An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Airgeadas.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach agus Generalta.)

30 1929

ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1929

CUID III.

Tosach ag Muirir ar Thalamh.

Tosach ag muirir áirithe i bhfabhar don Chorparáid.

14. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh duine i seilbh talmhan ar a mbeidh cíos no ús in ionad cíosa no íocaíocht in ionad cíosa no ús ar airgead cheannaigh iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann de thurus na huaire, agus

(b) ina ndeimhneoidh Coimisiún Talmhan na hÉireann gurb é an duine sin an té ag á bhfuil an cíos san no an t-ús san in ionad cíosa no an íocaíocht san in ionad cíosa no an t-ús san ar airgead cheannaigh (pe'ca aca é) iníoctha ar dháta an deimhnithe sin, agus

(c) ina ndéanfidh an duine sin (ina aonar no i dteanta daoine eile) laistigh de mhí tar éis dáta an deimhnithe sin íoc suime colna nách mó ná ceithre chéad punt do chur mar mhuirear ar an talamh san i bhfabhar don Chorparáid, agus

(d) ina gclárófar go cuibhe in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí an instruimid tré n-a ndintar an muirear san, agus

(e) ná beidh ar dháta na hinstruimide sin aon lis pendens cláruithe maidir leis an talamh san i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte ná san Oifig Chúirte Cuarda don chontae no don chontae-bhuirg ina bhfuil an talamh san suidhte,

ansan (fé réir forálacha an ailt seo) beidh tosach ag an muirear san agus déanfa sé sárú mar mhuirear i gcoinnibh na talmhan san, ar gach estát, leas, eire, agus éileamh a bheidh sa talamh san agus air agus ina choinnibh ar dháta na hinstruimide sin ach amháin an cíos san, an t-ús san in ionad cíosa, an íocaíocht san in ionad cíosa no an t-ús san ar airgead cheannaigh (pe'ca aca é), riaráiste cíosa socruithe do réir bhrí na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, morgáistí i bhfabhar do Choimisiún Talmhan na hÉireann, aon bhlianacht talamh-cheannaigh a muirearófar ar an talamh san ina dhiaidh sin fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus aon mhuirear dá luaidhtear i míreanna (a), (b), (d), (e) agus (g) d'alt 47 d'Acht 1891.

(2) In aon chás ina mbeidh na nithe go léir a luaidhtear í míreanna (a) go (e) den fho-alt san roimhe seo ach amháin an té a luaidhtear sa mhír sin (a) do bheith i seilbh na talmhan mar ionadaí phearsanta do dhuine ná maireann agus an deimhniú a luaidhtear sa mhír sin (b) do bheith sa chéill go bhfuil an cíos, no an t-ús in ionad cíosa, no an íocaíocht in ionad cíosa, no an t-ús ar airgead cheannaigh (pe'ca aca é) iníoctha ag ionadaí an duine sin ná maireann agus é bheith ráite sa mhuirear a luaidhtear sa mhír sin (c) go bhfuil sé á dhéanamh ag á dheontóir no ag duine dá dheontóirí mar ionadaí phearsanta don duine sin ná maireann, ansan bainfidh an fo-alt san leis an muirear san agus beidh tosach ag an muirear san dá réir sin agus fós tuigfar é bheith déanta i ngnáth-chúrsa na dlí agus chun na críche bhaineann le hestát an duine sin ná maireann do riara.

(3) Más rud é, ar dháta instruimide le n-a gcuirtar muirear ar thalamh do bheadh, ar chlárú na hinstruimide sin in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, i dteideal tosach do bheith aige fén alt so, go mbeidh foláramh fé alt 61 d'Acht 1891, mar a leasuítear leis an Acht so é, in Oifig Chlárathachta na Talmhan i dtaobh an tailimh sin, ansan, d'ainneoin éinní atá san Acht so is fé is ná rithfí an tAcht so a socrófar cadé an tosach ar a chéile atá ag an muirear san agus ag an estát, ag an leas, ag an eire, no ag an éileamh eile i gcoinnibh an tailimh sin atá ag an té do lóisteáil an foláramh san.

(4) San Acht so—

gairmtear muirear tosaíochta de mhuirear ar thalamh dá dtugtar tosach leis an alt so;

gairmtear morgáisteoir de dhuine do thug muirear tosaíochta uaidh;

gairmtear éilithe íochtaracha de sna nithe seo le chéile, eadhon, estáit, leasanna, eirí, agus éilithe, i dtalamh agus air agus ina choinnibh, ar a dtugtar tosaíocht i ndiaidh muirir thosaíochta de bhua an ailt seo;

