14 1929


Uimhir 14 de 1929.


ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (LEASÚ), 1929.


ACHT CHUN AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1927 , DO LEASÚ MAIDIR LE DEOCHA MEISCIÚLA DO DHÍOL I LÍOMATÁISTE CHATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH DÉ DOMHNAIGH AN 23adh LÁ DÉ MHEITHEAMH, 1929. [18adh Meitheamh, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Leasú teoranta sealadach ar uaire díola Dé Domhnaigh, 23adh Meitheamh, 1929.

1. —Déanfar, maidir leis an Domhnach an 23adh lá de Mheitheamh, 1929, agus sa mhéid go mbaineann an scéal le líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath amháin, mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Deocha Meisciúla, 1927 ( Uimh. 15 de 1927 ) do léiriú agus beidh éifeacht aici fé is dá gcuirtí an focal “ceathair” in ionad an fhocail “dó” atá anois sa mhír sin agus fé is dá gcuirtí an focal “seacht” in ionad an fhocail “cúig” atá anois sa mhír sin.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla (Leasú), 1929 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1929, do ghairm de sna hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1927, agus den Acht so le chéile.