17 1931


Uimhir 17 de 1931.


ACHT TOGHACHÁN AGUS CRUINNITHE ÁITIÚLA (CUR AR ATH-LÓ), 1931.


ACHT CHUN NA gCÉAD THOGHACHÁN CINN TRÍ mBLIAN EILE CHUN ÚDARÁS nÁITIÚIL ÁIRITHE DLIGHFEAR DO CHOMÓRA TAR ÉIS AN ACHTA SO DO RITH DO CHUR AR ATH-LÓ AGUS CHUN NA dTOGHACHÁN CHUN ÚDARÁS nÁITIÚIL ÁIRITHE EILE IS GÁ DO RÉIR DLÍ DO CHOMÓRA FÉ CHEANN TRÉIMHSE BHEIDH CAITHTE LAISTIGH DE THRÍ BLIANA TAR ÉIS AN ACHTA SO DO RITH DO CHUR AR ATH-LÓ AGUS CHUN CRUINNITHE D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA IS GÁ DO RÉIR DLÍ DO CHOMÓRA I RITH NA TRÉIMHSE DAR TOSACH AN 23adh LÁ DE MHEITHEAMH, 1932, AGUS DAR CRÍOCH AN 1adh LÁ D'IÚL, 1932, DO CHUR AR ATH-LÓ AGUS CHUN FORÁLACHA LEANANN AS AN gCUR AR ATH-LÓ SAN NO GHABHANN LEIS DO DHÉANAMH.

[18adh Meitheamh, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, agus coimisinéirí baile;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927) .

Toghacháin do chur ar ath-ló

2. —(1) Na céad thoghacháin cinn trí mblian eile do bhaill údarás n-áitiúil (seachas comhairlí contae-bhuirgí) a dlighfear do chomóra tar éis an Achta so do rith déanfar, agus deintear leis seo, iad do chur ar ath-ló go dtí pé dáta, nách déanaí ná an 15adh lá d'Iúl, 1934, a cheapfaidh an tAire le hordú.

(2) Gach toghachán do bhaill údaráis áitiúla (seachas comhairle chontae-bhuirge) nách toghachán cinn trí mblian ach is gá do réir dlí do chomóra fe cheann tréimhse bheidh caithte laistigh de thrí bliana tar éis an Achta so do rith, déanfar, d'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile, é do chomóra ar pé dáta cheapfaidh an tAire le hordú pe'ca roimh an tréimhse sin de thrí bliana do bheith caithte no dá éis sin a bheidh an dáta san ach gan é bheith níos déanaí ná an 15adh lá d'Iúl, 1934, i gcás ar bith.

(3) I gcás in ar ghá do réir dlí toghachán do bhaill údaráis áitiúla (seachas comhairle chontae-bhuirge) do chomóra laistigh de thréimhse do bhí caithte tar éis an 15adh lá de Bhealtaine, 1931, agus roimh an Acht so do rith agus nár comóradh aon toghachán do bhaill an údaráis áitiúla san laistigh den tréimhse sin, deintear leis seo an tréimhse sin do chur i bhfaid agus tuigfear go raibh sí riamh curtha i bhfaid go dtí an lá tar éis lae an Achta so do rith agus bainfidh an fo-alt san díreach roimhe seo den alt so leis an toghachán san dá réir sin.

(4) Féadfar dátaí deifriúla do cheapa fén alt so chun toghachán do bhaill d'údaráis áitiúla deifriúla no de shaghsanna deifriúla údarás n-áitiúil do chomora.

(5) Féadfaidh an tAire ordú fén alt so (agus an fo-alt so d'áireamh) le n-a gceapfar dáta comórtha toghacháin do cheiliúra le hordú eile ina dhiaidh sin ach i ngach cás den tsórt san déanfaidh an tAire leis an ordú eile sin dáta nua nách déanaí ná an 15adh lá d'Iúl, 1934, do cheapa chun an toghacháin sin do chomóra.

(6) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun an toghacháin do bhaill an údaráis áitiúla gur ina thaobh a húsáidtear an abairt do chomóra.

Forálacha iarmartacha maidir le contaethoghacháin cinn trí mblian.

3. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach toghachán cinn trí mblian, do bhaill chomhairle contae, a cuirtear ar ath-ló leis an Acht so, sé sin le rá:—

(a) is ar an lá ceaptha comórfar an toghachán san agus, fé réir forálacha an Achta so, tuigfear gur toghachán cinn trí mblian é;

(b) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, sé is lá ceaptha chun crícheanna Coda II d'Acht, 1927, ná an chéad ghnáth-lá toghacháin do bhaill na comhairle sin tar éis an Achta so do rith;

(c) chun crícheanna Coda II d'Acht 1927 sé is céad ghnáthlá do bhaill na comhairle sin chun dul as oifig tar éis an Achta so do rith ná an seachtú lá tar éis an lae cheaptha;

(d) déanfar agus deintear leis seo an téarma oifige atá á chaitheamh le linn an Achta so do rith ag baill na comhairle sin do chur i bhfaid go dtí an seachtú lá tar éis an lae cheaptha.

Forálacha iarmartacha maidir le toghacháin eile cinn trí mblian.

4. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach toghachán cinn trí mblian, do bhaill chomhairle buirge (seachas contae-bhuirg), chomhairle bailecheanntair no choimisinéirí baile, a cuirtear ar ath-ló leis an Acht so, sé sin le rá:—

(a) is ar an lá ceaptha comórfar an toghachán san agus, fé réir forálacha an Achta so, tuigfear gur toghachán cinn trí mblian é;

(b) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, sé is lá ceaptha chun crícheanna Coda II d'Acht 1927 ná an chéad ghnáth-lá toghacháin do bhaill na comhairle no na gcoimisinéirí sin tar éis an Achta so do rith;

(c) chun crícheanna Coda II d'Acht 1927 sé is céad ghnáthlá do bhaill na comhairle no na gcoimisinéirí sin chun dul as oifig tar éis an Achta so do rith ná an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha;

(d) déanfar agus deintear leis seo an téarma oifige atá á chaitheamh le linn an Achta so do rith ag baill na comhairle no na gcoimisinéirí sin do chur i bhfaid go dtí an cúigiú lá tar éis an lae cheaptha.

Forálacha iarmartacha maidir le toghacháin nách toghacháin cinn trí mblian.

5. —(1) Ní bheidh éifeacht maidir le toghachán (seachas toghachán cinn trí mblian) is gá do réir an Achta so do chomóra ar an lá ceaptha ag foráil ar bith atá in aon achtachán eile agus le n-a gceaptar an aimsir gur laistigh di a comórfar no a cuirfear fé ndeár go gcomórfar aon toghachán den tsórt san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén Acht so ag ceapa dáta comórtha toghacháin nách toghachán cinn trí mblian dearbhóidh an tAire leis an ordú san, i dtaobh an toghacháin a comórfar ar an dáta ceapfar amhlaidh, ce'ca tuigfear gur toghachán cinn trí mblian é chun an údaráis áitiúla toghfar tríd no ná tuigfear, agus leis sin—

(a) má dhearbhuíonn an tAire amhlaidh go dtuigfear gur toghachán cinn trí mblian an toghachán san, beidh an toghachán san chun gach críche ina thoghachán cinn trí mblian chun an údaráis áitiúla toghfar tríd agus beidh feidhm ag Cuid II d'Acht 1927 dá réir sin; ach

(b) má dhearbhuíonn an tAire amhlaidh ná tuigfear gur toghachán cinn trí mblian an toghachán san, ní bheidh an toghachán san ina thoghachán cinn trí mblian chun an údaráis áitiúla toghfar tríd agus an chéad thoghachán chun an údaráis áitiúla san a comórfar tar éis an toghacháin sin beidh sé ina thoghachán cinn trí mblian agus chun crícheanna an Achta so isé an chéad thoghachán cinn trí mblian é do bhaill an údaráis áitiúla san a dlighfear do chomóra tar éis an Achta so do rith agus bainfidh an tAcht so leis dá réir sin.

Téarma oifige ball áirithe de bhúird, etc., áirithe, do chur i bhfaid.

6. —(1) Baineann an t-alt so—

(a) le gach bord, coiste, no cólucht eile gur gá do réir dlí go gceapfadh comhairle chontae gach ball no aon bhall de i gcionn gach trí mblian; agus

(b) leis na baill sin d'aon bhord, coiste, no cólucht eile den tsórt san (pe'ca cuid de bhaill an chóluchta san iad no iomlán na mball san) a ceaptar ag comhairle chontae 'na ndeineann an tAcht so toghachán cinn trí mblian chúichi do chur ar ath-ló agus go mbeadh an téarma oifige atá acu á chaitheamh le linn rithte an Achta so caithte, mara mbeadh an t-alt so, ar dháta do bheadh ag brath ar dháta an toghacháin cinn trí mblian san.

