An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Liomataisti Oideachais Ghairme Beatha Bailecheanntair do Cho-Nasca le Liomataisti Oideachais Ghairme Beatha Contae.) Ar Aghaidh (CUID X. Ilghneitheach.)

29 1930

ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930

CUID IX.

Comhachta Generalta an Aire.

Oideachas leanúna agus ceárdoideachas sa Ghaeltacht.

103. —(1) Má bhíonn líomatáiste oideachais ghairme beatha no cuid de líomatáiste oideachais ghairme beatha sa Ghaeltacht agus gurb é tuairim an Aire go bhfuil sé riachtanach, mar gheall ar an gcuma ina bhfuil cúrsaí sa líomatáiste sin no sa chuid sin, socrú speisialta do dhéanamh i dtaobh oideachais leanúna no ceárd-oideachais sa líomatáiste sin no sa chuid sin, feádfa sé ordú do dhéanamh á cheangal ar choiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste sin pé socrú speisialta luadhfar san ordú san do dhéanamh i dtaobh oideachais leanúna no ceárd-oideachais sa líomatáiste sin no sa chuid sin, agus beidh sé de dhualgas ar an gcoiste sin téarmaí an orduithe sin do chólíona.

(2) Má dheineann an tAire ordú fén bhfo-alt san roimhe seo i dtaobh coiste oideachais ghairme beatha féadfa sé, le toiliú an Aire Airgid, deontaisí speisialta do dheona don choiste sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, uair ar bith, aon ordú do rinne sé fén gcéad fho-alt no fén bhfo-alt so den alt so do cheiliúra no d'atharú.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, a dhearbhú go mbeidh aon chuid no coda áirithe de Shaorstát Éireann a luadhfar san ordú san ina cuid den Ghaeltacht, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san tuigfear, chun crícheanna an ailt seo agus chúcha san amháin, gur cuid den Ghaeltacht an chuid no na coda de Shaorstát Éireann le n-a mbaineann an t-ordú san.

(5) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt san roimhe seo leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Comhairlí comhairlitheacha.

104. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, comhairle chomhairlitheach do bhunú, le hordú, chun comhairle agus congnamh do thabhairt do i dtaobh na nithe (eadhon, nithe bhaineann le forálacha an Achta so do chur i ngníomh) a luadhfa sé san ordú san no in ordú ar bith ina dhiaidh sin.

(2) Beidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so códhéanta de pé daoine, go dtaithí no go n-eolas fé leith acu ar na nithe go bhféadfaidh an chomhairle sin comhairle no congnamh do thabhairt don Aire ina dtaobh, a ainmneoidh an tAire o am go ham chun bheith ina mbaill di.

(3) Marab éag no eirghe as roimhe sin do beidh gach ball de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so ina bhall amhlaidh go ceann dhá bhliain o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san, ach beidh sé ion-athainmnithe.

(4) Tiocfaidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so le chéile pé uair a gairmfidh an tAire le chéile iad.

(5) Féadfaidh an tAire íocaíochta, i pé méideanna cheadóidh an tAire Airgid, d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so no le baill de choiste dhi, ar scór aisíoca costaisí taistil agus íoca liúntais chothuithe.

An tAire do dhéanamh fiosrúchán n-áitiuil.

105. —(1) Féadfaidh an tAire uair ar bith a chur fé ndeár fiosrúchán (dá ngairmtear fiosrúchán áitiuil san Acht so) do dhéanamh i dtaobh coiste oideachais ghairme beatha do chólíona a dhualgas fén Acht so no i dtaobh oifigeach no seirbhíseach do choiste oideachais ghairme beatha do chólíona a dhualgas mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san (pe'ca aca é) agus chuige sin féadfaidh an tAire duine dá oifigigh do cheapa chun an fhiosrúcháin áitiúla san do dhéanamh

(2) Má chuireann an tAire fé ndeár fiosrúchán áitiuil do dhéanamh, féadfaidh, más oiriúnach leis é, ordú do dhéanamh á ordú go ndéanfadh an coiste oideachais ghairme beatha le n-a mbaineann an fiosrúchán san na costaisí fé na ndeachthas ina thaobh d'íoc, agus deimhneoidh aon ordú den tsórt san méid na gcostas san agus an méid a deimhneofar amhlaidh beidh ina fhiacha ag an Aire ar an gcoiste sin agus féadfaidh an tAire a bhaint den choiste sin mar fhiacha síbhialta i gcúirt dlighinse inniúla.

(3) Airgead ar bith a bheidh ag an Aire ar choiste oideachais ghairme beatha fén alt so íocfaidh an coiste sin é amach as a chiste oideachais ghairme beatha.

