Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

25 1928


Uimhir 25 de 1928.


ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1928.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN DAOINE CHLEACHTANN FIACLÓIREACHT NO MÁINLIAGHACHT FHIACAL DO CHLÁRÚ AGUS DO RIALÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LE CLEACHTA FIACLÓIREACHTA NO MÁINLIAGHACHTA FIACAL AGUS LEIS NA DAOINE ATÁ AG GABHÁIL DON CHLEACHTA SAN. [3adh Lúnasa, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an focal “an Bord” Bord na bhFiaclóirí a bunuítear leis an Acht so;

cialluíonn an focal “an Clár” an Clár d'Fhiaclóirí do Shaorstát Éireann atá le bunú fén Acht so;

cialluíonn an focal “an Chomhairle Ghenerálta” an General Council of Medical Education and Registration atá bunuithe fé sna hAchtanna Dochtúireachta;

cialluíonn an focal “Bord Generálta na bhFiaclóirí” an Dental Board sa Ríocht Aontuithe mar atá sé bunuithe fé sna Dentists Acts mar a hatharuítear iad leis an gCó-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an focal “an Clár Generálta d'Fhiaclóirí” an Clár d'Fhiaclóirí a cimeádtar ar bun fé sna Dentists Acts;

cialluíonn an focal “Comhairle na nDochtúirí Leighis” Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis a bunuíodh fé Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 (Uimh. 25 de 1927) ;

cialluíonn an focal “fiaclóir cláruithe”—

(a) maidir le haon rud atá déanta no le déanamh no le ní do thuitim amach roimh bhunú an chláir, duine atá cláruithe sa Chlár Ghenerálta d'Fhiaclóirí le linn an rud san do bheith á dhéanamh no le déanamh no le linn an ní sin do thuitim amach no, i gcás é do bheith cláruithe amhlaidh aon uair tar éis an 1adh lá d'Eanair, 1922, do scuir de bheith cláruithe amhlaidh ar chúis eile seachas de dheascaibh a bháis no do dheascaibh a chiontuithe i bhfeleontacht, i mí-iompar, i gcoir no i gcionta no de dheascaibh é d'fháil ciontach in iompar náireach no aithiseach maidir le n-a ghairm no de dheascaibh a chlárú do thabhairt chun críche tré chalaois no de dheascaibh a dhéanta tré earráid, agus

(b) maidir le haon rud a bheidh déanta no le déanamh no le ní do thuitim amach tar éis bhunú an chláir, duine a bheidh cláruithe sa chlár le linn an rud san do bheith á dhéanamh no le déanamh no le linn an ní sin do thuitim amach;

cialluíonn an focal “scrúdú tástála” scrúdú i bhfiaclóireacht no i máinliaghacht fhiacal a dintar, chun deimhnithe do dheona go bhfuiltar oilte chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta, ag aon phríomh-scoil no coláiste i Saorstát Éireann ag á bhfuil comhacht de thurus na huaire chun deimhnithe den tsórt san do dheona;

cialluíonn an focal “fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta” aon obráid do dhéanamh agus aon chóir, comhairle, oipineon, no freastal do thabhairt is gnáth do mháinliaigh fhiacal no d'fhiaclóir do dhéanamh no do thabhairt uaidh, agus foluíonn sé aon obráid do dhéanamh ar aon duine no aon chóir, comhairle no freastal do thabhairt do sara gcóirítear, sara gcuirtear isteach no sara socruítear fiacla saordha, no chun na críche sin no mar gheall air;

cialluíonn agus foluíonn an focal “tiarnas féin-rialtach” Tiarnas Chanada, an Astráil, Tiarnas Zéalann Nua, Aondacht na hAifrice Theas, agus Tír an Eisc;

ní fholuíonn an focal “sealbhachas Briotáineach” an Bhreatain Mhór ná Tuaisceart Éireann ná na tiarnaisí féin-rialtacha.

An Co-aontú do dhaingniú agus leasuithe ar an dlí dá dhruim.

2. —(1) Daingnítear leis seo an Co-aontú atá curtha síos sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ragha sé in éifeacht ar pé dáta is déanaí acu so a leanas, sé sin le rá, dáta rithte an Achta so agus an dáta ar a ndéanfidh Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann reachtúchán do rith mar dhlí chun éifeacht reachtúil do thabhairt don Chó-aontú san.

(2) Chun go mbeadh éifeacht reachtúil ag an gCó-aontú san i Saorstát Éireann achtuítear leis seo—

(a) sa mhéid go bhfuil a théarmaí buiniscionn leis na Dentists Acts, go dtuigfar go ndineann an Có-aontú san leasú no atharú sa mhéid sin ar na hAchtanna san agus go ndintar leis seo na hAchtanna san do leasú agus d'atharú dá réir sin;

(b) go mbeidh agus go leanfidh na Dentists Acts, agus iad leasuithe no atharuithe amhlaidh, i bhfeidhm i Saorstát Éireann sa mhéid go bhforáltar amhlaidh leis an gCó-aontú san no gur gá san chun go mbeadh lánfheidhm agus lán-éifeacht ag an gCó-aontú san i Saorstát Éireann;

(c) go scuirfidh na Dentists Acts, ach amháin sa mhéid go n-achtuítear a mhalairt sa mhír sin roimhe seo, d'éifeacht do bheith acu ar dháta rithte an Achta so.

Có-dhéanamh Bord na bhFiaclóirí.

3. —(1) Déanfar bord ar a dtabharfar Bord na bhFiaclóirí (dá ngairmtear an Bord san Acht so) do bhunú do réir an Achta so chun na feidhmeanna a ceaptar do leis an Acht so do chólíona.

(2) Beidh an Bord ina chólucht chorparáideach agus síorchomharbas aige agus féadfa sé séala do sholáthar do féin agus féadfa sé dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis fén teideal agus fén ainm sin adubhradh.

(3) Beidh an Bord có-dhéanta de bhaill a hainmneofar agus a toghfar fé seach ag na cóluchtaí agus ag na daoine uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, i gcás na mball a toghfar, is as na haicmí uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so a toghfar iad.

Téarma oifige baill den Bhord.

4. —(1) Fé réir na bhforálacha den alt so i dtaobh daoine a toghfar no a hainmneofar chun foth-fholúntaisí, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do beidh gach ball den Bhord i seilbh a oifige mar bhall den tsórt san ar feadh téarma cúig mblian a háireofar, i gcás na gcéad bhall, o bhunú an Bhúird agus, i gcás gach baill ina dhiaidh sin, ón am a bheidh téarma oifige an té a bhí roimhe caithte.

(2) Ball den Bhord a toghfar no a hainmneofar chun fothfholúntais sa Bhord beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige ar feadh an iarsma den téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht.

(3) Nuair a bheidh deire le n-a bhallraíocht tré imeacht aimsire beidh gach ball den Bhord ion-aththoghtha no ion-athainmnithe.

Eirghe as do bhall den Bhord.

5. —(1) Féadfidh ball den Bhord aon uair eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tré leitir do dhíriú agus do chur chun an Bhúird agus raghaidh gach eirghe-as den tsórt san in éifeacht i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a thosnóidh tar éis an t-eirghe-as san d'fháil don Bhord.

Foth-fholúntaisí sa Bhord.

6. —(1) Pé uair a thiocfidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) i mballraíocht an Bhúird tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall a hainmníodh cuirfidh an Bord in úil láithreach don chólucht d'ainmnigh an ball san go bhfuil an folúntas san tar éis teacht agus déanfidh an cólucht san, chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin, duine d'ainmniú chun an fholúntais sin.

(2) Pé uair a thiocfidh folúntas (dá ngairmtear foth-fholúntas san Acht so) i mballraíocht an Bhúird tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall a toghadh déanfidh an Bord ag an dara cruinniú eile a bheidh aige tar éis an folúntas san do theacht duine do thogha chun an fholúntais sin.

(3) Déanfar gach éinne a hainmneofar no a toghfar fén alt so chun foth-fholúntais d'ainmniú no do thogha ón aicme daoine (más ann di) go raibh sé ceangailte an ball d'ainmniú no do thogha aisti 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do.