(2) An téarma oifige atá á chaitheamh, le linn an Achta so do rith, ag baill gach búird, coiste, no cólucht eile le n-a mbaineann an t-alt so, pé baill acu le n-a mbaineann an t-alt so, deintear leis seo é do chur i bhfaid go dtí an lá tar éis lae an chéad chruinnithe bhliantúla bheidh ann tar éis an lae cheaptha den chomhairle do cheap na baill sin.

(3) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist, agus aighneas i dtaobh ce'ca tá no ná fuil aon bhord, coiste, no cólucht eile áirithe, ina bhord, ina choiste, no ina chólucht eile le n-a mbaineann an t-alt so no i dtaobh ce'ca tá no ná fuil aon bhall áirithe d'aon chólucht den tsórt san ina bhall le n-a mbaineann an t-alt so agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

Foth-fholúntaisí thárlóidh roimh an lá ceaptha.

7. —(1) Gach foth-fholúntas le n-a mbaineann an t-alt so imeasc ballra údaráis áitiúla 'na ndeineann an tAcht so toghachán cinn trí mblian chuige do chur ar ath-ló féadfar é do líona tríd an údarás áitiúil sin do roghnú duine chun an fhoth-fholúntais sin do líona ach ní har aon tslí eile.

(2) Duine roghnóidh údarás áitiúil fén alt so chun fothfholúntais le n-a mbaineann an t-alt so do líona beidh sé i seilbh oifige ar gach slí díreach fé is dá dtoghtaí é chun an fholúntais sin do líona.

(3) Baineann an t-alt so le gach foth-fholúntas do thárla ach nár líonadh roimh an Acht so do rith no a thárlóidh tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha agus go mba ghá do réir dlí i gceachtar cás acu san é do líona tré thogha mara mbeadh an t-alt so.

Pionóisí ghabhann le heirghe-as do mhaitheamh.

8. —Má dheineann aon bhall d'údarás áitiúil 'na ndeineann an tAcht so toghachán cinn trí mblian chuige do chur ar ath-ló eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tar éis an Achta so do rith agus roimh an lá ceaptha, ní dlighfear aon fhíneáil ná pionós eile do chur air i dtaobh ná alos an eirithe-as san.

Cosaint ar dhícháiliú i gcásanna áirithe.

9. —Má thárla no má thárlann do bhall d'údarás áitiúil 'na ndeineann an tAcht so toghachán cinn trí mblian chuige do chur ar ath-ló scur de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúla i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san de bhíthin clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúla do theacht i bhfeidhm an 1adh lá de Mheitheamh, 1931, no aon lá tar éis an Achta so do rith, ní leor an scur san amháin chun é do dhí-cháiliú chun leanúint i seilbh oifige mar bhall den údarás áitiúil sin go dtí an chéad ghnáth-lá do bhaill an údaráis áitiúla san chun dul as oifig tar éis an Achta so do rith.

Cruinnithe bliantúla agus ráithiúla áirithe d'údaráis áitiúla do chur ar ath-ló.

10. —(1) Gach cruinniú bliantúil de chomhairle chontae, de chomhairle bhailecheanntair nách buirg no de choimisinéirí baile gur gá, de bhua altanna 8 agus 9 d'Acht 1927, é do chomóra i rith na tréimhse dar tosach an 23adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dar críoch an 1adh lá d'Iúl, 1932, comórfar é, d'ainneoin éinní atá sna haltanna san, pé uair agus pé lá cheapfaidh an chomhairle no na coimisinéirí sin ach gan an lá do bheith níos luatha ná an 23adh lá de Lúnasa, 1932, ná níos déanaí ná an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1932.

(2) Gach cruinniú ráithiúil de chomhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile gur gá, de bhua ailt 10 d'Acht, 1927, é do chomóra i rith na tréimhse dar tosach an 23adh lá de Mheitheamh, 1932, agus dar críoch an 1adh lá d'Iúl, 1932, comórfar é, d'ainneoin éinní atá san alt san, pé uair agus pé lá cheapfaidh an chomhairle sin ach gan an lá do bheith níos luatha ná an 23adh lá de Lúnasa, 1932, ná níos déanaí ná an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1932.