(4) Chun crícheanna an ailt seo áireofar ar chostaisí aon fhiosrúcháin áitiúla pé costaisí réasúnta, d'fhínnithe bheidh ag an bhfiosrúchán san, a lomhálfaidh an tAire.

Fínnithe ag fiosrúcháin áitiúla.

106. —(1) Le gairm sa bhfuirm orduithe fé n-a láimh féadfaidh oifigeach a cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh a cheangal ar dhuine ar bith teacht i láthair san am agus san áit (nách áit is sia ná triocha míle o áit chomhnaithe an duine sin) a hainmneofar sa ghairm sin agus, ansan, fianaise do thabhairt uaidh no scríbhinn ar bith a bheidh fé n-a chomhacht no ar seilbh no ar fáil aige agus a bhaineann le héinní beidh i gceist ag an bhfiosrúchán san do thabhairt i láthair, no an dá ní sin do dhéanamh.

(2) Gairm do bhéarfar amach fén alt so, seirbheálfar í tré n-a seachada don té go mbeidh a sheola uirthe no tré n-a fágaint do le duine in aois a shé mblian déag no níos mó ag gnáth-áit chomhnaithe an chéad duine sin a luaidhtear.

(3) Má dheineann éinne—

(a) ar a sheirbheail go cuibhe le gairm fén alt so, faillí ar theacht i láthair do réir na gairme sin; no

(b) ar bheith i láthair do ag fiosrúchán áitiuil mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh oifigeach déanta an fhiosrúcháin sin air do réir dlí do thabhairt no do scríbhinn ar bith bheidh fé n-a chomhacht no ar seilbh no ar fáil aige do thabhairt i láthair a cheanglóidh an t-oifigeach san air do réir dlí do thabhairt i láthair, no d'aon cheist áirithe do fhreagairt gur féidir don oifigeach san do réir dlí a cheangal air freagra do thabhairt uirthi,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Le linn fínné do bheith i láthair oifigigh dhéanta fhiosrúcháin áitiúla beidh sé i dteideal na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna do bheadh aige dá mba fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

Daoine do chur fé mhionn ag fiosrúcháin áitiúla.

107. —Beidh ag oifigeach a cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh comhacht chun fianaise fé mhionn do ghlaca agus chuige sin féadfa sé daoine thiocfaidh ina láthair mar fhínnithe do chur fé mhionn.

Coistí oideachais ghairme beatha do scur.

108. —(1) I gcás—

(a) an tAire do bheith deimhnitheach, tar éis fiosrúcháin áitiúla do bheith déanta, ná fuil dualgaisí coiste oideachais ghairme beatha á gcólíona go cuibhe agus go héifeachtúil ag an gcoiste sin; no

(b) coiste oideachais ghairme beatha do thabhairt faillí go toiliuil in aon ordú, treoir, no rialachán dleathach ón Aire do chólíona; no

(c) coiste oideachais ghairme beatha d'fhágaint breithe, orduithe no aithne ar bith o aon chúirt i Saorstát Éireann gan cólíona; no

(d) coiste oideachais ghairme beatha do dhiúltú, tar éis fógra chuibhe, do lomháil d'iniúchóir a ceapadh chuige sin fén Acht so a gcuntaisí d'iniúcha

féadfaidh an tAire, le hordú, an coiste sin do scur agus, do réir mar is oiriúnach leis, toghachán nua d'ordú (fén gcomhacht a bronntar air anso ina dhiaidh seo) chun ball den choiste sin do thogha no maoin agus comhachta agus dualgaisí uile agus fé seach an choiste sin d'aistriú chun cóluchta ar bith no chun duine no daoine ar bith.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so chun coiste oideachais ghairme beatha do scur féadfaidh pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapa chun dualgaisí an choiste sin do chólíona agus féadfaidh o am go ham gach duine no aon duine díobh san do chur as oifig agus daoine eile do cheapa ina n-ionad agus féadfaidh sealbhaíocht oifige, dualgaisí agus luach saothair gach duine den tsórt san do shocrú.

(3) Déanfar luach saothair gach duine ceapfar fén bhfo-alt san roimhe seo d'íoc as ciste oideachais ghairme beatha an choiste scurtha.

(4) Sa chéad no sa dara bliain toghacháin tar éis coiste oideachais ghairme beatha do scur fén alt so, déanfaidh an tAire, le hordú, a chur fé ndeár go gcuirfear toghachán nua ar siúl chun ball den choiste sin do thogha agus ar chríochnú an toghacháin nua san dílseoidh maoin agus comhachta agus dualgaisí uile an choiste scurtha sa choiste toghfar amhlaidh bíodh go ndearna an tAire fén alt so iad d'aistriú chun aon chóluchta, daoine no duine eile.