Uachtarán an Bhúird.

7. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an mBord duine dá bhaill do thogha o am go ham fé mar is gá é chun bheith ina Uachtarán ar an mBord.

(2) Beidh gach Uachtarán den Bhord i seilbh oifige mar Uachtarán den tsórt san o dháta a thoghtha chun na hoifige sin go dtí go dtárlóidh pé ní acu so a leanas is túisce a thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) a théarma oifige mar bhall den Bhord do bheith caithte,

(b) a scur de bheith ina bhall den Bhord ar aon tslí eile seachas tré n-a théarma oifige do bheith caithte,

(c) a eirghe as oifig Uachtaráin an Bhúird.

Cruinnithe agus nós-imeachta an Bhúird.

8. —(1) Socróidh an Bord amannta agus áiteanna a chruinnithe agus comórfar gach cruinniú den Bhord tar éis a chéad chruinnithe san am agus san áit a socrófar amhlaidh.

(2) Is do réir na rialachán a dhéanfidh an Bord chuige sin fén Acht so a stiúrófar nós-imeachta an Bhúird ag á chruinnithe agus eile.

(3) Trian de bhaill an Bhúird a bheidh mar quorum.

(4) Gach socrú a bheidh le déanamh ag an mBord ag aon chruinniú a bheidh aige is le móráireamh de sna baill den Bhord a bheidh láithreach ag an gcruinniú san agus a vótálfidh ar an socrú san isea a déanfar é.

(5) Gníomhóidh Uachtarán an Bhúird mar Chathaoirleach ar gach cruinniú den Bhord ag á mbeidh sé láithreach agus má bhíonn an tUachtarán as láthair o aon chruinniú den tsórt san déanfidh na baill den Bhord a bheidh láithreach ag an gcruinniú san duine acu féin do thogha chun bheith mar chathaoirleach ar an gcruinniú san.

(6) Pé uair a thárlóidh ag cruinniú den Bhord, maidir le vótanna na mball den Bhord a bheidh láithreach agus a vótálfidh, gur có-ionann an méid díobh a tabharfar i bhfabhar agus an méid díobh a tabharfar i gcoinnibh tairisgeana no rúin, beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe sin i dteanta a vóta mar bhall den Bhord.

(7) Féadfidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith ina bhallraíocht.

Céad ainmniú na mball n-ainmnithe den Bhord.

9. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithe an Achta so cuirfidh an tAire chun Comhairle na nDochtúirí Leighis fógra i scríbhinn á iarraidh ortha triúr ball den Bhord d'ainmniú.

(2) Trí seachtaine ar a laighead no ceithre seachtaine ar a mhéid tar éis an fógra atá luaidhte sa bhfo-alt san roimhe seo do chur uaidh déanfidh an tAire ainmneacha na mball den Bhord d'ainmnigh Comhairle na nDochtúirí Leighis do chur in úil don Ard-Chomhairle, agus san am gcéanna iarrfa sé ar an Ard-Chomhairle duine den Bhord d'ainmniú.

(3) Nuair a bheidh an Ard-Chomhairle tar éis ball den Bhord d'ainmniú do réir an fho-ailt sin roimhe seo déanfaidh an tAire, tré fhógra i scríbhinn do chur tríd an bpost go dtí gach ball den Bhord a bheidh ainmnithe do réir an ailt seo, am agus áit do cheapa do chéad chruinniú na mball n-ainmnithe den Bhord.

(4) Tiocfidh na baill ainmnithe den Bhord le chéile san am agus san áit a ceapfar fén alt so dá gcéad chruinniú.

Céad chruinniú na mball n-ainmnithe den Bhord.

10. —(1) Déanfidh na baill ainmnithe den Bhord na nithe seo a leanas ag á gcéad chruinniú agus ina dhiaidh sin, sé sin le rá:—

(a) a nós-imeachta do rialáil agus amannta agus áiteanna a gcruinnithe do cheapa, agus

(b) scéim d'ullamhú, le haontú an Aire, chun toghachán do chomóra do réir an ailt seo chun baill toghtha den Bhord do thogha chun bheith i seilbh oifige ar feadh na gcúig mblian díreach tar éis bunú an Bhúird, agus

(c) an toghachán san do chomóra agus ainmneacha na ndaoine a toghfar ann do chur in úil don Aire.

(2) Leis an scéim a hullamhófar fén alt so chun baill toghtha den Bhord do thogha socrófar chun an vótáil sa toghachán san do dhéanamh tríd an bpost agus chun an vótáil sin do bheith sicréideach agus chun an toghachán san do chomóra in am agus i slí go mbeidh sé críochnuithe agus ainmneacha na ndaoine a toghadh ann curtha in úil don Aire laistigh de dhá mhí tar éis céad chruinniú na mball n-ainmnithe den Bhord.

(3) Beirt bhall ainmnithe den Bhord a bheidh mar quorum ag an gcéad chruinniú agus ag gach cruinniú ina dhiaidh sin de sna baill ainmnithe den Bhord.

(4) Na comhachta a tugtar do sna baill ainmnithe den Bhord fén alt so beidh deire leo nuair a bunófar an Bord.

Bunú an Bhúird.

11. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis bheith críochnuithe don toghachán do bhaill toghtha den Bhord a ceangailtear leis an Acht so ar bhaill ainmnithe an Bhúird do chomóra agus tar éis ainmneacha na ndaoine a toghadh sa toghachán san do bheith curtha in úil don Aire ag na baill ainmnithe sin foillseoidh an tAire san Iris Oifigiúil fógra á fhaisnéis go bhfuil an Bord bunuithe ar agus o dháta a bheidh ainmnithe sa bhfógra san agus ag luadh ainmneacha na ndaoine a bheidh toghtha agus ainmnithe an uair sin do réir an Achta so chun bheith ina mbaill den Bhord.

(2) An dáta bheidh le hainmniú sa bhfógra san a foillseofar san Iris Oifigiúil mar dháta chun an Bord do bhunú, beidh sé i ndiaidh ach ní bheidh sé níos mó ná deich lá i ndiaidh foillsiú an fhógra san agus déanfar gach tagairt san Acht so do bhunú an Bhúird mar phonc aimsire do léiriú mar thagairt don dáta a bheidh ainmnithe amhlaidh sa bhfógra san.

Céad chruinniú an Bhúird.

12. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis bunú an Bhúird déanfidh an tAire, tré fhógra i scríbhinn do chur tríd an bpost go dtí gach ball den Bhord, am agus áit do cheapa do chéad chruinniú an Bhúird.

(2) Tiocfidh an Bord le chéile san am agus san áit a ceapfar fén alt so dá chéad chruinniú agus leis sin tosnóidh sé ar a dhualgaisí fén Acht so do chólíona agus go sonnrách cromfa sé, ag an gcruinniú san no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin, ar an gclár do bhunú.

Na baill ainmnithe den Bhord d'ainmniú.

13. —(1) Dhá mhí ar a mhéid no mí ar a laighead roimh gach deire bheidh le téarma oifige na mball n-ainmnithe den Bhord cuirfidh an Bord go dtí gach ceann de sna cóluchtaí 'na bhfuil teideal acu fén Acht so baill den Bhord d'ainmniú leitir ag cur dáta an deire sin in úil don chólucht san agus á iarraidh ar an gcólucht san daoine d'ainmniú chun teacht chun bheith agus chun bheith ina mbaill den Bhord ar theacht don deire sin, pé méid daoine go bhfuil teideal ag an gcólucht san fén Acht so iad d'ainmniú i gcóir na tréimhse cúig mblian dar tosach an deire sin.

(2) Déanfidh gach cólucht a bheidh ag ainmniú baill den Bhord ainm an té a ainmneoidh sé amhlaidh do chur in úil i scríbhinn don Aire, más roimh bhunú an Bhúird an déanfar an t-ainmniú, agus don Bhord más tar éis bunú an Bhúird a déanfar an t-ainmniú, agus ní bheidh aon ainmniú den tsórt san iomlán go dtí go mbeidh ainm an té a hainmneofar curtha in úil don Aire no don Bhord (pe'ca aca é) amhlaidh ag an gcólucht a bheidh ag déanamh an ainmnithe sin.