gairmtear éilitheoir íochtarach de dhuine i dteideal éilimh íochtaraigh; agus

cialluíonn an abairt “muirear buan-fheabhais” muirear tosaíochta 'na dtaisbeánfidh an morgáisteoir ina thaobh gur dhin an Chorparáid an tsuim cholna a hurruítear leis an muirear san do roimh-íoc chun críche no crícheanna acu so a leanas agus chuige sin no chucha san amháin, sé sin le rá, chun foirgintí do thógáil ar an talamh is abhar don mhuirear san no chun buanfheabhsuithe do dhéanamh ar an talamh san do raghadh chun torthúlacht an tailimh sin do mhéadú no chun an méadú san do chur in usacht no chun cabhruithe leis, no chun íoctha na gcostaisí a bhain leis an airgead san d'fháil ar iasacht agus le hurrús do thabhairt ar a aisíoc agus gur chun críche no crícheanna acu san agus chuige sin no chucha san amháin a dineadh an tsuim cholna san do chaitheamh.

Féadfidh éilitheoirí íochtaracha foláraimh do lóisteáil.

15. —(1) Einne adéarfidh go bhfuil teideal aige chun estáit, leasa, eire no éilimh in no ar aon talamh no ina choinnibh ná fuil cláruithe in Oifig Chlárathachta na Talmhan is éileamh íochtarach i gcoinnibh an tailimh sin no 'na ndéanfadh éileamh íochtarach i gcoinnibh an tailimh sin de dá gcruthnuítí muirear tosaíochta ar an talamh san, féadfidh an duine sin (pe'ca cláruithe in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí don instruimid, más ann di, fé n-a n-eireoidh an t-éileamh san no nách ea) foláramh do lóisteáil, fé alt 61 d'Acht 1891, in aghaidh clárú do dhéanamh, i gcoinnibh an tailimh sin le linn ná tar éis a chéad-chláruithe, ar aon deighleáil leis an talamh san i bhfabhar don Chorparáid chun dochair don éileamh san.

(2) Má lóisteáltar foláramh i dtaobh aon tailimh fé alt 61 d'Acht 1891 mar a leathnuítear leis an bhfo-alt san roimhe seo é, ní bhainfidh fo-alt (2) den alt san 61 leis an bhfoláramh san ach ina ionad san déanfar, le linn an talamh san do chéad-chlárú, an foláramh san d'iontráil ar an bhfólio a bhaineann leis an talamh san mar fholáramh do lóisteáladh fé alt 69 den Acht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Cirt éilitheoirí íochtaracha.

16. —(1) Chó fada leis an ord a bheidh idir an morgáisteoir do thug muirear tosaíochta uaidh nách muirear buan-fheabhais agus éilitheoirí íochtaracha 'na mbeidh éileamh acu i gcoinnibh tailimh dá ndineann an muirear san deifir, tuigfar an muirear san do bheith muirearuithe ar gach aon estát agus leas (más ann dóibh), sa talamh san, 'na raibh an morgáisteoir sin, ar dháta cláruithe an mhuirir sin in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, no 'na dtáinig sé chun bheith aon uair ina dhiaidh sin, i dteideal chun a dtairbhe mar shlánú ar gach éileamh íochtarach ag éilitheoirí íochtaracha i gcoinnibh an tailimh sin.

(2) Gach airgead a híocfar leis an gCorparáid ag éilitheoir íochtarach no as cuid, as estát no as leas éilitheora íochtaraighe 'na mbeidh éileamh aige i gcoinnibh tailimh ar scór muirir thosaíochta nách muirear buan-fheabhais ar an talamh san, aisíocfidh an morgáisteoir leis an éilitheoir sin é, ar a éileamh san air, maraon le hús air do réir ráta cúig per cent. per annum agus go dtí go n-aisíocfar san amhlaidh beidh an t-airgead san agus an t-ús air ina bhfiacha ag an duine sin ar an morgáisteoir ar gach aon estát agus leas (más ann dóibh) 'na mbeidh an morgáisteoir i dteideal chun a dtairbhe sa talamh san no i dtora a dhíola ar dháta íoctha an airgid sin leis an gCorparáid.

Cosaint do mhion-aoisigh agus do gheilteanna.

17. —(1) I gcás talamh do bheith fé mhuirear thosaíochta nách muirear buan-fheabhais agus duine a bheidh ar dháta cláruithe an mhuirir sin in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí i dteideal éilimh íochtaraighe i gcoinnibh an tailimh sin do bheith ar dháta an chláruithe sin fé bhun bliain is fiche d'aois no gan meabhair shlán aige, beidh an duine sin aon uair tar éis an chláruithe sin ach, i gcás duine fé bhun bliain is fiche d'aois ar dháta an chláruithe sin, ní tar éis a chúig bliana fichead do shlánú dho i dteideal ordú d'fháil ón gCúirt Chuarda á ordú go dtabharfadh an morgáisteoir don duine sin, tré urrús do thabhairt uaidh, tré airgead do lóisteáil sa chúirt no ar pé slí eile a cheadóidh an chúirt, slánú is dó leis an gCúirt is leor mar chosaint don éileamh íochtarach a bheidh ag an duine sin i gcoinnibh an mhuirir thosaíochta san agus, mara dtugaidh an morgáisteoir an slánú san uaidh laistigh de ráithe tar éis dáta an orduithe sin, go ndíolfadh an Chúirt an talamh san agus go gcuirfí tora an díola san chun críche do réir dlí agus, in aon chás, go n-íocfadh an morgáisteoir na costaisí do bhí ar an duine sin maidir leis an ordú san, leis an iarratas air, agus le gach imeacht fé, nuair a bheidís measta mar chostaisí idir atúrnae agus cliant.

