9 1931


Uimhir 9 de 1931.


ACHT NA gCOIMISINÉIRÍ MIONN (TAIDHLEOIREACHTA AGUS CONSULTA), 1931.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS DAOINE DHEINEANN SEIRBHÍSÍ TAIDHLEOIREACHTA NO CONSULTA LASMUICH DE SHAORSTÁT ÉIREANN DAOINE DO CHUR FÉ MHIONN AGUS GNÍOMHARTHA NÓTAIREACHTA DO DHÉANAMH SNA TÍORTHA INA bhFUIL NA FEIDHMEANNA SAN A gCÓLÍONA ACU AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS SIN.

[21adh Abrán, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

foluíonn an focal “mionn” deimhniú agus dearbhú;

foluíonn an focal “mionn-scríbhinn” deimhniú, dearbhú reachtúil no eile, admháil, ceistniú, agus fínnéacht no gearán dar focal;

foluíonn an focal “mionnuigh” deimhnigh, dearbhuigh, agus gearánuigh.

Comhachta maidir le mionna agus le gníomhartha nótaireachta ar an gcoigrích.

2. —(1) Féadfaidh gach n-aon le n-a mbaineann an t-alt so duine do chur fé mhionn ar bith agus mionn-scríbhinn ar bith do thógaint i dtír no in áit ar bith lasmuich de Shaorstát Éireann ina mbeidh sé ag feidhmiú feidhmeanna a oifige de thurus na huaire agus féadfaidh fós gníomh nótaireachta ar bith do dhéanamh is féidir do nótaire phuiblí do dhéanamh i Saorstát Éireann, agus gach mionn fé n-a gcuirfidh an duine sin duine agus gach mionn-scríbhinn a mionnófar ina láthair agus gach gníomh nótaireachta dhéanfa sé sa tír no san áit sin beid chó héifeachtach is dá mba aon údarás dleathach i Saorstát Éireann a dhéanfadh no gur ina láthair a déanfaí, go cuibhe, an cur fé mhionn no an mionnú no an gníomh san.

(2) Aon scríbhinn go mbeidh, de dheabhramh, séala aon duine le n-a mbaineann an t-alt so ceangailte uirthi no dhi no múnlaithe uirthi agus a shighniú curtha léi mar fhianaise gur chuir sé duine fé mhionn ar bith no gur mionnuíodh mionn-scríbhinn ar bith ina láthair no go ndearna sé gníomh ar bith, glacfar i bhfianaise í (ach amháin i ngach cás in ar ceart eisceacht do dhéanamh) gan cruthúnas gurb é séala no sighniú an duine sin an séala no an sighniú san ná cruthúnas ar staid agus ar charachtar oifigiuil an duine sin.

(3) Baineann an t-alt so le gach duine atá ar fostú i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann agus is envoyé extraordinaire agus aire lán-chomhachtach, árd-choimisinéir, chargé d'affaires, comhairleoir leagáideachta, príomh rúnaí leagáideachta, fo-rúnaí leagáideachta, príomh-rúnaí árd-choimisinéireachta, fo-rúnaí árdchoimisinéireachta, no attaché.

(4) Baineann an t-alt so freisin le gach duine atá ar fostú i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann agus is árd-chonsul, consul, no leas-chonsul.

(5) Baineann an t-alt so freisin le gach duine is consul oinigh no is leas-chonsul oinigh agus do cheap an tAire Gnóthaí Coigríche chun na hoifige sin.

Táillí

3. —(1) Le haontú an Aire Airgid, féadfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na táillí éileoidh daoine le n-a mbaineann an t-alt san roimhe seo ar son duine do chur fé mhionn ar bith, mionn-scríbhinn ar bith do thógaint, no gníomh nótaireachta ar bith do dhéanamh go n-údaruítear dóibh leis an alt san duine do chur fé no í do thógaint no é do dhéanamh;

(b) an tslí ina mbaileofar na táillí sin;

(c) éinní no aon rud eile bhaineann leis na táillí sin;

agus féadfar malairt rialachán do dhéanamh maidir le malairt tíortha agus áiteanna.

(2) Déanfar na táillí uile baileofar fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén rialachán san roimhe sin.

Mionn éithigh.

4. —(1) Gach duine mhionnóidh bréag go toiliúil agus go cuirptheach in aon mhionn do bhéarfaidh no in aon mhionnscríbhinn do dhéanfaidh do réir an Achta so beidh sé ciontach i mionn éithigh i ngach cás ina mbeadh sé ciontach i mionn éithigh dá mba in imeacht bhreithiúntais os cóir cúirte dlighinse inniúla do mhionnódh sé amhlaidh.

(2) Duine go gcuirfear mionn éithigh fén alt so ina leith féadfar an dlí do chur air, agus é do dhíotáil, do thriail, agus do phionósú in aon chontae no contae-bhuirg in ar gabhadh é no ina mbeidh sé i gcimeád fé is dá mba sa chontae no sa chontae-bhuirg sin do déanfaí an cionta san agus chun gach críche bhainfidh leis an dlí do chur air no le n-a thriail no le n-a phionósú mar gheall ar an gcionta san no a leanfaidh as san do dhéanamh, tuigfear gur sa chontae no sa chontae-bhuirg sin do rinneadh an cionta san.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar Acht na gCoimisinéirí Mionn (Taidhleoireachta agus Consulta), 1931 , do ghairm den Acht so.1