An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Diuitethe Custum.)

5 1929

ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS STAMPA), 1929

CUID II.

Diuitethe Stampa agus Generalta.

Saoirse o dhiúitéthe stampa áirithe.

5. —(1) Ní bheidh aon diúité stampa inéilithe ná iníoctha ar aon stoc debentiúra ná ar aon deimhniú muirir a thabharfidh Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, amach ná ar aon dintiúir iontaobhais, aistriú, fo-mhorgáiste no instruimid eile a chríochnóidh Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, chun urrú, díreach no nea-dhíreach, do dhéanamh ar íoc an airgid a hurrófar le haon debentiúir no stoc debentiúra den tsórt san no le haon deimhniú muirir den tsórt san.

(2) Ní bheidh aon diúité stampa inéilithe ná iníoctha ar aon chomhacht atúrnae a críochnófar d'aon ghnó le haghaidh no chun críche aistriú scaireanna le Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, no aistriú debentiúirí, stuic dhebentiúra, no deimhnithe muirir a thabharfidh Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, amach.

(3) Má méaduítear caipital Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, aon uair tar éis rithte an Achta so, ní bheidh aon diúité stampa inéilithe ná iníoctha ar an méadú caipitail sin ná maidir leis.

(4) San alt so tá an brí chéanna leis an abairt “deimhniú muirir” atá léi san Acht Cáirde Talmhaíochta, 1927 (Uimhir 24 de 1927).

Gearr-theideal.

6. —Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 , do ghairm den Acht so.