7 1929


Uimhir 7 de 1929.


ACHT NA bhFEATHAID AGUS NA bPIAST LOITBHEARTACHA, 1929.


ACHT CHUN SOCRÚ EILE AGUS SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN BARRAÍ, CRAINN AGUS TOIR DO CHOSAINT AR FHEATHAIDÍ AGUS AR PHIASTAÍ DO LOITFADH IAD AGUS CHUN NA DESTRUCTIVE INSECTS AND PESTS ACTS, 1877 AND 1907, DO LEASÚ CHUN NA CRÍCHE SIN. [9adh Bealtaine, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Act so—

cialluíonn an abairt “an Roinn” Roinn Talmhaíochta agus Cheárd-Oideachais na hÉireann;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Destructive Insects Act, 1877, agus

cialluíonn an abairt “Acht 1907” an Destructive Insects and Pests Act, 1907.

Focail áirithe do léiriú.

2. —(1) Nuair a húsáidtear an focal “insect” sa Phríomh-Acht no in Acht 1907 no an focal “feathaid” san Acht so, ansan, i dteanta na mbrí a cuirtar leis tríd an bPríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1907, folóidh sé bacteria agus orgánachtaí eile ainmhí no fáis agus éinní fé ndeár barra-ghalar tógálach.

(2) Nuair a húsáidtear an focal “crop” sa Phríomh-Acht no in Acht 1907 no an focal “barra” san Acht so, ansan, i dteanta na mbrí a cuirtar leis tríd an bPríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1907, folóidh sé síol, planda, agus aon chuid de shíol no de phlanda.

Comhachta na Roinne do leathnú.

3. —Féadfar le hordú a dhéanfidh an Roinn fén bPríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1907:—

(a) comhacht do thabhairt d'aon chigire dá dtabharfidh an Roinn údarás chuige sin gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá, aon bharra ar a mbeidh feathaid do tugadh isteach i Saorstát Éireann agus a bheidh luaidhte san ordú san, no aon bharra chun ar dócha no tré n-ar dócha go leathfadh an fheathaid sin, d'aistriú no do dhíthiú no a chur fé ndeár é d'aistriú no do dhíthiú, agus go generálta pé nithe is oiriúnach leis do dhéanamh maidir le haon bharra chun aon fheathaid den tsórt san do chose ar leatha, agus dul isteach ar aon talamh chun aon chríche acu san roimhráite no chun aon scrúdú no fiosrú do dhéanamh a bheidh údaruithe leis an ordú san no chun aon chríche eile a bheidh luaidhte san ordú san;

(b) pé táille no éileamh eile a ordóidh an Roinn le toil an Aire Airgid d'fhorchur maidir le haon deimhniú a tabharfar do réir an orduithe sin tar éis iniúcha do bheith déanta;

(c) pionóisí i gciontaí i gcoinnibh an orduithe sin d'fhorchur (in ionad na bpionós a húdaruítear leis an bPríomh-Acht) ach gan iad do dhul thar fíneáil deich bpunt i gcás an chéad chionta ná thar fíneáil fiche punt i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

Cúiteamh i ndíthiú, etc., barraí.

4. —Pé uair a haistreofar no a dítheofar aon bharra ag cigire no fé orduithe cigire, ag á mbeidh údarás ón Roinn fé ordú a bheidh déanta fén bPríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1907 agus leis an Acht so, chun barraí do chosaint ar fheathaid do tugadh isteach i Saorstát Éireann agus a bheidh luaidhte san ordú san, féadfidh an Roinn cúiteamh d'íoc le húnaer an bharra san san aistriú no sa díthiú san, cúiteamh a measfar fé sna forálacha so leanas, agus dá réir, sé sin le rá:—

(a) measfidh an Roinn méid an chúitimh sin do réir pé méid is dó leis an Roinn do bheith réasúnta ag cuimhneamh dóibh ar gach a mbaineann leis an scéal;

(b) má bhíonn an t-únaer sin mí-shásta leis an méid cúitimh a mheasfidh an Roinn amhlaidh féadfa sé, le fógra i scríbhinn don Roinn, a iarraidh go gcuirfí an scéal fé eadrascán agus leis sin cuirfar meas méid an chúitimh sin fé bhráid eadrascánaí amháin ar a gcó-aontóidh an t-únaer sin agus an Roinn no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, a cheapfidh an tAire Talmhaíochta agus tabharfidh an t-eadrascánaí sin breith air agus ní bheidh dul thar a bhreith.