Toghacháin na mball toghtha den Bhord.

14. —(1) Roimh gach deire bheidh le téarma oifige na mball toghtha den Bhord comórfidh an Bord toghachán do réir an Achta so chun pé méid agus pé aicmí ball toghtha den Bhord a horduítear leis an Acht so do thogha i gcóir na tréimhse cúig mblian dar tosach an deire sin agus comórfidh agus stiúróidh sé an toghachán san i slí go mbeidh sé críochnuithe roimh thosach téarma oifige na mball ach ní níos mó ná dhá sheachtain roimhe.

(2) Gach toghachán a comórfar tar éis bunú an Bhúird chun baill toghtha den Bhord do thogha stiúrófar é do réir scéime a ullamhóidh an Bord, go generálta no i gcóir an toghacháin áirithe sin, le haontú an Aire, agus socrófar le gach scéim den tsórt san chun an vótáil i ngach toghachán a comórfar fúithi do dhéanamh tríd an bpost agus chun an vótáil sin do bheith seicréideach.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhúird.

15. —(1) Ceapfidh an Bord clárathóir (dá ngairmtear an clárathóir san Acht so) agus féadfidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh eile is dó leis is ceart do cheapa.

(2) Gheobhaidh an clárathóir agus gach oifigeach agus seirbhíseach eile don Bhord pé luach saothair agus beid fé réir pé coiníollacha seirbhíse a ordóidh an Bord.

Dualgaisí an chlárathóra.

16. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an gclárathóir an clár do chimeád agus pé iontrála agus scrios amach do dhéanamh ann go n-ordóidh an Bord do le rialacháin a déanfar fén Acht so iad do dhéanamh ann agus chuige sin féadfidh an Bord leis na rialacháin sin comhachta agus dualgaisí an Bhúird fén Acht so maidir leis an gclár do leigint chun an chlárathóra, pé cinn acu a bhaineann le riarachán agus nách gá aon discréid chun iad d'fheidhmiú no a húdaruítear leis an Acht so a leigint chuige amhlaidh.

(2) Gníomhóidh an clárathóir fós mar rúnaí don Bhord agus cólíonfa sé pé dualgaisí eile agus go sonnrách pé dualgaisí, maidir le hullamhú, le clóbhuala, le foillsiú agus le díol clár na bhfiaclóirí, a ordóidh an Bord.

Cuntaisí an Bhúird agus a n-iniúcha.

17. —(1) Cimeádfidh an Bord, i pé fuirm a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid, gach cuntas is ceart agus is gnáth ar gach airgead a gheobhaidh no a chaithfidh an Bord.

(2) Iniúchfar cuntaisí an Bhúird uair amháin ar a laighead gach bliain ag iniúchóir a cheapfidh an tAire chuige sin agus isé an tAire a shocróidh táillí an iniúchóra san agus isé an Bord a íocfidh na táillí sin agus fós costaisí generálta na n-iniúcha san.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis gach iniúchta fén alt so ar chuntaisí an Bhúird cuirfidh an Bord fé ndeár na cuntaisí sin agus deimhniú agus tuairisc an iniúchóra ortha do chlóbhuala, d'fhoillsiú, agus do chur ar díol tré n-a gcur isteach san imleabhar ina mbeidh clár na bhfiaclóirí no mar imleabhar fé leith agus díreach tar éis gach foillsithe den tsórt san tíolaicfidh an Bord don Aire agus do gach Tigh den Oireachtas cóip de sna cuntaisí sin agus den deimhniú agus den tuairisc sin ortha mar a bheid clóbhuailte agus foillsithe amhlaidh.

Táillí a bheidh le n-íoc le baill den Bhord.

18. —Iocfidh an Bord le baill an Bhúird táillí ar son bheith láithreach ag á chruinnithe agus costaisí taistil i dtaobh teacht i láthair amhlaidh, pé táillí agus costaisí a shocróidh an Bord le haontú an Aire agus le toiliú an Aire Airgid.

Costaisí an Bhúird agus an Aire.

19. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Bord i bhfeidhmiú an Achta so go ceann bliana tar éis bunú an chláir.

(2) Isé an Bord a íocfidh, amach as a chuid airgid féin, gach costas fé n-a raghaidh an Bord tar éis bliana tar éis bunú an chláir.

(3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire i bhfeidhmiú an Achta so.

Airgead a gheobhaidh an Bord do chur chun críche.

20. —Iocfidh an Bord, amach as an airgead a gheobha sé i bhfuirm táillí no ar aon tslí eile, na costaisí fé n-a raghaidh Comhairle na nDochtúirí Leighis i bhfeidhmiú a ndualgas fén Acht so (isé an tAire a shocróidh méid na gcostas san mara gcó-aontuítear ortha) agus na costaisí a bheidh ar an mBord agus a cheanglann an tAcht so ar an mBord d'íoc amach as a chuid airgid féin agus cuirfe sé an barrachas (más ann do) a bheidh fágtha den airgead san chun crícheanna a bhaineann le hoideachas agus le lorgaireacht maidir le fiaclóireacht no chun aon chrícheanna puiblí a bhaineann le gairm na fiaclóireachta i pé slí a shocróidh an Bord.

An Bord do dhéanamh rialachán.

21. —Féadfidh an Bord, le rialacháin a dhéanfa sé, gach ní no éinní acu so a leanas d'ordú, sé sin le rá:—

(a) an nós-imeachta a leanfidh an Bord ag á chruinnithe agus eile,

(b) an clár do choinneáil ar siúl agus do chimeád go generálta agus, le haontú an Aire, fuirm an chláir,

(c) an fhuirm agus an modh ar a n-iarrfar go ndéanfaí clárú sa chlár agus an fhianaise bheidh le tabhairt, le linn an iarratais sin, ar theideal an iarratasóra chun a chláruithe amhlaidh,

(d) fé réir forálacha an Achta so agus aontú an Aire, na táillí a bheidh le n-íoc ar son daoine do chlárú agus ar son daoine do chimeád sa chlár,

(e) clár na bhfiaclóirí d'ullamhú, do chlóbhuala, d'fhoillsiú, agus do dhíol go generálta agus, le haontú an Aire, fuirm chlár na bhfiaclóirí,

(f) stiúrú agus nós-imeachta fiosrúchán ar iompar daoine cláruithe adeirtar a bheith ciontach in iompar náireach no aithiseach maidir le n-a ngairm,

(g) sa mhéid go n-údaruítear é leis an Acht so, comhachta agus dualgaisí an Bhúird maidir leis an gclár do leigint chun an chlárathóra,

(h) éinní no aon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a bheidh orduithe no le hordú le rialacháin a dhéanfidh an Bord agus ná luaidhtear anso roimhe seo go soiléir.

An tAire d'fheidhmiú feidhmeanna an Bhúird.

22. —(1) Más deimhin leis an Aire aon uair, tar éis pé fiosrúchán is oiriúnach leis an Aire do dhéanamh no gan fiosrúchán den tsórt san do dhéanamh, gur theip ar an mBord ar aon ócáid éinní no aon rud do dhéanamh a húdaruítear don Bhord no a ceangailtear air, leis an Acht so, do dhéanamh agus 'na raibh a dhéanamh ag an mBord ar an ócáid sin riachtanach no oiriúnach, dar leis an Aire, chun na feidhmeanna no na dualgaisí a bronntar no a forchuirtar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú sa cheart, féadfidh an tAire, le ordú, a ordú don Bhord an ní no an rud san do dhéanamh agus, chun na críche sin, pé nithe no rudaí eile do dhéanamh a chabhruíonn no a bhaineann leis sin agus a luadhfar san ordú san.

(2) Má theipeann ar an mBord na horduithe bheidh in ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so do chólíona, féadfidh an tAire féin pé nithe is oiriúnach leis do dhéanamh chun na horduithe a bheidh san ordú san do chólíona agus chuige sin beidh ag an Aire na cirt agus na comhachta a bronntar ar an mBord leis an Acht so agus féadfa sé iad d'fheidhmiú, pé cinn acu is gá chun na horduithe sin do chólíona go cuibhe.

