin curtha go cuibhe ar an gceadúnas san fén alt so.

Diúité ar cheadúnaisí geallghlacadóirí.

17. —Eileofar, gearrfar agus íocfar ar gach ceadúnas chun gníomhú agus gnó do dhéanamh mar gheall-ghlacadóir, do bhéarfar amach fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, diúité máil do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) má sé an 1adh lá de Mheitheamh, 1931, no dáta dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1931. dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, cúig púint;

(b) má sé an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1931, no dáta dá éis sin agus roimh an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1931, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, dhá phúnt agus deich scillinge;

(c) má sé an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1931, no dáta dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mhárta, 1932, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, deich bpúint;

(d) má sé an 1adh lá de Mhárta, 1932, no dáta dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, seacht bpúint agus deich scillinge;

(e) má sé an 1adh lá de Mheitheamh, 1932, no dáta dá éis sin agus roimh an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1932, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, cúig púint;

(f) má sé an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1932, no dáta dá éis sin agus roimh an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1932, dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, dhá phúnt agus deich scillinge;

(g) má sé an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1932, no dáta dá éis sin dáta tosach feidhme an cheadúnais sin, deich bpúint.

Diúité ar áitreabhacha geallghlacadóireachta cláruithe.

18. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité máil d'fhiche púnt ar chlárú agus fós ar gach athnuachaint ar chlárú áitreibh ar bith in aon chlár d'áitreabhacha bheidh á choimeád fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus le n-a ndeintear socrú chun áitreabhacha ina ndeintear gnó glacadh na ngeall do chlárú.

(2) Isé duine ar a n-éileofar agus ar a ngearrfar agus isé íocfaidh an diúité forchuirtear leis an alt so ná an té bheidh curtha síos sa chlár san mar dhílseánach ar an áitreabh gur ar a chlárú no ar athnuachaint a chláruithe a bheidh an diúité inéilithe.

Diúité ar cheadúnaisí iasachtóirí airgid.

19. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas iasachtóra airgid san alt so), chun gníomhú agus gnó do dhéanamh mar iasachtóir airgid, do bhéarfar amach fé aon Acht do ritheadh no a rithfear i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, diúité máil do réir na rátaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ar cheadúnas iasachtóra airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl, 1932, deich bpúint;

(b) ar cheadúnas iasachtóra airgid a raghaidh in éag an 31adh lá d'Iúl bliain ar bith, ach an bhliain 1932, agus a tógfar amach laistigh de shé mhí roimh an dul in éag san, deich bpúint;

(c) ar aon cheadúnas iasachtóra airgid eile, cúig púint déag.

(2) Má cruthuítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim go bhfuil ceadúnas máil i bhfeidhm chun gnó geall-bhrócaera do dhéanamh in áitreabh ar bith dá bhfuil ceadúnas no ceadúnaisí iasachtóra airgid tógtha amach ag an duine no ag na daoine atá i mbún an ghnótha san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) i gcás gan ach aon cheadúnas iasachtóra airgid amháin den tsórt san do bheith tógtha amach amhlaidh, leath an diúité ar an gceadúnas san do mhaitheamh no, i gcás an diúité bheith íoctha, leath an diúité d'aisíoc, agus

(b) i gcás dhá cheadúnas iasachtóra airgid den tsórt san no níos mó do bheith tógtha amach amhlaidh, leath an diúité ar pé ceann de sna ceadúnaisí sin is túisce do tógadh amach do mhaitheamh no, i gcás an diúité bheith íoctha, leath an diúité d'aisíoc.

Saoirse o dhiúité ar gheallta.

20. —Ní héileofar ná ní gearrfar, ar gheallta déanfar an 1adh lá de Lúnasa, 1931, no dá éis sin, an diúité ar gheallta do réir bhrí ailt 24 den Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , más rás capall an ní is abhar don gheall agus gur le linn na rásanna gur ceann acu an rás san agus san áit ina bhfuil na rásanna san ar siúl a deintear an geall no más coimhlint chon (maraon le rásanna) no rás no rásanna sa choimhlint sin an ní is abhar don gheall agus gur le linn na coimhlinte sin no le linn na rásanna gur rás acu an choimhlint sin agus san áit ina bhfuil an choimhlint sin ar siúl a deintear an geall.

Atharú ar rátaí an diúité ar shiamsaí.

