18 1929


Uimhir 18 de 1929.


ACHT DRÉINEÁLA AIRTÉIRIGHE (LEASÚ), 1929.


ACHT CHUN FORÁLACHA AN ACHTA DRÉINEÁLA AIRTÉIRIGHE, 1925 , DO CHUR I mBAINT LE CONTAE BHUIRGÍ. [11adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “An Príomh-Acht” an t Acht Dréineála Airtéirighe, 1925 (Uimh. 33 de 1925) .

An Príomh-Acht do chur i mbaint le contae-bhuirgí.

2. —(1) Bainfidh an Príomh-Acht le contae-bhuirg agus le comhairle chontae-bhuirge fé mar a bhaineann sé le contae agus le comhairle chontae.

(2) Nuair a beifear ag cur an Phríomh-Achta i mbaint le contaebhuirg agus le comhairle chontae-bhuirge déanfar na tagairtí ann do chontae, do chomhairle chontae, do rúnaí chomhairle chontae, do shuirbheur chontae, agus do chiste chontae do léiriú fé seach mar thagairtí do chontae-bhuirg, do chomhairle chontae-bhuirge, do bhaile-chléireach chontae-bhuirge, do shuirbheur bhuirge no neachtar acu do phrímh-innealtóir chontae-bhuirge, agus don chiste bhuirge, agus ní bhainfidh an tagairt do mhuirear ar an gcontae iomlán leis an scéal.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —Féadfar an tAcht Dréineála Airtéirighe (Leasú), 1929 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Dréineála Airtéirighe, 1925 agus 1929, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.