Bunú an chláir.

23. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis bunú an Bhúird ullamhóidh agus bunóidh an Bord clár d'fhiaclóirí ar a dtabharfar “An Clár d'Fhiaclóirí do Shaorstát Éireann” agus dá ngairmtear an clár san Acht so.

(2) Chó luath agus bheidh an Bord i gcothrom chun dáta do cheapa chun an clár do bhunú agus, pé scéal é, fé cheann deich mí ar a mhéid tar éis rithte an Achta so cuirfidh an Bord in úil i scríbhinn don Aire an dáta (nách luatha ná dhá mhí tar éis a churtha in úil amhlaidh ná nách déanaí ná bliain tar éis rithte an Achta so) ar ar mian leo go mbunófí an clár agus leis sin déanfidh an tAire, le fógra a fhoillseoidh sé san Iris Oifigiúil, a fhaisnéis go mbunófar an clár ar an dáta san no ar pé dáta níos déanaí ná san is oiriúnach leis an Aire a luadh sa bhfógra san agus go mbeidh sé bunuithe ón dáta san amach.

(3) Déanfar an fógra a bheidh le foillsiú san Iris Oifigiúil do réir an fho-ailt sin roimhe seo d'fhoillsiú amhlaidh mí ar a laighead roimh an dáta a bheidh luaidhte sa bhfógra san chun an clár do bhunú.

(4) Déanfar gach tagairt san Acht so do bhunú an chláir mar phonc aimsire do léiriú mar thagairt don dáta a fhaisnéisfidh an tAire fén alt so a bheith mar dháta ar a mbunófar an clár agus o n-a mbeidh sé bunuithe.

(5) O bhunú an chláir agus dá éis sin déanfidh an Bord an clár do choinneáil ar siúl agus do chimeád do réir an Achta so agus do réir na rialachán a dhéanfidh an Bord fén Acht so.

(6) Is i pé fuirm a ordóidh an Bord, le haontú an Aire, a bheidh an clár.

Ceartú an chláir.

24. —(1) Chun an clár do chimeád ceart déanfidh an Bord o am go ham fé mar is gá é gach earráid fhocail no chléireachais sa chlár do cheartú, gach iontráil ann a tugadh chun críche tré chalaois no tré mhí-aithris chúise do chur amach as, gach atharú a thiocfidh in eolas dóibh ar sheolta na ndaoine bheidh cláruithe sa chlár d'iontráil ann, agus ainmneacha na ndaoine uile a bheidh tar éis bháis no a bheidh scurtha de bheith i dteideal a n-ainmneacha do chimeád ar an gclár de dheascaibh gan táillí d'íoc do chur amach as an gclár.

(2) Feadfidh an Bord aon uair, ar pé téarmaí agus o pé dáta is dó leo is ceart, ainm éinne, gur cuireadh a ainm amach as an gclár tré earráid ar an scór go raibh sé marbh no gur cuireadh a ainm amach as an gclár mar gheall ar gan táillí d'íoc, do chur thar n-ais sa chlár.

(3) Féadfidh an Bord, le rialacháin a déanfar fén Acht so, gach ceann no aon cheann dá gcomhachta agus dá ndualgaisí fén alt so do leigint chun an chlárathóra ach amháin an chomhacht chun ainm do chur thar n-ais sa chlár.

Fógra ón gclárathóir i dtaobh báis duine chláruithe.

25. —Déanfidh gach clárathóir básanna, ar fháil fhógra dho i dtaobh éinne atá cláruithe sa chlár do bheith tar éis bháis, deimhniú fé n-a láimh do chur láithreach tríd an bpost chun an chlárathóra á dheimhniú go bhfuil an duine sin tar éis bháis agus mion-innste ann ar am agus ar áit bháis an duine sin, agus féadfa sé costas an deimhnithe sin agus costas a churtha chun an chlárathóra d'éileamh mar chostas a bhaineann le n-a oifig mar chlárathóir básanna.

Na daoine a bheidh i dteideal a gcláruithe le linn bunú an chláir.

26. —(1) Ach an táille orduithe d'íoc, clárófar sa chlár le linn a bhunuithe—

(a) gach éinne bhí ina fhiaclóir chláruithe díreach roimh bhunú an chláir agus a bhí ina chomhnaí i Saorstát Éireann an uair sin, agus

(b) gach éinne bhí ina fhiaclóir chláruithe díreach roimh bhunú an chláir agus a bhí ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann an uair sin agus a iarrfidh ar an mBord laistigh de mhí roimh an mbunú san go gclárófí sa chlár é.

(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar duine do bheith ina chomhnaí ag á sheola mar a bheidh sé ráite sa Chlár Ghenerálta d'Fhiaclóirí.

Na daoine a bheidh i dteideal a gcláruithe tar éis bunú an chláir.

27. —(1) Tar éis bunú an chláir beidh ag na daoine seo a leanas, ar dhéanamh an iarratais orduithe agus ar íoc na dtáillí orduithe, teideal (ach i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) chun a gcláruithe sa chlár, sé sin le rá:—

(a) gach éinne a bheidh le linn an iarratais sin cláruithe sa Chlár Ghenerálta d'Fhiaclóirí, agus

(b) gach éinne a bheidh le linn an iarratais sin i seilbh chéime no cheadúnais i máinliaghacht fhiacal do deonadh ag príomh-scoil no ag coláiste i Saorstát Éireann ag á raibh, le linn deonta na céime no an cheadúnais sin, comhacht chun a dheonta.

(2) Einne gur scrios an Bord a ainm amach as an gclár de dheascaibh é d'fháil ciontach i dtréasún no i bhfeleontacht, i mí-iompar, i gcoir, no i gcionta, no gur scriosadh a ainm amach as le hordú Chomhairle na nDochtúirí Leighis de dheascaibh gur tugadh breith air é bheith ciontach in iompar náireach no aithiseach maidir le n-a ghairm, ní bheidh sé i dteideal a ainm do chur thar n-ais sa chlár do fén alt so de bhíthin a bheith cláruithe sa Chlár Ghenerálta d'Fhiaclóirí agus dá bhíthin sin amháin.

(3) Ní bheidh ag duine ná beidh cláruithe sa chlár cheana féin teideal chun a chláruithe ann fén alt so má dineadh, aon uair roimh a iarratas ar a chlárú amhlaidh, a ainm do scrios amach as an gClár Generálta d'Fhiaclóirí de dheascaibh é d'fháil cion tach i bhfeleontacht, i mí-iompar, i gcoir no i gcionta no de dheascaibh gur tugadh breith air é bheith ciontach in iompar náireach no aithiseach maidir le n-a ghairm.

Na daoine a luaidhtear sa Tríú Sceideal do chlárú.

28. —(1) Bainfidh an t-alt so leis na daoine uile agus fé seach a hainmnítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus fós le haon duine a chuirfidh ina luighe ar an Aire roimh bhunú an Bhúird, no ar an mBord tar éis bunú an Bhúird, go bhfuil na coiníollacha so a leanas cólíonta aige, sé sin le rá:—

(a) gur shaoránach de Shaorstát Éireann é an 1adh lá d'Eanair, 1928, agus

(b) gur fiaclóireacht do chleachta i Saorstát Éireann ba phrímh-shlí maireachtana dho ar feadh na tréimhse iomláine de dheich mbliana díreach roimh rith an Achta so, agus

(c) ná raibh sé ciontach aon uair in aon choir ná iompar do chuirfadh fé ndeár é chur as an gclár dá mba fhiaclóir cláruithe é an uair sin.

(2) Chun na gcrícheanna a bhaineann leis an alt so do chur i mbaint le duine ba cheárdaí fiaclóireachta roimh rith an Dentists Act, 1921, tuigfar go bhfoluíonn an focal “fiaclóireacht do chleachta” sa bhfo-alt san roimhe seo an obair is gnáth le ceárdaí fiaclóireachta do dhéanamh.

