38 1928


Uimhir 38 de 1928.


ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA, 1928.


ACHT CHUN DEIRE DO CHUR LE RÉ AN ACHTA CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA, 1927 . [26adh Mí na Nodlag, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Ré an Achta chun Cosanta na Puiblíochta, 1927 .

1. —Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 1 den Acht chun Cosanta na Puiblíochta, 1927 ( Uimh. 31 de 1927 ) agus achtuítear leis seo ina ionad san go raghaidh an tAcht san chun Cosanta na Puiblíochta, 1927, in éag ar rith an Achta so.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta, 1928 , do ghairm den Acht so.