5 1931


Uimhir 5 de 1931.


ACHT PRÍMH-CHISTE, 1931.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍCHEANNA AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A hAON TRIOCHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A DÓ TRIOCHAD. [27adh Márta, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

£385,565 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1931.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Thrí Chéad agus Cúig Mhíle Ochtód, Cúig Chéad agus Cúig Phúint Sheascad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a haon triochad.

£7,843,498 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1932.

2. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Sheacht Milleon, Ocht gCéad agus Trí Mhíle Ceathrachad, Ceithre Chéad agus Ocht bPúint Nóchad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a dó triochad.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Ocht Milleon, Dhá Chéad agus Naoi Míle Fichead, agus Trí Púint Sheascad d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid ar chreidiuint na suimeanna roimhráite agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coinníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí lé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1931 , do ghairm den Acht so.