(3) Ar aon cheann de sna scrúduithe i bhfiaclóireacht a hordófar agus a comórfar fén alt so do rith dho agus ar an iarratas orduithe do dhéanamh agus na táillí orduithe d'íoc beidh gach éinne le n-a mbaineann an t-alt so i dteideal a chláruithe sa chlár.

(4) Déanfar dhá scrúdú d'ordú agus do chomóra fén alt so, agus comórfar an chéad cheann acu tar éis bheith caithte do chúig mhí agus roimh bheith caithte do shé mhí o rith an Achta so agus comórfar an dara ceann acu tar éis bheith caithte d'aon mhí dhéag agus roimh bheith caithte do bhliain o rith an Achta so.

(5) Más roimh bhunú an Bhúird a comórfar scrúdú a hordófar agus a comórfar fén alt so isé an tAire a ordóidh agus a chomórfidh é, agus más tar éis bunú an Bhúird a comórfar é isé an Bord a ordóidh agus a chomórfidh é.

(6) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun éinne le n-a mbaineann an t-alt so do thoirmeasc ar fhiaclóireacht no ar mháinliaghacht fhiacal do chleachta ná ar a chur in úil ná ar a thabhairt le tuisgint go gcleachtann sé ceachtar acu no go bhfuil sé ullamh ar cheachtar acu do chleachta i rith na tréimhse idir rith an Achta so agus foillsiú tora an dara scrúduithe a comórfar fén alt so.

(7) Gach éinne le n-a mbaineann an t-alt so agus a bheidh cláruithe sa chlár fén alt so agus a bheidh ina chomhnaí i Saorstát Éireann beidh sé, faid a bheidh sé cláruithe amhlaidh agus an comhnaí sin air, i dteideal chun vótáil agus chun a thoghtha i dtoghachán a comórfar do bhaill toghtha an Bhúird tar éis a chláruithe amhlaidh, fé is dá mbeadh sé cláruithe sa chlár de bhua clárú roimhe sin sa Chlár Ghenerálta d'Fhiaclóirí fé alt 3 den Dentists Act, 1921.

Na daoine a luaidhtear sa Cheathrú Sceideal do chlárú.

29. —Tuigfar chun crícheanna an Achta so gach éinne dá n-ainmnítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith cláruithe le linn rithte an Achta so sa Chlár Ghenerálta d'Fhiaclóirí fé alt 3 den Dentists Act, 1921, agus beidh aige dá réir sin go dtí bunú an chláir gach ceart, maidir le cleachta, vótáil, agus eile, a bronntar leis an Acht so ar dhaoine atá cláruithe amhlaidh agus beidh sé leis (ach an táille orduithe d'íoc) i dteideal a chláruithe sa chlár le linn a bhunuithe.

Fiaclóirí coigríche.

30. —(1) Einne a tréineáladh agus a bheidh de thurus na huaire cláruithe mar fhiaclóir, mar mháinliaigh fhiacal, no mar fhiaclóir mháinliaghachta in aon tsealbhachas Briotáineach, tiarnas féinrialtach, no tír choigríoch a bheidh de thurus na huaire admhuithe ag an mBord chun crícheanna an ailt seo, beidh aige, ar dhéanamh an iarratais orduithe agus ar íoc na dtáillí orduithe dho, teideal chun a chláruithe sa chlár.

(2) Féadfidh an Bord, chun crícheanna an ailt seo, aon tsealbhachas Briotáineach, tiarnas féin-rialtach, no tír choigríoch d'admháil ina mbeidh i bhfeidhm, le linn na hadmhála san, reachtúchán—

(a) le n-a socruítear go ndéanfidh údarás puiblí daoine a chleachtann fiaclóireacht do chlárú, agus

(b) le n-a n-éilítear i gcóir an chláruithe sin standard tréineála agus eolais is dó leis an mBord do bheith chó hárd ar a laighead leis an standard tréineála agus eolais is gá chun ceart d'fháil chun bheith cláruithe fén Acht so, agus

(c) le n-a socruítear go gceadófar daoine bheidh cláruithe fén Acht so do chlárú fén reachtúchán san ar théarmaí is dó leis an mBord a bheith i gcó-ionannas réasúnta leis na téarmaí ar a gceaduítear daoine atá cláruithe fén reachtúchán san do chlárú fén Acht so.

(3) Féadfidh an Bord aon uair scur d'aon tsealbhachas Briotáineach, tiarnas féin-rialtach no tír choigríoch d'admháil chun crícheanna an ailt seo a bhí admhuithe amhlaidh roimhe sin.

(4) San Acht so gairmtear fiaclóirí coigríche de dhaoine a bheidh cláruithe sa chlár fén alt so.

Daoine a ciontófar i gcoireanna do scriosa amach as an gclár.

31. —(1) Pé uair a déanfar duine bheidh cláruithe sa chlár do chiontú i Saorstát Éireann i dtréasún no i bhfeleontacht no i mí-iompar no do chiontú lasmuich de Shaorstát Éireann i gcoir no i gcionta do bheadh ina fheleontacht no ina mhí-iompar dá mba i Saorstát Éireann a déanfí é, féadfidh an Bord ainm an duine sin do scriosa amach as an gclár.

(2) Féadfar duine gur scriosadh a ainm amach as an gclár fén alt so do chur thar n-ais sa chlár le hordú ón Ard-Chúirt fén Acht so no aon uair le hordú speisialta ón mBord ach ní har aon tslí eile agus nuair a dhéanfidh an Bord duine do chur thar n-ais sa chlár amhlaidh féadfidh an Bord pé coiníollacha (agus ortha san táille d'íoc nách mó ná an táille do bheadh iníoctha ag an duine sin ar son a chláruithe dá mba mar an gcéad uair do bheadh sé á chlárú an uair sin) is oiriúnach leis an mBord do cheangal le n-a chur thar n-ais amhlaidh.

Daoine a gheobhfar ciontach in iompar náireach no aithiseach do scriosa amach as an gclár.

32. —(1) Féadfidh an Bord aon uair fiosrúchán do chomóra no ball no baill den Bhord do cheapa chun fiosrúchán do chomóra i dtaobh iompair éinne bheidh cláruithe sa chlár agus 'na gcuirfar ina leith é bheith ciontach in iompar náireach no aithiseach maidir le n-a ghairm agus déanfidh an Bord amhlaidh ar iarratas o aon phríomh-scoil no coláiste i Saorstát Éireann ag á mbeidh comhacht de thurus na huaire chun deimhnithe do dheona go bhfuiltar oilte chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta.

(2) Más rud é, de bharr fiosrúcháin a comórfar fén bhfo-alt san roimhe seo no de bharr tuarasgabhála a gheobhaidh an Bord o Bhord Ghenerálta na bhFiaclóirí ar fhiosrúchán a chomór an Bord san, go bhfuighidh an Bord an té 'nar comóradh an fiosrúchán san i dtaobh a iompair do bheith ciontach in iompar náireach no aithiseach maidir le n-a ghairm féadfidh an Bord, más oiriúnach leis é, ainm an duine sin do scriosa amach as an gclár.

(3) Feádfar duine gur scriosadh a ainm amach as an gclár fén alt so do chur thar n-ais sa chlár le hordú ón Ard-Chúirt fén Acht so no aon uair le hordú speisialta ón mBord ach ní har aon tslí eile agus nuair a dhéanfidh an Bord duine do chur thar n-ais sa chlár amhlaidh féadfidh an Bord pé coiníollacha (agus ortha san táille d'íoc nách mó ná an táille do bheadh iníoctha ag an duine sin ar son a chláruithe dá mba mar a gceád uair do bheadh sé á chlárú an uair sin) is oiriúnach leis an mBord do cheangal le n-a chur thar n-ais amhlaidh.

Athchomhaire chun na hArd-Chúirte.

33. —(1) Pé uair a dhiúltóidh an Bord do dhuine do chlárú sa chlár d'iarr é do chlárú ann no a scriosfa sé ainm éinne amach as an gclár déanfidh an Bord fógra i scríbhinn i dtaobh an diúltuithe no an scriosta amach san agus i dtaobh na cúise bhí leis do chur tríd an bpost láithreach chun an duine sin.

(2) Pé uair a dhiúltóidh an Bord no a theipfidh air duine do chlárú sa chlár d'iarr é do chlárú ann no a scriosfa sé ainm éinne amach as an gclár féadfidh an duine sin athchomharc do dhéanamh chun na hArd-Chúirte do réir rialacha cúirte i gcoinnibh an diúltuithe, an teipthe, no an scriosta amach san laistigh de ráithe tar éis do fógra d'fháil ón mBord fén alt so i dtaobh an diúltuithe no an scriosta amach san no, má theip ar an mBord é do chlárú, laistigh de shé mhí tar éis do a iarraidh go gclárófí amhlaidh é agus, ar éisteacht aon athchomhaire den tsórt san di, féadfidh an Ard-Chúirt pé orduithe is dó léi is ceart do thabhairt uaithi agus ortha san ordú go ndéanfí ainm an athchomharcaigh do chlárú no do chur thar n-ais sa chlár chun bheith air ar agus o dháta ordú na Cúirte no ar agus o aon dáta roimhe sin agus orduithe i dtaobh conus a híocfar costaisí an athchomhaire.

(3) Ar éisteacht athchomhaire di fén alt so i gcoinnibh scriosta amach do dineadh mar gheall ar an athchomharcach d'fháil ciontach in iompar náireach no aithiseach maidir le n-a ghairm, féadfidh an Ard-Chúirt, más dó léi gur ceart san a dhéanamh, fianaise do ghlaca agus do bhreithniú o dhaoine údarásacha i ngairm na dochtúireachta no i ngairm na fiaclóireachta i dtaobh cad is iompar náireach no aithiseach ann maidir le gairm.

(4) Pé uair a ordóidh an Ard-Chúirt, de bharr athchomhaire fén alt so, ainm duine do chlárú no do chur thar n-ais sa chlár déanfidh an Bord ainm an duine sin do chlárú no do chur thar n-ais (pe'ca aca é) sa chlár díreach do réir an orduithe sin.

(5) Ní bheidh dul siar ar an mbreith a thabharfidh an Ard-Chúirt de bharr athchomhaire fén alt so agus ní féadfar athchomharc do dhéanamh chun aon Chúirte eile ina coinnibh.

Fiosrúchán ag an mBord nuair a cuirfar iompar náireach i leith duine.

34. —(1) Pé uair a dhéanfidh an Bord fiosrúchán do chomóra no aon bhaill no ball den Bhord do cheapa chun fiosrúchán do chomóra fén Acht so i dtaobh iompair éinne 'na gcuirfar ina leith é bheith ciontach in iompar náireach no aithiseach maidir le n-a ghairm beidh comhacht ag an mBord no ag na baill no ag an mball a ceapfar amhlaidh (pe'ca aca é) fínnithe do ghairm chun teacht i láthair ag an bhfiosrúchán san agus iad do cheistiú fé mhionn agus, chuige sin, na fínnithe sin do chur fé mhionn agus a chur fhiachaint ar na fínnithe sin scríbhinní a bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram do thabhairt i láthair, sé sin, aon scríbhinní gur dó leis an mBord no leis na baill no leis an mball san (pe'ca aca é) gur gá chun críche an fhiosrúcháin sin iad do thabhairt i láthair.

(2) Gach éinne go dteipfidh air, ar a ghairm go cuibhe don Bhord no d'aon bhaill no ball den tsórt san roimhráite, teacht i láthair ag fiosrúchán a comórfar fén alt so no, ar bheith i láthair do amhlaidh mar fhínné, a dhiúltóidh do mhionn do thabhairt no d'fhianaise do thabhairt uaidh no do scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt i láthair nuair a héileofar san air fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) An té go mbeidh a iompar fé scrúdú ag fiosrúchán a comórfar fén alt so beidh teideal aige chun éisteacht d'fháil agus chun fianaise do thabhairt i láthair, agus, más mian leis é, chun ionadaíochta tré atúrnae agus tré abhcóide ag an bhfiosrúchán san.

An clár d'fhiaclóirí.

35. —(1) Déanfidh an Bord gach bliain a chur fé ndeár go gclóbhuailfar, go bhfoillseofar, agus go ndíolfar fén teideal “An Clár d'Fhiaclóirí Shaorstáit Éireann” (dá ngairmtear an clár d'fhiaclóirí san Acht so) liost cruinn, i pé fuirm a ordóidh an Bord le haontú an Aire, d'ainmneacha na ndaoine uile go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa chlár an chéad lá den bhliain sin.

(2) Le toiliú an Aire féadfidh an Bord, más dó leis gur ceart é, staona ón gclár d'fhiaclóirí d'fhoillsiú an bhliain a bunófar an clár, ach má fhoillsíonn an Bord an clár d'fhiaclóirí an bhliain sin beidh an clár san d'fhiaclóirí ina liost d'ainmneacha na ndaoine uile go mbeidh a n-ainmneacha iontrálta sa chlár an lá tar éis bunú an chláir.

(3) Féadfidh an Bord, le haontú an Aire, ainmneacha fiaclóirí coigríche do chórú i liost fé leith in aon chlár d'fhiaclóirí agus fós féadfa sé, le haontú an Aire, fo-liostaí fé leith do dhéanamh den liost san fé leith agus ainmneacha na ndaoine sin ionta fé seach do tréineáladh agus a bheidh cláruithe i sealbhachaisí Briotáineacha, sna tiarnaisí féin-rialtacha, agus i dtíortha coigríche.

(4) Is ar ord aibítreach sloinnte a déanfar an liost agus gach liost fé leith agus fo-liost d'ainmneacha daoine a bheidh le bheith sa chlár d'fhiaclóirí fén alt so do chórú sa liost, sa liost fé leith, no sa bhfo-liost san, agus ar ord aibítreach ainmneacha baiste i gcás daoine den aon tsloinne amháin, agus beidh ionta, i ndiaidh no os coinne ainm gach éinne den tsórt san, a sheola agus a cháilíochta mar a bheid sa chlár ar an 1adh lá d'Eanair na bliana le n-a mbaineann no, i gcás an chláir d'fhiaclóirí a foillseofar an bhliain a bunófar an clár, mar a bheid sa chlár an lá tar éis bunú an chláir.

(5) Beidh cóip a thugann le tuisgint gur cóip í do clóbhuaileadh agus do foillsíodh ag an mBord no don Bhord fén alt so den chlár d'fhiaclóirí a bheidh de thurus na huaire ar an gclár d'fhiaclóirí is déanaí do clóbhuaileadh agus do foillsíodh amhlaidh, beidh an chóip sin ina fianaise in aon chúirt, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar gach éinne go bhfuil a ainm iontrálta sa chlár san d'fhiaclóirí do bheith cláruithe sa chlár fén Acht so agus dá réir agus ar éinne ná fuil a ainm iontrálta sa chlár san d'fhiaclóirí do bheith gan bheith cláruithe amhlaidh.

(6) Deimhniú a thugann le tuisgint go bhfuil sé sighnithe ag an gclárathóir agus go ndeimhníonn sé go raibh duine áirithe cláruithe go cuibhe sa chlár ar lá no ar laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, no go raibh duine áirithe gan bheith cláruithe sa chlár ar lá no ar laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe, no gur dineadh ainm duine áirithe do scriosa amach as an gclár ar lá áirithe, beidh sé, gan cruthú ar shighniú an té a dheabhruíonn bheith tar éis an deimhniú san do shighniú no gan cruthú gurbh é an té sin an clárathóir agus d'ainneoin aon deifríochta idir an deimhniú san agus an clár d'fhiaclóirí, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú san agus leis an deimhniú san.

Ciontaí agus pionóisí maidir leis an gclár.

36. —(1) Gach éinne a dhéanfidh no a thabharfidh chun críche no a chuirfidh fé ndeár go ndéanfar no go dtabharfar chun críche no a chabhróidh no a ghríosóidh chun go ndéanfar no go dtabharfar chun críche, d'fhonn is go gclárófí é féin sa chlár, aon aithris chúise no dearbhú is eol don duine sin a bheith bréagach no calaoiseach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná bliain.