An t-am chun imeachta do bhunú.

5. —D'ainneoin éinní contrárdha dho san in aon Acht eile féadfar imeachta mar gheall ar chionta i gcoinnibh ordú fén bPríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1907, no fén bPríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1907 agus leis an Acht so, do bhunú aon uair laistigh de bhliain o lá déanta an chionta adeirtar a dineadh más cionta a bhaineann le haistriú, le díol, le consighniú no le cur prátaí an cionta san.

Prátaí do spréidheáil.

6. —(1) Pé uair a dhéanfidh an Roinn, maidir le haon cheanntar áirithe, fén bPríomh-Acht mar a leasuítear é le hAcht 1907 agus leis an Acht so, Ordú chun barraí do chosaint ar fheathaid do tugadh isteach i Saorstát Éireann agus a bheidh luaidhte san ordú san, agus a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, féadfidh an Roinn fógra (dá ngairmtear fógra spréidheála san alt so) sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar éinne is únaer ar bharra prátaí do cuireadh sa cheanntar san, á cheangal ar an únaer sin an barra prátaí sin do spréidheáil leis an meascán spréidheála orduithe sa tslí orduithe laistigh den aimsir a bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(2) Mara gcó-líontar fógra spréidheála laistigh den aimsir a bheidh ceaptha leis an bhfógra san féadfidh an Roinn a chur fé ndeár an barra prátaí is abhar don fhógra san do spréidheáil leis an meascán spréidheála orduithe sa tslí orduithe ar chostas únaer an bharra prátaí sin agus chun na críche sin féadfidh aon chigire dá dtabharfidh an Roinn údarás chuige sin dul isteach ar an talamh ina mbeidh an barra prátaí sin curtha agus gach ní do dhéanamh ann is gá chun an barra prátaí sin do spréidheáil no a bhaineann leis sin agus íocfidh únaer an bharra prátaí sin costas na spréidheála san leis an Roinn ar a éileamh air agus féadfidh an Roinn é bhaint amach mar fhiacha síbhialta ar a éileamh di.

(3) Einne a chuirfidh bac no cosc leis an Roinn no le héinne ag á mbeidh údarás cuibhe ón Roinn agus iad ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Féadfar fógra spréidheála do sheirbheáil tré n-a sheachada don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint ina chóir le duine os cionn sé mblian déag d'aois ar an talamh ina mbeidh an barra prátaí le n-a mbaineann sé curtha no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe fé sheola na háite comhnaithe is déanaí is eol a bheith aige.

(5) Féadfidh cigire dá dtabharfidh an Roinn údarás chuige sin fógra spréidheála do shighniú agus do thabhairt amach thar ceann na Roinne agus ar bheith sighnithe agus tabhartha amach amhlaidh do tuigfar é bheith sighnithe agus tabhartha amach ag an Roinn.

(6) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a bheidh déanta ag an Roinn fén alt so.

Costaisí.

7. —Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Roinn i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta mar a leasuítear é le hAcht 1907 agus leis an Acht so no i bhfeidhmiú an Achta so, ach an méid a híocfar amhlaidh ní ragha sé thar suim míle punt in aon bhliain airgeadais áirithe gan cead an Aire Airgid.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

8. —Féadfar Acht na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1929 , do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na Destructive Insects and Pests Acts, 1877 and 1907, agus féadfar Achtanna na bhFeathaid agus na bPiast Loitbhearthacha, 1877 go 1929, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.