Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. RIALACHA NACH FOLAIR DO THITHE LE N-A mBAINEANN AN tACHT SO DO BHEITH DA REIR.)

12 1929


Uimhir 12 de 1929.


ACHT NA dTITHE, 1929.


ACHT CHUN SOLÁTHAR TITHE COMHNAITHE DO CHUR IN USACHT AGUS CHUIGE SIN A ÚDARÚ GO dTABHARFAR DEONTAISÍ AR SON TÓGÁIL NA dTITHE SIN, CHUN ACHTANNA NA dTITHE, 1925 AGUS 1928, DO LEASÚ AGUS CHUN FORÁLACHA EILE DO DHÉANAMH A CHABHRÓIDH CHUN TUILLE TITHE COMHNAITHE DO SHOLÁTHAR.

[14adh Bealtaine, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so ach amháin mar a n-éilíonn an có-théacs a mhalairt—

cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiúil” comhairle chontae no bhuirge no bhailecheanntair, no coimisinéirí aon bhaile, no bord sláinte agus conganta phuiblí no bord sláinte puiblí, no comhairle thuathcheanntair i gcontae Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “cumann maitheasa puiblí” cumann atá cláruithe fé sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, no cara-chumann atá cláruithe fé sna Friendly Societies Acts, 1896 and 1908, no aontas céirde atá cláruithe fé sna Trade Union Acts, 1871 to 1913, agus tógáil tithe don lucht oibre ar a gcuspóirí agus foluíonn an abairt sin fós cuideachta a chuireann ina luighe ar an Aire gur leas na ndaoine amháin is abhar dá cuspóirí agus go bhfuil soláthar tithe don lucht oibre ar na cuspóirí sin;

ní fholuíonn an focal “duine” údarás áitiúil ná cumann maitheasa puiblí ná an Cólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha;

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an focal “tigh” foirgint atá oiriúnach chun comhnaithe ann mar thigh chomhnaithe, agus foluíonn sé urlár comhnaithe atá iomlán ann féin;

cialluíonn an abairt “urlár comhnaithe atá iomlán ann féin” aon chuid d'fhoirgint atá oiriúnach chun comhnaithe ar leithligh ann mar thigh chomhnaithe;

ní fholuíonn an focal “tógáil” ath-dhéanamh, agus is dá réir sin a léireofar na focail “tóg,” “ag tógáil,” agus focail eile áta gaolmhar leo.

Tithe le n-a mbaineann an tAcht so.

2. —Bainfidh an tAcht so le gach tigh a bheidh do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus do réir aon rialacha no rialachán eile a hordófar chun na críche sin.

Deontaisí a fhéadfidh an tAire a dheona.

3. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, deontaisí do dheona mar leanas:—

(a) d'éinne a thógfidh tigh no tithe le n-a mbaineann an tAcht so, deontas nách mó ná £45 ar son gach tighe den tsórt san;

(b) d'aon chumann maitheasa puiblí a thógfidh tigh no tithe le n-a mbaineann an tAcht so, deontas nách mó ná £60 ar son gach tighe den tsórt san;

(c) d'aon údarás áitiúil a thógfidh tigh no tithe do réir na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, agus do réir scéime do cheaduigh an tAire, deontas nách mó ná £60 ar son gach tighe den tsórt san;

(d) d'aon údarás áitiúil a thógfidh tigh no tithe do réir na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, agus do réir scéime do cheaduigh an tAire, deontas nách mó ná £50 ar son gach tighe den tsórt san.

(2) Féadfidh údarás áitiúil a thógfidh tigh no tithe do réir na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, agus do réir scéime do cheaduigh an tAire, a gheallúint don Aire ná cuirfid aon tigh acu san dá láimh tré n-a dhíol ná tré n-a léasú ná tré n-a chur ach ar pé praghas no cíos agus ar pé coiníollacha a cheadóidh an tAire, agus go ndéanfidh an t-údarás áitiúil sin sa bhliain airgeadais áitiúil ina rithfar an tAcht so no sa chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin ráta nách lú ná scilling fén bpunt do chruinniú chun crícheanna na scéime sin agus go gcuirfid sochar an ráta san chun íoctha costaisí feidhmithe na scéime sin; agus má gheallann údarás áitiúil amhlaidh maidir le haon scéim den tsórt san beidh sé d'oblagáid ar an údarás áitiúil sin an gheallúint sin do chur i bhfeidhm agus do chólíona agus, le toiliú an Aire Airgid, féadfidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas (in ionad agus ní hi dteanta deontais fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so) nách mó ná £72 do dheona ar son gach tighe fé leith a tógfar do réir na scéime sin.