(2) Gach éinne a dhéanfidh no a chuirfidh fé ndeár go ndéanfar no a chabhróidh no a ghríosóidh chun go ndéanfar sa chlár, agus san go toiliúil agus go calaoiseach, aon iontráil is eol don duine sin a bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar príosúntacht i dteanta no d'éamais daoroibre do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná bliain.

(3) Gach éinne a dhéanfidh go toiliúil agus go bréagach, tar éis bunú an chláir, a chur in úil no a thabhairt le tuisgint gur duine é atá cláruithe sa chlár, no úsáid do bhaint as aon ainm, teideal, iartheideal no tuairisc (pe'ca i bhfocail no i leitreacha dho no go leathrannach i bhfocail agus go leathrannach i leitreacha) a chuirfidh i dtuisgint é bheith cláruithe amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

Tuairiscí ar dhaoine cláruithe.

37. —(1) Gach éinne a bheidh cláruithe sa chlár beidh sé i dteideal an tuairisc fiaclóir no cleachtóir fiaclóireachta do thabhairt air féin agus an tuairisc sin d'úsáid.

(2) Duine a bheidh cláruithe sa chlár—

(a) ní úsáidfe sé aon ainm seachas an ainm fé n-a mbeidh sé cláruithe sa chlár, ná

(b) ní thabharfa sé air féin ná ní úsáidfe sé, ná ní cheanglóidh sé ar a áitreabh ná ní úsáidfe sé ina thaobh, aon teideal ná tuairisc a bhaineann leis féin, le n-a áitreabh, no leis an obair a dhineann sé no a chuirfe sé roimhe le déanamh, agus 'na mbeidh sé do réir réasúin a mheas go dtabharfadh sé le tuisgint aon status no cáilíocht ghairme do bheith aige seachas cáilíocht no status gairme a bheidh aige dáiríribh agus a cuirfar in úil leis na mion-innste ina thaobh a bheidh iontrálta sa chlár.

(3) Féadfar, más rogha leis an mBord é, ainm éinne a ghníomhóidh contrárdha don alt so do scriosa amach as an gclár.

Scrúduithe tástála.

38. —(1) Gach príomh-scoil no coláiste i Saorstát Éireann ag á bhfuil, ar dháta rithte an Achta so, comhacht chun céimeanna i máinliaghacht do dheona féadfa sé o am go ham scrúduithe (dá ngairmtear “scrúduithe tástála” san Acht so) do chomóra chun daoine do thástáil féachaint a bhfuilid oilte chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta agus chun deimhnithe ar iad do bheith oilte amhlaidh do dheona do sna daoine sin de bharr na scrúduithe sin.

(2) Gach éinne a gheobhaidh o aon phríomh-scoil no coláiste den tsórt san roimhráite, tar éis do scrúdú tástála do rith, deimhniú go bhfuil sé oilte chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta beidh sé (i gcás ina ndeonfar an deimhniú san ag aon phríomh-scoil den tsórt san roimhráite) ina chéimneach den phríomh-scoil sin agus beidh sé (i gcás ina ndeonfar an deimhniú san ag aon choláiste den tsórt san roimhráite) ina cheadúnaí den choláiste sin.

Bord de scrúdóirí.

39. —(1) Déanfidh cólucht rialúcháin gach príomh-scoile no coláiste i Saorstát Éireann dá n-údaruítear leis an Acht so scrúduithe tástála i bhfiaclóireacht no i máinliaghacht fhiacal do chomóra, bord (dá ngairmtear bord de scrúdóirí san Acht so) do cheapa do réir forálacha an ailt seo chun na scrúduithe tástala san do stiúrú agus chun deimhnithe oilteachta do dheona do dhaoine de bharr na scrúduithe sin.

(2) Beidh gach bord do scrúdóirí có-dhéanta agus cimeádfar é có-dhéanta de sheisear ar a laighhead agus ceapfar triúr ar a laighead díobh san as daoine a bheidh cláruithe sa chlár.

(3) Beidh gach ball de bhord de scrúdóirí i seilbh oifige mar bhall den tsórt san ar feadh pé tréimhse a shocróidh cólucht rialúcháin na príomh-scoile no an choláiste a cheapfidh é.

(4) Pé uair a thiocfidh folúntas i mballraíocht bhúird de scrúdóirí féadfidh an cólucht rialúcháin do cheap an bord san agus, nuair is gá é chun líon minimum na mball do chimeád iomlán, déanfa sé an folúntas san do líona.

Scrúduithe tástála do stiúrú.

40. —Beidh sé de dhualgas ar gach bord de scrúdóirí stiúrú do dhéanamh, sa tslí a ordóidh an phríomh-scoil no an cólucht do cheap an bord san de scrúdóirí, ar na scrúduithe tástála, i bhfiaclóireacht no i máinliaghacht fhiacal, a chomórfidh an phríomhscoil no an coláiste sin agus deimhnithe do dheona, sa bhfuirm a ordóidh an phríomh-scoil no an coláiste sin, go bhfuiltar oilte chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta.

Daoine do leigint isteach chun scrúduithe tástála.

41. —Gach príomh-scoil agus coláiste dá n-údaruítear leis an Acht so scrúduithe tástála i bhfiaclóireacht no i máinliaghacht fhiacal do chomóra leigfid isteach chun na scrúduithe sin mar iarrthóir gach éinne a bheidh—

(a) tar éis bliain is fiche d'aois do shlánú, agus

(b) tar éis na coiníollacha do chólíona a bheidh, do réir na rialacha de chuid na príomh-scoile no an choláiste sin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, le cólíona ag iarrthóirí, a bheidh istigh ar an scrúdú san.

Eolas ar an gcúrsa stuidéir, etc., do thabhairt do Chomhairle na nDochtúirí Leighis.

42. —(1) Gach príomh-scoil no coláiste dá n-údaruítear leis an Acht so scrúduithe tástála i bhfiaclóireacht no i máinliaghacht fhiacal do chomóra agus deimhnithe do dheona, de bharr na scrúduithe sin, go bhfuiltar oilte chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta, tabharfa sé do Chomhairle na nDochtúirí Leighis o am go ham fé mar agus pé uair a cheanglóidh Comhairle na nDochtúirí Leighis air é, pé eolas a cheanglóidh Comhairle na nDochtúirí Leighis air do thabhairt uaidh i dtaobh na scrúduithe sin agus na ndeimhnithe sin agus an chúrsa stuidéir a bheidh le críochnú ag iarrthóirí a bheidh istigh ar na scrúduithe sin agus go generálta i dtaobh na gcoiníoll a bheidh le cólíona sara ndeonfidh an phríomh-scoil no an coláiste sin deimhnithe den tsórt san roimhráite.

(2) Chun é féin do shásamh i dtaobh éinní no aon ruda 'na mbeidh sé ceangailte ar aon phríomh-scoil no coláiste den tsórt san roimhráite fén bhfo-alt san roimhe seo eolas air do thabhairt do Chomhairle na nDochtúirí Leighis, féadfidh Comhairle na nDochtúirí Leighis duine oiriúnach do cheapa, pe'ca ball de Chomhairle na nDochtúirí Leighis an duine sin no nách ea, chun bheith i láthair ag aon scrúdú tástála a chomórfidh an phríomhscoil no an coláiste sin agus féadfidh gach éinne a ceapfar amhlaidh bheith i láthair ag an scrúdú tástála san.

Dearbhú nách leor na scrúduithe tástála.

43. —(1) Más léir do Chomhairle na nDochtúirí Leighis aon uair go bhfuil an standard d'eolas theoiriceach no d'eolas phraiticiúil a héilítear ag aon scrúdú tástála gan bheith de shaghas a chuireann in áirithe go mbeidh ag daoine dá ndeonfar de bharr an scrúduithe sin deimhniú ar iad do bheith oilte chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta an t-eolas is gá chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta go héifeachtúil, féadfidh Comhairle na nDochtúirí Leighis an méid sin do chur in úil don phríomh-scoil no don choláiste sin i scríbhinn.

