18 1931


Uimhir 18 de 1931.


ACHT NA nGIÚIRITHE (COSAINT), 1931.


ACHT CHUN NA hAIMSIRE LEANFAIDH ACHT NA nGIÚIRITHE (COSAINT), 1929 , I bhFEIDHM DO CHUR I bhFAID GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA.

[8adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Acht na nGiúirithe (Cosaint), 1929 , do bhuanú.

1. —Leanfaidh Acht na nGiúirithe (Cosaint), 1929 (Uimh. 33 de 1929) , i bhfeidhm go dtí an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1933, agus ragha sé in éag ansan.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar Acht na nGiúirithe (Cosaint), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na nGiúirithe, 1927 go 1931, do ghairm d'Achtanna na nGiúirithe, 1927 agus 1929, agus den Acht so le chéile.