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire, i dtaobh tighe 'nar féidir deontas do dheona ar a son fén Acht so, gur tógadh é chun bheith ar seilbh ag duine áirithe in ionad tighe eile do fágadh neamh-ionáitithe tré chósta-chreimhirt le linn é bheith i seilbh an duine sin, féadfidh an deontas (más ann do) a dheonfidh an tAire fén Acht so ar son an tighe sin dul thar an teora oiriúnach a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so ach ní ragha sé thar pé teora is oiriúnach don deontas san de sna teoranta a luaidhtear i gCuid I (lasmuich den Nóta atá fé) den Dara Sceideal a ghabhann le h Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925) .

(4) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 d'Acht na dTithe 1925 ( Uimh. 12 de 1925 ) mar atá sé leasuithe tré alt 3 d'Acht na dTithe, 1928 ( Uimh. 31 de 1928 ) agus ina ionad san achtuítear leis seo nách mó ná suim Milleon agus Caoga Míle Punt a bheidh méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fén alt san (3) d'Acht na dTithe, 1925, mar atá sé leasuithe mar adubhradh, maraon le méid iomlán na ndeontas a deonfar fén alt so.

(5) Ní dheonfidh an tAire deontas fén alt so—

(a) ar son tighe a tógadh do réir coiníll ath-shuidhimh do réir brí alt 10 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 ( Uimh. 15 de 1923 );

(b) ar son tighe a tógadh ar ionad no ar aon chuid d'ionad foirginte gur moladh cúiteamh fén Acht san um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, mar gheall ar a léirscrios, no gur tugadh tuairisc ar a léirscrios fé alt 15 den Acht san.

Modh íoctha na ndeontas.

4. —(1) Gach deontas a dheonfidh an tAire do dhuine no do chumann maitheasa puiblí fén Acht so íocfar é ar pé slí a hordófar o am go ham agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar ce'ca a cólíonadh no nár cólíonadh aon choiníoll no rialachán áirithe.

(2) Ní íocfidh an tAire aon deontas le duine ná le cumann maitheasa puiblí ar son tógáil tighe mara ndeimhnighidh ná go dtí go ndeimhneoidh oifigeach a cheapfidh an tAire chuige sin (agus dá ngairmtear an “t-oifigeach ceaptha” san alt so) no (i gcás athchomhairc chun an Aire i gcoinnibh diúltú ón oifigeach ceaptha do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin go bhfuil an tógáil sin críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil.

(3) Gach deontas a dheonfidh an tAire d'údarás áitiúil fén Acht so féadfar é d'íoc ina thráth-choda ar pé slí a ordóidh an tAire, i dtreo go n-íocfar gach tráth-chuid fé leith ar chríochnú coda áirithe de thógáil na dtithe 'na ndeonfar an deontas ar a son.

Féadfidh Údaráis Áitiúla cabhrú chun tithe do thógáil.

5. —(1) Féadfidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, cabhrú chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógáil ina líomatáiste feidhmiúcháin in aon tslí acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) deontas breise do dheona d'aon duine no cumann maitheasa puiblí le n-a bhfuil deontas iníoctha ag an Aire fén Acht so ar son tighe atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla, ach gan é dhul thar méid an deontais is iníoctha ag an Aire ar son an tighe sin;

(b) iasacht do thabhairt d'aon duine no cumann maitheasa puiblí le n-a bhfuil deontas iníoctha ag an Aire fén Acht so ar son tighe atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla ach gan í dhul thar dhá oiread an deontais sin: Ach beidh gach iasacht den tsórt san ion-aisíoctha, i dteanta no d'éamais úis, ina tráth-choda no ar shlí eile, laistigh de thréimhse 'na bhféadfidh an t-údarás áitiúil féin airgead d'fháil ar iasacht, agus urrófar í le morgáiste no le muirear ar an tigh sin agus ar an ionoighreachta ar a bhfuil an tigh sin suidhte;

(c) aon chuid d'aon talamh i seilbh an údaráis áitiúla do dheona, do dhíol no do léasú d'aon duine no cumann maitheasa puiblí, no leis no leo, fé réir cumhnanta go dtógfidh an duine no an cumann san ar an talamh san líon áirithe de thithe le n-a mbaineann an tAcht so, agus má sé a dhíol no a léasú a déanfar féadfidh an praghas no an cíos a íocfidh an duine no an cumann san bheith níos lú ná an praghas no an cíos a féadfí a fháil ar dhíol no ar léasú an tailimh sin sa mharga oscailte;

(d) aon oibreacha do dhéanamh atá riachtanach do thalamh atá oiriúnach chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógáil air, no aon oibreacha a bhaineann leis an talamh san no a raghadh chun feabhas do chur air:

Ach luach iomlán na cabhrach, fé mar a shocróidh an tAire é, a dheonfidh aon údarás áitiúil fén alt so d'aon duine no cumann chun aon tigh no tithe do thógáil, ní ragha sé thar iomlán an deontais is iníoctha ag an Aire fén Acht so leis an duine no leis an gcumann san ar son an tighe no na dtithe sin.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “líomatáiste feidhmiúcháin”—