(2) An phríomh-scoil no an coláiste a chomórfidh an scrúdú tástála le n-a mbaineann fógra den tsórt san roimhráite, féadfa sé, ar dháta nách déanaí ná mí tar éis do an fógra san d'fháil, pé aithris chúise is oiriúnach leis an bpríomh-scoil no leis an gcoláiste sin do dhéanamh ina thaobh agus féadfa sé an aithris chúise sin do chur chun Comhairle na nDochtúirí Leighis.

(3) Breithneoidh Comhairle na nDochtúirí Leighis gach aithris chúise a dhéanfidh aon phríomh-scoil no coláiste den tsórt san roimhráite léi fén alt so agus más deimhin léi fós tar éis an bhreithnithe sin go bhfuil an standard d'eolas a héilítear ag an scrúdú tástála le n-a mbaineann an aithris chúise sin gan bheith de shaghas a chuireann in áirithe go mbeidh ag daoine dá ndeonfar de bharr an scrúduithe sin deimhniú ar iad do bheith oilte chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta an t-eolas is gá chun fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta go héifeachtúil, féadfidh Comhairle na nDochtúirí Leighis a dhearbhú gurb é a tuairim ná déanfidh seilbh an deimhnithe oilteachta san ón bpríomh-scoil no ón gcoláiste sin an té 'na mbeidh sé ar seilbh aige do chur i dteideal a chláruithe sa chlár.

(4) Pé uair a dhéanfidh Comhairle na nDochtúirí Leighis aon dearbhú den tsort san roimhráite cuirfidh Comhairle na nDochtúirí Leighis in úil i scríbhinn don phríomh-scoil no don choláiste le n-a mbaineann an dearbhú san agus fós don Aire go bhfuil sí tar éis an dearbhú san do dhéanamh.

(5) Ar dháta nách déanaí ná mí tar éis do fógra den tsórt san roimhráite d'fháil, agus tar éis do pé fiosrúchán is oiriúnach leis do dhéanamh sa scéal no gan fiosrúchán do dhéanamh, féadfidh an tAire, le hordú, an dearbhú le n-a mbaineann an fógra san do dhaingniú (ar an dáta agus ón dáta a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san) no diúltú d'í do dhaingniú.

(6) Féadfidh an tAire aon uair, más oiriúnach leis é, ordú a dineadh fén alt so do cheiliúra le hordú agus, ar dhéanamh an orduithe cheiliúracháin sin, scuirfidh an t-ordú a ceiliúrfar amhlaidh de bheith i bhfeidhm o dháta an orduithe cheiliúracháin sin, ach ní déanfar aon ordú ceiliúracháin den tsórt san ach amháin ar iarratas Comhairle na nDochtúirí Leighis agus tar éis fógra réasúnta do bheith tugtha don phríomh-scoil no don choláiste le n-a mbaineann an t-ordú a beifear ar aigne a cheiliúra agus tar éis breithniú na nótaí (más ann dóibh) do dhin an phríomhscoil no an coláiste sin no ar iarratas na príomh-scoile no an choláiste sin agus tar éis fógra réasúnta do bheith tugtha do Chomhairle na nDochtúirí Leighis agus tar éis breithniú na nótaí (más ann dóibh) do dhin Comhairle na nDochtúirí Leighis.

Baill bhreise de Chomhairle na nDochtúirí Leighis.

44. —(1) Nuair a bheidh Comhairle na nDochtúirí Leighis ag feidhmiú a feidhmeanna fén Acht so beidh triúr ball breise uirthi a ceapfar fén alt so agus na cirt agus na príbhléidí uile atá ag baill de Chomhairle na nDochtúirí Leighis beid ag na baill bhreise sin maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna san ach ní níos sia ná san ná maidir le héinní eile.

(2) Ní foláir na baill bhreise sin de Chomhairle na nDochtúirí Leighis do bheith ina bhfiaclóirí cláruithe agus ina mbaill den Bhord agus isé an Bord a cheapfidh iad.

(3) Beidh gach ball breise den tsórt san de Chomhairle na nDochtúirí Leighis i seilbh oifige mar bhall bhreise den tsórt san ar feadh pé tréimhse a shocróidh an Bord agus nách sia ná cúig bliana maran rud é go dtárlóidh do roimhe sin bás d'fháil, eirghe as, scur de bheith ina fhiaclóir chláruithe, no scur de bheith ina bhall den Bhord.

Toirmeasc ar dhaoine nea-chláruithe fiaclóireacht do chleachta.

45. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne, ar dháta rithte an Achta so ná dá éis sin, fiaclóireacht ná máinliaghacht fhiacal do chleachta ná a chur in úil ná a thabhairt le tuisgint, go díreach ná go nea-dhíreach, go gcleachtann sé í no go bhfuil sé ullamh ar í do chleachta, maran fiaclóir cláruithe an duine sin.

(2) I rith na tréimhse idir rith an Achta so agus bunú an chláir éinne a bheadh, cé nách fiaclóir cláruithe do réir bhrí an Achta so é, i dteideal a chláruithe sa chlár (ach táillí d'íoc) dá mbeadh an clár bunuithe an uair sin, féadfa sé, d'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá san alt so, fiaclóireacht agus máinliaghacht fhiacal do chleachta agus a chur in úil agus a thabhairt le tuisgint go gcleachtann sé fiaclóireacht agus máinliaghacht fhiacal.

(3) Ní oibreoidh forálacha na bhfo-alt san roimhe seo chun a thoirmeasc—

(a) ar dhochtúir leighis chláruithe fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta, ná

(b) ar cheimiceoir chóg aisíochta, ar dhuine is ceimiceoir agus is drugadóir, ná ar dhrugadóir, a bheidh cláruithe go cuibhe ná ar cheadúnaí phoitigeura fiacal do statha, gan aon anæstetic áitiúil ná generálta do thabhairt, i gcásanna fiaclóireachta nách foláir féachaint chúcha láithreach agus nuair ná beidh fiaclóir cláruithe ná dochtúir leighis cláruithe ar fáil chun an statha san do dhéanamh, ná

(c) ar fhiaclóir chláruithe ceárdaithe no príntísigh do bheith ar fostú aige chun aon obair a dintar do ghnáth i siopa oibre fiaclóireachta do dhéanamh fé mhaoirseacht an fhiaclóra chláruithe sin.

(4) Gach éinne a ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san ar a chiontú ann ar an slí achmair.

Toirmeasc ar chóluchtaí corparáideacha fiaclóireacht do chleachta.

46. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'aon chólucht corparáideach fiaclóireacht ná máinliaghacht fhiacal do chleachta.

(2) Ní oibreoidh forálacha an fho-ailt sin roimhe seo chun toirmeasc do dhéanamh ar chleachta fiaclóireachta ná máinliaghachta fiacal—

(a) i rith tréimhse dhá bhlian o dháta rithte an Achta so, ag aon chólucht corparáideach do bhí, ar an 30adh lá d'Abrán, 1927, i dteideal fé aon reacht fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta agus do bhí ar an dáta san ag gabháil don chleachta san, ná

(b) ag aon óspideul ná ag aon scoil fhiaclóireachta dá n-údaróidh an Bord fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal do chleachta, ná

(c) ag aon bheirt fhiaclóirí cláruithe no níos mó i bpáirtnéireacht.

(3) Gach cólucht corparáideach a chleachtóidh fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal contrárdha d'fhorálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus dlighfar fíneáil nách mó ná céad punt agus nách lú ná caoga punt do chur air in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san ar a chiontú ann ar an slí achmair.

(4) Beidh an bainisteoir agus fós gach stiúrthóir ar chólucht chorparáideach a chleachtóidh fiaclóireacht no máinliaghacht fhiacal contrárdha d'fhorálacha an ailt seo ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil nách mó ná céad punt agus nách lú ná caoga punt do chur air.

Cúiseamh i gciontaí.

47. —Féadfar cúiseamh do dhéanamh ar agra an Bhúird i ngach cionta fé aon alt den Acht so.

Gearr-theideal.

48. —Féadfar Acht na bhFiaclóirí, 1928 , do ghairm den Acht so.