21. —In ionad é d'éileamh do réir na rátaí atá i bhfeidhm fé láthair is do réir na rátaí seo leanas a déanfar diúité siamsa, do réir bhrí ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, agus dá éis sin, sé sin le rá:—

Má bhíonn an íocaíocht as dul isteach, gan méid an diúité d'áireamh—

os cionn

4d.

gan bheith os cionn

5½d.

—trí leath-phingin

 ,,     ,,

5½d.

,,         ,,         ,,

8d.

—dhá phingin

 ,,     ,,

8d.

,,         ,,         ,,

1s.

1d.

—leath-reul

 ,,     ,,

1s.

1d.

,,         ,,         ,,

2s.

2d.

—tuistiún

 ,,     ,,

2s.

2d.

,,         ,,         ,,

3s.

0d.

—reul

 ,,     ,,

3s.

0d.

,,         ,,         ,,

5s.

0d.

—naoi bpingne

 ,,     ,,

5s.

0d.

,,         ,,         ,,

7s.

6d.

—scilling

 ,,     ,,

7s.

6d.

,,         ,,         ,,

10s.

6d.

—trí reulacha

 ,,     ,,

10s.

6d.

,,         ,,         ,,

15s.

0d.

—dhá scilling

 ,,     ,,

15s.

0d.

dhá scilling in aghaidh an chéad 15s., agus reul

in aghaidh gach 5s. no cuid de 5s. os cionn 15s.

Saoirse do chluichí stáitse, etc., o dhiúité siamsa.

22. —Ar an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, agus dá éis sin ní déanfar diúité siamsa do réir bhrí ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'éileamh ná do ghearradh ar íocaíocht as dul isteach chun aon tsiamsa go mbeidh lucht an léirithe féin i láthair agus ag léiriú ann agus gur ní no nithe acu so leanas is mó bheidh ann, sé sin le rá:—

(a) léiriú drámúil;

(b) cuirm cheoil, pe'ca ceol gotha no ceol ionstruime é no an dá shaghas;

(c) roinnt ítimí no greasa ilghnéitheacha den tsórt is gnáth do thabhairt i halla ceoil.

Saoirse o dhiúité siamsa do shiamsaí áirithe ina seinnfear ceol.

23. —I gcás íocaíochta chun dul isteach chun siamsa do bheith i dteideal do réir dlí chun bheith saor o dhiúité siamsa, do réir bhrí ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, mara mbeadh gurbh ítim sa tsiamsa san banna ceoil do sheinm cheoil no léiriú ceolmhar eile, ní bheidh na híocaíochta san eiscithe ón saoirse sin toisc an ítim sin do bheith sa tsiamsa san má taisbeántar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim ná fuil san ítim sin ach fo-chuid den tsiamsa san.

Saoirse do dhaoine eile maidir le ceadúnaisí hácaera.

24. —Ní gá do dhuine ar bith acu so leanas ceadúnas do thógaint amach fén Hawkers Act, 1888, ach chó beag leis na daoine luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 12 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), sé sin le rá:—

(a) duine ar bith a dhíolann deocha meisciúla no tobac fé cheadúnas ócáideach;

(b) duine ar bith a dhíolann milseáin no úrúcháin le caitheamh láithreach agus ná díolann aon earraí eile;

(c) duine ar bith a dhíolann earraí bhaineann le cráibhtheacht agus ná díolann aon earraí eile;

(d) duine ar bith a dhíolann eallach stuic agus ná díolann aon earraí eile.

Forálacha i dtaobh diúitéthe máil ar shiúicre.

25. —D'fhonn na ndiúitéthe máil ar shiúicre d'fháil agus do bhailiú agus d'fhonn éilithe ar ais-tarrac d'fhíorú féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh i dtaobh siúicre do dhéanamh agus i dtaobh siúicre do stóráil agus do thógaint as an monarchain agus féadfaid, leis na rialacháin sin, achtacháin ar bith a bhaineann le haon diúité no ais-tarrac máil no custum agus le daoine go mbíonn aon trádáil ar siúl acu fé sna dlithe máil do chur i mbaint leis na diúitéthe agus na hais-tarraicí máil ar shiúicre agus leis na déantóirí siúicre, agus má sháruíonn éinne aon rialachán acu san no má theipeann air é do chólío nadh, geallbhruidfear an earra gur ina taobh a déanfar an cionta agus an té dhéanfaidh an cionta dlighfear pionós máil de chaoga púnt do chur air in aghaidh gach cionta fé leith.