(2) Aon tslánú a thabharfidh morgáisteoir uaidh do réir ordú fén bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ionchurtha i bhfeidhm, le cead na Cúirte Cuarda agus ar pé slí a ordóidh an Chúirt sin, pé uair a déanfar an muirear tosaíochta gur tugadh an slánú san ina thaobh do chur i bhfeidhm i slí a dhéanfadh dochar don éileamh íochtarach gur tugadh an slánú san chun a chosanta no i pé cás eile is dó leis an gCúirt sin a dhéanfadh é bheith cóir agus cothrom an slánú san do chur i bhfeidhm.

(3) Na cirt agus na tairbhí a bronntar ar éinne leis an alt so beid mar bhreis ar aon chirt no tairbhí eile chun a mbeidh teideal ag an duine sin fén Acht so agus beid gan dochar dóibh.

(4) Ní deonfar aon ordú fé fho-alt (1) den alt so gan fógra do thabhairt don mhorgáisteoir maran dó leis an gCúirt gur ceart déanamh in éamais an fhógra san.

Féadfidh an Chorparáid foláraimh do lóísteáil.

18. —Pé uair adéarfidh an Chorparáid gurb eireadóir í ar thalamh nea-chláruithe do réir bhrí alt 61 d'Acht 1891 de bhua instruimide do cláruíodh in Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, beidh sé dleathach don Chorparáid, d'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá san alt san, foláramh fén alt san do lóisteáil leis an údarás clárathachta, agus má cláruítear an foláramh san amhlaidh beidh sé dleathach don údarás chlárathachta, ar chéadchlárú an tailimh sin, an t-eire do cruthnuíodh leis an instruimid sin do chlárú mar ualach a dhineann deifir don talamh san agus pé tosach (más ann do) aige a tugtar don eire sin leis an Acht so no ar shlí eile do réir dlí.

Muirir thosaíochta ag ionadaí pearsanta fé Acht Leasúcháin 1928.

19. —In aon chás ina mbeidh na nithe go léir a luaidhtear i míreanna (a) go (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht Leasúcháin 1928 ach amháin an té a luaidhtear sa mhír sin (a) do bheith marbh agus a bhás agus ainm a ionadaí phearsanta do bheith curtha síos sa chlár a luaidhtear sa mhír sin agus an muirear a luaidhtear sa mhír sin (c) do bheith déanta ag an ionadaí pearsanta san mar ionadaí phearsanta den tsórt san, ansan bainfidh an fo-alt san (1) den alt san (2) leis an muirear san agus beidh tosach ag an muirear san dá réir sin agus tuigfar, chun crícheanna an Achta san agus go sonnrách chun crícheanna fo-altanna (2) agus (3) den alt san, gur muirear é dá dtugtar tosach leis an alt san, agus tuigfar fós an muirear san do bheith déanta i ngnáthchúrsa na dlí agus chun na gcrícheanna a bhaineann le hestát an duine sin ná maireann do riara.

Muirir thosaíochta ag únaer teoranta agus ag fear fuighill fé Acht Leasúcháin 1928.

20. —I gcás—

(a) duine do bheith cláruithe, mar únaer theoranta ar thalamh, i gclár de shaor-shealbhairí a cimeádtar ar bun fé Acht 1891, agus

(b) an clárú san do bheith fé réir nóta i dtaobh cothromaí do réir bhrí Acht Leasúcháin 1928, agus

(c) an duine sin agus an duine no na daoine uile a bheidh i dteideal an tailimh sin, chó fada le hestát no le hestáit i bhfuigheall no i bhfeitheamh tar éis no ar chríochnú estáit an duine sin a céad-luaidhtear, do chur le chéile i muirearú íoc suime colna nách mó ná ceithre chéad punt ar an talamh san i bhfabhar don Chorparáid, agus

(d) forálacha míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht Leasúcháin 1928 do bheith cólíonta.

ansan bainfidh Acht Leasúcháin 1928 maidir leis an muirear san chó hiomlán is dá mba dhuine bheadh cláruithe sa chlár san de shaor-shealbhairí mar lán-únaer ar an talamh san do dhéanfadh an muirear san.