(a) maidir le comhairle aon bhuirge no bailecheanntair no le coimisinéirí aon bhaile—líomatáiste na buirge, an cheanntair, no an bhaile, pe'ca aca é;

(b) maidir le comhairle chontae—líomatáiste na contae lasmuich de gach buirg, bailecheanntar, no baile a luíonn ann: Ach má bheartuíonn coimisinéirí baile, le toiliú an Aire, ag cruinniú a comórfar d'aon ghnó chun na críche sin, go n-aistreofaí a bhfeidhmeanna fén alt so chun comhairle na contae ina luíonn an baile sin, agus má aontuíonn an chomhairle sin leis an aistriú san ag cruinniú a comórfar d'aon ghnó chun na críche sin, leis sin beidh líomatáiste an bhaile sin ina chuid de líomatáiste fheidhmiúcháin na comhairle sin.

(3) Féadfidh aon údarás áitiúil, le toiliú an Aire, airgead d'fháil ar iasacht chun críche an ailt seo agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht chun na gcrícheanna san d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána an údaráis áitiúla san chun críche aon teorann a forchuirtar le fáil iasachtaí le haon reacht no fé.

(4) San alt so ní fholóidh an abairt “údarás áitiúil” comhairle thuathcheanntair i gcontae Bhaile Atha Cliath ná bord sláinte agus conganta phuiblí ná bórd sláinte puiblí.

Costaisí.

6. —(1) Gach costas fé n-a raghaidh comhairle chontae i bhfeidhmiú an Achta so is amach as an ráta dealbhais a híocfar é agus cuirfar é mar mhuirear ar líomatáiste fheidhmiúcháin na comhairle sin mar a mínítear é san alt san roimhe seo.

(2) Gach costas fé n-a raghaidh comhairle bhuirge no bhailecheanntair no coimisinéirí baile i bhfeidhmiú an Achta so cruinneofar agus íocfar é fé is dá dtéigheadh an chomhairle no na coimisinéirí sin fé i bhfeidhmiú na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921.

Déanfidh Údarás Áitiúil cuid de sna rátaí do mhaitheamh.

7. —(1) I ngach bliain de sna naoi gcinn déag tosaigh de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis luacháil chun crícheanna rátaíochta do bheith déanta ar thigh gur dheon an tAire deontas fén Acht so ar son a thógála do dhuine no do chumann maitheasa puiblí, déanfidh gach údarás áitiúil 'na bhfuil comhacht acu chun rátaí do ghearra cuid de sna rátaí do mhaitheamh is inghearrtha ag an údarás áitiúil an bhliain sin ar son an tighe sin.

(2) Isé méid a dhéanfidh údarás áitiúil do mhaitheamh, fén bhfo-alt san roimhe seo, den ráta is inghearrtha aon bhliain den tsórt san roimhráite, ná an cion den ráta san a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne uimhir na bliana san sa chéad cholún den Dara Sceideal san.

(3) Ní bheidh éifeacht ag forálacha alt 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ) i gcás aon tighe gur dheon an tAire deontas ar a son fén Acht so.

Roinnt Chiste Tithe na hÉireann.

8. —Na suimeanna a dhlighfidh aon údarás áitiúil d'íoc no do chur i leataoibh mar gheall ar airgead a fuair an t-údarás san ar iasacht chun tithe do thógáil fé fhorálacha na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, tithe gur dheon an tAire deontaisí ar a son fén Acht so, ní háireofar iad mar chuid den mhuirear bhliantúil i dtaobh tithe atá ar an údarás san do réir brí alt 5 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.

Féadfar rialacha, coiníollacha etc., d'ordú.

9. —(1) Gach riail, rialachán, coiníoll, agus ní eile adeirtar san Acht so do bheith orduithe no le hordú, agus pé rialacháin eile is gá chun an tAcht so do chur in éifeacht, féadfidh an tAire iad d'ordú le hOrdú.

(2) Déanfar gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén ordú san roimhe sin.

(3) Sa mhéid gur nithe atá buiniscionn le haon rialacháin a ordóidh an tAire fén alt so forálacha aon Achta áitiúla, no forálacha aon fho-dhlithe, rialacha, rialachán no scéimeanna, pé údarás fé n-ar dineadh iad, i dtaobh déanamh, leaga amach, no dréineáil foirgintí nua no sráideanna nua, ní bhainfidh na forálacha san le haon tigh le n-a mbaineann an tAcht so agus a bheidh do réir na rialachán a hordófar amhlaidh.

Gearr-theideal agus léiriú.

10. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1929, do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar, maidir le hAchtanna na dTithe, 1925 agus 1928, agus leis an Acht so, sa mhéid go leasuítear na hAchtanna san leis, Achtanna na dTithe, 1925 go 1929, do ghairm díobh le chéile.