An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL.) Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL.)

25 1928

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1928

DARA SCEIDEAL.

1.—I rith na gcúig mblian a thiocfidh díreach tar éis bunú an Bhúird is mar leanas a hainmneofar agus a toghfar baill an Bhúird, sé sin le rá:—

(a) ainmneofar ball ag an Ard-Chomhairle,

(b) ainmneofar triúr ball ag Comhairle na nDochtúirí Leighis,

(c) déanfar beirt bhall a bheidh ina bhfiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh no do bhí roimhe sin cláruithe sa Chlár Generálta d'Fhiaclóirí fé alt 3 den Dentists Act, 1921, do thogha ag na fiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh no do bhí roimhe sin cláruithe amhlaidh,

(d) déanfar ceathrar ball a bheidh ina bhfiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh no do bhí roimhe sin cláruithe sa Chlár Generálta d'Fhiaclóirí ar shlí eile seachas fé alt 3 den Dentists Act, 1921, do thogha ag na fiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh no do bhí roimhe sin cláruithe amhlaidh.

2.—I rith na ndeich mblian a thiocfidh díreach tar éis cúig bliana do bheith caithte o bhunú an Bhúird is mar leanas a hainmneofar agus a toghfar baill an Bhúird, sé sin le rá:—

(a) ainmneofar ball ag an Ard-Chomhairle,

(b) ainmneofar triúr ball ag Comhairle na Dochtúirí Leighis,

(c) déanfar ball a bheidh ina fhiaclóir chláruithe a bheidh ina chomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh cláruithe sa chlár de bhua clárú do dineadh roimhe sin sa Chlár Generálta d'Fhiaclóirí fé alt 3 den Dentists Act, 1921, do thogha ag an fiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh cláruithe amhlaidh,

(d) déanfar ceathrar ball a bheidh ina bhfiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh cláruithe sa chlár ar shlí eile seachas de bhua clárú do dineadh roimhe sin sa Chlár Generálta d'Fhiaclóirí fe alt 3 den Dentists Act, 1921, do thogha ag na fiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh cláruithe amhlaidh.

3.—Tar éis cúig bliana déag do bheith caithte o bhunú an Bhúird is mar leanas a hainmneofar agus a toghfar baill an Bhúird, sé sin le rá:—

(a) ainmneofar ball ag an Ard-Chomhairle,

(b) ainmneofar triúr ball ag Comhairle na nDochtúirí Leighis,

(c) déanfar cúigear ball a bheidh ina bhfiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann do thogha ag na fiaclóirí cláruithe a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann.