32 1928


Uimhir 32 de 1928.


ACHT AOIS-LIÚNTAIS NA MÚINTEOIRÍ, 1928.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN SCÉIMEANNA DO CHUR LE CHÉILE AGUS DO CHUR IN ÉIFEACHT CHUN PINSIN AGUS AISCÍ DO SHOLÁTHAR DO MHÚINTEOIRÍ AGUS DO DHAOINE ÁIRITHE A BHÍ INA MÚINTEOIRÍ NO MAIDIR LEO SAN. [30adh Mí na Samhna, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so foluíonn an focal “múinteoir” duine do bhí ina mhúinteoir mheán-scoile an 1adh lá d'Eanair, 1927 agus do scuir de bheith ina mhúinteoir den tsórt san tar éis an dáta san agus roimh rith an Achta so, agus foluíonn sé fós duine do bhí ina mhúinteoir roimhe seo agus do ceapadh, le linn do bheith ina mhúinteoir, chun puist inphinsin i Stát-Sheirbhís Shaorstáit Éireann agus atá, le linn rithte an Achta so, i seilbh an phuist sin no puist den tsórt chéanna sa Stát-Sheirbhís sin.

Scéim aoisliúntais d'ullamhú.

2. —(1) Féadfidh an tAire Oideachais, le haontú an Aire Airgid, scéim (dá ngairmtear scéim aois-liúntais san Acht so) d'ullamhú i dtaobh aon aicme no aicmí áirithe múinteoirí d'fhonn pinsin agus aiscí do sholáthar don aicme no do sna haicmí múinteoirí le n-a mbaineann an scéim sin no maidir leo agus (fé réir a daingnithe fén Acht so) an scéim sin do chur i bhfeidhm.

(2) Féadfidh an tAire Oideachais scéimeanna deifriúla aoisliúntais d'ullamhú agus (fé réir a ndaingnithe mar adubhradh) do chur i bhfeidhm i dtaobh aicmí deifriúla múinteoirí.

Na nithe bheidh i scéim aois-liúntais.

3. —(1) Féadfidh forálacha bheith i scéim aois-liúntais i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) ciste pinsin do bhunú chun crícheanna na scéime sin agus an ciste sin do riara;

(b) múintcoirí le n-a mbaineann an scéim sin d'íoc pé síntiúisí a hordófar leis an scéim sin isteach sa chiste sin;

(c) pé airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun crícheanna na scéime sin d'íoc isteach sa chiste sin;

(d) pinsin agus aiscí d'íoc amach as an gciste sin le no maidir le múinteoirí le n-a mbaineann an scéim sin do réir pé rátaí agus i pé slí agus fé pé coiníollacha agus sriantachtaí (ar a n-áirítear sriantachtaí le haistriú) a hordófar leis an scéim sin.

(2) Féadfidh scéim aois-liúntais a údarú go ndéanfar pé suimeanna a hordófar leis an scéim sin do chimeád siar as no maidir le tuarastail no íocaíochtaí eile is iníoctha le múinteoirí le n-a mbaineann an scéim sin agus go ndéanfar na suimeanna a cimeádfar siar amhlaidh d'íoc isteach sa chiste phinsin a bunófar fén scéim sin.

(3) Féadfidh scéim aois-liúntais a údarú (i dteanta no d'éamais na gcimeádta-siar a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo) go ndéanfar pé suimeanna a hordófar leis an scéim sin do chimeád siar as aon deontaisí is iníoctha maidir le scoileanna ina mbeidh múinteoirí le n-a mbaineann an scéim sin ar fostú agus go ndéanfar na suimeanna a cimeáfar siar amhlaidh d'íoc isteach sa chiste phinsin a bunófar fén scéim sin.

(4) Má abrann scéim aois-liúntais go mbaincann sí le haon aicme mhúinteoirí le n-a mbaineann an National School Teachers (Ireland) Act, 1879, féadfidh an scéim sin bheith i dteanta no in ionad na bhforálacha den Acht san, mar a leasuítear é leis an Pensions (Increase) Act, 1920, a bhaineann leis an aicme mhúinteoirí sin agus féadfa sí na forálacha san do cheiliúra no do leasú dá réir sin.

Múinteoir do ceapadh chun na Stát-Sheirbhíse.

4. —Féadfidh scéim aois-liúntais, maidir le daoine le n-a mbaineann an scéim sin agus do ceapadh chun postanna inphinsin i Stát-Sheirbhís Shaorstáit Éireann, socrú speisialta do dhéanamh chun pinsin do dheona do chuid no do gach éinne acu san ar son a seirbhíse mar mhúinteoirí agus féadfa sí socrú do dhéanamh chun ceapa agus íoc aon phinsin den tsórt san do chur ar athló go dtí go ndéanfidh an té dá ndeonfar é an Stát-Sheirbhís sin d'fhágaint.

An tOireachtas do dhaingniú scéime.

5. —Ní thiocfidh aon scéim aois-liúntais i bhfeidhm mara ndintar ná go dtí go ndéanfar í do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus í do dhaingniú le rún o gach Tigh den Oireachtas.

Scéim aoisliúntais do cheiliúra agus do léasú.

6. —Féadfar scéim aois-liúntais do cheiliúra no do leasú le scéim aois-liúntais ina dhiaidh sin a déanfar agus a daingncofar fé mar a dineadh agus a daingníodh an bhun-scéim.

Costaisí.

7. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar ag cur an Achta so i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar Acht Aois-liúntais na Múinteoirí, 1928 , do ghairm den Acht so.