(5) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dó leis is gá chun lán-éifeacht do thabhairt d'aon ordú dhéanfa sé fén alt so.

Deontaisí do scoileanna áirithe.

109. —Féadfaidh an tAire, do réir rialachán a dhéanfaidh an tAire agus le toiliú an Aire Airgid deontaisí do dheona, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le haghaidh oideachais leanúna no ceárd-oideachais, do scoileanna ina mbeidh oideachas leanúna no ceárd-oideachas á thabhairt agus nách scoileanna do bhunuigh coiste oideachais ghairme beatha agus a choinníonn sé ar siúl.

Deontaisí ón Aire.

110. —(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, agus as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, soláthar do dhéanamh i gcóir deontaisí, no deontaisí do dheona, chun oidí d'oiliuint chun crícheanna an Achta so.

(2) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid agus as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, soláthar do dhéanamh i gcóir scoláireacht.

Scálaí de thuarastail d'oidí.

111. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén Acht so, scálaí de thuarastail d'ordú do sna saghasanna uile oidí bheidh ar fostú ag coistí oideachais ghairme beatha.

(2) Ní íocfaidh coiste oideachais ghairme beatha le hoide ar bith a bheidh ar fostú aige tuarastal is lugha ná an tuarastal chun a mbeidh teideal ag an oide sin do réir an scála a hordófar leis na rialacháin sin don tsaghas oidí gur de an t-oide sin.

Costaisí taistil d'oifigigh.

112. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén Acht so, a ordú cadiad na rátaí minimum costaisí taistil agus cothuithe is iníoctha le hoidí agus oifigigh do choistí oideachais ghairme beatha go mbeidh ortha taisteal do dhéanamh chun a ndualgaisí do chólíona.

Oidí d'oiliuint agus teistisí do thabhairt dóibh.

113. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh oidí d'oiliuint, agus teistisí do thabhairt dóibh, i gcóir scoileanna agus cúrsaí chuirfidh coiste oideachais ghairme beatha ar fáil fén Acht so.

(2) Má dheineann mac léighinn le n-a nglacfaidh an tAire chun a oiliúna mar oide marga leis an Aire do réir rialachán a déanfar fén alt so go ndéanfaidh, i gcomaoine deontais ar bith a dheonfaidh an tAire i gcóir a chothuithe agus a oiliúna, an cúrsa oiliúna luadhfar sa mharga do chríochnú agus go gclaoidhfidh leis an múinteoireacht ina dhiaidh sin sa tslí agus ar feadh na tréimhse luadhfar sa mharga agus, má theipeann air san do dhéanamh, go n-aisíocfaidh leis an Aire pé cion a luadhfar sa mharga den deontas a dheonfaidh an tAire, beidh an marga ina cheangal air d'ainneoin é do bheith ina mhion-aoiseach le linn an mhargaidh do dhéanamh agus féadfaidh an tAire suimeanna ar bith is ionaisíoctha do réir an mhargaidh do bhaint amach mar fhiacha síbhialta i gcúirt dlighinse inniúla.

Scoileanna d'iniúcha.

114. —(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta agus iniúcha do dhéanamh ar scoil ar bith go ndeonfaidh an tAire deontas ar bith le n-a haghaidh fén Acht so agus ar scoil no ar chúrsa ar bith a bheidh á choinneail ar siúl ag coiste oideachais ghairme beatha no le n-a mbeidh coiste den tsórt san ag cabhrú.

(2) Gach duine chuirfidh bac no cosc le cigire ar bith agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Breacacháin á gcimeád ag scoileanna gheobhaidh deontaisí.

115. —Beidh sé de dhualgas ar phríomh-oide gach scoile go ndeonfaidh an tAire deontas ar bith le n-a haghaidh fén Acht so (agus nách scoil í atá á coinneail ar siúl ag coiste oideachais ghairme beatha) na cláir agus na breacacháin a hordófar do chimeád agus leigint do chigire na cláir agus na breacacháin sin d'iniúcha gach tráth réasúnta.

Saoráidí d'oidí.

116. —Pé uair a ghlacfaidh an tAire le hoide ar bith, a bheidh ar fostú ag coiste oideachais ghairme beatha, chun breis oiliúna do thabhairt do, bhéarfaidh an coiste sin don oide sin, ar pé slí agus ar pé téarmaí is dó leis an Aire is ceart, pé saoráidí a chuirfidh ar chumas an oide sin an bhreis oiliúna san d'fháil.