31 1928


Uimhir 31 de 1928.


ACHT NA dTITHE, 1928.


ACHT CHUN ACHT NA dTITHE, 1926 , D'ATHGHAIRM AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH, INA IONAD, AR ACHT NA dTITHE, 1925, MAIDIR LE MÉID IOMLÁN NA nDEONTAS FÉN ACHT SAN AGUS MAIDIR LEIS AN AIMSIR A CEAPTAR LEIS AN ACHT SAN CHUN TITHE LE N-A mBAINEANN AN tACHT SAN DO THÓGÁIL NO D'ATH-DHÉANAMH AGUS MAIDIR LE NITHE EILE A LEANANN AS ATHGHAIRM AN ACHTA SAN NA dTITHE, 1926. [30adh Mí na Samhna, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht,

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925) .

Athghairm.

2. —Athghairmtear leis seo Acht na dTithe, 1926 (Uimh, 31 de 1926).

Méid iomlán na ndeontas fén bPríomh-Acht.

3. —Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a deonfar fé alt 3 den Phríomh-Acht thar suim Ocht gCéad is Caoga Míle Punt.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

4. —Léireofar alt 6 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí na focail “no d'athdhéanamh” isteach sa chéad chlás d'fho-alt (1) de díreach tar éis na bhfocal “cabhrú chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógáil” atá sa chlás san anois.

Faidiú ar an am chun tithe do thógáil, etc.

5. —(1) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an riail seo a leanas isteach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san in ionad na rialach 5 atá sa Sceideal san anois, se sin le rá:—

“5. Tar éis rithte an Achta so agus ar dháta nách déanaí ná an ladh lá d'Abrán, 1929, a tosnófar tógáil no athdhéanamh tighe, agus roimh an 18adh lá de Dheire Fomhair, 1929, a críochnófar é no laistigh de pé tréimhse sa bhreis a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe ach gan san do bheith níos sia ná ceithre mhí ón 18adh lá san de Dheire Fomhair, 1929.”

(2) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an nóta so a leanas isteach i ndeire Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san in ionad an nóta atá sa Chuid sin den Sceideal san anois, sé sin le rá:—

“Nóta:—Más rud é, i gcás tighe le n-a mbaineann an tAcht so, ná beidh an tógáil no an t-athdhéanamh críochnuithe roimh an 18adh lá de Dheire Fomhair, 1929, agus go ndéanfar an t-am chun an chríochnuithe sin do chur i bhfaid déanfar, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, an deontas do laigheadú deichiú in aghaidh gach mí idir an 18adh lá san de Dheire Fomhair, 1929, agus an dáta ar ar críochnuíodh an tógáil no an t-athdhéanamh.”

Gearr-theideal agus luadh.

6. —Féadfar Acht na dTithe, 1928 , do ghairm den Acht so agus féadfar Achtanna na dTithe, 1925 agus 1928, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.