(3) Beidh feidhm ag alt 11 d'Acht 1927 maidir le gach cruinniú bliantúil agus gach cruinniú ráithiúil go gceapfar lá a gcomórtha fén alt so díreach fé is dá mba fén Acht san do ceapfaí an lá san.

(4) Chun crícheanna Achta 1927 beidh cruinniú bliantúil no cruinniú ráithiúil a comórfar ar dháta ceapfar fén alt so ina chruinniú bhliantúil no ina chruinniú ráithiúil (pe'ca aca é) ar n-a chomóra ar dháta do ceapadh fén Acht san.

Alt 9 den Local Government. (Ireland) Act,1898, do leasú.

11. —An tagairt atá i bhfo-alt (7) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar a leasuítear é le halt 77 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), do sna trí bliana airgeadais áitiúla san do chríochnuigh roimh an toghachán cinn trí mblian deiridh do chomhairleoirí contae, léireofar í, o am an Achta so do rith go dtí an lá ceaptha, mar thagairt do sna trí bliana airgeadais áitiúla san do chríochnuigh roimh an toghachán cinn trí mblian deiridh do chomhairleoirí contae roimh an Acht so do rith, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.

Toghacháin choistí áirithe oideachais ghairme beatha do chur ar ath-ló.

12. —Athghairmtear leis seo an méid d'alt 2 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 ( Uimh 29 de 1930 ), le n-a mínítear an abairt “bliain toghacháin” agus achtuítear leis seo ina ionad san go mbeidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an Achta san, sé sin le rá:—

(a) maidir le comhairle chontae-bhuirge agus leis an gcoiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha buirge, beidh an bhliain 1931 ina bliain toghacháin agus beidh gach tríú bliain de sna blianta i ndiaidh na bliana san ina bliain toghacháin, leis; agus

(b) maidir le haon údarás áitiúil eile agus le haon choiste eile oideachais ghairme beatha, beidh an bhliain ina mbeidh an lá ceaptha fén Acht so ina bliain toghacháin, agus beidh gach tríú bliain de sna blianta i ndiaidh na bliana san ina bliain toghacháin, leis,

agus déanfar an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , adubhradh do léiriú agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

Deire do chur le deacrachtaí i dtaobh cruinnithe áirithe.

13. —Más rud é, toisc toghacháin cinn trí mblian do chur ar athló leis an Acht so, ná beidh aon dáta ceaptha ag údarás áitiúil chun an chruinnithe bhliantúla no an chruinnithe ráithiúla (pe'ca aca é), den údarás áitiúil sin do chomóra gur gá do réir dlí é do chomóra i rith na tréimhse dar tosach an 23adh lá de Mheitheamh, 1931, agus dar críoch an 1adh lá d'Iúl, 1931, no go bhfuil no go mbeidh aon deacracht eile ann i dtaobh an chruinnithe sin, féadfaidh an tAire le hordú pé socrú do dhéanamh i dtaobh an chruinnithe sin (agus ceapa dáta a chomórtha d'áireamh) is dóich leis is gá chun a chur in áirithe go gcomórfar an cruinniú san go cuibhe laistigh den tréimhse sin agus go ndéanfar gnó an chruinnithe sin go cuibhe ag an gcruinniú san.

Achtacháin d'oiriúnú.

14. —Sa mhéid go mbainid le toghachán ar bith a chuireann an tAcht so ar ath-ló no le cruinnithe údaráis áitiúla 'na gcuireann an t-Acht so toghachán chuige ar ath-ló no le cruinniú ar bith a chuireann an tAcht so ar ath-ló, beidh éifeacht, fé réir forálacha an Achta so, ag gach reacht, ordú, agus rialachán a bhaineann le toghacháin do bhaill aon údaráis áitiúla no le cruinnithe aon údaráis áitiúla, agus féadfaidh an tAire, le-hordú, pé oiriúnú no atharú do dhéanamh ar aon reacht, ordú no rialachán den tsórt san is dóich leis is gá chun go mbeidh éifeacht ag an reacht, ag an ordú, no ag an rialachán san do réir an ailt seo.

Gearr-theideal.

15. —Féadfar an tAcht Toghachán agus Cruinnithe Áitiúla (Cur ar Ath-ló), 1931 , do ghairm den Acht so.